Tá an gaelchlub ‘an G-Spota’ ar ais arís!
Tuigtear go mbeidh go leor “Gaelchraic” ar bun ag an ócáid seo atá á eagrú ag an ghréasán ghaelach ‘Misneach’.
Beidh idir ceol nua agus sean-nós le cloisteáil ann agus is cinnte go mbeidh go leor Gaeil i láthair ann.
Bhí an G-Spota á reáchtáil cheana, tuairim ar 4 bliana ó shin, uair sa mhí I gCluain Chluain Ard, cumann sóisialta lánGhaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.
Bhí an-ráth ar na hócáidí seo, iad plódaithe le Gaeil as áiteanna chomh fada ar shiúil le Baile Átha Cliath.
Sa deireadh áfach, d’fhás an G-Spota chomh mór sin go raibh sé an-dheacair á reáchtáil ar bhonn deonach amháin agus de bhrí go bhfuil Cumann Chluain Ard i gceantar cónaithe.
Tá gliondar ar scríbhneoir an ailt seo nach mbeidh sé de dhualgas air an ‘Sunflower’ a mhopáil maidin Dé Domhnaigh!
Guíonn ‘An Tuairisceoir’ gach ráth ar an ócáid speisialta seo.
ag racáil an bealach uilig chun na réabhlóide dar m’anam. G-spota agus Gaelchraic. an fóchéimí Ollscoile iad uilig iad ? an chéad réabhlóid spraoíúil ar dhroim an domhain. Nach aoibhinn beatha an réabhlóidí.