Is fusa a bheith iar-radacach


TUAIRIM le hAindrias Ó Cathasaigh

Is iomaí sin iar-radacach in Éirinn. Is é sin le rá, daoine a bhíodh radacach tráth den saol, ach a ghlacann leis an gcóras anois, a deir gur gá oibriú taobh istigh dá shrianta. Is rogha ró-éasca, dar leo, a bheith ag féachaint le bunathrú a chur ar an saol.

Ba phort coitianta ag an gComhaontas Glas é tamall de bhlianta ó shin. Bhí sé in am acu éirí as a bheith ina bpáirtí agóide agus a bheith ina bpáirtí rialtais. Ba shin an áit ab fhéidir feabhas praiticiúil a chur ar chúrsaí seachas a bheith ag scairteadh ón imeall.

Tá a fhios againn cén toradh a bhí ar an gcaint seo: chuidigh siad le Fianna Fáil an tír a mhilleadh agus a thabhairt ar láimh don troika.

Tá ceannairí an Lucht Oibre ar an gceird cheannann chéanna faoi láthair. Na daoine atá dá gcáineadh – taobh istigh den pháirtí féin, fiú – níl siad páirteach sa gcluiche ar chor ar bith, a deir siad. Más fíor dóibh féin, is féidir leo nithe a bhaint amach mar chuid den rialtas.

IMG1_PC_006_1 - Mairtin 16B429
Máirtín Ó Cadhain

Agus gan amhras, ní caint radacach a bhíonn ar bun acu ansin ach gníomh: ag iarraidh airgead a bhaint de bhanaltraí lena bhronnadh ar bhaincéaraí, mar shampla.

Tá sinsearacht an-fhada, mar sin, ag altanna mar ‘Is furasta a bheith radacach…’ le Ciarán Dúnbarrach (An Tuairisceoir, 6 Aibreán).

In alt dá leithéid, deir duine gur chaith sé “an t-uafás ama ag iarraidh a bheith radacach agus ag iarraidh ar dhaoine eile a bheith radacach” gan dá thoradh ach meas “liúdramán” a bheith air.

Anois tá ciall cheannaithe aige, agus seachas “rogha fhurasta” an radacachais, is fearr leis “ról dearfach nó fiúntach” a ghlacadh in áit a bheith “ag cur isteach ar dhaoine”. Is gá anois “a bheith ag gníomhaíocht go háitiúil” seachas athrú ginearálta a lorg.

Agus ar fhaitíos nach bhfuil tréigean an radacachais sách soiléir, cuireann sé pictiúr de Citizen Smith leis an alt, ag tabhairt le fios nach bhfuil sa radacach ach “égo mór… nár bhain faic amach riamh”.

Ní hionann an t-iar-radacachas agus an neamhradacachas, ar ndóigh. Ta daoine coimeádacha ann nach n-aontódh go brách le aon athrú mór ar chúrsaí an tsaoil, ach is beag tionchar a bheadh acu siúd ar dhaoine atá ag iarraidh a leithéid d’athrú a fheiceáil.

Is é an t-iar-radacach a theastaíonn le gabháil i bhfeidhm orthusan, duine a fhéadann a rá: ‘Féach, bhí mise cosúil leatsa tráth dá raibh, ach tháinig ciall le aois, agus tuigim anois go gcaithfidh muid a bheith réalaíoch…’ Sin an fáth a mbíonn an oiread sin iar-radacach le feiceáil i mbarr gluaiseachtaí a d’fhás as dúshlán an chórais a thabhairt ach a rinne síocháin leis ó shin.

Ní air féin a chuireann Ciarán an locht as teip a réabhlóide féin, ach ar an gcaoi “nár chreid daoine eile i bhfocail an Phiarsaigh is Uí Chadhain mar a chreid mé féin”. Is léir gur ghlac sé leis ar deireadh gur ag na neamhchreidmhigh seo a bhí an ceart.

Cinnte, chuaigh Mac Piarais is Ó Cadhain i mbun gníomhaíocht áitiúil, ach ní raibh sí riamh mar mhalairt ar an mórathrú radacach acu. “Is í Athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge”, a dúirt Ó Cadhain, ní athghabháil do shráide féin. Marab ionann is Ó Cadhain, creideann Ciarán go bhfuil dualgas ar lucht na Gaeilge gan a bheith sóisialach.

Tugadh liúdrámán ar an gCadhnach, ar ndóigh, agus ainmneacha ba mheasa. Tugadh ar an bPiarsach freisin é, agus ba chumasach an dán a scríobh sé mar fhreagra. A bhuíochas ar dhaoine radacacha a thug dúshlan an chórais, agus dúshlán na ndaoine a thug liúdramáin orthu ina seal, a fhéadfas muid éisteacht le Raidió na Gaeltachta inniu.

Ba scorn leo maslaí a naimhde, agus an cor i srón na n-iar-radacach nár sheas an fód.

Is é an ghné is aistí d’alt Chiaráin, áfach, gur i gcruth comhairle do Mhisneach atá sé. Ní ball de Mhisneach mise, cé go raibh sé de ghnaíúlacht iontu cead cainte a thabhairt dom ar a gcruinniú, ach déarfainn go bhfuil siad in ann a mbealach féin a dhéanamh.

Ach tá fógraithe acu gur grúpa radacach a bheas iontu, ní grúpa iar-radacach.

Más daoine iad atá ag iarraidh gníomhartha radacacha a chur i gcrích, cén tairbhe dóibh barúil an duine a mholann dóibh gníomhartha radacacha a fhágáil ina ndiaidh?

Tá cruthaithe ag Misneach go dtí seo go bhfuil siad sásta éisteacht a thabhairt do thuairimí éagsúla maidir le cén sórt radacachais atá de dhíth. Ach sílim go bhfuil Ciarán thar éis a thuairim gur fearr cúl a thabhairt leis an radacachas a chur chuig an seoladh mícheart.

Grúpa de chineál eile atá ar intinn aige, ní foláir. Lagmhisneach, b’fhéidir…?

ALT BAINTEACH LEIS AN gCEANN SEO :

Is furasta a bheith radacach …

22 de thuairimí ar “Is fusa a bheith iar-radacach

  1. Ar ndóigh is féidir linn bheith ag caint ar na mór chuspóirí, athghabháil na hÉireann is a leithéid, ach i mo bharúil féin ba cheart tosnú le do shráid féin. Rinne pobal Gaelach Bhéal Feirste é seo le beart radacach áitiúil agus anois is sampla iad don tír ar fad. An lagmhisneach a thabharfá ar sin? Ní doigh liom é. Tá sotal agus eirí in áirde ar leith ag baint leis an gcineál radacachas atá á mholadh ag Aindrias agus an chuma ar an scéal go bhfuil sé díspeagúil faoin obair atá ar bun ag neamhradacaigh/iar-radacaigh. Cinnte bhí spreagadh freisin sa mhéid a rinne an Piarsach – ach an raibh gá leis an íbirt fola agus an doirteadh fola a rinne sé chun an tír seo a thabhairt slán? An mbeimis san áit céanna nó níos fearr dá mba rud é, mar shampla, go mbeadh an Eirí Amach ar ceal agus deireadh leis an gCogadh agus Féin Riail i réim mar an chéad chéim i dtreo neamhspleachas iomlán agus, cá bhfios, aontacht?
    Tá a dhothain le déanamh againn, dar liom, an Ghaeilge a athghabháil mar phríomh thosaíocht gan a bheith ár dtarrac isteach in aighnis agus cúiseanna eile – leithéidí chás na Palaistíne agus Iosrael mar shampla – mar a bhionn na radacaigh atá goile doshásaithe don radacachas acu.

  2. A Choncubhair, ní thuigim tuige nach dtosnódh gníomhaíocht radacach lenár sráideannaí aonaracha féin? Go deimhin féin, cén chaoi nach dtosnódh sí amhlaidh? Ní dóigh liom go dtagann sé salach ar a bhfuil ráite ag Aindrias thuas… Ní cheapaim, ach oiread, gur neach-radacach a bhfuil ag tarlú i mBéal Feirste i leith na Gaeilge. Ach is í an fhadhb atá ann, mar a fhiectear dom é, ná easpa straitéis chomhtháite náisiúnta. Bíodh páirt ar bith agam le Misneach, is cosúil gurb é sin mar mhór-sprioc acu.

    Tháinig mé ar thagairt spéisiúil de chuid Sheosaimh Mhic Ghrianna le déanaí a bhaineann leis an ábhar seo a bheag nó a mhór:

    ‘(…) the Communist movement ought to be in line with the Gaelic movement, with the Anti-Catholic movement. It should grow from the thwarted roots of the Old Gaelic state. All physical-force men, wee Six County Tantum Ergos, sham Gaelic scholars, would-be Lords of Life who believe in Tone and practice an infallible decorum are all dangerous in any movement of the kind, and (we) should be clear on the perilous position of a race whose precepts and practice, ‘form and content’, are at such deadly variance.’

  3. Is gníomh radacach é tosnú le do shráid féin agus má leathann tú an soiscéal sin, agus má dheineann daoine beart dá réir, gaelófar an tír. Léiríonn Gaelscoileanna agus a lionmhaireacht sin dúinn.
    Tacaímse le Misneach ar an mbealach a thacaím le h-aon eagras Gaeilge atá ag tosnú ar an mbóthar uaigneach seo. Tá easpa straitéise náisiúnta ann, cinnte, agus tá laige ar leith sna h-eagrais Gaeilge seanabhunaithe mar tá siad spleach ar an Stát. Léirigh siad sin go h-áírithe nuair nár labhair siad amach go poiblí faoin gcinneadh fealltach a rinne Foras na Gaeilge deireadh luath agus aontaobhach a chur leis an gconradh chun Gaelscéal a fhoilsiú. Go luath ina dhiaidh na tosta san fógraíodh go mbeadh sé mhí sa bhreis ag na heagrais Gaeilge den mhaoiniú fén sean choras….. comhtharlúint nó comhthuiscint?
    Ach ní aontaim leis an ndíspeagadh atá á dhéanamh ag Aindrias ar an obair áitiúil mar, in éagmais na straitéise náisiúnta agus an beart dá réir, tá m’fhuinneamh dírithe ar na nithe ar féidir liomsa a athrú agus a bhrú chun cinn agus don chuid is mó tá siad san le déanamh ar bhonn áitiúil. Mhothaigh mé freisin go raibh macalla á fháil ag tuairimí Aindrias i measc baill bunathe Misneach maidir le cé acu ar cheart do dhuine mar mise a aithníonn agus a cháíneann go neamhbhalbh mídhaonnacht is brú faoi chois na nIosraelach i leith na Pailistíne ach a thugann faoi ndeara freisin gur sort cadhan aonair an stát Iosraelach i bhfarraige Arabach agus go bhfuil údar ag a muintir bheith buartha faoina cosaint, ar cheart go mbeadh cead agam bheith páirteach i ngluaiseacht ar nós Misneach ar son na Gaeilge.

  4. An stair ar dtús: creideann Concubhar go mba dhóichí Éire aontaithe a bheith ann mara dtarlódh éirí amach na Cásca. Ní dóigh liom go seasfadh an léamh sin aon scrúdú ceart ar stair na linne, ach seans gur fearr dúinn an cheist a phlé ar ócáid eile.

    B’fhearr le Concubhar díriú ar a shráid féin. Ach más mian lena shráid féin Gaelscoil a chur ar bun, abair, cuirfidh an stát bac rompu, agus ceilfidh sé áiseanna orthu mar atá sé dá gceilt ar scoileanna eile ar fud na tíre. Ní bheidh a shráid in ann mórán a dhéanamh gan bualadh in aghaidh an chórais. Tá na “mórchuspóirí” fite fuaite sna mionchuspóirí, agus an ghníomhaíocht ar a son, mar a deir Luke. Bíodh muid gníomhach inár sráid féin, cinnte, ach ní éireoidh linn mara mbíonn muid sásta dúshlán an chórais a thabhairt – rud a sháródh geis Choncubhair ar an radacachas.

    Creideann sé nach mbaineann cás na Palaistíne linn, ach is é Afraic Theas na glúine seo é an cás céanna, rud nach féidir súil a dhúnadh air. Is maith an scéal gur beag Gael a thacaíonn le leatrom Iosraeil, agus go bhfuil go leor againn thar éis labhairt nó scríobh nó canadh ina aghaidh. Tá sé fíorthábhachtach go suíonn an Ghaeilge í féin ar thaobh na córa sa saol.

    Cuireann Concubhar “sotal agus éirí in airde” i mo leith: bealach eile le liúdramán a thabhairt orm, b’fhéidir! Tá fógraithe aige ar a bhlag nach mbeidh sé ag tacú le Misneach – ach an raibh Misneach ag súil lena thacaíocht? Nach bhfuil sotal éicint ag baint le fógra ó neamhradacach nach dtacóidh sé le grúpa radacach – ar nós mise a fhógairt nach bhfuil fúm a bheith i mo bhall de Chumann na Sagart Caitliceach?

    Is fíor d’Aonghus – agus is fearr a chuid Laidne ná mo chuidsa! – gurb ionann a bheith radacach agus gabháil go fréamh. Fréamh an oilc atá i gceist agamsa, crann na héagóra a leagan. Mara bhfuil fúinn ach craobh amháin de a dhíogáil, fanfaidh an crann ina sheasamh agus lobhfaidh sé muid i gcónaí.

  5. Ní raibh an dara freagra ag Concubhar le feiceáil anseo nuair a bhí mise ag iarraidh mo fhreagra a chur isteach. Ní ag tabhairt neamhaird air a bhí mé, mar sin, ach ag iarraidh ceart a bhaint de WordPress!

    Níl aon “díspeagadh” déanta agam ar an obair áitiúil, ar ndóigh: tá mé ag cur in aghaidh díspeagadh ar an ngníomhaíocht mhór ghinearálta is gá le go mbeidh aon rath ar an obair sin. Ar a bhlag 28 Márta scríobh Conchubhar: “Guím gach rath ar Misneach ach, mar a deir na caipitligh úd ar Dragons Den, táim amuigh!” Más sin an bealach a dtacaíonn sé le eagras, is ait an tacaíocht í. Agus má cheapann sé go gcuidíonn sé leis na Palaistínigh a rá go bhfuil Iosrael dá chosaint féin ar bhagairt ó “farraige Arabach”, is aite fós an tacaíocht í sin.

  6. a Lucais achara is féidir nach gníomh ró radacach é teanga amháin seachas a chéile a labhairt le do chlann ach i gcás athbheochain na Gaeilge de luíonn sé le ciall is dóigh liom. Ainneoin ar dhúirt Maggie Thatcher tá a leithéid de rud ann agus sochaí agus is i sochaí a mhaireann teanga beo agus ní i bhfolús. Is de bharr gur stop daoine de bheith ag labhairt na teangan lená gclann a dimigh sí mar theanga an tsocaí as cuid mhór den tír. Mar sin dar leat go gcaithfeadh a mhalairt tarlú le gur féidir teanga an tsocaí a dhéanamh dí arís. Tá daoine ann a chreideann gur tríd beart mór comhthaite Rialtais is féidir sin a dhéanamh. Ba mhaith dá dtiocfadh ach ní shílim é. Mar sin go dtí go bhfuil cuma ar an teanga go bhfuil sí ag dul a neadú arís taobh amuigh dena ceantracha Gaeltachta ar scála beag féin tá mé in amhras an bhfuil beatha in ann dí taobh istigh nó taobh amhuigh den Ghaeltacht ach amháin mar chaitheamh aimsire agus mar pheata súgartha ag lucht sainspéise. Clann ,Comharsa. comharsánacht, agus na séirbhisí uilig atá de dhith leis an tsocaí sin a chothú an cuspóir is dóigh liom.

  7. Bhuel tá áthas orm ar dtúis go bhfuil Aindrias ag tabhairt freagra orm. Ar ndóigh déanann sé míléamh go h-iomlán ar an méid atá á rá agam. I mo chéad freagra ar a phíosa chuireas ceisteanna faoin toradh a bheadh ar chúrsaí mura raibh Eirí Amach ann – ach deir seisean: Creideann Concubhar go mba dhóichí Éire aontaithe a bheith ann mara dtarlódh éirí amach na Cásca.
    Díspeagadh amach is amach ar an léitheoir an méid sin gan amhras mar is féidir leis an leitheoir an cheist a chuir mé a léamh ós a chionn agus a chur i gcomparáid leis an leagan truaillithe atá curtha inár láthair ag Aindrias. Mura raibh aon scil riamh ag na Cumanaigh, bhí scil na bolscaireachta acu.
    Ar an bport céanna, thóg mé ceist faoin mbaint a raibh idir ceist na hIosraeile agus na Pailistíne agus ceist na Gaeilge agus léirigh mé mo mhíshuaimhneas faoin gceangal a bheith déanta eatarthu ag Aindrias agus comhbhadóirí leis i Misneach. Arís eile tá sé ag dul amú ina chinnteacht. Mar go bhfeicim go bhfuil dhá thaobh leis an scéal, dar le hAindrias go bhfuilim i gcoinne na bPalaistíneach. Léamh ró shimplí é sin ar scéal atá casta.
    Aontaim le hAindrias, áfach, gur cásanna iad seo ar cheart a phlé ag ocáidí eile. (míléamh agamsa ach b’fhéidir go maithfear dom é!).

    Nior chuireas sotal ná eirí in áirde i leith Aindrias ach i leith an chineál radacachais a bhí á mholadh aige. Nílim ag iarraidh go mbeadh an diospóireacht ag diriú ar phearsantacht – ach ar an ábhar agus is oth liom go bhfuil an nóta sin i gcaint Uí Chathasaigh.

    Thug mise aghaidh ar chonstaicí an Stáit mé féin roimhe agus sháraigh mé iad i bpáírt le daoine eile. Leithéidí Pádraig Ó Cuanacháin a bhunaigh le cabhair ó bheart simplí a dhothain ó mo leithéid an chéad ghaelscoil le blianta fada i gCorcaigh, Gaelscoil Uí Riordáin, agus atá go leor gaelscoileanna dá thoradh ar fuaid na cathrach is an chontae.

    Ní h-é nach cás liom cásanna eile ar nós an AIfric Theas agus an chinedheighilt a raibh ann nó an chos ar bholg sa Mheán Oirthear ach is cúis ann féin í cúis na Gaeilge agus déanfaidh mé mo chuid ar a son gualainn ar ghualainn le daoine a chreideann ann. Más amhlaidh go bhfuil éagsúlacht tuairimíochta ann maidir le ceisteanna eile, bhuel sin plé a bheidh againn nó nach mbeidh againn uair éigean eile. Más ait an seasamh é sin, bíodh sé ait. Ní ghabhfaidh mé leithscéal le h-aon duine mar gheall air.

    Ceist amháin agam ar Aindrias, áfach: Cén fath nach bhfuil sé ag iarraidh bheith ina bhall de Mhisneach? Tuigim cén fath nár mhaith leis bheith ina bhall de Chumann na Sagart.

  8. Séanann Concubhar gur dhúirt sé an méid a léigh mé – gan aon mhíniú eile a thabhairt air. Nó deir sé go bhfuil an scéal casta – gan an chastacht sin a scaoileadh beag ná mór. Nó athdhearbhaíonn sé a sheasamh – gan aon rud breise a rá ar a shon. Is deacair a bheith ag plé leis seo, ach bainfidh mé triail as.

    Bhí daoine a chreid go raibh “dhá thaobh” ar cheist na cinedheighilte san Afraic Theas (bean áirid a bhásaigh i Sasana Dé Luain, mar shampla). Ar an taobh ceart a sheas formhór mór na nGael a phleigh leis an gceist sin, agus ba chúis náire dúinn dá bhféadfaí a mhalairt a chasadh linn. Creidim nach fada go dtuigfear gurb amhlaidh do chás na Palaistíne.

    Ach más “cúis ann féin” an Ghaeilge, mar a cheapann Concubhar, caithfidh sí fáilte a chur roimh gach duine, fiú daoine atá i bhfábhar an chiníochais. Creidim féin go mba uafás é sin. Má dhéanann muid “cúis ann féin” den Ghaeilge, tuige a dtabharfadh daoine aird orainn? Ach má deir muid go bhfuil cúis na Gaeilge mar chuid den iarracht leathan le ceart an duine i gcoitinne a bhaint amach sa saol, is tarraingtí mar chúis í.

    D’iarr Misneach orm labhairt ar a gcruinniú, mo chomhairle phearsanta a thabhairt faoin obair a bheadh roimh ghrúpa radacach Gaeilge. Tá daoine ag iarraidh úsáid a bhaint as mo chuid tuairimí mar mhaide le Misneach a bhualadh, agus sin an fáth a deirim go soiléir nach ball den ghrúpa mé, gur ormsa ba chóir an maide a dhíriú. Socróidh Misneach dóibh féin ar mian leo aontú leis an méid a dúirt mé. B’fhéidir nach nglacfaidh siad leis ar chor ar bith, ar ndóigh, agus sa gcás sin ba bheag ab fheidhm dom a bheith i mo bhall díobh. Fágaim faoi Choncubhar comhairle gan iarraidh a bhrú ar dhaoine nach bhfuil sé ar aon intinn leo ar chor ar bith.

  9. Tá sé fíorthábhachtach go suíonn an Ghaeilge í féin ar thaobh na córa sa saol.

    Ní suíonn teanga ar thaobh ar bith. Duine a roghnaíonn taobh. Gluaiseachtaí freisin. Ach is as daoine atá Gluaiseachtaí cumtha.

    Agus beidh easaontas dlisteanach ann faoi cá bhfuil “taobh na córa” de mórán ceisteanna. is annamh go mbíonn taobh amháin d’aon achrann idir dhaoine iomlán cóir ná iomlán mí-chóir.

    Níor mhaith liom féin a bheith bainteach le aon ghluaiseacht a éilíonn dílseacht uaim i ngach ceist – rud an n-éilíonn an Eaglais Chaitliceach Rómhánach orm fiú!

  10. The idea of a pressure group -was and should be to educate and train an elite who would give precedence to the language issue above all other issues arising in the political field. Irish revivalists, if the word is to have any meaning, must themselves realise that the cause
    of the language is of more importance than the fleeting vagaries of politics which are for the most part irrelevant at any deep level.

    Ó Cadhain: http://anbothantreigthe.blogspot.com/2007/12/irish-above-politics.html

  11. Cinnte, bheadh “easaontas dlisteanach” ann maidir le cá bhfuil taobh na córa in an-chuid cásanna. Chaithfí gach cás a scrúdú agus a phlé go cothrom lena dhéanamh amach. Amannta bíonn sin deacair, ach amannta eile (an chinedheighilt san Afraic Theas, mar shampla follasach) tá sé thar a bheith éasca. Ach ba cheart go ndéanfadh muid ár ndícheall a bheith ar thaobh na córa, agus sin a dhéanamh nuair a bhíonn muid ag seasamh ceart don Ghaeilge freisin – seachas a rá gur cuma faoi chothrom na Féinne i gcoitinne an fhad is a labhrann tú an teanga.

    Níor ghá seasamh a ghlacadh ar “gach ceist”, ar ndóigh. Agus fiú ar na ceisteanna riachtanacha, níor ghá cloí le sainréiteach faoi leith orthu. Ach muid féin, ár dteanga, ár gcúis, ár ngluaiseacht (cibé ainm is fearr leat) a shuíomh go soiléir in aghaidh na héagóra: sin é atá tábhachtach, i mo thuairim féin.

  12. Aríst, bhí mé ag cur mo fhreagra isteach nuair a chuir Aonghus an méid sin ón gCadhnach isteach. Thar éis don Chadhnach an méid sin a scríobh i 1964 tháinig an-fhorbairt ar a chuid polaitíochta, sa gcaoi go raibh sé ag rá glan amach nach n-éireodh leis an nGaeilge gan a bheith páirteach i gcoimhlint leathan le Éire a bhaint den aicme i gceannas. D’fhéadfainn neart samplaí a lua, ach (1) tá mo dhóthain ráite anseo cheana, agus (2) ba cheart do dhaoine mo chuid leabhra is altanna ar an gCadhnach a léamh!

  13. Níl leabhar Uí Chathasaigh ar an bPiarsach – An Barr Bua – léite agam ach tá léirmheas spéisiúil faoin bhfoilseachán i gComhar na míosa seo. Le bheith fírinneach níor cheap mé go bhfeicfinn ainm an údair luaite i gComhar choiche arís ach sin scéal eile. Ar aon nós tá tagairtí ann do na h-eagarfhocail a scrígh an Phiarsach ar son ‘Abhar Achta’ féin rialtais a raibh á rith i bhFeis Ghall i 1912 luaite san eagarfhocal agus go raibh an Piarsach féin ar a shon. Is léir gur tháinig sé ar mhalairt inchinne ina dhiaidh sin mar gur ghlac sé páirt san Eirí Amach seachas fanúint go deireadh an chogaidh féachaint an gcomhlíonfaí an gheallúint a tugadh don Réamonnach ag tús an chogaidh. An fath go luaim é ná go bhfuil tagairt ag Aindrias thuas don Phiarsach agus gur chuir mé roinnt ceisteanna faoi cé acu an raibh an cheart ann dul ar aghaidh leis an Eirí Amach i bhfianaise go raibh an gheallúint ann ar an mbórd go mbeadh athfhéachaint ar cheist Fhéin Rialtais i ndiaidh an chogaidh.
    Cuireadh i mo leith ansan go raibh mé in éadan an Eirí Amach agus baineadh leas as mhíléamh, ceapaim, chun díspeagadh a dhéanamh ar an chúis gur thug mé, mar ar cheap mé freagra réasúnta, ar argóint an údair san alt thuas. An pointe a raibh mé ag iarraidh a chur i láthair, más go ciotach féin ar chuir mé i láthair é, nár mhiste liom go mbeadh deis agam ceisteanna a chur agus má tá déithe beaga á dhéanamh den bPiarsach agus den Chadhnach ag Ó Cathasaigh agus lucht Misneach,nár mhiste ach chomh beag féachaint ar a gcinntí siúd agus údair amhrais ina leith a chíoradh. Mar is léir ó leabhar Uí Chathasaigh féin, ní raibh Mac Piarais i gcónaí den tuairim nárbh í Féin Rialtas an rogha ab fhearr d’Éirinn.
    Ceapann Aindrias Ó Cathasaigh gurb é cos ar bholg Iosrael ar an bPallistín cothrom chás na Cine Dheighilte san Aifric Theas don lá inniu. Cinnte tá sé náireach an slí a chaitheann Iosrael le Pailistínigh. Tá sé náireach freisin dar liom an slí a chaitheann cinnirí na bPailistíneach in Hamas le gnath Phailistínigh freisin. Tá sé náireach go spreagtar gnath dhaoine le dul agus buamaí á chaitheamh acu chun iad féin agus aon duine sa chomharsanacht a phléascadh san aer. Anois tá an scéal sin casta, tá go leor ceisteanna le cur san áireamh ach sa domhan atá againn inniu tá sé deacair bheith dubh agus bán, mar atá Aindrias faoi aon cheist. Má táim ar son ceart daonna do na Pailistínigh, agus tá, táim ar son ceart daonna freisin do na ghnath Iosraeiligh. Mar sin a chiallaíonn bheith ar son cheart daonna. Dar le hAindrias, caithfimíd a bheith ar son na ‘córa’ agus deir sé:
    Ach má deir muid go bhfuil cúis na Gaeilge mar chuid den iarracht leathan le ceart an duine i gcoitinne a bhaint amach sa saol, is tarraingtí mar chúis í.
    Tá deacracht ag baint le maíomh gur ag taobh amháin atá cosaint na gceart daonna tuillte acu in aon chúis, dar liom. Is é an deacracht sin ná gur féidir é a iompú ar ais ort de bharr eachra nó píosa cainte/scríobhnóireachta a thugann léargas ar an dtaobh dorcha de gach cúis.
    Tá taobh dorcha ag baint le ceist na Gaeilge freisin, mar a léiríonn chás Domhnall Uí Lubhlaí duinn. De réir trachtaire a labhair ar chlár Cormac ag a Cúig inné bhí ‘boiceanna móra’ i saol na Gaeilge den tuairim nár cheart an scéal seo a shoilsiú nuair a chuir an trachtaire ceist faoi ag an Oireachtas bliain amháín de bharr an míchlú a tharraingeodh sé ar eagrais is institiúidí Gaeilge an scéal a bheith i mbéal an phobail. Bhuel anois tá an scéal i mbéal an phobail cinnte agus de bhrí go bhfuil Ó Lubhlaí imithe ón saol seo is í an Ghaeilge agus cúis na Gaeilge atá cúisithe ós comhair an tsaoil. Is olc liom sin, cinnte.
    Mar sin féin leanaim ar aghaidh ag déanamh mo chionn ar son teanga, bíodh institiúidí is eagrais ann nó as. Beidh cearta daonna i gcónaí chun tosaigh agam i mo chuid iarrachtaí. B’fhearr liom gan cúis na Gaeilge a cheangal le h-aon ‘bandwagon’ eile, dá fheabhas nó chirte iad, mar gur cúis ceart daonna ann féin í.
    Ní doigh liom gur bhrúigh mise mo thuairim ar éinne trí mo bhlag. Scrígh mé alt agus tá sé ar fáíl le léamh agus le h-easaontú leis más maith leat. Bhí agus tá fáilte roimh Aindrias a fhreagra a thabhairt ar mo thuairimí ar mo bhlag chomh maith le na freagraí atá tugtha aige anseo uair ar bith. Maireann saoirse cainte go fóill agus cuirtear easaontas sibhialta san áíreamh ansan.
    Ar aon nós guím gach rath ar Misneach. Is cinnte go bhfuil plé múscailte acu. Mar a dúirt Marx (Groucho) ar aon nós, ní fheadar ar mhaith liom bheith im bhall d’aon ghrúpa a ghlacadh liom mar bhall!

  14. Tá drogall orm a ghabháil i bhfadscéal leis seo, ach níor mhaith liom go nglacfadh aon duine le léamh Choncubhair ar leagan amach an Phiarsaigh i 1912. Ní raibh sé ar shon an Bhille Rialtas Dúchais a tairgeadh ar chor ar bith, ach lochtaigh sé go géar é. Bhí sé i bhfabhar úsáid a bhaint as an rialtas dúchais, dá mb’fhéidir é, le neamhspleáchas iomlan a bhaint amach. Ach da gclisfeadh Sasana, mholfadh sé do Ghaeil cogadh dearg a imirt orthu. (Mhínigh sé a dhearcadh go mion ar leathanaigh An Barr Bua.) Leirigh rialtas na Breataine nábh fhiú tada a gcuid geallúintí, ar ndóigh, agus ba ghearr gur tháinig an tuar faoin tairngreacht.

    Is cúis buartha dom tuiscint Choncubhair ar chúrsaí na Palaistíne. Ní hionann a bheith ar shon cearta na bPalaistíneach agus i bhfábhar buamaí féinmharaithe ná sárú ar chearta daonna Ghiúdaigh na Palaistíne. Déarfainn go bhfuil dearcadh mar sin ag go leor de na daoine a léann an méid seo, go deimhin. Siúd is gur breá le rialtas Iosraeil smál mar sin a chur ar aon duine a thacaíonn leis na Palaistínigh, ní haon leithscéal é le rá go bhfuil an cás róchasta agus go gcaithfidh muid suí ar an gclaidhe.

    Ar deireadh, sílim go dtugann uafáis Uí Lubhlaí léiriú tragóideach ar an méid a tharlaíonn nuair a deir daoine ‘Má tá tú i bhfách leis an nGaeilge, is cuma cén seasamh atá agat ar aon cheist eile.’ Má chuireann muid cúis na Gaeilge chun tosaigh ar chearta daoine eile a n-imrítear leatrom orthu, is measa an bhail a bheas orainn.

  15. Mar a dúirt mé níl leabhar Uí Chathasaigh ar An Barr Bua léite agam ach rinne mé tagairt don mhéid a raibh sa léirmheas ar an leabhar i gComhar. Glacaim leis go bhfuil an léirmheas sin cothrom. Ar ndóigh glacaim leis go bhfuil an méid a deir Aindrias i leith a leabhair féin sa freagra a thugann sé cruinn agus aithním go n-admhaíonn sé go raibh an Piarsach ar son úsáid a bhaint as ‘Rialtas Dúchais’ mar chéim i dtreo saoirse iomlán. Tá cosúlachtaí idir sin agus an méid a dúirt Ó Coileáin níos déanaí, an saoirse le saoirse a bhaint amach. Tá taithí fada againn ar fhiúntas (?) gheallúintí Rialtas na Breataine – tá siad chomh neamhfhiúntach céanna leis na geallúintí a thugann ‘radacaigh’ a bhionn ar nós Sean Diú Eabharc ag mairseáil suas an sliabh agus anuas….gan a bheith ag dul in áit ar bith.
    Ach i 1912 b’é ‘Rialtas Dúchais’ an cluiche ba mhó sa bhaile mór agus bhí tromlach sa tír seo agus sa Bhreatain Mhór ar a shon. Bhí fiúntas ag baint le sin. Is fiú smaoineamh go raibh an vóta ceilte ar mhná ag tús an chogaidh ach faighte acu ag an deireadh mar gheall ar ghníomhaíocht dírithe na Sufraigití. Bhí rudaí indéanta fiú ag an am sin, gan dul i muinín an fheachtais armtha, feachtas ná raibh toradh foirfe air ná baol air.
    Maidir leis an bPailistín, deir Aindias nach ‘ionann a bheith ar shon cearta na bPalaistíneach agus i bhfábhar buamaí féinmharaithe ná sárú ar chearta daonna Ghiúdaigh na Palaistíne’ ach ar ndóigh is féidir an raiteas céanna a chaitheamh ar ais chuige – ní hionann bheith i gcoinne buamaí féinmharfacha agus sárú ar chearta daonna na nGiudach agus a bheith i gcoinne cearta na bPalaistíneach. Is breá leis féin, dealraíonn sé, bheith ag cur smál ormsa mar gheall ar go bhféachaim ar gach cúis ar a bhonn féin gan a bheith ag iarraidh é a chur in oiriúint do mhúnla seanachaite ídéolaíoch a la ‘Animal Farm’, Ceithre chos go maith, dhá chós go dona. Bionn castaí ag baint le gach scéal – ní bhionn siad chomh dubh agus bán is a mhaíonn Aindrias agus bheadh gá scrúdú doimhin a dhéanamh ar gach cás éagsúil sara gceanglófaí ceist na Gaeilge leis an mbandwagon seo nó siúd, mar atá á mholadh ag Aindrias, ar mhaithe le daoine a tharraingt chuichí. Is mó an chontúirt go gcuirfeá daoine ó dhoras.
    Níl mé ar son go ndéanfaí leatrom ar éinne ach más eagras Ghaeilge é Misneach mhol mé go gcuirfeadh an eagras an cheist sin chun tosaigh seachas í féin a eagrú mar ghrúpa ‘radacach’ imeallach eile. Cuireann an cur chuige atá á moladh ag Aindrias radharc as Monty Python i gcuimhne dhom nuair atá an Peoples Front of Judea ag caitheamh anuas ar an Popular Front of Judea. D’éirigh le hAindrias Misneach a lagú é féin ón tús lena chaint scoilteach agus tá sé fánach anois go mbeadh sé ag cur an locht ar dhaoine atá ag gníomhú go tréan ar son na teanga chun daoine a mhealladh ina treo nuair a raibh seisean ag iarraidh bheith ag cur daoine ó dhoras mar nach n-aontódh sé lena dtuairimí ar cheisteanna eile.
    Is cinnte go bhfuil contúirt ag baint leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh ar gach aon cheist eile agus glacadh le gach cineál urchóideach is liúdramán ar bórd an ‘bandwagon’, mar a léiríonn cás Uí Lubhlaí dúinn. Ní mór a thabhairt chun cuimhne go raibh baint ag Ó Lubhlaí le cúiseanna eile freisin agus gur feidir go bhfuair sé cosaint ná bhfaigheadh sé murach é bheith luaite mar phoblachtóír thréan.
    Sa deireadh thiar caithfidh mise feidhmiú de réir mo choinsias féin agus nílim chun ligint do choiste/politburo aon eagras an chinneadh sin a dhéanamh ar mo shon. Thugas faoi ndeara mar shampla go raibh Sinn Féin sásta votáil ag an deireadh seachtaine gan cead a thabhairt dá n-ionadaithe tofa votáil de réir a gcoinsias ar cheist a bhain leis an nginmhilleadh. Go leor daoine a chuala faoi chás Savita Halapanavar ag tús an scéil, bheidís den tuairim go raibh sé dubh agus bán. Fuair an bean bhocht seo bás mar gur séanadh ginmhilleadh uirthí. Léiríonn na firicí a tháínig chun tosaigh ó shin go raibh an scéal i bhfad níos casta ná sin. Ach seo chugainn Sinn Féin agus pairtithe eile ag iarraidh a chur ina luí orainn go bhfuil gá le dlí chun an ‘dainséar’ sin a sheachaint. Mar a deir siad sa Bhéarla, hard cases make bad law.
    Tá go leor samplaí ar fhirinne an raitis sin ón stair agus ón am i láthair. Molaim do Misneach glacadh lena gcomhairle féin agus feidhmiú go coinsiasach ar son na Gaeilge agus sa saol i gcoitinne. Ar ndóigh táim cinnte go ndéanfaidh siad amhlaidh agus ná bacfaidh siad le cancráin ar nós mé féin! Go n-éirí leo!

  16. Ainneoin na bhfocla ar fad, is deacair a rá cén tuairim atá ag Concubhar. Níl a fhios againn fós cá seasann sé ar cheist na Palaistíne, mar shampla. Níl sé ar thaobh amháin ná ar thaobh eile, ag aontú le gach taobh gan aontú le aon taobh. Níl a fhios aige féin, b’fhéidir. Tá sé ina shuí go buan ar an gclaidhe, gan le rá aige ach go bhfuil sé an-deacair aon rud cinnte a rá faoin scéal.

    Déarfainn go mbeadh sé ar an bport céanna agus lucht vóta na mban ag briseadh fuinneog céad bliain ó shin, dá mbeadh sé ann. Tá sé ann i láthair na huaire agus cearta dá gceilt ar mhná na tíre, áfach, agus ag iarraidh an dá thaobh a thabhairt leis. An bhfuil sé ag éisteacht leis an bhfianaise ón gcoiste cróinéara ar bhás Savita Halappanavar, a chruthaíonn go dtí seo nach raibh bréag ar bith sa méid a dúirt a fear faoina bás? Ba mhór an rud é dá mb’fhiú le Concubhar a sloinne a litriú i gceart, ar a laghad.

  17. B’fhéidir nár cheart dom íontas a bheith orm go raibh ort do pheann dearg a ghlacadh chun dul i mbun argóna. Feicim anois gur fhagas ‘P’ ar lár. Gabhaim mo leithscéal faoi sin. Ar ndóigh, is é an rud is cinnte gur tháinig as an Choiste Croinéara go raibh an scéal níos cásta ná ceist amháin faoi cé acu an raibh ginmhilleadh de dhíth nó ná raibh. An rud a chruthaíonn an fhianaise go raibh teip córasach ann san Oisbidéal agus gur ceist imeallach abea ceist na ginmhillte ar bhain grúpaí taobh amuigh den Oisbidéal leas as ar mhaithe le h-argóint a dhéanamh ar chéist imeallach. Dá leanfadh Misneach comhairle Aindrias, cé chomh fada is a bheadh sé sara mbeadh an Ghaeilge brúite amach go dtí an imeall mar cheist ná raibh chomh tabhachtach le ceisteanna na Palaistíne is araile.
    Níor mhaith liom bheith ag iarraidh cloí le tuairimí chinnte Uí Chathasaigh nó coiste ar bith ar cheist ar bith, ceist na Palaistíne san áireamh. Bheadh sé ró thuirsiúil.
    Ní duine mé a shuíonn ar chlaí – ar ndóigh táim ró throm chuige sin. Ach ag an am chéanna, ní cheanglaím mé féin le gach bandwagon atá ag gabháil an bhóthair le súil go dtarraingeoidh sin áird orm. Rinne mé iarracht argóint réasúnta a dhéanamh ar cheist a chreid mé a raibh bainteach le h-ábhar. Mar a deirtear anseo i gCúil Aodha, beatha dhuine a thoil, dá mba ghabháil a thóin sa loch….

  18. Tá iriseoirí ann a dhéanann a ndícheall an léamh atá acu ar chúrsaí a mhíniú go soiléir gonta, bunaithe ar fhíricí atá deimhnithe acu. Ach beatha Choncubhair a thoil…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s