Cá bhfuil lucht léite na Gaeilge?


Cá bhfuil lucht léite na Gaeilge? Dar ndóigh, ní féidir linn an cheist sin a fhreagairt go baileach ach is féidir linn a thaispeáint cá bhfuil lucht léite an tsuímh seo.

lucht léite na Gaeilge
Cá bhfuil lucht léite na Gaeilge? Dar ndóigh, ní féidir linn an cheist sin a fhreagairt go baileach ach is féidir linn a thaispeáint cá bhfuil lucht léite an tsuímh seo.

Rud amháin a léiríonn na staitisticí ná go bhfuil an chuid is mó dar lucht léite in Éirinn (Poblacht na hÉireann), ní nach ionadh.

Sa dara háit tá an Ríocht Aontaithe, arís, ní nach ionadh mar clúdaíonn na figiúirí sin na Sé Chontae.

Ach tá sé suntasach go bhfuil go leor daoine ag léamh an tsuímh i SAM, áit a bhfuil go leor Gaeil is Gaeilgeoirí i gcónaí is léir.

Mar sin, scríbhneoirí de dhíth orainn – go hairithe ó na tíortha thíos!

Tír – Radharcanna

Poblacht na hÉireann – 8,545

An Ríocht Aontaithe (Na Sé Chontae san áireamh) -2,682

Stáit Aontaithe Meiriceá – 635

An Ghearmáin – 151

An Spáinn – 127

Hong Kong- 80

An Astráil – 71

An Fhrainc – 69

Ceanada – 62

An Iodáil – 48

An Bheilg -47

An tSeapáin – 36

An Rúis – 34

Oileán Mhanainn – 28

9 dtuairim ar “Cá bhfuil lucht léite na Gaeilge?

  1. tá sin go hiontach agus gan sibh a bheith i bhfad ar an fhód. Níl mé ró eolach ar chúrsaí ríomhaireachta ach an mó duine éagsúla atá igceist sna figiúir sin? Is é an fath a gcuirim an cheist ná go bhfuil suim ar leith agam in airgeadú na dtionscnamh Gaeilge taobh amuigh de mhaoíniú poiblí, gidh nach bhfuil mé ina choinne sin ar chor ar bith ,ach sílim gur laige mór orainn uilig é nach mbíonn foinsí airgid sa bhreis againn ar an mhaoíniú phoiblí. Ba cheart go mbeadh a oiread airde againn ar an taobh sin de thionscnamh Gaeilge agus atá againn ar abhar an tionscnaimh féin dar liom Amharcaim ar líon na na ndaoine atá ag dul isteach sna suimh éagsúla Ghaeilge mar foinse airgid ach muid a bheith inimhe bealach a aimsiú lena bháiliú agus bíodh a fhios againn nach beo i bhfad do thioncsnamh Gaeilge ceal airgid is cuma cad é chomh díograiseach agus atá lucht tiomsú an tionscnaimh. Is mithid bealach a bheith ar an tsuíomh seo le go dtig le daoine tacú leis. Tá tacaíocht mar sin tuillte ag na daoine atá taobh thiar tsuíomh mura a mbeadh ann ach comhartha measa ar bhur niarrachtaí. Paypál b’fhéidir?

  2. Is iomaí suíomh a bheadh sásta le 2,500 cuairteoir ar leith laistigh de chúpla seachtain, agus má leantar ar aghaidh leis na hailt rialta shuimiúla sin, tiocfaidh níos mó daoine, nó ar a laghad beidh lón machaimh fiúntach ag an 2,500 sin i nGaeilge. Déarfainn fiú go bhfuil na daoine a dhruid an doras ar Ghaelscéal i measc an 2,500 sin, mar níl mórán eile fágtha le léamh anois…

    1. Ba léitheoir dílis de Gaelscéal mé. Is ar éigean ar chaill mé cóip de, seachas nuair a bhí mé thar lear. Tugaim faoi deara anois, áfach, ó imigh Gaelscéal go bhfuilim ag léamh níos mó Gaeilge ar-líne ná mar a léigh mé san iomlán nuair a bhí sé ann. Comhartha don todhchaí b’fhéidir!

  3. Go raibh mìle maith agaibh go léir as na smaointì seo go léir. Mà thagann aon athrù ar chuinsì an tsuìmh seo,cuirfear in iùl do gach duine go poiblì ar ndòigh.

    Ach faoi làthair, is saothar deonach é seo. Tà sé ar bun againn de bhrì go gcreideann muid go bhfuil gà agus tàbhacht leis.

    le meas mòr

    Ciaràn Dunbar (Riathòir)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s