Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna

Banna Ceoil Shannon Vale.
Banna Ceoil Shannon Vale.

 

Reáchtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna le linn deireadh seachtaine fada na Bealtaine. Déanann an fhéile seo ceiliúradh ar an amhránaí sean-nóis as an gceantar a bhain caill mhór amach i Sasana, Alba agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhásaigh sé é i Seattle i 1984 agus tá sé curtha ina cheantar dúchais. Tá an fhéile ar an bhfód ó 1986, faoi stiúir Mhicheál Ó Cuaig as Cill Chiaráin.

Cuirtear béim faoi leith ar an amhránaíocht sean-nóis ag an bhféile seo agus cuirtear fáilte mhór freisin roimh amhránaíocht thraidisiúnta as tíortha éagsúla. Tá clár leathan leagtha amach don fhéile arís i mbliana agus i measc na buaicphointí beidh an tOscailt Oifigiúil leis an tAthair Eddie Bheairtle Ó Conghaile; Oíche Mhór Ceoil le Danny O’Mahony, Cyril O’Donghue agus Johnny Ringo McDonagh; Ceardlanna Amhránaíochta agus Damhsa le Rosie Stewart, Gearóidín Bhreathnach, Róisín Ní Mhainín agus Proinsias Ó hIarnáin; Taispeántas ó Mhuintir Alba; Comórtas Amhránaíocht na nÓg; Ceolchoirm Mhór na Féile; cuairt ar uaigh Joe Éinniú; Seoladh Albam Nua le Mick O’Brien, Aoife Ní Bhriain agus Emer Mayock.

I measc cuid de na h-aíonna eile a bheidh i láthair don fhéile i mbliana beidh Danny O’Mahony agus Banna Cheoil an Shannon Vale as Ciarraí (sa ghrianghraif), Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Seán McKiernan, Allan MacDonald, Mairí­ Smith, Calum Mac Millan, Nathan Pilatzke, Caoimhín Ó Raghallaigh, Néillidh & Caoimhe Mulligan, Liz & Yvonne Kane, Toner Quinn, Neansaí Ní­ Choisdealbha, Don Stiffe, Pat Coyne, Kevin Abeyta agus Muintir Iarnáin.

Beidh taispeántas ealaíne le daltaí bunscoile an phobail le feiceáil in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar feadh na deireadh seachtaine, chomh maith le blaiseadh ó bhailiúchán cartlainne Joe Éinniú a tháinig ó Ollscoil Washington i Seattle. Beidh neart seisiúin cheoil neamh-fhoirmeálta ins na tithe ósta le linn na féile.

 

13 Marbh san Damaisc

An tSiria : Dar le teilifís stáit na Siria, tá ar a laghad 13 dhuine marbh agus 70 gortaithe tar éis gur phléasc buama-cairr i lár na Damaisce.

Tharla an eachtra i gceantar Marjeh, ceathrú stairiúil den chathair.

Tharla sé gar d’fhoirgneamh ina raibh an t-Aireacht Gnóthaí Baile lonnaithe – níl sé ansin a thuilleadh áfach.

Inné, rinneadh iarracht príomh-aire na Siria Wael Halqi a mharú in ionsaí buama ach theip air an iarracht sin.

Reifreann ar Éire Aontaithe ar na bacáin

Beidh reifreann ar Éire Aontaithe go luath – i bparóiste an Chreagáin, atá ar an dá thaobh den teorainn.BI8hCa7CQAA9EbL

Beidh an feachtas seo á sheoladh I gCrois Mhic Lionnáin, Ard Mhacha Theas, Dé hAoine beag seo.

Beidh an reifreann féin, ‘reifreann na ndaoine’ mar atá an lucht eagraithe ag tabhairt air, ar siúl ar 25ú Bealtaine.

Tá Crois Mhic Lionnáin sa Chreagán Íochtarach, Co. Ard Mhacha ach tá an Creagán Uachtarach díreach ar an taobh eile den teorainn i gCo. Lú.

“Futile Border Poll campaign to launch,” a thug blagadóir aontachtach ar an fheachtas seo. 

Ní fios go díreach cé tá taobh thiar den fheachtas seo ach tá sé á mhaíomh go bhfuil sé mar chuid de fheachtas Shinn Féin chun reifreann a bheith ann maidir le hÉire Aontaithe.

Is féidir an feachtas seo a leanúint ar twitter – https://twitter.com/UnitedIreland/

Rún Shinn Féin ar phósadh aonghéis buailte

Vótáil 42 BT i bhfách le pósadh aonghnéis as 95 BT a bhí i láthair  i dTionól an Tuaiscirt tráthnóna.

Bhíodar ag vótáil ar rún de chuid Shinn Féin a mhol reachtaíocht a dhéanfadh dleathach pósadh aonghnéis.

Beag beann ar an toradh, níorbh fhéidir go n-éireodh leis an rún seo mar bhí sé ráite cheana ag an DUP go n-úsáideadh siad ‘petition of concern’ chun é a stopadh.

Vótáil gach náisiúntóir / poblachtachtóir i bhfách leis an rún.

Níor vótáil ach triúr aontachóir i bhfách leis an rún, ba iad Michael Copeland, Basil McCrea agus John McCallister.

Níor vótáil David Ford, Stewart Dickson nó Chris Lyttle, ón Alliance Party.

Mhol an Alliance Party leasú ní ba luaithe sa díospóireacht – chun cosaint d’eaglaisí a chur san aireamh ach buaileadh sin 51 vótaí le 46 – staon dhá bhall den Alliance Party féin agus vótáil duine acu ina choinne.

Ginmhilleadh chun tosaigh

Anailís le Ciarán Dúnbarrach

Is fada ceist an ghinmhillte curtha ar an mhéar fhada ag Éirinn ach is léir anois nach bhfuil an mhéar sin fada go leor a thuilleadh.

Tá ceist an ghinmhillte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair, ní amháin idir na páirtithe ach iontu féin.

Inné sa ‘Sindo’, “Labour duo reveal plan to liberalise law bit by bit,” a ba é an fo-cheannteideal.

Bhí an scéal bunaithe ar thaifead rúnda a rinne gníomhaire frith-ghinmhillte ar bheirt TD ó Pháirtí an Lucht Oibre, Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin.

Léirigh siad beirt gur chreid siad gur próiseas a bheas ann maidir le ginmhilleadh a thabhairt isteach in Éirinn agus gurb é reachtaíocht ar chás X an tús leis an phróiseas sin go díreach.

Faoi láthair, tá ginmhilleadh mídhleathach in Éirinn ach amháin má tá saol na máthar i mbaol. Mar sin féin, creidtear go dtaistealaíonn idir 4,000 agus 5,000 bean chuig an Bhreatain gach bliain chun ginmhilleadh a fháil.

Ní aon rún é go bhfuil Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin ar son ghinmhilleadh de réir éilimh ach beidh brú ar Ó Riordáin go háirithe mar gheall ar an alt seo – de bhrí gur léirigh sé nach mbeadh sé soiléir faoina sheasamh i dtaca leis an cheist seo agus é ag caint leis na meáin.

Chomh maith leis sin, chaith sé anuas ar mhuintir Mhuineacháin agus a ndearcadh, dar leis, i leith cheisteanna morálta.

Ní dócha go bhfaighidh sé cárta ó Chomhairle Chontae Mhuineacháin um Nollaig.

Cé gur páirtí coimeádach iad Fine Gael i gcoitinne, agus cé go dtacóidh an chuid is mó den pháirtí le reachtaíocht ‘Cás X’ mar atá beartaithe – tá baol éirí amach nach beag ann.

Is é an fhadhb atá ag cuid mhaith d’Fhine Gael ná go mbeadh siad beartaithe go n-úsáidfear an reachtaíocht chun ginmhilleadh de réir éilimh a thabhairt isteach.

Creideann siad go dtarlóidh sé sin má luaitear baol féinmharaithe mar chúis chun ginmhilleadh a fháil.

Tá sé ráite cheana ag an TD do Ghaillimh Thoir, Brian Walsh, nach mbeidh sé ag tacú leis an bhille seo.

Tá an tAire Sóisearach, Lucinda Creighton an-ghlórach ar an cheist agus tá blag scríofa aici ar an ábhar seo.

Lucinda Creighton, TD
Lucinda Creighton, TD

Tuigtear go mbeadh sí réidh chun éirí as aoireacht an pháirtí mar gheall ar an cheist.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine aréir, chun foighid a bheith acu agus chun fanacht go dtí go bhfoilseofar an bille sula ndéanfaidh siad breithiúnas air.

Bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin ag iarraidh a bheith glic ar an cheist seo agus Fianna Fáil a stiúradh tríd lár na díospóireachta.

Ach bí bheidh sé ábalta sin a dhéanamh anois agus srian láidir curtha ag Ard-Fheis a pháirtí air.

Ritheadh rún ag dearbhú gur páirtí ‘ar son beatha’ iad Fianna Fáil agus rún eile a chuaigh i gcoinne  “the introduction of any legislation which introduces the ‘risk of suicide’ as a threat to life of the mother and legitimises abortion in Ireland.’’

Thug 80% de fheisirí an pháirtí tacaíocht don rún udaí sin.

Tá clú ar Shinn Féin mar gheall ar smacht polaitiúil taobh istigh den pháirtí sin. Mar sin féin, tá easaontas á léiriú mar gheall ar an cheist áirithe seo.  Tuigtear go bhfuil an páirtí sa Dáil scoilte 50/50 maidir leis an ghinmhilleadh.

Cé go bhfuil go leor daoine taobh istigh de Shinn Féin ar son ginmhilleadh níos forleathana a bheith ar fáil  – ní dócha go ligfear don cheist an páirtí a scoilteadh áfach.

Níl an cheist seo chun imeacht ón stáitse go luath nó choíche.

Arbh fhéidir leis an ghinmhilleadh deireadh a chur le páirtithe polaitiúla na hÉireann mar atá siad san am atá i láthair agus deireadh a chur le polaitíocht Chogadh na gCarad faoi dheireadh?

Cá bhfios, ach is cinnte nach féidir an ‘genie’ seo a chur ar ais sa bhuidéal.

[Uasdátú : Déanfaidh an chomh-aireacht cinneadh maidir leis an Bhille ar chás X inniu. Tuigtear go mbeidh baol féinmharaithe san aireamh mar chúis chun deireadh a chur le toirchis / ginmhilleadh a fháil.] 

Droichead Chaoimhín Uí Ifearnáin!

Tuairim le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Daichead bhliain ó shoin, an Fómhar seo chughainn, bhí imní faoi stáid cúrsaí peile i mBaile Átha Cliath comh mhór sin go raibh réiteach na faidbhe ag dó na geirbe ag muintir rialúcháin Pháirc an Crócaigh.

All Ireland Senior Football Semi Final - Dublin v Cork
Kevin Heffernan, nach maireann

Bhí  a fhios ag Páirc an Crócaigh mura mbeadh foireann na príomhchathrach i mbarr a maitheasa go gcaillfeadh lucht Cumann Lúthchleas Gael amach do lucht sacar agus rugbaí ó thaobh rannpháirtíocht sna cluichí agus ó thaobh maoine ón lucht tacaíochta.

Bhí “Match of the Day” ar BBC oíche Shatharn agus bhí “ The Big Match” ar ITV tráthnóna Domhnaigh agus iad ag dul go mór i bhfeidhm ar ní hamháin san ardchathair ach tríd an tír go forleathan.

Ní raibh mórán cluichí Gaelacha ar an teilifís bhaile ag an am cé is moite de  chluichí leath-cheannais agus cluichí cheannais Craoibhe na hÉireann agus cluichí cheannais Corn an Bhóthar Iarainn, Lá le Pádraig.

Dé bharr na cúinsí sin bhí meathlú ar an pheil Gaelach i mBaile Átha Cliath agus é ina ábhar buairimh do Cumann Lúthchleas Gael.

Cé gur bhuaigh Baile Átha Cliath Craobh na hÉireann sa bhliain 1963, deich bhliana níos déanaí bhí siad sáite i Roinn a Dó den tSraith Náisiúnta agus níor éirigh leo cluiche Ceannais Laighean a shroichint le hocht mbliana.

Theip orthu sa chéad bhabhta de Craobh Laighean 1973 i gcoinne Co. Luí. Dúirt Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael san am an Doctúir Dónal Keenan go gcaithfí teacht i gcabhair ar Choiste Chontae Bhaile Átha Cliath.

Straitéis fhad-tréimhseach a bhí i gceist ag Donal Keenan ach bhí straitéis níos gearr-thréimhsí  ag Cathaoirleach Bhord Bhaile Átha Cliath Jimmy Gray i.e Caoimhín Ó hIfearnáin a cheapadh mar bhainisteoir ar fhoireann Bhaile Átha Cliath.

Cheap Gray gurbh é an rud a bhi in easnamh i m Baile Átha Cliath ná ceannaire den scoth, fear go mbeadh suim mhór aige i ndul chun cinn a gcontae féin agus an cumas aige daoine eile a threorú i dtreo éacht iontach.

Fear íocónach ab ea Ó Ifearnáin a bhuaigh Craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath sna bhliana 1958 agus 1963. Smaointeoir éirimiúil ar chonas foireann a thraenáil agus agus ba léir gurb é an rogha ceart é.

Toghadh Caoimhín Ó hIfearnáin ag deireadh 1973 agus Donal Colfer agus Lorcan Redmond mar comh-roghnóirí  leis.

Bhí Ré Nua le tosnú do fhoireann peile Baile Átha Cliath. Faoi 1974 bhí Craobh na hÉireann buaite acu agus “Arm Heffo” i gCnoc a Sé Déag ar an bhfód.

Bhunaigh Caoimhín Ó hIfearnáin níos mó na foireann peile. Thosnaigh gluaiseacht a spreag suim in athuair i gcluichí Cumainn Lúthchleas Gaeil ní hamháin i gcathair Baile Átha Cliath agus is fíor go raibh na “Jacks Back” ach tríd an tír go hiomlán.

Chabhraigh an iomaíocht fíochmhar idir Baile Átha Cliath agus foireann iomráiteach Chiarraí faoi stiuír Mhíchil Uí Dhuibhir sna seachtóidí leis an bhfeachtas seo.

Bhí rath comh mór ar Cumann Lúthchleas Gael san Ardchathair go raibh de mhisneach agus d`acmhainn ag an Comhairle Láir [ Central Council] de Cumann Lúthchleas Gael oll-stáid mhór mar atá i bPáirc an Crócaigh sa lá atá inniu a atógáil.

Tá an- dul chun cinn déanta ag na Clubanna de Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath freisin agus áiseanna den scoth tógtha ach dá bpobal.

Ach is do Bhaile Átha Cliath go heisiach ainmniúcháin an droichead nua trasna na Life. Deis a bheadh anseo ag an cathair aitheantas a thabhairt don ról fiúntach atá Cumann Lúthchleas Gael taréis a imirt ar an gcathair.

Nascann an droichead seo tuaisceart agus Deisceart na cathrach agus cén slí is fearr chun ómós a thabhairt do fhear a sheas an fód do gach rud atá dearfach faoi Cumann Lúthchleas Gael.

Beidh daoine ag gearán nár cheart droichead a ainmniú d’éinne nach bhfuil marbh le fiche bhliain ach ní mhór eisceacht a dhéanamh anseo do dhuine éisceachtúil.

Déanfaidh “Droichead Chaoimhín Uí Ifearnáin” feartlaoi oiriúnach don fhear.

Duais do ‘Scéal na Gaeilge’

PREASRÁITEAS 

Tá an duais don tsraith is fearr sa rannóg ‘factual entertainment’ ag Féile na Meán Ceilteach buaite ag Scéal na Gaeilge, dhá chlár faisnéise a leanann aistear na teanga ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann.

Tríd meascán míreanna beochan, cúlraí scáthlán glas agus taifeadadh ag láithreacha stairiúla, nochtann an tsraith seo stair na Gaeilge le radharc spraíúil ar na scéalta stairiúla agus miotasacha a bhaineann léi.

Físiúil, úr agus bríomhar, tá Scéal na Gaeilge curtha i láthair agus scríofa ag Alan Titley, stiúrtha ag Diarmuid Goggins agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG.

Is é an sprioc atá ag Féile na Meán Ceilteach ná ceiliúradh a dhéanamh ar scannáin, cláir teilifíse, cláir raidió agus na meáin úra a chuireann cultúir agus teangacha ó na tíortha ceilteacha chun cinn.

Diarmuid Goggins - Sitúrthóir Scéal na Gaeilge
Diarmuid Goggins – Sitúrthóir Scéal na Gaeilge

Bíonn an iomaíocht ghéar ag an bhféile i gcónaí le comórtas ó na mór chraoltóirí agus comhlachtaí léiriúcháin in Éirinn, An Bhreatain agus sa Fhrainc agus iomaíocht idir cláir atá léirithe i nGaeilge na hAlban, Gaeilge, Coirnis, Breatnais, Briotáinis, Manainnis, Fraincis agus Béarla.

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir Scéal na Gaeilge, Tá sé iontach gur bhain muid an duais amach ag féile mór idirnáisiúnta mar seo. I mo thuairim, tá dualgas i gcónaí orainn cláracha a dhéanamh chomh spraíúil, físiúil agus fuinniúil is gur féidir. Creidim gur chruthfaidh muid gur féidir ábhar ar bith a dhéanamh taitneamhach agus greannmhar do chuile aoisghrúpa atá ann.

Tá gradam bainte amach ag Scéal na Gaeilge cheana don tsraith is fearr ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus fuair sé ainmniúchán do na hIFTAs.

Bhí Scéal na Gaeilge maoinithe ag TG4, An BAI, Foras na Gaeilge agus ROSG.

Ní féidir leis an DUP ‘Doire’ a ghlacadh

Bhí sé ina raic oíche Dé Mháirt idir chomhairleoirí de chuid an DUP agus Sinn Féin i nDoire mar gheall ar thaispeántas ar Phlandáil Uladh agus moladh chun brandáil ar an Guildhall sa Chathair a athrú.

Chuir an DUP i gcoinne ‘Doire’ a bheith luaite i mbrandáil an Guildhall, in éineacht leis na leaganacha gallda, Derry agus Londonderry.

800px-Guildhall,_Derry,_August_2010
Guildhall Dhoire

Dar le Maurice Devenney, DUP, gur féidir le haontachtóirí maireachtáil leis na haimnmeacha ‘Derry/Londonderry’ ach “nárbh fhéidir leo ‘Doire’ a ghlacadh.”

Is galldú ‘Derry’ ar an Ghaeilge, Doire, ar ndóigh.

“I worry this is more stripping away of our Britishness within nationalist controlled councils,” a dúirt Devenney.

Dúirt Paul Fleming ó Shinn Féin áfach, “It isn’t about stripping out anything from the Guildhall. The building needs to be reflective of all the citizens of this city and district.”

Chuir Sinn Féin i gcoinne na litreacha ‘UK’ a bheith luaite leis an teideal ‘City of Culture’ mar chuid den taispeántas.

Is í Doire Cholmcille an ‘UK City of Culture’ i mbliana. 

ALT BAINTEACH :

Is leithcheal é riachtanas Gaeilge do chúrsa trí mheán na Gaeilge : DUP

Duaiseanna Ghlór na nGael 2012 Bronnta

PREASRÁITEAS 

Thionól breis agus 300 ionadaí agus baill de choistí Gaeilge ó fud fhad na tíre, agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh ag an deireadh seachtaine i gcomhair Bhronnadh Duaiseanna agus Boinn Ghlór na nGael do chomórtas 2012.

Ba é príomhchainteoir na hoíche ná an tAire Sóisearach, Donncha Mac Fhionnlaoich TD. Bronnadh níos mó ná €145,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, coistí scoile agus ollscoile agus ar chóistí ó Alba agus Stáit Aontaithe Meiriceá.

I mbliana bhuaigh Coiste Forbartha Dobhair I nDún na nGall an  Duais  Náisiúnta  gur fiú  €40,000 agus Trófaí Ghlór an nGael do choistí a bhfuil duine fostaithe leo, agus thóg Cumann Gaelach Leath Chathail Duais mhór na rannóige Coistí gan cúnamh fostaíocht, agus seic do €8,000.

Ghabh an tAire Mac Fhionnlaoich comhghairdeas leis an coistí ar fad a bhuaigh duaiseanna I mbliana. Dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann gur buaiteoirí iad na coistí ar fad a bhaineann páirt nó is tríd a n-iarrachtaí go bhfuil fás agus forbairt ar shaol agus todhchaí na Gaeilge sa tír.

Bronnadh duaiseanna sa dhá chatagóir atá ag an gcomórtas: duaiseanna do choistí gan cúnamh fostaíochta agus duaiseanna do choiste a bhfuil cúnamh fostaíochta acu.  Chomh maith leis sin, bronnadh duaiseanna aitheantais, duaiseanna i réimsí oibre faoi leith, na duaiseanna idirnáisiúnta agus duaiseanna an chomórtais speisialta a eagraítear i measc na gCumann Gaelach sna coláistí Tríú Leibhéal agus an comórtas nua do chlubanna Gaeilge sna meánscoileanna, an Comórtas G!

Coiste Pobail Dobhair
Coiste Pobail Dobhair

Den chéad uair, i mbliana, bronnadh níos mó ná 30 Bonn Ghlór na nGael, boinn chré umha, boinn airgid agus boinn óir, ar choistí a bhain céatadán ard marcanna sa chomórtas thar trí bliana ó 2010 ar aghaidh.

Tugadh an bualadh bos is mó do phobal Dobhair a bhuaigh an mhór-dhuais náisiúnta don chéad uair, comhartha maith d’fhás agus bhuanú na Gaeilge ar fud na tíre agus don obair I measc na hóige ach go háirithe atá ar súil ag an choiste sin.

 Liosta Iomlán

Boinn Ghlór na nGael – Medals

Bonn Cré Umha- Na Macallaí (Loch Garman)

Bonn Cré Umha – Glór Sionna (An Clár)

Bonn Cré Umha – An tAonach (Tiobraid Árann)

Bonn Cré Umha – Balana (Ceatharlach)

Bonn Airgid – Ionad Deirbhile, Eachléim (Maigh Eo)

Bonn Airgid – Comhar Dhún Chaocháin (Maigh Eo)

Bonn Airgid – Comharchumann Árainn Mhóir (Dún na nGall)

Bonn Airgid – Corca Dhuibhne ag Caint (Ciarraí)

Bonn Airgid – Uíbh Ráthach  (Ciarraí)

Bonn Airgid – Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)

Duaiseanna Speisialta

Duais Chumann na Sagart        €1,000

Glór na nGael Gort a’Choirce (Dún na nGall)

Duais Chonradh na Gaeilge      €1,000

An Clár as Gaeilge + Bonn Ór (Co an Chláir)

Duais Chonradh na Gaeilge      €1,000

Glór Cheatharlach (Ceatharlach)

Duais Cholmcille – €1,500

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair        (Dún na nGall)

+ Bonn Óir

Duais Cholmcille – €1,500

Glór Cheatharlach (Ceatharlach)

Duais an Fháinne, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, €1,000

Ionad Uíbh Eachach, & Trófaí + Bonn Airgid (Béal Feirste)

Duais Chomhluadar €1,00 & Duais Ógras €700

Coiste Forbartha Charn Tóchair, + Bonn Óir (Co. Doire)

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500

Boirche Íochtar, + Bonn Airgid (Co. an Dúin)

Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall, €1,500 Coiste Seán Bán Mhic Meanman (Dún na nGall)

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe, €1,500

Maigh Cuilinn      + Bonn Óir (Gaillimh)

Duais Chló Iar-Chonnachta, & Dearbhán €1,000

Maigh Cuilinn      + Bonn Óir (Gaillimh)

Duais Údarás Craolacháin na hÉireann, €1,500

Stáisiún Tráchtála: Clare FM     (An Clár)

Duais Údarás Craolacháin na hÉireann, €1,500

Stáisiún Pobail: NEAR FM (Baile Átha Cliath)

Duais an Iontaobhas Ultach £1,400

Céim Aniar + Bonn Airgid (Dún na nGall)

Duais an Iontaobhas Ultach £1,400 An Droichead + Bonn Óir (Béal Feirste)

Duais na Comhairle Oidhreachta, €1,500  Comharchumann na nOileán Beag, Ancaire          (Dún na nGall)

+ Bonn Cré-Umha

Duais an Fhoras Pátrúnachta €1,000

Craobh na Bóinne (Co Lú)

Gradam Ghlór na nGael

Raidió na Gaeltachta

Comórtas G! (Scoileanna iarbhunscoile)

Urraithe ag An Spailpín Fánach & COGG

Uladh: Cumann Gaelach, Scoil Íosaef, Domhnach Mór, Tír Eoghain

Mumhan: Gaeilge GaGa, Coláiste Pobail, Cill Mhíchíl, Co. an Chláir.

Connacht: Coiste na nDaltaí, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí

Laighean: Ruaille Buaile ND, Meánscoil Notre Dame, Baile Átha Cliath

Príomhbhuaiteoir: €2,000

Club Ailigh G, Coláiste Ailigh Leitir Ceanainn

Comórtas 3ú Leibhéal

An Roinn Oideachais & Eolaíochta

Gearrliosta do sheacht nduais:

Iontráil Nua is fearr, €500: An Cumann Gaelach, Institiúid Teicneolaíochta BÁC

An Cumann is fearr le níos lú ná 200 ball €1,000: : An Chumann Sóisialta, Acadamh na hOllscolaíochta GaeilgeAn Cheathrú Rua

Duais Trasteorann, €1,000: An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Duais Athmhuintearais, €1,000: An Cumann Gaelach, Ollscoil na mBanríona

3ú hÁit, €1,000: Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann Má Nuad

2ú hÁit, €1,500: An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile B.Á.C

1ú Áit, €2,000: An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, BÁC

Global Gaeilge

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

3ú Áit         €2,500: Daltaí na Gaeilge Nua Eabhrach, SAM

2ú Áit €3,500 : Forbairt na Gaeilge, Baile Phitt , SAM

1ú Áit €5,000: Conradh na Gaeilge, Glaschú, Alba

Gearrliosta na gcoistí gan cúnamh fostaíochta.

Gaeltacht urraithe ag Údarás na Gaeltachta

1ú Áit         Coiste Pobail na Tulaigh  & Bonn Óir (Gaillimh) €3,000

2ú hÁit       Comharchumann Ráth Chairn  & Bonn Óir, €2,000

3ú hÁit       Glór na nGael Gort a’Choirce & Bonn Óir (Dún na nGall) €1,500

Iar-Ghaeltacht

Buaiteoir Náisiúnta na gcoistí gan cúnamh fostaíochta:

Áit Cumann Gaelach Leath Chathail  & Bonn Óir €8,000 (Co. an Dúin)

2ú hÁit Áth Buí le Gaeilge & Bonn Cré Umha €2,000 (Co. na Mí)

3ú hÁit Glór Bhréifne & Bonn Cré Umha €1,500 (An Cabhán)

Coistí le cúnamh fostaíochta     : Náisiúnta

Príomhdhuais Náisiúnta : €40,000  urraithe ag Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta & Trófaí Náisiúnta Ghlór na nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge

: Coiste Forbartha Dhobhar & Bonn Óir

2ú hÁit Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua & Bonn Óir €8,000

3ú hÁit Glór Baile Locha Riach & Bonn Óir €6,000

4ú hÁit Gaelphobal an tSrátha Bháin & Bonn Óir €4,000

5ú hÁit Glór Cheatharlach & Bonn Óir €3,000

Litir ón líne tosaigh : An t-aos óg

TUAIRIM le Ciarán Dúnbarrach

Tá mise i mo chónaí sa Spidéal le breis is trí bhliain anuas, Gaeltacht láidir ar go leor bealaigh í an Spidéal, ach san am sin uile go léir, níor chuala mé daoine óga as an cheantar ag caint i nGaeilge eatarthu féin ach dhá uair.

Ar an bhus lá amháin chuala mé beirt ag Gaeilgeoireacht, lá eile agus mé amuigh fá choinne siúlóid chuala mé fear óg ag baint úsáid as corrfhocal Gaeilge – ach ba léir go raibh sé díreach ag mess-áil thart is ag déanamh aithrise ar sheanfhear.

Is trí Ghaeilge a bhíonns an dá scoil ar an bhaile ag teagasc, mar sin féin, Béarla amháin a labhraíonn na daltaí eatarthu féin cé go bhfuil Gaeilge acu nach mbeadh ag mo leithéid choíche.

Ar ndóigh, téann corrdhuine ar scoil i nGaillimh agus déantar an Ghaeilge a sheachaint go hiomlán sa chaoi sin.

Mar sin féin, aisteach go leor, deirtear liom go bhfuil na daoine óga seo iontach báúil don Ghaeilge, agus go bhfuil siad bródúil go bhfuil an teanga acu agus gurb as an Ghaeltacht iad.

An_Spidéal_131104-1
Seanchéibh an Spidéil

Ach cheana, ní labhraíonn siad í.

Ní dhéanaimse aon bhreithiúnas orthu, is trua liom gurb é sin an cás. Ach tá cearta teanga acu, an ceart leis an Ghaeilge a dhiúltú san aíreamh.

“Bás sóisialta a bheadh ann,” a dúirt iardhalta Choláiste Chroí Mhuire, meánscoil an Spidéil, liom.

“Ní labhrófá an Ghaeilge sa scoil sin, outsider amach is amach a bheadh ionat.”

Ach an cainteoirí dúchais iad na daoine óga seo? An bhfuil siad ag séanadh a ndúchais nó díreach ag cloí le fíor-dhúchas s’acu – an Béarla?

Mar shampla, ní bhfuair ach 39.0% de theaghlaigh an cheantair Scéim Labhairt na Gaeilge iomlán in 2006.

Seo roinnt eolais ó Phlean Teanga an Spidéal

seo a leanas na príomhthátail a tháinig as an suirbhé ginearálta ar an bpobal maidir leis na teaghlaigh: Labhraíonn 29% de lánúineacha an Ghaeilge i gcónaí lena chéile. Tuairiscítear gurb í an Ghaeilge i gcónaí a labhraíonn 37% de thuismitheoirí (gach aoisghrúpa) lena ngasúir, go labhraíonn 8% acu Béarla i gcónaí, agus go labhraíonn 55% acu meascán den dá theanga. Is í an Ghaeilge i gcónaí a labhraíonn 32% den chlann mhac / iníonacha (in chuile aoisghrúpa) lena dtuismitheoirí. Labhraíonn 23% den chlann mhac / iníonacha (in chuile aoisghrúpa) an Ghaeilge i gcónaí sa teaghlach eatarthu féin. Astu siúd (daoine fásta) a tógadh le Gaeilge amháin (41%): Gaeilge amháin a labhraíonn 56% lena gcéile nó lena a bpáirtí Gaeilge amháin a labhraíonn 61% lena ngasúir. Labhraíonn 54% dá ngasúir an Ghaeilge lena dtuismitheoirí. Sa suirbhé ar na déagóirí, tuairiscíonn na déagóirí gurb í an Ghaeilge i gcónaí a labhraíonn 22% de na tuismitheoirí leo. Go hachomair, tógadh níos lú ná leath den phobal le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó agus ní labhraíonn ach beagáinín le cois a leath siúd an Ghaeilge i gcónaí lena bpáirtí. Is as taobh amuigh den Ghaeltacht iad 42% den daonra.

http://www.anspideal.ie/obair-reatha/plean-teanga-2-2/

“Tógadh níos lú ná leath den phobal le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó,”

“Is as taobh amuigh den Ghaeltacht iad 42% den daonra.”

Sin dá staitistic tromchúiseach.

Inimirce

Níor thuig mé riamh sular bhog mé anseo go raibh an méad sin eachtrannaigh ag cur fúthu anseo, ar imeall na hEorpa.

Tá go leor Éireannaigh as taobh amuigh den Ghaeltacht ag cur fúthu ann chomh maith, Gaeilgeoirí roinnt mhaith acu ach den chuid is mó, ní bhíonn acu ach Béarla.

Títear domsa go ndéanann eachtrannaigh níos mó iarrachta leis an teanga a fhoghlaim ná muintir na Galltachta.

Meallta anseo iad go léir ag an aigéan, an ailleacht agus stíl bheatha, monarchain an Údaráis agus thar aon rud eile is dócha, an ghrá.

Sráidbhaile idirnáisiúnta an Spidéal ar go leor bealaigh.

Mar a dúras, tá roinnt eachtrannaigh ar na Gaeilgeoirí is díograisí dá bhfuil ann. Mar sin féin, Béarla teanga choitianta na ndaoine seo, bímis ionraic faoi sin.

Mar gheall ar sin, cé go maireann an Ghaeilge mar theanga phobail, is í an Béarla teanga choitianta an phobail go léir.

Arís, ó phlean teanga an Spidéil.

Léiríonn an taighde gur pobal é pobal Cheantar an Spidéil ina bhfuil ardleibhéal inimirce agus soghluaiseachta i measc na n-áitritheoirí. Is as taobh amuigh den Ghaeltacht 52% de thuismitheoirí na ngasúr a ghlac páirt sa suirbhé. Tá impleachtaí móra ó thaobh stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail na háite ag baint leis an inimirce seo. Sa gcás nach ón nGaeltacht an bheirt tuismitheoirí, labhraíonn 23% acu Gaeilge lena gcuid páistí. Tuairiscíonn na déagóirí go bhfuil Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith ag 50% dá dtuismitheoirí. Léiríonn 56% de na déagóirí ag tuairisciú gur cainteoirí líofa Gaeilge iad, 36% gur cainteoirí maithe Gaeilge iad agus 8% gur cainteoirí measartha Gaeilge iad. Deir leath na ndéagóirí go bhfuil an cumas céanna iontu sa dá theanga. As an leath eile, deir trí cheathrú acu go bhfuil siad níos cumasaí ag déanamh comhrá i mBéarla ná mar atá siad ag déanamh comhrá i nGaeilge. Labhraíonn tuismitheoirí níos mó Gaeilge lena ngasúir ná mar a labhraíonn na gasúir lena dtuismitheoirí. Agus iad ag fás aníos, athraíonn go leor páistí ón nGaeilge go dtí an Béarla agus iad ag labhairt lena dtuismitheoirí, lena n-athair go mór mór. Tá ráta úsáide na Gaeilge eatarthu féin taobh amuigh den scoil thar a bheith íseal. I gcomhthéacs an teaghlaigh, tá úsáid na Gaeilge idir siblíní íseal. Bunaithe ar na fíricí a léirítear sa suirbhé, agus má leanann cúrsaí maidir le húsáid na Gaeilge i measc na ndaoine óga ar aghaidh mar atá, is caol an seans gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail a bheas ag an nglúin atá le teacht.

“Is caol an seans gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail a bheas ag an nglúin atá le teacht,” agus sin é, an buille marfach, an fhírinne lom.

Mar sin féin, tá sé tábhachtach gan an milleán a chur ar dhaoine atá ag bogadh isteach sa cheantar amháin, tá cainteoirí dúchais ann atá ag tógáil a gcuid páistí le Béarla amháin agus tá daoine ann a rugadh is a tógadh sa cheantar a roghnaíonn gan an Ghaeilge a labhairt níos mó.

Ní minic a fhágtar gan smaoineamh mé, ach nuair a chuirim an cheist orm féin, “Conas a chuirfeá aos óg an Spidéil ag gaeilgeoireacht?”, caithfidh mé an cheist a fhreagairt go hionraic.

Níl barúil dá laghad agam.

Bhí mé cineál dóchasach go mbeadh a fhios agatsa!

Alt bainteach

Cearta teanga : litir ón líne tosaigh