Torann na dTonn le leachtú


Tá Torann na dTonn, an comhlacht a d’fhoilsigh an páipéar Gaeilge Gaelscéal, le leachtú.

Tá cruinniú creidiúnaithe socraithe ag Torann na dTonn Dé hAoine 12 Aibreán sa Clayton Hotel i nGaillimh.

1398936420_3a798465a0_z

I litir chuig a gcreidiúnaithe, deir an comhlacht, “De bharr gur fógair Foras na Gaeilge go tobann ag deireadh Eanáir go bhfuil sé ag tarraingt siar maoiniú don nuachtán atáimid sa chruachás seo.”

The company which published ‘Gaelscéal’ is to be liquidated.

“Cé go de cheart ag Foras na Gaeilge an foirceannadh a dhéanamh, tháinig sé aniar aduaidh ar an gcuideachta mar gur tugadh le fios dúinn ag cruinniú le fo-choiste an bhoird an tseachtain roimhe, go leanfar leis an maoiniú go dtí deireadh ár gconartha i Márta 2014.

* Is ionann Torann na dTonn agus úinéirí Gaelscéal, iad siúd Máire Ní Thuathail agus David Hickey

* Is comhlacht é Torann na dTonn

* Is iad Máire Ní Thuathail agus David Hickey na stiúrthóirí ar Thorann na dTonn

* Níor ghlac ceachtar acu aon táille riamh ón chomhlacht

“Phléamar cúrsaí go mion le feidhmeannaigh de chuid Fhoras na Gaeilge agus chuireamar in iúl dóibh go raibh gá le maoiniú breis i ndiaidh don nuachtán scor d’fhoilisiú lena chinntiú go n-íocfar gach fiachas, Murach gur cuireadh deireadh luath leis an gconradh bheimis in ann é sin a dhéanamh gan gá le maoiniú breise.

“Cé gur tugadh le tuiscint dúinn go gcuirfí maoiniú breise ar fáil, dhiúltaigh Bord Fhoras na Gaeilge den iarratas. Tá díomá mór millteanach orainn faoin gcinneadh sin.

“Is é cinneadh Fhoras na Gaeilge an conradh a fhoirceannadh go luath agus diúltú an líon beag tacaíocht airgeadais breise a sholáthar a theastaíonn lena chinntiú go n-íocfaí go hiomlán tú, is cúis leis an drochscéal seo.”

Idir an dá linn, tá ráflaí ag bailiú nirt go bhfuil sé beartaithe ag Foras na Gaeilge maoiniú a thabhairt do RTÉ chun seirbhís ar líne a chur ar fáil, d’ainneoin go raibh sé sin beartaithe acu cibé ar bith. 

7 dtuairim ar “Torann na dTonn le leachtú

  1. Amaidí!!! Tá dualgas ar FnaG seibhís neamhspleách nuachta a sholáthar do phobal na Gaeilge. Tá Nuacht RTÉ ag glacadh seilbhe ar Nuacht RnaG cheana féin agus anois tá FnaG ag caint ar iad seirbhí nuachta ar an idirlíon a chur ar fail dúinn? An bhfuil tuiscint ar bith ag FnaG de riachtanaisí an phobail atá said in ainm a bheith ag riar dó?
    Freagraí ar chárta poist do
    Foras na Gaeilge
    Neverneverland

  2. níor mhiste liomsa fios a bheith agam cé hiad iad Torann na dTonn ? An comhlacht iad? an bhfuil an ceart agam go raibh baint ag an ” Connaught Tribune” leis? an iad a bhí ag clóbhualadh an pháipéir? An raibh stiúrthóirí ann? cerbh iad? an raibh coastais ag dul chuig na stiúrthóiri ? Baineann na ceisteanna seo le habhar dar liom nó seo an dara pháipéar Gaeilge a chuaigh go tóin poill indiaidh iad ceangail le comhlacht eile. An amhlaidh go gcaithfeadh páipéar Gaeilge ar bith a bheas ann feasta a bheith neamhspleách agus gan iad a bheith ag baint le comhlacht eile a bhfuil á sáinchuspóirí féin acu? An mbeadh Gaelscéal ( agus lá nua roimhe) ann go fóill dá mbeadh siad ag brath orthu féin amháin ? is ceisteanna iad sin atá le meabhrú dar liom ag dream ar bith a thabharfadh faoi pháipéar Ghaeilge eile a chur ar fáil.

    1. Is féidir linn na ceisteanna sin a fhreagairt a Shéamuis.

      * Is ionann Torann na dTonn agus úinéirí Gaelscéal, iad siúd Máire Ní Thuathail agus David Hickey

      * Is comhlacht é Torann na dTonn

      * Is é David Hickey príomhfheidhmeannach an Grúpa Connacht Tribune.

      * Clóbhuail Webprint i gCorcaigh Gaelscéal, ní an Connacht Tribune.

      * Is iad Máire Ní Thuathail agus David Hickey na stiúrthóirí ar Thorann na dTonn

      * Níor ghlac ceachtar acu aon táille riamh ón chomhlacht

  3. go raibh maith agat as freagra chomh cuimsítheach sin a thabhairt domh a Thuairisceoir a chara is mór an chréidiúint daoibh é. Sílim go bhfuil sé suimiúl gur mar a chéile iad an dream a bhí i mbun an dá pháipéar Gaeilge a dtáinig deireadh leo go sciobtha mar a bhí Lá Nua agus Gaelscéal. Is léir gur dreamanna iad a bhí báúil le ceanncheap an pháipéir Ghaeilge agus a chuir achmhaoin nach beag isteach sna tionscnaimh ach ag deireadh thiar thall nach raibh ag obair go díreach sa ghnó a raibh siad ina stiúrthóirí ann agus go raibh á bpríomh chúramaí ar rud éigin eile. An amhlaidh gur rud é sin a bheadh le seachaint dá dtabharfaí faoi arís agus nach mbeadh ag plé leis an pháipéar ach na daoine a bhí ag obair go díreach ann bíodh sé ina chomharchumann nó ina ghnó phríomháideach? Bheadh sibh níos eolaí ná mise ar an gnó sin ach sílim gur rud é a gcaithfear machnamh a dhéanamh air i ndiaidh ar tharla do Lá Nua agus do Gaelscéal.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s