Is leithcheal é riachtanas Gaeilge do chúrsa trí mheán na Gaeilge : DUP


Díreach nuair a shíl tú nárbh fhéidir leis an DUP a bheith níos seafóidí lena bhfrithGhaelachas, d’éirigh leo a bheith níos seafóidí arís.

Tom-Buchanan-291x275
Tom Buchanan, DUP

Tá sé á mhaoímh ag an DUP go bhfuil sé “leatromach” go bhfuil riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag duine atá ag cur isteach ar chúrsa d’ábhair mhúinteoirí Gaelscolaíochta i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste.

Tá an cúrsa féin beagán go hiomlán trí Ghaeilge. Tá an riachtanas seo á cheistiú ag an Bhall Tionóil d’Iarthar Thír Eoghain, Thomas Buchanan DUP, áfach.

D’iarr sé i gceist scríofa ar an Aire Oideachas, John O’Dowd, cén fáth a raibh sé riachtanach go mbeadh ardleibhéal Gaeilge ag mic léinn atá ag iarraidh an chúrsa seo a dhéanamh.

D’iarr sé ar an Aire O’Dowd a mhíniú dó cad a bhí sé ar intinn aige a dhéanamh faoin chúrsa “leatromach” seo.

To ask the Minister of Education why students wishing to sit a PGCE Course at St Mary’s University College, Belfast must have a high level of written and oral Irish; and what action he proposes to take to address the discriminatory nature of the course at St Mary’s.

Cé gur mhínigh an tAire O’Dowd go raibh an Ghaeilge riachtanach don chúrsa mar go mbeadh ar na múinteoirí seo a bheith ábalta teagasc trí mheán na Gaeilge, mhaigh Buchanan go raibh “element of discrimination” fós i gceist.

3 thuairim ar “Is leithcheal é riachtanas Gaeilge do chúrsa trí mheán na Gaeilge : DUP

  1. tá eagla orm gur “Baoth-Chanain” seachas ” Buth-Chanain” an sloinne a ba cheart a bheith air. Is abhar suime é chomh diúltach agus atá cuid dena hAontachtaíthe is mó bhfuil ainm ” Gaelach ” acu cosúil le ,Buthchanain,Mac Easláin, Mac Giolla Mhéin, srl. Tá abhar taighde ansin do shiceolaí dar leat.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s