Conas tá ag éirí linn?


Cuireadh tús leis an suíomh seo ar an 14 Márta, conas tá ag éirí linn?

I dtaca le trácht de, tá ag éirí níos fearr ná mar a bhíomar ag súil.

Agus an t-alt seo á scríobh, bhí 10,257 radharcanna ar an suíomh.

D’amharc 2,503 duine ar leith ar an suíomh, figiúr atá suntasach do theanga mhionlaithe ar nós na Gaeilge.

Bhí ‘Alexa Ranking’ de 1,195,443 go domhanda agus 4,358 i bPoblacht na hÉireann.

Cad é ‘An Tuairisceoir’?how_we_do2

Tá mí-thuiscintí amuigh anseo maidir le cad atá ann mar ‘An Tuairisceoir’.

Seo mar a chuirtear síos air ar an suíomh.

“Is ardán neamhspleách ar chúrsaí aimsire é ‘An Tuairisceoir’.

Tá sé i gceist seirbhís nuachta / tráchtaireachta a fhorbairt amach anseo.

Ní fhaigheann ‘An Tuairisceoir’ maoiniú de shaghas ar bith.”

Is togra go hiomlán deonach é seo curtha ar bun de bhrí gur creideadh go raibh gá leis, léiríonn an trácht a fuaireamar go dtí seo go bhfuil ‘margadh’ de shaghas éigin ann.

Tá go leor scríbhneoirí aimsithe againn, daoine atá sásta dul i mbun pinn gan íocaíocht.

Agus an focal ‘muid’ á úsáid i dtaca leis an suíomh seo, gach duine a scríobhann ar an suíomh atá i gceist.

Tá níos mó scríbhneoirí de dhíth go cinnte agus beidh muid ag díriú ar mhná a aimsiú sna seachtainí amach romhainn.

Chomh maith leis sin, chlis orainn aon Ghael Mhanannach nó Albanach a aimsiú, ag obair ar an cheist sin chomh maith atáimid.

Tá cabhar eile de dhíth orainn chomh maith ó thaobh eagarthóireachta agus dearadh an tsuímh de.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd rphost a chur chuig antuairisceoir@gmail.com.

Go raibh maith agaibh gach duine a ghlac páirt go dtí seo.

Tá meon meithle fós beo i measc na nGael!

Le meas mór

Ciarán Dúnbarrach, riarthóir

3 thuairim ar “Conas tá ag éirí linn?

  1. tá an suíomh an mhaith ar fad sílim ,úr agus suas chun data ,ach ná bí ró mhortasach as a bheith gan deontas. Glacann sé airgead le suíomh mar seo a coinneáil ag imeacht go leanúnach. Ba cheart go mbeadh bealach ag daoine le cuidiú airgid a thabhairt más maith leo,fríd paypal nó rud éigin cosúil leis agus cé nach ceart a bheith ag brath go hiomlán ar airgead stáit ná déanaimis dearmad gur linne an tairgead a scapieann an Rialtas ar ár son agus tá Gaeil i dteidil an airgid sin chomh maith le cách. Glacaimis é. go néirí libh

    1. GRMA a Shéamuis, ar eagla na míthuisceana, cha dóigh liom go ndéarfainn go bhfuil muid mortasach as a bheith deonach, Tá muid direach ag iarraidh a bheith go hiomlán ionraic le scríbhneoirí atá muid ag iarraidh a earcú.

  2. An-obair uait a Thuairisceoir, is na scríbheoirí ar fad.

    Cúpla moladh.

    1- An bhféadfaí cónascadh le roinnt blaganna/suíomh nuachta eile le caighdeán níos airde/níos mó ábhar a chlúdach/ a bhaint amach? Seans go scriosfadh sé é dá mbeadh roinnt daoine ag fáil íocaíochta, ach n’fheadar.

    2. Molaim do dhaoine gach einne a bhfuil aithne acu orthu a spreagadh le seo a léamh is scríobh dó, dá éagsúil na tuairimí/scríbhneoirí is ea is fearr é!

    3. D’fhéadfaí a mhaoiniú ón bpobal go díreach- ar nós wikipedia!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s