Is furasta a bheith radacach …


Rud beag comhairle ó réabhlóidí teipthe. Tuairim Chiaráin Dhúnbarraich ar ‘Misneach’, Is furasta a bheith radacach …

An mhí seo caite, nocht dream Gaeilge nua é féin go poiblí le cruinniú i mBaile Átha Cliath.

Tuigtear dom nach mbeadh sé cruinn cur síos a dhéanamh ar Misneach mar eagraíocht, “gréasán nó ardán é atá ag iarraidh meon pobail a neartú agus gluaiseacht cheart a bhunú.”

‘Misneach’ is teideal orthu cibé ar bith agus tuigtear don scríbhneoir seo go bhfuil cead faighte ag an ghrúpa nua ó iarbhall Mhisneach na 1960í leis an ainm a úsáid.

Ciarán Dunbar argues that, sometimes, being radical is the easy option.

citizen
Robert Lindsay, i bpáirt ‘Citizen Smith’, fear a raibh égo mór aige ach nár bhain faic amach riamh!

Is é an rud is follasaí faoi Mhisneach go dtí seo, ag fágáil ar leataobh ceist an tsóisialachais a tháinig chun tosaigh ag an chruinniú i mBaile Átha Cliath, ná go mbeidh sé “radacach”.

Ní dóigh liom féin gur cheart go mbeadh Misneach ‘sóisialach’, níl aon ghá leis sin agus is é mo thaithì féin nà gur féidir le duine ar an eite dheis a bheith chomh radacach céanna le duine ar an eite chlé maidir leis an Ghaeilge de.

Tá aithne agam ar dhaoine a bheith sásta dul chuig príosún ar son na Gaeilge ach nach n-aontaíonn, mar shampla, leis an ghinmhilleadh.

Mar sin féin, níl sé i gceist ag Misneach mion-chur síos a dhéanamh ar chiall an fhocail ‘radacach’ go fóill agus tá an ceart acu, tá sé sin ciallmhar ag an am seo.

Tuigtear dom go bhfuil Misneach ag súil go dtiocfaidh straitéis s’acu ón phobal.

Táthar ag súil, deirtear liom, nach mbeidh aon ‘iad’ ann, díreach ‘sinne’ mar phobal Gaelach.

Ní dóigh liom féin gur cheart go mbeadh Misneach ‘sóisialach’, níl aon ghá leis sin agus is é mo thaithì féin nà gur féidir le duine ar an eite dheis a bheith chomh radacach céanna le duine ar an eite chlé maidir leis an Ghaeilge de

Tá gluaiseacht na Gaeilge ar cheann de na gluaiseachtaí teanga is coimeádaí ar domhan, ní nach ionadh i gcomhthéacs an bhréag-stádais atá ag an teanga i bPoblacht na hÉireann agus an srian a choinníonn maoiniú oifigiúil ar an ghluaiseacht sin.

(Bhí mise fostaithe trí uair i mo shaolsa ar airgead a tháinig as Foras na Gaeilge, “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha [liom].”)

Seans, go ndéanfaidh sé maitheas don ghluaiseacht seo, don earnáil is do na Gaeil má tá eitilt radacach ann ag coinneáil brú orainn chun a bheith níos oscailte, níos glice agus, más maith leat, níos radacaí.

Bheadh mo sháith iontais ormsa áfach má théann Misneach i mbun ghnímh dhírigh, ar nós Chumann na mBreatnaise.

Ní dóigh liom go bhfuil an goile ag na Gaeil dá leithéid, ach ar cheart go mbeadh dream radacach buartha faoi sin?

An mbíonn an radacach ag snámh i muir na ndaoine nó an mbíonn sé/sí chun tosaigh orthu?

Ach seo an rud áfach, seo comhairle ó réabhlóidí teipthe, ná bí ag smaoineamh gurb í sin an rogha is deacra, deirimise gur rogha fhurasta í an radacachas.

Sin mo thaithí féin, tá tuairimí eile ann.

Chaith mé féin an t-uafás ama ag iarraidh a bheith radacach agus ag iarraidh ar dhaoine eile a bheith radacach.

Ar lámh amháin, rinne mé mo shaol féin níos deacra mar gheall air seo uile go léir, ghlac go leor daoine, agus glacann go fóill, gur liúdramán a bhí ionam.

Ní raibh mise ach ag cur isteach ar dhaoine ag iarraidh smaointe nár aontaigh éinne eile leo a bhrú chun tosaigh.

 Gaelaigh do shráid féin agus gaelóidh Éire í féin.

Dílis dom féin a bhí mé, ach is beag a bhain mé amach don Ghaeilge i ndeireadh na dála.

Ar bhealach, b’fhurasta a bheith radacach, níor ghá dom páirt a ghlacadh i rud ar bith ar ndóigh, breá ábalta a bhí mé chun seasamh ‘radacach’ a ghlacadh is mé féin a chur taobh amuigh d’aon ról dearfach nó fiúntach i ngluaiseacht na Gaeilge.

Ar choiste amháin a bhí mé riamh. 
Ar ndóigh, ní dóigh liom go raibh fáilte mhór nó fáilte ar bith romham i gcónaí ach sin scéal eile, agus ar bhealach, tuigim sin. Cé bhí ag iarraidh éisteacht le mo leithéidse ag easaontú i gcónaí agus i gcónaí ag moladh chur chuige ‘radacach’?

Ag iarraidh lonnaíochtaí Gaeilge a bhunú a bhí mé nuair nach raibh na daoine eile fiú sásta an focal ‘Gaelscoil’ a lua ar eagla go gcluinfeadh sagart an pharóiste é?

Char thuig m’aigne soineanta nár chreid daoine eile i bhfocail an Phiarsaigh is Uí Chadhain mar a chreid mé féin agus nach raibh ann ach cur i gcéill traidisiúnta Éireannach nuair a rinne siad aithris roghnaitheach orthu.

Bheadh sé níos deacra dom go pearsanta glacadh leis an chóras mar atá is a bheith ag obair faoina srianta, b’fhurasta an bealach radacach liomsa.

Molaim do Mhisneach smaoineamh go domhain ar chur chuige s’acu agus a bheith cinnte gur gníomh dearfach an toradh a bheas ar obair s’acu, ní caint radacach gan aon toradh.

Is é an rud is radacaí gur féidir le duine ar bith a dhéanamh ar son na Gaeilge ná a bheith ag gníomhaíocht go háitiúil, ní hí sin mo chomhairle ach comhairle na ngníomhairí is éifeachtaí ar an talamh.

Gaelaigh do shráid féin agus gaelóidh Éire í féin.

 An rud is radacaí

Ní soiléir fós cén chineál gníomhaíocht a bheas ar bun ag Misneach – sin rud a bhéas le socrú acu (againn!) féin.

Ach, is léir go bhfuil sé ar intinn acu maireachtáil gan mhaoiniú stáit. 
Measaim féin go bhfuil sé sin radacach go leor.

Caithfidh siad a bheith cúramach áfach, cuirfidh an seasamh seo isteach ar go leor daoine, a ghlacann le maoiniú stáit.

Beidh ar Mhisneach seasamh s’acu a mhíniú go cúramach le daoine ar bhealach tuisceanach. 
Gach seans, go mbeidh brú ann taobh istigh den eagraíocht (agus taobh amuigh?) chun glacadh le maoiniú, ábhar scoilte?

‘Divide et impera’, scoilt is sáraigh – úsáideadh na deontais don chuspóir seo ón chéad lá agus úsáidtear mar seo iad i dtólamh.

Cibé ar bith, is suimiúil an fhorbairt í seo, go háirithe agus daoine ar leith atá an-ábalta bainteach leis an ghrúpa go dtí seo. Beidh sé an-suimiúil féachaint cad é mar a ghlacfaidh sean-Ghluaiseacht na Gaeilge leis an dream nua seo.

Anois, a lucht Mhisnigh, aon fhonn oraibh labhairt faoi lonnaíochtaí úra lán-Ghaeilge a bhunú? Nó? Ná bac liom mar sin, gheobhaidh mé mo chóta mar sin – Tacsaí!

 Scéalta Bainteach –

7 dtuairim ar “Is furasta a bheith radacach …

  1. alt meabhrach a chiaráin agus tá mé ag teacht le cuid mhór a deir tú Is maith liom an mana ” Gaelaigh do shráid féin agus Gaelóidh tú Éire” ní thiocfadh le Máirtín Ó Cadhain féin é a chur níos fearr ná sin. Is féidir go dtabharfaidh an sliocht seo as nuacht litir de chuid an tsean Misneach léargas duit go raibh fealsúnacht mar sin acu féin.

    ” teachtaireacht é seo a bhéas ag dul chuig na daoine aonraic sin gach áit sa tír atá ag baint ceart amach dóibh féin mar Ghaeilgeoirí. Tabharfaidh sé cruinn-eolas dóibh faoin troid atá ar siúl ag daoine eile i ngach gné den saol, faoi bhealaí oibre, faoi na deactrachtaí,faoin dul chun chinn agus an dhul ar gcúl. Féachfaidh leis na hiarrachtaí sin a chomh-aontú agus ar an gcaoi sin an troid a leathnù amach agus gach tacaíocht gur féidir a thabhairt don iarracht phearsanta atá na daoine seo ag déanamh. Is iad na daoine is tábhachtaí sa tír na gaeilgeoirí atá ag troid lena saol féin a ghaelú,an dream ar sarú choinsiasa dóibh glacadh le Béarla i gcúrsaí stáit nó eaglasta.”

    ba é Máirtín Ó Cadhain a dúirt i 1952 ” D’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann níl i mBaile mór amháin,sráid,céide,corrán ascaill ná scéim tithe dá laghad atá Gaelach ná leath Gaelach féin —- agus ” Caifidh muid baile a thógáil sinn féin agus ná bí ag ceapadh go mba ní dódhéanta é. Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge agus buaadais féin é.”

    Sin fealsúnacht a bheadh ag teacht le do chuid féin , a Chiaráin. ach mar a dúirt an té a dúirt
    ” ná habraimis é déanaimis é”

  2. Alt suimiúil, ó shean-réabhlóidí teipthe eile, ar chúpla gort éagsúil! 🙂 Tá barraíocht eagraíochtaí Gaeilge ann, ag tarraingt beagán gníomhaithe chuig barraíocht cruinnithe agus comhdhálacha agus léachtanna. Tchím féin na daoine céanna ag Gradam Ghlór na nGael is a bhíonn ag an Oireachtas is a bhíonn ag Ard-Fheis an Chonartha is a bhíonn ag cruinnithe faoi Straitéis 20 Bliain na Gaeilge is a bhíonn ag Mórshiúlta ‘Cearta agus Ceiliúradh’ is araile. Caithfidh go bhfuil na daoine seo faoi an-bhrú ama, a gcuid fuinnimh spréite thart ar bhóithre na hÉireann. Bhí fear amháin againn ón tSrath Bán ag an Ard-Fheis san Iúr inniu, d’fhan mé féin sa bhaile leis an chlár ráidió áitiúil Blaisín agus Blúirín a dhéanamh, agus chuaigh scaifte aisteoirí ó Aisteoirí na gCopaleen ar an tSrath Bán chun na nDúnaibh le páirt a ghlacadh san fhéile drámaíochta. Tá gach gníomh tábhachtach, ach i mo bharúil féin is é an rud is radacaí a rinne mise i mo shaol riamh (agus bhí mé in go leor eagraíochtaí radacacha) ná Gaeilge amháin a labhairt le mo pháistí agus cuidiú le daoine eile Gaelscoil a bhunú go háitiúil. Sin an dá rud is mó a bhfaca mise toradh fiúntach bainte leis. Tá toradh éigin leis na rudaí eile (ranganna oíche, clár ráidió áitiúil, alt dátheangach sa pháipéar áitiúil)… ach is iad an tógáil páistí le Gaeilge agus an Gaeloideachas an dá ní is radacaí agus is éifeachtaí. Ag an leibhéal náisiúnta níor chóir ach aon eagraíocht amháin a bheith ann…. súfaidh an iomarca eagraíochtaí fuinneamh as daoine díograiseacha le himeacht ama…

    Seán Mór
    An Srath Bán

  3. tá muid ag cruinniú nirt a Sheáin ,sin triúr againn ar aon bhlag bheag amháin a chreideann gurb é an gníomh áitiúl díreach is fearr. Mar a dúirt Ciarán ” Gaelaigh do shráid féin”. Ní h ea go bhfuil an iomarca eagrais ann ( tá na mílte cinn Bhéarla ann) ach go bhfuil na daoine céanna ag plé le gach ceann acu mar a deir tú. Bhí riail amháin ag an tsean Misneach a thaitin liom féin , ní raibh cead ag an eagraiocht RÚN a mholadh . Tá mé ag déanamh go raibh moladh nó dhó ag Ard Fhéis CNG ag deireadh na seachtaine baill ó Dhia orthú agus an ceann a ba mhó acu ná rún ag impí ar Rialtais na Éireann Quango eile a bhunú. Go sábhála Dia Éire!!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s