Bhí sé ina raic oíche Dé Mháirt idir chomhairleoirí de chuid an DUP agus Sinn Féin i nDoire mar gheall ar thaispeántas ar Phlandáil Uladh agus moladh chun brandáil ar an Guildhall sa Chathair a athrú.
Chuir an DUP i gcoinne ‘Doire’ a bheith luaite i mbrandáil an Guildhall, in éineacht leis na leaganacha gallda, Derry agus Londonderry.

Dar le Maurice Devenney, DUP, gur féidir le haontachtóirí maireachtáil leis na haimnmeacha ‘Derry/Londonderry’ ach “nárbh fhéidir leo ‘Doire’ a ghlacadh.”
Is galldú ‘Derry’ ar an Ghaeilge, Doire, ar ndóigh.
“I worry this is more stripping away of our Britishness within nationalist controlled councils,” a dúirt Devenney.
Dúirt Paul Fleming ó Shinn Féin áfach, “It isn’t about stripping out anything from the Guildhall. The building needs to be reflective of all the citizens of this city and district.”
Chuir Sinn Féin i gcoinne na litreacha ‘UK’ a bheith luaite leis an teideal ‘City of Culture’ mar chuid den taispeántas.
Is í Doire Cholmcille an ‘UK City of Culture’ i mbliana.
ALT BAINTEACH :
Ó thaobh na pobalbhreithe de, nach Ceiltigh ar fad muid na Gaeil agus muintir na Briotáine?
A Shéamuis, ní Ceiltigh iad na Gaeil, agus ní féidir le duine ar bith Doire a ghlacadh, ach glacadh leis an ainm ‘Doire’ sin scéal eile.
Ar cheart dúinn dea-Ghaeilge a chur ar dhroch-Bhéarla?
Go maith, a Iarla. Tá tú ar an liathróid (mar a déarfadh na seandaoine fadó)!
Suirbhé: Baineann Gaelachas leis na Gaeil agus le daoine atá meas acu ar ár gcultúr.
Má cheapann daoine sa Tuaisceart gur leo an áit, lig dóibh stair na háite a fhoghlaim ag tosnú le brí ainmneacha na háite.
Doire abú!
Thig liom glacadh leis an ainm Doire. Thig liom glacadh leis an ainm Derry. Thig liom fiú cur suas leis an ainm Londonderry i mbéal duine a tchíonn é féin nó í féin mar chuid de phobal na Breataine. Is dócha gurb é an t-aon leagan amháin a chuireann as go mór dom féin go pearsanta ná an leagan dúbailte ‘Derry/Londonderry’. B’fhearr liom mála brandballs a chur i mo bhéal ná sin a rá……
‘brandyballs’ ar ndóigh! Níor oibrigh an ‘y’ 🙂