Oidhreacht Chasta Uí Lubhlaí


Cuireadh Domhnall Ó Lubhlaí inné ar an Mhuileann gCearr ach tá go leor spéis á chur i scéal a shaolsa i gcónaí.

Fuair sé bás faoi scáth líomhaintí go raibh baint aige le hionsaithe gnéis ar dhaoine óga, mar sin féin, níor ciontaíodh é as aon chúis a bhain le hionsaithe gnéis ar bith riamh agus shéan sé na líomhaintí go dtí an deireadh.

Tuigtear go raibh cás nua á ullmhú ina éadan áfach.

Tháinig sé chun solas ar an chlár ‘Cormac ag a Chúig’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain gur cuireadh cás sibhialta air, in éineacht le Gael-Linn, An Roinn Oideachais, agus an Roinn ina raibh rannán na Gaeltachta ag an am, siar i 2001.

eagran3

Léirigh an t-iriseoir Uinseann Mac Dubhghaill atá in shaineolaí ar chás Uí Lubhlaí ó bhí sé ina eagarthóir ar an iris ‘Cuisle’ gur tuairiscíodh gur socraíodh an cás sin i 2009 agus gur íocadh airgead mar chuid den socrú sin.

NASC chuig ‘Cuisle’ – http://homepage.tinet.ie/~cuisle1/cuisle.htm

Tá go leor daoine tar éis teagmháil a dhéanamh leis an suíomh seo ar an ábhar seo.

Bhí fonn ar go leor acu cur in iúl dúinn, cé nach raibh siad ag iarraidh Ó Lubhlaí a chosaint, go raibh oidhreacht dearfach aige chomh maith, orthu féin go pearsanta agus ar chúrsaí Gaeilge.

Tá daoine eile atá tar éis teagmháil a dhéanamh linn nach n-aontaíodh leis sin agus a ghuíodh “ifreann” air.

UASDÁTÚ : Rinne an t-iriseoir Breandán Delap, duine de na heagarthóirí ar Nuacht TG4, agus iar-eagarthóir ‘Foinse’ cur síos cuimsitheach ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí ar an chlár Rónán Beo inné. 

http://www.rte.ie/rnag/ronanbeo.html

UASDÁTÚ : Tuairiscítear gur fhreastal tuairim ar fiche dhuine ar thorramh Uí Lubhlaí ar an Mhuilleann gCearr.

8 dtuairim ar “Oidhreacht Chasta Uí Lubhlaí

  1. Do na daoine atá ag iarraidh é a chosaint:
    Ní naomh é. Ná déan naomh de.
    Gach rud ‘maith’ a rinne sé, ba chuid den plean uafásach é.
    Bhí sé i gceist aige bheith sna scoileanna le dochar a dhéanamh.

  2. An-chúinn atá na daoine atá ag iarraidh Ó Lubhlaí a “chosaint”. Suimhiúil nach bhfuil aon rud dearfach faoin bhfearr curtha i scríbhinn go dtí seo. Tás ag madraí an bhaile cén sort a bhí in Ó Lubhlaí agus buíochas le dia ná gá faic mórán eile a rá faoi.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s