Maíonn Tommy Donnellan, fear as Gaillimh, gur scaoil saighdiúr Iosraelach é le piléir rubair.
Tuairisicítear gur scaoileadh an ceamaradóir agus feachtasóir sa ghéag dheis nuair a bhí sé ag taifead agóide.
Tharla an eachtra i sráidbhaile Nabi Saleh sa Bhruach Thiar Dé hAoine.
Deir an tUasal Donnellan i ráiteas go dtarlaíonn na heachtraí seo do mhuintir na Palaistíne beagnach gach lá.
Deir urlabhraí don Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ar an eolas faoin eachtra agus nach raibh iarratas faighte i gcomhar cúnamh consalachta go fóill.