Cé hiad na frithGhaeilgeoirí?


Ciarán Dúnbarrach

TUAIRIM – Seo Seachtain na Gaeilge agus seachtaine na bhfrithGhaeilgeoirí leis!

D’fhoghlaim muid an tseachtain seo gur féidir go ngabhfaidh na Gardaí tú as Gaeilge a labhairt, d’ainneoin go bhfuil siad in ainm a bheith ábalta an teanga a labhairt agus ní amháin sin ach go síleann scair den phobal gurb é sin an rud ceart le déanamh.

Is much of the hatred for the Irish language in Ireland simply underground unionism?

D’fhoghlaim muid go bhfuil ár gcraoltóir ‘náisiúnta’ go hiomlán claonta i gcoinne na Gaeilge. Bhál, d’fhoghlaim cuid againn, bhí daoine eile acu ar an eolas cheana.

Is í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR  a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge 2013 ó thuaidh ag searmanas speisialta in Stormont ag 1.00in inniu (Dé Luain, 04 Márta 2013). Beidh Líofa 2015, tionscadal de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, á chur chun cinn mar chuid den tSeachtain.
Is í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge 2013 ó thuaidh ag searmanas speisialta in Stormont ag 1.00in inniu (Dé Luain, 04 Márta 2013). Beidh Líofa 2015, tionscadal de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, á chur chun cinn mar chuid den tSeachtain.

I bhfírinne seo an rud, níl ann ach ceart teanga amháin in Éirinn, is é sin an ceart GAN Ghaeilge a labhairt.

Níl aon chultúr de chearta teanga in Éirinn. Níl aon ghlacadh leis agus níl aon tuigbheáil air.

Ní chreideann fiú gach Gaeilgeoir gur cheart go mbeadh cearta teanga ag lucht na Gaeilge, bímis ionraic faoi sin.

Bíonn Gaeil áirithe ag iarraidh teacht ar chomhréiteach leis na hÉireannaigh Ghallda sin gur fuath leo an Ghaeilge, deirimse nach féidir sin.

Is é an fhadhb leis an chomhréiteach ná gur cur i gcéill é an feachtas i gcoinne na Gaeilge éigintí ag leibhéal na hArdteiste, feachtas i gcoinne na Gaeilge amach is amach atá ann.

Thiocfadh linn aontú gur ceart deireadh a chur leis an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste agus bogadh an feachtas i gcoinne na Gaeilge ar aghaidh chuig an Ghaeilge sa bhunscoil agus mar sin de, go dtí an pointe nach mbeadh fiú an rogha ann leis an Ghaeilge a fhoghlaim, mar atá rudaí sa Tuaisceart?

Ag dul thar fóir atáimse? Nach bhfuil daoine atá i gcoinne na Gaeilge iomlán oscailte faoi, gurb é sin an aidhm atá acu?

Agus an Ghaelscolaíocht? Thiocfadh linn cúlú siar chuig an Ghaelscolaíocht agus ligin do na hÉireannaigh Gallda scoileanna iomlán Gallda a bheidh acu?

Meas tú go sásódh sé sin iad? Deirimise go mbogadh siad ar aghaidh agus go n-éileodh siad nach bhfaigheadh Gaelscoileanna aon mhaoiniú stáit – tá a leithéid éilithe ag an tráchtaire (de shíol Fhine Gael), Sarah Carey i gcolún san ‘Irish Times’ siar in 2008.

Tá cearta teanga iontach teoranta i bPoblacht na hÉireann agus tá siad teorannaithe ag an Acht Teanga atá in ainm a bheith ag cinntiú ár gcearta teanga.

Beagnach gan eisceacht, bheadh tráchtaire sna meáin Bhéarla ag iarraidh deireadh a chur leis an reachtaíocht seo.

Bheadh corr-Ghael ag aontú leo ar an ábhar gur reachtaíocht lochtach é agus de bhrí go gcuireann sé isteach ar Bhéarlóirí na tíre barraíocht agus nach fiú an tairbhe an trioblóid.

Tá go maith, ach má ghéilleann muid na cearta teanga atá againn, an féidir a bheith ag súil le seirbhísí ar bith trí mheán na Gaeilge.

Ach ceist níos tábhachtaí arís, má chailltear an tAcht Teanga (Is cinnte nach mbeidh mórán fágtha de faoin am a bheith an rialtas Fine Gael / Lucht Oibre críochnaithe leis), cé chomh fada is a bheas sé sula mbeadh muid ag troid ag geataí Gharraí Pheter William agus ag crosbhealaigh na Tulaí chun Raidió na Gaeltachta agus TG4 a chosaint?

Ná bíodh aon amhras faoi, tá gráin ag mionlach in Éirinn ar an Ghaeilge agus ní stopfaidh siad go dtí nach mbeidh rian di fágtha, agus níl aon réasúnú nó comhréiteach leis an ghráin.

Cé hiad na frithGhaeil?

Agus mé ag plé le daoine atá i gcoinne na Gaeilge le blianta anuas, ar líne agus sa fíorshaol, chríochnaigh mé an comhrá le ceist shimplí – an gcreideann tú i neamhspleáchas ná hÉireann.

Níor iarr mé orthu dá mba aontachtóirí iad, díreach an gcreideann siad i neamhspleáchas na hÉireann.

Sin ceist nach gcuirfidh RTÉ orthu.

90% den am, d’admhaigh siad nár chreid. Bhí siad feargach agus maslaithe gur chuir mé a leithéid de cheist ach d’admhaigh siad é.

Is é an rud atá ann ná nach bhfuil sé inghlactha in Éirinn, cosúil le gach tír is dócha, do shaoránaigh teacht amach is a rá nach gcreideann siad gur cheart go mbeadh an stát ann, gur bhotún é an neamhspleáchas agus go bhfuil siad dílis do stát eile i ndeireadh na dála.

Ach tá sé inghlactha go mbeadh daoine dubh i gcoinne chultúr dúchasaigh na tíre agus chosaint chultúr na tíre, agus thiocfadh dó gurb é sin is bunús le cuid mhaith de fhrithGhaelachas na hÉireann.

I ndeireadh na dála, nach ionann iarrachtaí chun deireadh a chur le cultúr náisiúin agus deireadh a chur leis an náisiún sin?

7 dtuairim ar “Cé hiad na frithGhaeilgeoirí?

  1. Tuisicint mhaith agat tríd is tríd ach ní bheinn chomh cinnte sin faoin líon frithGhaeilgeoirí nach n-aontaíonn le saoirse na tíre. Seans gur mar sin atá ó thuaidh, ach ó dheas is iomaí duine gur ‘éireannach’ breá iad dar leo féin ach fuath don teanga

  2. Aon tír nó pobal ar domhan a chuaigh fríd an phróiseas céanna coilíneachta is a chuaigh Éire, bíonn na fadhbanna ceannann céanna acu sa tsochaí: Easpa féinmheasa, easpa féinmhuiníne, ionsaithe ar fhéiniúlacht agus ar chultúr s’acu féin srl.

    Tuigeann cainteoirí Gaeilge na fáthanna leis an fhrith-Ghaelachas ach tá géarghá le díospóireacht sa mhórphobal, ar leibhéal náisiúnta, faoin fhiniméan seo. Go dtí go mbíonn muintir na tíre ar fad ionraic faoi cad a tharla dúinn mar phobal leanfaidh an frith-Ghaelachas ar aghaidh.

    Agus ionsaithe in éadan ár gcultúir agus ár dteanga ag treisiú leo, méadaíonn mo dhiongbháilteacht go dtiocfaidh bláth agus rath orthu dá réir.

    Maith thú as an bhlag seo a chur ar bun. Bíodh misneach againn!

  3. Is dóiche gur mise duine des na Gaeilgeoirí ar a thráchtann tú thuas go mbíonn ag iarraidh dul i bhfeidhm ar / idirbheartaíocht a dhéanamh le lucht an Bhéarla. Cén fáth?

    Bhuel, cé gur tóigeadh le Gaeilge mé, de bhunú na Gaeltachta, gur fhreastail mé ar bhunscoil Ghaeilge srl. – is i bpobal Béarla – don chuid is mó – a d’fhás mé aníos. Béarlóirí don chuid is mó (99%) ab iad mo chuid comharsain, mo chuid dlúth-chairde, na bannaí ceoil a thaitin liom agus mé ag fás aníos… Agus is mar sin atá fós. Ní dhéanfaidh mé aon leithscéal faoi sin. Ní ghlacaim leis gur Éireannaigh “Ghallda” iad mo chuid cairde agus ní dóigh liom go bhfuil sé ar leas na Gaeilge teanga mhaslach mar sin a úsáid chun trácht a dhéanamh ar ár gcomh-shaoránaigh. Níl á dhéanamh againn sa chás sin ach muid féin a ísliú chuig leibhéil iad siúd a dhéanann ionsaí orainne. Nach bhfuil muid níos fearr ná sin?

    Tá fadhbanna mhóra ann leis an bhfrith-Ghaelachas gan aon amhras ar bith. Ach ní rachaidh muid i bhfeidhm orthu siúd gur gá dúinn dul i bhfeidhm orthu trí chogadh a thosnú leo.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s