Cén saghas feachtasaíochta a ba cheart do Mhisneach tabhairt faoi?


Tá Misneach, grúpa úr feachtasaíochta tagtha ar an tsaoil agus aidhm acu guth radacach a sholáthar do phobal na Gaeilge in Éirinn, i mbéal an phobail agus go leor daoine fiosrach faoi cad a bheas ar bun acu.

FÓGRA : An bhfuil spéis agat a bheith bainteach le hathréimniú na Gaeilge? Bí le Misneach! Cruinniú oíche amárach (Dé Mháirt) ag a 7.30i.n. i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair.

Chuir an tuairisceoir ceist ar lucht léite s’againn maidir le cén chineál gníomh a ba cheart do Misneach tabhairt faoi. Mar a fheicfeas sibh thíos, ní soiléir ar chor ar bith cad a ba mhaith libh a fheiceáil ón ghrúpa nua.

Mar sin féin, is léir gurb é an ghné shóisialta an rud is tábhachtaí do dhaoine ag an bpointe seo, le 27.14% ag iarraidh ar Misneach spreagadh a thabhairt do dhaoine an teanga a labhairt go sóisialta.

Tá Misneach ag tabhairt faoin obair seo i mBéal Feirste cheana, leis an ócáid mhíosúil an ‘G-Spota’ ar ais arís mar chuid de ghaelchultúr na cathrach.

UASDÁTÚ : Bhí breis is 60 ar G-Spóta oíche Shathairn. 

 

Cén saghas feachtasaíochta a ba cheart do Mhisneach tabhairt faoi?

  • Ugach do dhaoine le Gaeilge an teanga a labhairt go sóisialta 27.14%  
  • Tacú le cearta teanga, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht Gaeilge ó thuaidh srl 16.43%  
  • Cur in éadan biogóidíocht fhrithGhaeilge 16.43%  
  • Feachtasaíocht láidir ar son na Gaelscolaíochta 15%  
  • Ciorruithe caiteachais Ghaeilge agus Ghaeltachta a throid 11.43%   
  • Ugach do phobal an Bhéarla an Ghaeilge a fhoghlaim 9.29%   
  • Eile : 4%  

 Ailt bainteach leis an cheann seo. 

MISNEACH á spreagadh ag grúpa úr Gaeil

‘Misneach’ seolta

3 thuairim ar “Cén saghas feachtasaíochta a ba cheart do Mhisneach tabhairt faoi?

  1. thig liomsa feachtas amháin a lua a bheadh radacach agus cruthaíoch san am céanna. Tá Roinn Oideachais na sé gcontae ( abhfuil Sinn Féin ina bhun) ag diúltú saor thaistil chun na scoile a chur ar fáil do pháistí as Coláiste Feirste atá ag caitheamh 4 uaire a chloig gach lá ag taisteail chun na scoile agus na bhaile le leanúint lena noideachas tríd mheán na Gaeilge .Tá sin ag tarlú ainneoin ordú cúirte a bheith ann go gcaithidh siad a chur ar fáil de réir Comhaontú Aoine an Chéasta. Tugadh breith na Cúirte i mí na samhna 2011 i gcoinne Caitríona Ruane ach dhiúltaigh sí an saor thaistil a thabhairt agus dhá bhliain i ndiaidh tús an cháis Níl saor thaistil curtha ar fáil ag an Aire Ó Dowd ach oiread. Is cás cearta daonna é seo agus má tá Misneach ag iarraidh rud éigin radacach a dhéanamh d’fhéadadh feachtas airgid a chur sa tsiúl le bus a chur ar fáil leis na páistí a thabhairt chun na scoile ( fiú amháin thiocfadh an Sunflower club a úsáid le hairgead a bhailiú) .Is cás níos measa arís é dar ndóigh na páistí as Ardeoin i mBéal Feirste a bhfuil an tAire Sinn Féineach ag rá leo nach bhfuil saor thaistil dlite dóibh cionus go dtig leo siúl síos BÓTHAR NA SEANCHILLE chun na scoile. Tá go leor daoine ag baint le Misneach gur Iardhaltaí iad de chuid Choláiste Feirste. Dar leat gur feachtas é a bheadh in aice lena gcroí.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s