Tá gliondar ar ‘An Tuairisceoir’ comórtas nua a reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis ‘An Siopa Leabhar’.
Is é an duais ná an leabhar ‘An Hobad’.
Chun cur isteach ar an duais iontach seo, a bhfuil praghas €39.95 air, níl le déanamh ach leathanach Facebook ‘An Tuairisceoir’ seo a ‘ismaithliomáil’ agus é a roinnt ar d’amlíne féin, níorbh fhéidir leis a bheith níos éasca!
Beidh an comórtas oscailte go dtí 12:00 Dé Luain 15 Aibreán!
Ádh mór oraibh!
Is siopa leabhar Gaeilge é ‘An Siopa Leabhar’ i mBaile Átha Cliath, bunaithe i bhfoirgneamh stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
Is féidir iad a fháil ar líne ag http://www.cnagsiopa.com/
Ar an bhfón – (01) 475 7401
Ar fhacs – (01) 475 7844
Ar rphost : siopa@cnag.ie