Conas tá ag éirí linn?

Cuireadh tús leis an suíomh seo ar an 14 Márta, conas tá ag éirí linn?

I dtaca le trácht de, tá ag éirí níos fearr ná mar a bhíomar ag súil.

Agus an t-alt seo á scríobh, bhí 10,257 radharcanna ar an suíomh.

D’amharc 2,503 duine ar leith ar an suíomh, figiúr atá suntasach do theanga mhionlaithe ar nós na Gaeilge.

Bhí ‘Alexa Ranking’ de 1,195,443 go domhanda agus 4,358 i bPoblacht na hÉireann.

Cad é ‘An Tuairisceoir’?how_we_do2

Tá mí-thuiscintí amuigh anseo maidir le cad atá ann mar ‘An Tuairisceoir’.

Seo mar a chuirtear síos air ar an suíomh.

“Is ardán neamhspleách ar chúrsaí aimsire é ‘An Tuairisceoir’.

Tá sé i gceist seirbhís nuachta / tráchtaireachta a fhorbairt amach anseo.

Ní fhaigheann ‘An Tuairisceoir’ maoiniú de shaghas ar bith.”

Is togra go hiomlán deonach é seo curtha ar bun de bhrí gur creideadh go raibh gá leis, léiríonn an trácht a fuaireamar go dtí seo go bhfuil ‘margadh’ de shaghas éigin ann.

Tá go leor scríbhneoirí aimsithe againn, daoine atá sásta dul i mbun pinn gan íocaíocht.

Agus an focal ‘muid’ á úsáid i dtaca leis an suíomh seo, gach duine a scríobhann ar an suíomh atá i gceist.

Tá níos mó scríbhneoirí de dhíth go cinnte agus beidh muid ag díriú ar mhná a aimsiú sna seachtainí amach romhainn.

Chomh maith leis sin, chlis orainn aon Ghael Mhanannach nó Albanach a aimsiú, ag obair ar an cheist sin chomh maith atáimid.

Tá cabhar eile de dhíth orainn chomh maith ó thaobh eagarthóireachta agus dearadh an tsuímh de.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd rphost a chur chuig antuairisceoir@gmail.com.

Go raibh maith agaibh gach duine a ghlac páirt go dtí seo.

Tá meon meithle fós beo i measc na nGael!

Le meas mór

Ciarán Dúnbarrach, riarthóir

Smaointí ar theagasc na Gaeilge

Eoin Ó Cróinín

TUAIRIM : Ós rud é go bhfuilim ag déanamh staidéir ar dhá theanga ar an ollscoil, tá an-suim agam sa gcaoi is fearr le teangacha a fhoghlaim.

Nuair a thosaigh mé sa chéad bhliain ní raibh mo chuid Fraincise thar moladh beirte, in ainneoin gur chaith mé sé bliana á ‘foghlaim’ ar scoil agus gur éirigh go maith liom inti san Ardteist.

Is ar éigean a bhí mé in ann comhrá bunúsach a dhéanamh inti agus ní raibh tuiscint ró-mhaith agam ar an teanga scríofa nó labhartha, gan trácht ar í a scríobh mé féin. Is dócha gur mar gheall ar an gcaoi inar múineadh í ar scoil go raibh mo chumas inti chomh lag sin, nuair a cheapfá go mbeadh eolas agus cumas maith agam inti i ndiaidh dom an méid sin ama a chaitheamh léi ar scoil.

I ndiaidh dom roinnt mhaith fiosrúcháin agus machnaimh a dhéanamh ar an tslí is fearr le teanga eachtrannach a fhoghlaim (agus caithfimid an Ghaeilge a mheas mar theanga eachtrannach d’fhoghlaimeoirí ar scoil lasmuigh den Ghaeltacht), tuigim anois gur chuir mé an-chuid ama amú ar scoil ag plé leis an bhFraincis, agus is amhlaidh a bhí agus atá do na mílte dalta gach bliain sa chóras tb_1920x1080scolaíochta.

Sílim go bhfuil roinnt mhaith cúiseanna ann nach n-éiríonn le teagasc na dteangacha ar scoil. I dtosach báire, níl mórán suime ag daltaí meánscoile teanga a fhoghlaim ag an aois atá acu, agus sílim gur mar thoradh ar an gcaoi a múintear teangacha ar scoil atá cuid den mhilleán don easpa suime seo.

Ar scoil déantar staidéar ar theangacha don chuid is mó toisc gur gá  ceann nó dhó díobh a dhéanamh don teastas sóisearach agus don ardteist. Na daoine is fearr a éiríonn leo teanga áirithe a thabhairt leo tá an-dúil acu an teanga a fhoghlaim ar chúis éigin.

Tá mórán cúiseanna ann a spreagann daoine i mbun teanga a fhoghlaim: post a aimsiú i dtír na teanga, suim i gcultúr nó litríocht na teanga, cúrsaí grá, bá le muintir na teanga, srl. Sílimse féin nach bhfuil a leithéid de chúiseanna ag mic léinn méanscoile le teanga a fhoghlaim.

Is minic go mbíonn siad ró-óg le cúiseanna den chineál sin a bheith acu, agus is minic, mar sin, nach dtugann siad aire ar bith sa rang Fraincise nó Gearmáinise agus go dtosaíonn siad ag samhlú na teanga le ceachtanna leadránacha gramadaí nó le comhráite amaideacha faoin méid a tharla do Hans nuair a chuaigh sé chuig an bpictiúrlann an deireadh seachtaine seo caite leis an gcara is fearr leis.

Ar ndóigh, bíonn corrdhalta ann a chuireann suim i dteanga ach ní mhúsclaítear a shuim sa teanga ar scoil – is dócha go bhfuil tuistí aige a spreagann é nó go raibh an t-ádh air go ndeachaigh sé ar saoire chuig tír na teanga. Ach in ainneoin seo is dócha nach gcuirfear deireadh le múineadh na dteangacha ar scoil agus caithfear slite a aimsiú chun daltaí a spreagadh sa seomra ranga.

Sa teangeolaíocht déantar idirdhealú anois idir sealbhú teanga agus foghlaim teanga. Is próiséas é an ‘sealbhú teanga’ a tharlaíonn i ngan fhios duit: sealbhaíonn tú teanga trí bheith ag éisteacht léi agus trí bheith á léamh.

Ar an láimh eile, foghlaimíonn tú teanga go comhfhiosach trí staidéar a dhéanamh uirthi. Aithnítear anois go dtógaimid linn timpeall 90/ 95% de theanga trína sealbhú agus 5/ 10% trína foghlaim. Ós rud é go n-aithnítear an difríocht idir sealbhú agus foghlaim teanga, cheapfá go ndéanfaí ranganna teanga a dhíriú ar an sealbhú don chuid is mó.

Ach ní amhlaidh atá, in Éirinn ar aon chaoi. Ar an drochuair, dírítear ar an bhfoghlaim ar scoil i bhfoirm ceachtanna gramadaí a dhéanamh agus liostaí foclóra nó briathra a chur de ghlanmheabhair.

Is cuimhin liom go mbíodh scúduithe rialta agam féin ar rangú na mbriathra Fraincise ar scoil. Obair in aisce is ea é seo: caithfear na brithra a fheiceáil i gcomhthéacs lena n-ionsú i gceart.

Cur amú ama is ea an cineál seo scrúdaithe mar sin: bheifí i bhfad níos fearr as daltaí a chur ag léamh ábhair a bhfuil suim acu ann, agus féadfaidh siad foirmeacha na mbriathra a ionsú i ngan fhios dóibh agus iad á dhéanamh.

Cé acu atá níos suimiúla: úrscéal bog taitneamhach a léamh nó liosta briathra a chur de ghlanmheabhair? Baineann leadrán le ranganna teanga i láthair na huaire, mar sin.

D’fhéadfaidís a bheith i bhfad níos taitneamhaí agus d’fhéadfadh na daltaí i bhfad níos mó den teanga a thabhairt leo dá ndíreofaí ar an sealbhú teanga trí ábhar éisteachta suimiúil a chur ar fáil agus iad a chur ag léamh rudaí a bhfuil dúil acu féin a léamh as teann suime.

Tá rud amháin cinnte – ba cheart níos lú béime a chur ar cheachtanna gramadaí agus ar fhoghlaim liostaí foclóra agus briathra. Ní hé sin le rá nár cheart an ghramadach a mhúineadh ar chor ar bith – tá sí úsáideach má tá a dóthain den teanga sealbhaithe agat le teacht i dtír uirthi, nó más duine tú a bhfuil modh smaointeoireachta anailíteach agat a thugann grá faoi leith duit don ghramadach (na daoine sin a théann a luí le Graiméar na mBraithre Críostaí, faoi mar a deir Tadhg Mac Dhonnagáin).

Ar ndóigh, an t-idirdhealú seo idir sealbhú agus foghlaim ba cheart do mhúinteoirí Gaeilge aird a thabhairt air freisin agus na ranganna Gaeilge a athrú dá réir. Sílim go bhfuil rudaí áirithe a d’fhéadfadh múinteoirí a dhéanamh le cabhrú le daltaí an teanga a shealbhú.

Rud amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ná ábhar léitheoireachta suimiúil a chur ar fáil do dhaltaí agus rang amháin in aghaidh na seachtaine a thabhairt suas don léitheoireacht.

Bheadh cead ag na daltaí rud ar bith a léamh sa Ghaeilge ar feadh an ranga agus aon cheisteanna atá acu i dtaobh na gramadaí nó an fhoclóra d’fhéafaidís ceist a chur ar an múinteoir.

Ba cheart don ábhar léitheoireachta a bheith suimiúil agus so-thuigthe, dhá rud atá deacair a aimsiú in éineacht san aon leabhar amháin, ach tá go leor úrscéalta Gaeilge ann do dhéagóirí agus caithfidh cuid acu a bheith réasúnta suimiúil!

Tá greannáin ann sa Ghaeilge freisin, rudaí a bheadh oiriúnach do na ranganna sóisearacha. Ar ndóigh, beidh cumais éagsúla ag daltaí éagsúla i dteanga ar bith, agus bheadh ábhair léitheoireachta ar leibhéil éagsúla ag teastáil, agus bheadh an dualgas ar an múinteoir cabhrú le gach dalta leabhar oiriúnach a aimsiú.

‘Translations’ – thiocfadh leis a bheith níos fearr

DRAMAÍOCHT : Millenium Forum Productions, compántas as Doire faoi stiúir Adrian Dunbar atá tar éis an léiriú is déanaí de Translations Le Brian Friel a thabhairt chun ardáin sa Gaiety san ardchathair.

Tá an dráma suite i scoil scairte i mBaile Beag-Ballybeg sa bhliain 1833. Isteach sa bhaile iargúlta seo tagann Arm na Breataine, a bhfuil sé de chúram acu logainmneacha na hÉireann a aistriú go Sacs-Bhéarla an Rí.

Filleann Owen, deartháir Mhánais ar a bhaile dúchais tar éis sé bliana a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Ina theannta tá an Leifteanant Yolland atá ag obair don tSuirbhéireacht Ordanáis ar mhaithe le léarscáil na hÉireann a chur ar fáil. Feidhmíonn Owen mar aistritheoir agus mar idirghabhálaí idir an t-arm agus muintir na háite.thumb_33668_default_medium

Tosaíonn Owen agus Yolland ag aistriú na n-áitainmneacha; athraíonn Druim Dubh ina Dromduff an Bhéarla, agus athraíonn Poll na gCaorach go Poolkerry agus Burnfoot a dhéantar as Bun na hAbhann. Éiríonn aighneas idir Yolland agus Manus as grá na beirte do Mháire, bean áitiúil.

Suíomh ábhairín ait atá sa Gaiety do dhráma mar seo is gá dom a rá agus seans gur bhain seo ó thús an dráma. Agus an lucht féachana ag bailiú isteach seinneadh ceol gaelach ar an mbosca ceoil ach ba dheacair creidiúint i gcéadradharcanna an dráma de bharr an fhoirgnimh.

Ar bhealach níor tugadh ár ndóthain ama dúinn creidiúint sa scoil scairte a bhí ag titim amach os ár gcomhair in amharclann órmhaisithe ar nós an Gaiety. Seit an-chumasach a cuireadh inár láthair, binn tithe ar an dá thaobh, céimeanna na scoile istigh sa lár le crainn sceirdiúla ghaothscaipthe ar chúl is ag déanamh fráma timpeall ar an radharc. Cnoic dhonna stílithe agus cúlra gorm taobh thiar, is réaltaí na hoíche ann leis, do radharcanna faoi leith a chuir leis chomh maith.

Ghlac sé roinnt ama ar an dráma féin socrú isteach ann féin is bhí laigí áirithe ag baint le haisteoireacht Barry Ward. Tá an dráma i mBéarla ach na haisteoirí in ainm is a bheith ag labhairt Gaeilge, cé is moite de na saighdiúirí. Sa lá atá inniu ann is rómhinic ar fad tionchar Bhéarla na stát a chlos ar Bhéarla dhaoine sa tír seo,  agus ar an bhfaraor géar bhí sé sin le clos i roinnt canúintí.

Ní féidir creidiúint gur daoine ag labhairt Gaeilge má chloiseann tú tionchar Bhéarla Mheirceá ar a gcuid cainte. Ag pointe amháin seineann fuaimrian éin ach le fírinne bhain seo ó scéal, ní raibh sé inchreidte in aon chor bhraitheas.

Laige ollmhór ar an dráma ná nach raibh mórchuid na n-aisteoirí in ann an logainmneacha Gaeilge a fhuaimniú i gceart. Nuair ba air sin ba mhó a bhí príomhchoimhlint an dráma ag braith bheifeá ag súil go ndéanfaí iarracht máistreacht a bhaint amach orthu. Laige eile ná gur tugadh ‘Máire’ agus ‘Moya’ ar an mbean chéanna ag pointí éagsúla.

Is mó go mór Gréigise agus Laidine atá le clos sa dráma ná Gaeilge de bharr gur fear mór clasaicí é Máistir na scoile ach go minic is rídheacair déanamh amach céard a deirtear le mungailt a gcainteanna. Le filleadh an mhic dhrabhlásaigh agus an Mháistir cuirtear splanc sa dráma agus lasair sa bharrach. Déantar amhlaidh arís nuair a thuigtear scéal Yolland, fear tuisceanach a thugann gean a chroí don áit agus don chailín áitiúil de réir a chéile.

Is léir go raibh script mháistriúil idir lámha ach nílim cinnte gur chuir an aisteoireacht mórán leis. Go bhfios dom tá leagan Gaeilge den dráma ann, agus de bharr go ndúirt Friel féin go mba chóir gur i nGaeilge a scríobhfaí é, cá bhfuil an dream a léireoidh an leagan sin?

An rud is fearr faoin dráma ná na caidrimh a ndéanann sé cur síos orthu agus an dul i ngleic le galldú na hÉireann. Chuirfeadh seo aon Éireannach ag smaoineamh ar bhánú na Gaeilge agus córas gallda na n-ainmneacha agus logainmneacha, córas seafóideach ar fad ar fad, tá súil agam. Is ar an mbonn sin a mholfainn daoine dul ag breathnú air. Ar an iomlán is dráma taitneamhach go maith a bhí ann agus bhí go leor lón machnaimh le fáil as.

An rud ba laige ar fad na críoch obann an dráma, seans gurb é sin a bhí i gceist ag Friel féin ach tháinig sé aniar aduaidh ormsa, is daoine eile a raibh mé ag caint leo ina dhiaidh.

B’fhearr liom go dtabharfaí deis do dhuine súp a bhaint as an deireadh gan é a rith uaidh. Ó thaobh na scripte de chomh maith, bhraitheas go raibh coimhlint nár tugadh chun réitigh idir Owen agus athair is chuirfeadh sé leis go mór dá ndéanfaí cardáil air sin.

Tá sé ar siúl arís san oíche amárach, Dé Sathairn, 30 Márta 2013, sa Gaiety Theatre, Sráid an Rí Theas, BÁC 2. Céadléiríodh an dráma ag Guildhall Dhoire sa bhliain 1980. Dob é an chéad léiriú é den Field Day Theatre Company a bhunaigh Friel agus Stephen Rea. Leanann an dráma tuairim is 2 uair agus 15 nóiméad agus €15 go €30 atá ar na ticéid.

Cliar

Hugh – Des McAleer

Doalty – Conan Sweeny

Jimmy Jack – Niall Cusack

Maire – Jade Yourell

Owen – Dermott Hickson

Sarah – Genevieve Barr

Lieutenant Yolland – Paul Woodson

Captain Lancey – Nick Tizzard

Bridget – Muireann Bird

Manus – Barry Ward

Éireannach scaoilte ag piléar rubair sa Phalaistín

Maíonn Tommy Donnellan, fear as Gaillimh, gur scaoil saighdiúr Iosraelach é le piléir rubair.

Tommy Donnellan tar éis gur scaoileadh é le piléar rubair

Tuairisicítear gur scaoileadh an ceamaradóir agus feachtasóir sa ghéag dheis nuair a bhí sé ag taifead agóide.

Tharla an eachtra i sráidbhaile Nabi Saleh sa Bhruach Thiar Dé hAoine.

Deir an tUasal Donnellan i ráiteas go dtarlaíonn na  heachtraí seo do mhuintir na Palaistíne beagnach gach lá.

Deir urlabhraí don Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ar an eolas faoin eachtra agus nach raibh iarratas faighte i gcomhar cúnamh consalachta go fóill.

Feachtas ar son Deontóirí Orgán a spreagadh

Ciara Ní Bhroin

Tá an tSeachtain Fheasachta i leith Deontóirí Orgán faoi lánseol i láthair na huaire. Is iad príomhspriocanna na seachtaine seo feasacht a spreagadh maidir leis an éileamh leanúnach agus síorardú atá ar dheonadh orgán agus chun daoine a spreagadh i leith cárta deontóra orgán a fháil.

Tá ganntanas géar orgán ar fáil d’obráidí trasphlandaithe ar fud an domhain faoi láthair. Cé go bhfuil ceann de rátaí deonta orgán is airde timpeall na cruinne againn in Éirinn, tá méid na ndaoine ar an liosta feithimh ag síormhéadú.

I láthair na huaire, tá córas liostála roghnach maidir le deonadh orgán i bhfeidhm in Éirinn a chiallaíonn gur féidir le daoine cinneadh a dhéanamh iad féin maidir leis an bpróiséas seo. Faoi láthair, tá timpeall 650 duine ag fanacht ar obráidí trasphlandaithe orgán in Éirinn.

Le linn 2012, chuaigh 239 duine in Éirinn faoi obráid trasphlandaithe; 163 trasphlandú duáin, 50 trasphlandú ae, 14 thrasphlandú scámhóige, 10 dtrasphlandú croí agus 2 trasphlandú paincréis. Tá na staitisticí scanrúil, faraor. Gach deich n-uaire faigheann duine san Eoraip bás agus iad ag fanacht ar an obráid slánaithe beatha seo de dheasca nach bhfuil go leor orgán ar fáil.

organ-donating-trash
Fógra láidir ar son dheonadh orgán

Sábhálann an trasphlandáil orgán beatha daoine agus aischothaíonn sé a gcuid sláinte. Maidir le daoine atá ag fanacht ar thrasphlandáil duáin, bíonn orthu scagdhealú duán a fháil go rialta in aghaidh na seachtaine chun iad a choinneáil beo. Ag deireadh 2012, bhí 1828 duine ag dul don chóir leighis seo in Éirinn.

Mar gheall go bhfuil an figiúr seo ag méadú i gcónaí, tá na seirbhísí scagdhealaithe duán faoi bhrú uafásach agus tá ganntanas spáis sna bardaí duán.

Braitheann am fanachta ar an liosta feithimh ar go leor toscairí éagsúla agus d’fheadfaí bheith ag fanacht cúpla mí nó roinnt mhaith blianta.

Ní mhaireann ach timpeall 30% de dhaoine ar scagdhealú duán cúig bliana, mar sin tá sé ríthabhachtach go bhfaigheann siad obráid trasphlandaithe in am.
Is féidir cárta deontóra orgán a fháil ó Chumann Duán na hÉireann ar 1890 543639 nó téacs saor in aisce leis an bhfoclaíocht DONOR a chur chuig 50050. Anuas air sin, is féidir r-chárta deontora orgán a fháil ar an bhfón cliste trí chuardach a dhéanamh ar ‘Donor ECard’ ar líne. Tá tuilleadh eolais maidir leis an deonadh orgán le fáil ar an suíomh Gréasáin http://www.ika.ie

Is as Cill Mhantáin do Chiara. Bhain sí iarchéim amach sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.Tá sí ag obair mar chúntóir eagarthóireachta taighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair.

Bhain Gaeilgeoir greim as Gardaí

Bhain Gaeilgeoir greim as beirt ghardaí i Luimneach tar éis eachtra i dteach tábhairne i  2012, a chuala cúirt ní ba luaithe an mhí seo.

D’admhaigh Séamus Ó Flaithbheartaigh, atá ina shíceolaí comhairleach, fostaithe ag an HSE agus ceangailte le hOllscoil Luimnigh, go raibh sé ciontach as trí chúiseanna ionsaí san eachtra a tharla ar 7ú Iúil 2012.

Phléadáil sé ciontach as coir ord poiblí chomh maith.

Gearrfar pionós air i gceann coicíse tar éis don bhreitheamh Aenéas McCarthy fianaise i leith maolaithe a chloisteáil.

Tuairiscítear go raibh an-aiféaltas ar an Uasal Ó Flaithbheartaigh go luath tar éis na heachtra.Tigh Tábhairne 'Nancy Blakes'

Chuala an chúirt gur tháinig na Gardaí ar Ó Flaithbheartaigh agus é faoi shrian ag grúpa fear ag an teach tábhairne ‘Nancy Blakes’ sa chathair.

Dúirt na Gardaí go raibh corraí mór agus an-fhearg ar Ó Flaithbheartaigh nuair a tháinig siad ar an láthair.

Nuair a chuaigh siad ina threo, rug sé greim fiacla orthu beirt agus ar fhostaí de chuid an bheáir.

Ní raibh fostaithe an bheáir nó duine de na gardaí gortaithe go holc.

Briseadh craiceann an Gharda eile áfach, a bhí ina bean.

Macalla chás Uí Chnáimhsí i dtostú na nGardaí

Tuairim le Danny Brown, Rann na Feirste

Tá sé fógartha go bhfuil cás le freagairt ag an cheathrar Sáirsint ón Gharda Síochána a shiúil amach as Comhdháil Bhliantúil an AGSI an tseachtain seo sular labhair an tAire Alan Shatter agus an Coimisinéir Martin Callinan.

Fógraíodh fosta go raibh an Coimisinéir Callinan ag iarraidh tuarascáil a fháil ar Gharda, nach raibh ar dualgas, a thug amach don Taoiseach Enda Kenny nuair a casadh an bheirt ar a chéile in guth-na-gaeltachtaollmhargadh le déanaí. Bhí físeán den díospóireacht idir an bheirt fhear le feiceáil ar You Tube agus ar Facebook ag na mílte duine.

Bhí an cás céanna á dhéanamh ag an chúigear ball den Gharda Síochána – go raibh ciorraithe an rialtais ag déanamh dochair don Gharda Síochána agus nach raibh siad sásta leis an bhealach ina raibh an fórsa ag oibriú fá láthair.

Tá cinneadh an Choimisinéara cás a thabhairt in éadan na nGardaí cáinte ag go leor daoine ar na haerthonnta le cúpla lá anu agus dúirt an AGSI go mbeadh siadsan ag seasamh leis na fir atá faoi scrúdú.

Rinneadh an pointe go minic ar an raidió agus ar an teilifís nach bhfuil sé ceart ná cóir ag an Aire smacht a chur ar na Gardaí de thairbhe nach mbeadh sé in ann an cineál sin rud a dhéanamh le státsheirbhíseach ar bith eile cionn is go bhfuil an chuid is mó acu ina mbaill de cheardchumann agus nach bhfuil an stádas sin ag an AGSI nó an GRA.

Ach déantar dearmad sa chaint seo gur tharla a leithéid roimhe seo le duine a bhí ag obair san earnáil phoiblí agus a cuireadh faoi smacht ag an Roinn a raibh sé ag obair di.

Bhí Dónall Ó Cnáimhsí ina urlabhraí do Ghuth na Gaeltachta agus tá sé fostaithe mar gharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

Mar urlabhraí do ghrúpa pobail, cháin sé polasaí an rialtais a bhain leis an phobal sin.

Dá thairbhe sin, fuair sé litir ón Roinn Comhshaoil ag inse dó nach raibh cead aige ráitis a chur amach ag cáineadh pholasaí na Roinne. Dá gcoinneodh sé leis ag eisiúint ráitis, bhí siad ag bagairt bata is bóthar a thabhairt dó.

Feiceann go leor daoine patrún anseo, nach bhfuil an rialtas sásta cead cainte a thabhairt do ghrúpaí agus do dhaoine nach n-aontaíonn leo agus go ndéanfaidh siad a oiread agus is féidir leo le iad a chur ina dtost.

Tá an cead cainte sin ina bhunchloch ag an daonlathas agus tá sé contúirteach cearta cáinte a bhaint de ghrúpa ar bith.

Teannas ag ardú ar Leithinis na Cóiré

Le cúpla lá anuas tá sraith ráitis á éisiúnt ag an gCóiré Thuaidh a bhfuil mar ábhar buartha do mhuintir réigiún an Aigéin Chiúin.

North-Korean-military-at-010
Saighdiúirí ban de chuid Choiré Thuaidh

Tá an Chóiré Thuaidh tar éis ionsaí núicléach ar SAM agus ar an gCoiré Theas a bhagairt agus tá siad tar éis deireadh a chur leis an gcumarsáid idir na hairm thuaidh agus theas.

Tá urlabhraithe na Cóiré Thuaidh ag tabhairt le tuiscint go bhfuil siad ar tí cogadh a bheith acu leis an gCóiré Theas agus SAM. Cé go bhfuil caint naimhdeach ag teacht ón Chóiré Thuaidh le cúpla lá anuas ní chreidtear go bhfuil siad chun ionsaí a dhéanamh.

Níl an cumas ag an gCóiré Thuaidh ionsaí a dhéanamh ar mhórthír SAM ach tá búnáit airm Mheiriceá lonnaithe sa tSeapáin a bhfuil i raon diúracán na Cóiré Thuaidh.

Tá an chaint naimhdeach seo ag teacht i ndiaidh cáineadh agus smachtbhannaí a leag na Náisiúin Aontaithe síos tar éis trialacha núicléach i mí Feabhra.

Tá SAM agus an Chóiré Theas i mbun druil míleata sa réigiún faoi láthair.

D’éiligh an tSín srianadh a chur ar an teannas.

Méadú ar Chreathanna Talún san Ísiltír

Tá méid ag teacht le líon na creathanna talún atá ag bualadh an Ísiltír. Tá taifead déanta ar 18 mionchreathanna ó thús na bliana, níos mó ná líon iomlán na creathanna talún sa bhliain 2011.

Is ag saothrú gáis sa cheantar ó na 1950idí ba chúis leis na creathanna talún dár le saineolaí ón Ísiltír. Ní bhíonn creathanna talún móra de ghnáth in áit atá i bhfad ó theorainneacha na bplátaí teicteonacha.

Mar gheall ar shaothrú an gháis sa cheantar tá éascadh á chruthú sa bhfo-ithir atá ag spreagadh creathanna taseismic-activitylún.

Cé nach bhfuil na creathanna talún seo láidir, thart ar 3.2 ar an scála Richter, tá damáiste á dhéanamh do thithe agus do fhoirgnimh.

Tá na comhlachtaí gáis Shell agus Exxon ag glacadh freagracht as na creathanna talún seo. Tá ciste cúitimh de €100 milliún curtha ar fáil do dhamáiste a bhí déanta dá bharr creathanna talún a tharla i nGroningen i mí Feabhra agus chun foirgneamh a neartú i gcoinne creathanna amach anseo.

Tá eagrais rialtas san Ísiltír ag tuar go mbeidh neart na creathanna talún ag méadú go dtí 4 nó 5 sa todhchaí.

Tá impleachtaí aige seo d’Éirinn agus tíortha eile a bhfuil ag súil le fás agus forbairt i dtionscal saothrú gáis ina dtír féin.

Taca d’urraíocht alcóil sa Spórt

Chuir príomhfheidhmeannaigh an CLG, IRFU agus an FIA in iúl inniu go mbeidh tionchar ollmhór ar mhaoiniú na heagrais spóirt in Éirinn dá mbeadh deireadh le hurraíocht alcóil.

Bhí na príomhfheidhmeannaigh ag labhairt ar maidin ag an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid ar reachtaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gceist chun cosc a chur ar eagraíochtaí spóirt urraíochta a fháil ó chomhlachtaí alcóil.80425396

Deir Philip Brown ón IRFU nach bhfuil aon chomhghaolú idir urraíocht alcóil i spórt agus mí-úsáid alcóil agus nach raibh aon éifeacht dhearfach le brath ó thaobh mí-úsáid alcóil in aon tír atá tar éis cosc ar urraíocht alcóil a chur i bhfeidhm. Deir sé go bhfuil maitheas á dhéanamh ag na heagrais spóirt in Éirinn ó thaobh sláinte de.

Ghlac Páraic Ó Dufaigh ón CLG go bhfuil fadhbanna ag baint le mí-úsáid alcól in Éirinn ach dúirt sé go bhfuil siad ag iarraidh dul i ngleic leis na fadhbanna seo tríd na scéimeanna difriúil a chuireann siad ar bun, ASAP, mar shampla. Deir sé go bhfuil 33% de mhaoiniú an CLG ag teacht ó urraíocht den saghas seo.

Bhí scoilt sa rialtas ar an gceist seo. Is í Róisín Shorthall a bhí ag cur chun cinn na reachtaíochta seo laistigh den rialtas go dtí gur fhág sí an rialtas i mí Mheán Fómhair seo chaite. Bhí Leo Varadkar ina gcoinne mar gheall ar an laghdú ar mhaoiniú agus ar infheistíocht sna spóirt in Éirinn a bheadh ann dá bharr.