B’fhéidir é ach ar cheart dúinn?


“Athghiniúint speicis atá díothaithe, is féidir linn ach ar cheart dúinn?” sin an deir clúdach ‘National Geographic’ na míosa seo.

Bucardo
Bucardo – an bhfeicfear arís é?

 Creideann eolaithe go bhfuil an teicneolaíocht againn anois chun ainmhithe atá díothaithe a athghiniúint agus nach bhfuil ann ach ceist ama sula dtarlóidh sé (arís).

 Thiocfadh dó go bhfeicfidh muid ainmhithe ar nós deilf na hIaing-tsí (Chinsese River Dolphin) (2012), an bucardo (2000) agus thylacine a cailleadh inár am féin agus ainmhithe ar nós an mamat a d’imigh ó saol thuairim ar 4,000 bliana ó shin arís .

 “Tá sé beagnach fíor,” a dúirt an t-eolaí Carl Zimmerman leis an iris.

 Is é an cheist a chuireann eagarfhocal na hirise ná- ar cheart dúinn a leithéid a dhéanamh agus an mbeadh contúirtí ann?

 Ní dhearnadh athghiniúint ar speiceas díothaithe ach uair amháin cheanna.

 Fuair an bucardo nó Ibéacs na bPiréiní bás i 2000, rinne lucht seilge léirscrios orthu. Rugadh clón den ainmhithe deireanach trí bhliain ina dhiaidh sin ach fuair sí bás 10 mbomaite tar éis gur rugadh í.

4 thuairim ar “B’fhéidir é ach ar cheart dúinn?

  1. Th’éis an National Geographic a léamh, sílim gur cheart é a thriail le plandaí agus rudaí mar sin ar mhaithe leigheas a dhéanamh astu ach níor cheart na plandaí sin a chur áit ar bith ach amháin i ngarraí saotharlainne atá faoi ghlas. Mar a dúirt Aonghus, d’imreodh siad tionchar (tubaisteach?) ar a dtimpeallacht agus ar an gcomhshaol.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s