Agus é beartaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 (RTÉ) seirbhís nuachta ar líne a fhorbairt agus ráflaí i mbéal an phobail go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge sin a mhaoiniú, tá casadh nua ar an scéal.
Tá sé á thuairisciú go bhfuil sé ráite ag árd-stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, go mbeidh ar dhaoine íoc as ábhar ar líne go luath agus nach féidir é a scaipeadh saor in aisce níos mó.
Dúirt Curran le hábhair iriseoirí in Ollscoil Luimnigh go mbeadh ar dhaoine a amharc ar nuacht agus ar mheáin ar líne íoc as – mar tá bailitheoirí nuachta (‘news aggregators’ – díreach cosúil leis an tuairisc seo) á thógáil saor in aisce ach go raibh costais le híoc ag na bun-tháirgeoirí.

Ní féidir mórán amhras ná go raibh sé ag déanamh tagairtí do leithéidi thejournal.ie.
Léirigh sé go mbeidh RTÉ ag gearradh airgead ar úsáideoir a suímh atá thar sáile roimh dheireadh na bliana – ní fios cá bhfágann sé sin bunadh na Sé Chontae.
Tá buncheist ann i gcónaí agus bhí ó cuireadh tús le nuacht ar líne – ar cheart go mbeadh ar dhaoine íoc as iriseoireacht nó an mbeidh deireadh leis mar cheard?
Ar cheart do Fhoras na Gaeilge RTÉ a mhaoiniú?
Chuir muid ceist ar léitheoirí ‘An Tuairisceoir’ ní ba luaithe an mhí seo – Ar cheart do Fhoras na Gaeilge RTÉ a mhaoiniú? Seo anois na freagraí …
Níor cheart – monoplacht stáit a bheadh ann 50%
Níor cheart – airgead an tuaiscirt atá i gceist chomh maith 18%
Ba cheart – seirbhís den scoth a bheadh ann 14%
Eile : 14%
Níl a fhios agam 1 5%
Ba cheart – níl aon rogha eile acu 0 0%
Seo na freagraí ‘eile’
Níor cheart – ba chóir do RTÉ an seirbhís a chur ar fáil go dátheangach pé scéal 1
Tá dualgas ar RTÉ cheana féin seirbhís i nGaeilge a sholáthar ar líne 1
Níor cheart, foras stáit é cheana!
Tá súil agam nach dtarlaíonn a leithéid. Nach leor é an ceadúnas teilifíse a íocann muid dóibh cheana féin? Ráiméis ar aon nós, tá bealaí eile ann le hairgead a thuilleadh ar-líne seachas a bheith ag gearradh costas ar scéalta.
ábhar píosa tuairimíocht ansin a Rónáin? leid, leid.
Creidim go bhfuil sé i gceist ag RTÉ costas a ghearradh ar roinnt ábhair – ach nach mbeidh taille ar nuacht. Seo a deirtear i scéal san Irish Times inniu:
RTÉ will not be erecting a “paywall” when it starts charging for content accessed by international visitors to its website, director general Noel Curran has said.
Mr Curran said that RTÉ will begin charging for “premium content” either at the end of this year or the start of next year.
However, he said there will not be a general paywall for all users of the site.
http://www.irishtimes.com/culture/media/no-paywall-at-rté-says-director-general-noel-curran-1.1361165
Scéal eile arís an mbeidh RTÉ ag iarraidh deontais ón bhForas le h-aghaidh seirbhís nuachta ar líne i nGaeilge a bhunú, fé mar ba cheart dóibh de réir dualgaisí reachtúla an chraoltóra, anuas ar an t-airgead atá á bháiliú acu roimhe seo ón gCeadúnas Teilifíse. Dá olcas é íoc as seirbhís nuachta uair amháin, is measa i bhfad é íoc as faoi thrí. (Bí ag caint ar luach ar airgid ansan, a Fhirdia!)