“Jimmy Saville na hÉireann”


Tá níos mó sonraí ag teacht chun tosaigh maidir le cás Dhomhnaill Uí Lubhlaí leis na meáin thablóideacha ag baisteadh, “Jimmy Saville na hÉireann” air.

Fuair an gníomhaire Gaeilge, Domhnall Ó Lubhlaí bás ina theach cónaithe ar an Muileann gCearr 20 Márta 2013.

Fuair sé bás faoi scáth líomhaintí láidre go ndearna sé ionsaithe gnéis ar bhuachaillí óga le blianta fada.

Mar a thuairiscigh an suíomh seo cheanna, bhí gearán nua a fhiosrú ag na Gardaí nuair a fuair O Lubhlaí bás.

Ó Lubhlaí
Domhnall Ó Lubhlaí

Tuairiscítear sa ‘Sun’ go ndearna iar-dhálta de chuid Choláiste na bhFiann gearán i gcoinne Uí Lubhlaí i mí Eanáir anuraidh, ag cur i leith Uí Lubhlaí gur bhain sé drochúsáid ghnéasach as ó bhí sé 12 go 15 bliana d’aois. Maitear gur tharla na heachtraí seo sa 1970í.

Cuireadh i leith Uí Lubhlaí sa bhliain 2000 go raibh ainteagmháil aige le 11 páiste ach theip ar an chás seo de bhrí gur ghlac an chúirt in 2002 go raibh Ó Lubhlaí faoi thionchair cógais nuair a chuir bleachtairí faoi agallamh é.

Bhí 56 cúiseanna curtha ina leith.

Mar a thuairiscigh an suíomh seo cheanna, bhí gearán nua a fhiosrú ag na Gardaí nuair a fuair O Lubhlaí bás.

Tá go leor den tuairim go bhfuil buncheisteanna le freagairt ag an Gharda Síochána maidir leis earráid seo.

Tuigtear go ndearnadh iarracht dúmhál a dhéanamh ar Ó Lubhlaí.

Deir foinsí iontaofa leis an suíomh seo go raibh fadhbanna pearsanta ag an duine a rinne iarracht dúmhál a dhéanamh ar Ó Lubhlaí bainteach leis leis na líomhaintí a rinneadh ina choinne.

Bhí sé de mhuinín ag Ó Lubhlaí gearán a dhéanamh leis na Gardaí maidir leis an iarracht dúmháil seo.

Tá sé tábhachtach le rá gur shean Ó Lubhlaí na líomhaintí seo ó thús go deireadh, mar sin féin, níor fhreastal ach 20 ar a thórramh, leid nach beag nár chreid mórán a shéanadh.

UASDÁTAITHE – Na hionsaithe gnéis a rinne an múinteoir Gaeilge, Domhnall Ó Lubhlaí. A scéalta féin ag íospartaigh @NuachtTG4 ag a 19:00.

Féach chomh maith

6 thuairim ar ““Jimmy Saville na hÉireann”

  1. Tá níos mó daoine amuigh ansin. Cén fáth nach bhfuil mé in ann teacht ar eolas faoina scoil Clann Lir i gCúil, Co na hIarmhí? Níl agam ach an nasc seo
    https://www.duedil.com/director/700472184/yvonne-ni-mhurchu mar fhianaise go raibh sé ann. Is cuimhin liom daoine ag caint faoi fadó.
    Léigh an píosa seo
    http://www.thesundaytimes.co.uk/sto/news/ireland/article1170763.ece
    Ar roinn an Roinn Oideachais an t-eolas seo le múinteoirí agus príomhoidí le grianghraf de O Lubhlaí an uair sin? An ndúirt siad leo gan ligint dó dul isteach i scoil ar bith?
    ‘Bhfuil aon rud cosúil le Megan’s Law againn in Éirinn? http://www.nsopw.gov/en-US/Registry/allregistries Ba chóir go mbeadh. An gá le gach duine a noibríonn i scoil bheith scrúdaithe ag na gardaí maidir lena stair? An bhfuil orthu a méarlorg a thabhairt do na gárdaí sula dtosnaíonn siad ag obair? Tá gá leis seo agus i bhfad níos mó.
    Ceistigh na gárdaí a bhí ag deighleáil le cás Ui Lubhlaí agus na breithimh is na dlíodóra agus faigh amach céard a tharla. Ba chóir go mbeadh gach duine nach ndearna a jab i gceart caite amach. Ná cuir an milleán ar na daoine a ghortaigh sé ach ná glac leithscéal ó na daoine a bhí ró-leithsciúil lena jab a dhéanamh i gceart.
    Tá traenáil ag teastáil agus déarfaidh mé arís é: caithfear an Eaglais is an Stáir a scaradh. Ní leor agus ní chóir daoine a mhaithiú sa séipéil gan an t-eolas a thabhairt do na gardaí agus tá go leor, leor traenáil ag teastáil ó na gárdaí.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s