Bolscaireacht Dhubh na nGall


Baineadh siar as Gaeil na hAlban an tseachtain seo caite nuair a léigh siad an ceannteideal “Gaelic historian attacks attempt to ‘impose’ language on lowland areas.”

Bhí an scéal seo sa pháipéar nuachtáin ‘The Courier’, páipéar réigiúnach i bhFiobha agus i dTaobh Tatha in Oirthear na hAlban.

A leading Gaelic historian has added his voice to those calling for the Scottish Government to rethink its efforts to safeguard the declining language,” a dúirt an chéad pharagraf.

An Ghaeltacht mar a bhí in 1400
An Ghaeltacht mar a bhí in 1400

Aberfeldy author Richard Deveria described the imposition of Gaelic language plans upon regions with no heritage as “absurd”,” a scread an dara cheann.

Chuaigh an scéal go náisiúnta ina dhiaidh sin agus d’fhoilsigh cuid mhór páipéir náisiúnta in Albain an scéal céanna.

Seo an rud áfach – níor chuala mórán Gaeil in Albain trácht ar Richard Deveria agus níorbh fhéidir le duine ar bith ciallmhar cur síos a dhéanamh air mar “leading Gaelic historian.”

I bhfírinne, níl foilsithe aige ach trí leabhrán bídeacha thar 28 bhliain, 54 leathanach san iomlán, a bhfuil baint ar bith acu le Gaeilge na hAlban.

Cad a deir siad faoi rudaí a chreidbheáil a léann tú sna páipéir?

Aon tuairim amháin ar “Bolscaireacht Dhubh na nGall

  1. duine ar bith a thaisteail tríd Garbhchríocha na hAlban le tamall anuas tabharfaidh sé faoi deara na comharthaí breátha nua dhá theangach atá curtha suas. Iad breá soiléir agus beacht agus an Ghaeilge ar bharr an Bhéarla i ngach cás. Sampla maith den deachleachtas iad ó thaobh na comharthaíochta de agus iad suite in a lán áiteanna a bhfuil an teanga imithe astu le fada. Thiocfadh go leor a fhoghlaim ó Ghaeil na hAlban faoin dóigh leis an rud ceart a dhéanamh. Go fios domh níor tógadh iaróg ar bith mar gheall orthu go dtí an Deveria seo ach bíonn ceann amháin i gcónaí ann i ngach tír

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s