Ceantar na hOllscoile chun tosaigh ar an Iarthar


Ciarán Dúnbarrach

Maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, tá Iarthar Bhéal Feirste chun tosaigh sna Sé Chontae ach tá Botanic i gceantar na hollscoile chun cinn maidir le líon na ndaoine a bhfuil scileanna de gach sórt acu sa teanga.

Botanic_Avenue,_Belfast_-_geograph.org.uk_-_523641
Ascaill Botanic, Béal Feirste

Ní nach ionadh, mar seo an barda ina bhfuil Ollscoil na Banríona agus bheadh an Ardteist nó Ard-Leibhéal sa Ghaeilge ag cuid mhaith de na mic léinn ar Ollscoil na Banríona agus ar Ollscoil Uladh leis.

Bhí Bóthar an Ghleanna chun tosaigh ar gach barda toghcháin áitiúil eile ó thaobh an Ghaeilge mar phríomhtheanga, sa dara háit atá sé maidir leis an líon daoine a bhfuil scileanna de gach cineál acu le 696 duine atá ábalta an Ghaeilge a labhairt, a scríobh, a léamh is a thuigbheáil.

Arís, seo an ceantar in Iarthar Bhéal Feirste ina bhfuil Gaeltacht Bhóthair Seoighe agus Bunscoil Phobal Feirste le fáil ann. Bheadh duine ag súil lena leithéid sa dúiche seo, an t-aon áit a rinneadh athghaelú ceart air sa tír seachas Rath Cairn i gContae na Mí.

Barda Fios ar an Ghaeilge : Labhairt, léamh, scríobh agus tuigbheál na Gaeilge : Aois 3+
(Na Sé Chontae)

64847

Botanic (BF)

871

Glen Road (BF)

696

Derryaghy (LnagC)

653

Glencolin (BF)

629

Culmore (Doire)

581

Falls Park (BF)

580

Stranmillis (BF)

558

Ladybrook (BF)

542

Beechmount (BF)

508

Andersonstown (BF)

482

Whiterock (BF)

478

Windsor (BF)

475

Ardoyne (BF)

464

Upper Springfield (BF)

449

Derrytrasna (Craig Abhann)

443

Rosetta (BF)

439

Water Works (BF)

435

Clonard (BF)

429

Chichester Park (BF)

427

Shantallow West

413

Ballynafeigh (BF)

407

Silver Bridge (An tIur)

403

Burren and Kilbroney (An tIur)

398

Cliftonville (BF)

396

Collin Glen (BF)

391

Forkhill (An tIur)

386

Swatragh (Machaire Fíolta)

371

Derryleckagh (An tIur)

359

Musgrave (BF)

355

Arís, Béal Feirste go mór chun tosaigh ar cheantair eile sa Tuaisceart sa phríomh-deichniúir.

An Bhoireann agus Cill Bhrónaí, ceann den dá áit i gContae an Dúin ar an liosta thuas, ní luaitear an ceantar seo leis an Ghaeilge mórán agus níl aon Ghaelscoil le fáil ann. Tá míniú simplí ar an scéal áfach, ceantar meán aicmeach atá ann le go leor múinteoirí ag cur fúthu ann.

Ó thaobh na gcéatadán de, tá an scéal difriúil go maith. Tá go leor ceantair tuaithe chun tosaigh sa phríomh-deichniúr.

Seachas Bóthar an Ghleanna arís, tá ceantair tuaithe chun tosaigh, cé go bhfuil Páirc na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste sa cheathrú háit.

Tá an Tearmann (An Charraig Mhór) i lár Thír Eoghain sa dara háit, bhí go leor dóchais ann maidir leis an Ghaeilge sa cheantar seo tuairim ar 20 bhliain ó shin ach tá an ceantar tar éis titim siar ó thaobh chlú na Gaeilge de le blianta anuas.

Mar sin féin, is léir go bhfuil láidreacht éigin ag an teanga ann. Tá an Poblachtanachas an-láidir sa dúiche seo.

Tá ceantar an tSuaitrigh sa tríú áit, seo an barda ina bhfuil an t-ionad cultúrtha ‘An Carn’. Tá clú agus cáil ar an cheantar seo ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus ó thaobh na Gaeilge á labhairt mar theanga bhaile. Tá sé mar aidhm ag an phobal an Ghaeilge a athghabháil mar theanga an phobail.

Tá Washing Bay sa cheathrú háit, bhí an céatadán Gaeilgeoirí ard i gcónaí sa dúiche seo ar bhruach Loch nEathach taobh amuigh d’Oileán an Ghuail.

Barda Fios ar an Ghaeilge : Labhairt, léamh, scríobh agus tuigbheál na Gaeilge : Aois 3+ %
Glen Road (BF)

12.97

Termon (Ó Maigh)

12.06

Swatragh (Machaire Fíolta)

11.84

Washing Bay (Dún Geannain)

11.81

Falls Park (BF)

11.27

Lower Glenshane (Machaire Fíolta)

11.27

Silver Bridge (An tIúr)

11.23

Camlough (An tIúr)

10.45

Coalisland North (Dún Geannain)

10.39

Ballynashallog (Doire)

10.36

Glenshesk (Ceantar na Maoile)

10.34

Creggan (An tIúr)

10.16

Glencolin (BF)

10.1

Andersonstown (BF)

10.1

Drumalane (An tIúr)

10.01

Botanic (BF)

9.97

Mullaghmore (Dún Geannain)

9.82

Beechmount (BF)

9.73

Forkhill (An tIúr)

9.35

Dalriada (Ceantar na Maoile)

9.34

Burren and Kilbroney (An tIúr)

9.32

Kilwee (LnagC)

9.26

Glenariff (Ceantar na Maoile)

9.23

Clonard (BF)

9.09

Upper Springfield (BF)

8.89

Whiterock (BF)

8.8

Ballymartrim (Ard Mhacha)

8.76

Strand (Doire)

8.75

Ladybrook (BF)

8.61

Abbey Park (Ard Mhacha)

8.61

Conclúidí

Ní nach ionadh, maidir le líon na ndaoine leis an chumas scríobh, léamh, labhairt agus tuigbheál, tá Béal Feirste go mór chun tosaigh, ar ndóigh cathair is ea í – tá níos mó daoine ann.

Tá an-chosúlacht idir an liosta de na ceantair ina bhfuil líon na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu agus na ceantair ina bhfuil líon na ndaoine a bhfuil na ceithre scil acu.

Ceantair luaite leis an athbheochan chun tosaigh – ceantair ina mbeadh gluaiseacht radacach i bhfeidhm cuid mhaith acu sin.

Ó thaobh na gcéatadán de, tá an scéal sách difriúil áfach.

Tá sé suntasach go leor go bhfuil difear nach beag idir na ceantair seo agus na ceantair a bhí chun tosaigh maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga.

B’fhiú a lua gur ceantair phoblachtacha iad an chéad chúigear.

Tá corr-rud suntasach le mothú sa liosta seo.

  • Tá tionchar na scoileanna gramadaí Béarla seachas na Gaelscoileanna le sonrú (go háirithe thart faoin Iúr mar shampla).
  • Tá ceantair chun tosaigh ina bhfuil gluaiseacht Ghaeilge níos traidisiúnta ar fáil, ar nós Dún Geanainn mar shampla, bunaithe ar fhoghlaim na Gaeilge mar dhara theanga sna scoileanna Béarla agus sna Gaeltachtaí.
  • Is léir go raibh an-tionchar ag na cúinsí seo ar leibhéil líofachta na Gaeilge i gceantair áirithe ach nár imir sé sin an-tionchar céanna ar líon na nGaeilgeoirí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu mar a d’imir i mBéal Feirste.
  • Mar atá leis an scéal maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, níl áit ar bith i bhFear Manach ar an liosta seo, is beag má tá aon ghluaiseacht Ghaeilge ann sa Chontae seo cé go bhfuil Gaelscoil anois ann.

Alt bainteach leis an cheann seo. 

Béal Feirste chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de

4 thuairim ar “Ceantar na hOllscoile chun tosaigh ar an Iarthar

  1. taighde cuimsítheach agus suimiúl agat a Chiaráin a chara ach an rud a ritheann liom agus mé ag smaoíneamh ar an 65000 sin sna sé Chontae a bhfuil léamh scríobh agus tuigbheáil na Gaeilge acu, cad chuige nach bhfuil muid mar dhream éifeachtach go leor le daoine a fháil le páipéar maith Gaeilge a chothú? dhéanfadh 10% féin cúis ach níl na scileanna againn is cosúil leis an mhéid sin féin a earcú. Tá FNG i mbun fiosrúcháin i láthair huaire faoin bhealach is fearr le páipéar eile a chur sa tsiúl An amhlaidh gur cur amú ama atá ansin agus gur fearr roinnt cúrsaí a bhunú le Gaeil a oiliúint ar an dóigh le rudaí a dhíol sula a dtabharfaidh siad faoi pháipéar eile a thionscnamh. Dá mbeadh mo dhóigh agam is fear nó bean díolta púdar níocháin a chuirfinn i mbun an chúrsa seachas duine a raibh togha na Gaeilge aige

    1. Déarfainn go bhfuil níos mó daoine a bhfuil scileanna gnó agus saoil acu de dhíth i saol na Gaeilge ná phd eile ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi, ach b’fhéidir go mbeidh a leithéid againn amach anseo le fás na Gaelscolaíochta,, bímis dóchasach faoi sin.

      Maidir le líon na ndaoine, tá difríochtaí ollmhóra idir Éireannaigh a bhfuil Gaeilge acu, Gaeilgeoirí agus, i ndeireadh na dála, Gaeil.

      Ba mhaith liomsa Gaeilgeoirí a dhéanamh as Éireannnaigh le Gaeilge agus Gaeil a dhéanamh as na Gaeilgeoirí.

      Tá súil agam gurb é sin an rud atá i gceist ag Misneach.

      Is é an fhadhb atá ann dar liomsa, agus tá an-leisc orm a bheith ag caint faoi chúrsaí nuachtáin, ná gur Béarlóirí iad 4/5 den 65,000 sin agus is fearr leo an nuacht a léamh ina dteanga dúchais féin.

      B’fhearr leo leabhair a léamh i mBéarla agus i ndeireadh na dála, a bpáistí a thógáil inti.

      Dearcadh s’acusan atá á chothú ag an Stát ó thuaidh agus ó dheas dar liom.

      Le meas

      Ciarán Dunbar

  2. A Chiarán.

    Mas rúd é go bhfuil difríochtaí ollmhóra idir Éireannaigh a bhfuil Gaeilge acu, Gaeilgeoirí agus Gaeil, cé hiad na difríochtaí suid dar leat?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s