Ginmhilleadh chun tosaigh


Anailís le Ciarán Dúnbarrach

Is fada ceist an ghinmhillte curtha ar an mhéar fhada ag Éirinn ach is léir anois nach bhfuil an mhéar sin fada go leor a thuilleadh.

Tá ceist an ghinmhillte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair, ní amháin idir na páirtithe ach iontu féin.

Inné sa ‘Sindo’, “Labour duo reveal plan to liberalise law bit by bit,” a ba é an fo-cheannteideal.

Bhí an scéal bunaithe ar thaifead rúnda a rinne gníomhaire frith-ghinmhillte ar bheirt TD ó Pháirtí an Lucht Oibre, Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin.

Léirigh siad beirt gur chreid siad gur próiseas a bheas ann maidir le ginmhilleadh a thabhairt isteach in Éirinn agus gurb é reachtaíocht ar chás X an tús leis an phróiseas sin go díreach.

Faoi láthair, tá ginmhilleadh mídhleathach in Éirinn ach amháin má tá saol na máthar i mbaol. Mar sin féin, creidtear go dtaistealaíonn idir 4,000 agus 5,000 bean chuig an Bhreatain gach bliain chun ginmhilleadh a fháil.

Ní aon rún é go bhfuil Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin ar son ghinmhilleadh de réir éilimh ach beidh brú ar Ó Riordáin go háirithe mar gheall ar an alt seo – de bhrí gur léirigh sé nach mbeadh sé soiléir faoina sheasamh i dtaca leis an cheist seo agus é ag caint leis na meáin.

Chomh maith leis sin, chaith sé anuas ar mhuintir Mhuineacháin agus a ndearcadh, dar leis, i leith cheisteanna morálta.

Ní dócha go bhfaighidh sé cárta ó Chomhairle Chontae Mhuineacháin um Nollaig.

Cé gur páirtí coimeádach iad Fine Gael i gcoitinne, agus cé go dtacóidh an chuid is mó den pháirtí le reachtaíocht ‘Cás X’ mar atá beartaithe – tá baol éirí amach nach beag ann.

Is é an fhadhb atá ag cuid mhaith d’Fhine Gael ná go mbeadh siad beartaithe go n-úsáidfear an reachtaíocht chun ginmhilleadh de réir éilimh a thabhairt isteach.

Creideann siad go dtarlóidh sé sin má luaitear baol féinmharaithe mar chúis chun ginmhilleadh a fháil.

Tá sé ráite cheana ag an TD do Ghaillimh Thoir, Brian Walsh, nach mbeidh sé ag tacú leis an bhille seo.

Tá an tAire Sóisearach, Lucinda Creighton an-ghlórach ar an cheist agus tá blag scríofa aici ar an ábhar seo.

Lucinda Creighton, TD
Lucinda Creighton, TD

Tuigtear go mbeadh sí réidh chun éirí as aoireacht an pháirtí mar gheall ar an cheist.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine aréir, chun foighid a bheith acu agus chun fanacht go dtí go bhfoilseofar an bille sula ndéanfaidh siad breithiúnas air.

Bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin ag iarraidh a bheith glic ar an cheist seo agus Fianna Fáil a stiúradh tríd lár na díospóireachta.

Ach bí bheidh sé ábalta sin a dhéanamh anois agus srian láidir curtha ag Ard-Fheis a pháirtí air.

Ritheadh rún ag dearbhú gur páirtí ‘ar son beatha’ iad Fianna Fáil agus rún eile a chuaigh i gcoinne  “the introduction of any legislation which introduces the ‘risk of suicide’ as a threat to life of the mother and legitimises abortion in Ireland.’’

Thug 80% de fheisirí an pháirtí tacaíocht don rún udaí sin.

Tá clú ar Shinn Féin mar gheall ar smacht polaitiúil taobh istigh den pháirtí sin. Mar sin féin, tá easaontas á léiriú mar gheall ar an cheist áirithe seo.  Tuigtear go bhfuil an páirtí sa Dáil scoilte 50/50 maidir leis an ghinmhilleadh.

Cé go bhfuil go leor daoine taobh istigh de Shinn Féin ar son ginmhilleadh níos forleathana a bheith ar fáil  – ní dócha go ligfear don cheist an páirtí a scoilteadh áfach.

Níl an cheist seo chun imeacht ón stáitse go luath nó choíche.

Arbh fhéidir leis an ghinmhilleadh deireadh a chur le páirtithe polaitiúla na hÉireann mar atá siad san am atá i láthair agus deireadh a chur le polaitíocht Chogadh na gCarad faoi dheireadh?

Cá bhfios, ach is cinnte nach féidir an ‘genie’ seo a chur ar ais sa bhuidéal.

[Uasdátú : Déanfaidh an chomh-aireacht cinneadh maidir leis an Bhille ar chás X inniu. Tuigtear go mbeidh baol féinmharaithe san aireamh mar chúis chun deireadh a chur le toirchis / ginmhilleadh a fháil.] 

13 de thuairimí ar “Ginmhilleadh chun tosaigh

  1. Níor léigh mé é go fóill ach tá ‘fhios agam nuair a thosnaíimid leis an bhfocal ‘Ginmhilleadh’ tá an cás sa chónra, caillte roimh an tús. Tá ROGHA uainn, ár gcearta uainn agus tá focal nua ar ‘termination’ i nGaeilge uainn.

    1. A chuid polaitaíochta féin? Cinnte. Tá cumhacht ag focail. Tá dearcadh i gceist.

      Rate This

      Anailís le Ciarán Dúnbarrach

      Is fada ceist an ghinmhillte curtha ar an mhéar fhada ag Éirinn ach is léir anois nach bhfuil an mhéar sin fada go leor a thuilleadh.

      Tá ceist an ghinmhillte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair, ní amháin idir na páirtithe ach iontu féin.

      Inné sa ‘Sindo’, “Labour duo reveal plan to liberalise law bit by bit,” a ba é an fo-cheannteideal.

      Bhí an scéal bunaithe ar thaifead rúnda a rinne gníomhaire frith-ghinmhillte ar bheirt TD ó Pháirtí an Lucht Oibre, Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin.

      Léirigh siad beirt gur chreid siad gur próiseas a bheas ann maidir le ginmhilleadh a thabhairt isteach in Éirinn agus gurb é reachtaíocht ar chás X an tús leis an phróiseas sin go díreach.

      Faoi láthair, tá ginmhilleadh mídhleathach in Éirinn ach amháin má tá saol na máthar i mbaol. Mar sin féin, creidtear go dtaistealaíonn idir 4,000 agus 5,000 bean chuig an Bhreatain gach bliain chun ginmhilleadh a fháil.

      Ní aon rún é go bhfuil Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin ar son ghinmhilleadh de réir éilimh ach beidh brú ar Ó Riordáin go háirithe mar gheall ar an alt seo – de bhrí gur léirigh sé nach mbeadh sé soiléir faoina sheasamh i dtaca leis an cheist seo agus é ag caint leis na meáin.

      Chomh maith leis sin, chaith sé anuas ar mhuintir Mhuineacháin agus a ndearcadh, dar leis, i leith cheisteanna morálta.

      Ní dócha go bhfaighidh sé cárta ó Chomhairle Chontae Mhuineacháin um Nollaig.

      Cé gur páirtí coimeádach iad Fine Gael i gcoitinne, agus cé go dtacóidh an chuid is mó den pháirtí le reachtaíocht ‘Cás X’ mar atá beartaithe – tá baol éirí amach nach beag ann.

      Is é an fhadhb atá ag cuid mhaith d’Fhine Gael ná go mbeadh siad beartaithe go n-úsáidfear an reachtaíocht chun ginmhilleadh de réir éilimh a thabhairt isteach.

      Creideann siad go dtarlóidh sé sin má luaitear baol féinmharaithe mar chúis chun ginmhilleadh a fháil.

      Tá sé ráite cheana ag an TD do Ghaillimh Thoir, Brian Walsh, nach mbeidh sé ag tacú leis an bhille seo.

      Tá an tAire Sóisearach, Lucinda Creighton an-ghlórach ar an cheist agus tá blag scríofa aici ar an ábhar seo.
      Lucinda Creighton, TD

      Lucinda Creighton, TD

      Tuigtear go mbeadh sí réidh chun éirí as aoireacht an pháirtí mar gheall ar an cheist.

      D’iarr an Taoiseach ar dhaoine aréir, chun foighid a bheith acu agus chun fanacht go dtí go bhfoilseofar an bille sula ndéanfaidh siad breithiúnas air.

      Bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin ag iarraidh a bheith glic ar an cheist seo agus Fianna Fáil a stiúradh tríd lár na díospóireachta.

      Ach bí bheidh sé ábalta sin a dhéanamh anois agus srian láidir curtha ag Ard-Fheis a pháirtí air.

      Ritheadh rún ag dearbhú gur páirtí ‘ar son beatha’ iad Fianna Fáil agus rún eile a chuaigh i gcoinne “the introduction of any legislation which introduces the ‘risk of suicide’ as a threat to life of the mother and legitimises abortion in Ireland.’’

      Thug 80% de fheisirí an pháirtí tacaíocht don rún udaí sin.

      Tá clú ar Shinn Féin mar gheall ar smacht polaitiúil taobh istigh den pháirtí sin. Mar sin féin, tá easaontas á léiriú mar gheall ar an cheist áirithe seo. Tuigtear go bhfuil an páirtí sa Dáil scoilte 50/50 maidir leis an ghinmhilleadh.

      Cé go bhfuil go leor daoine taobh istigh de Shinn Féin ar son ginmhilleadh níos forleathana a bheith ar fáil – ní dócha go ligfear don cheist an páirtí a scoilteadh áfach.

      Níl an cheist seo chun imeacht ón stáitse go luath nó choíche.

      Arbh fhéidir leis an ghinmhilleadh deireadh a chur le páirtithe polaitiúla na hÉireann mar atá siad san am atá i láthair agus deireadh a chur le polaitíocht Chogadh na gCarad faoi dheireadh?

      Cá bhfios, ach is cinnte nach féidir an ‘genie’ seo a chur ar ais sa bhuidéal.

    1. A bhfuil glacadh leis ag…? Cé hiad? An raibh aon bhean sa ghrúpa a chum na tearmaí agus an bhfuil anois? Ní ghlacaim leis. Ar a laghad deirim go mba chóir go mbeadh focal ar ‘termination’ againn. Deireadh?

  2. Suaith Seipteach

    Rogha curtha ar an mhéar fhada = bheith ag fanacht ó bhunaíodh an stáit agus fós ag fanacht. Nuair a d’ordaigh Ard-Chúirt na Tíre faoi dheireadh don rialtas dlí a rith i 1992 (tar éis cásanna uafásacha a fheiceáil) ní fhéadfadh duine de na cúig breitheamh sin a shamhlú go mbeadh muid ag fanacht fós fiche bliain ina dhiaidh sin 2012 ar an dlí céanna.

    Maidir leis an “liberalise law bit by bit” sin, tá liberty nó saoirse i gceist leis an bhfocal ‘liberalize’ sin. Tá saoirse ag duine nuair atá ROGHA aici. Is sclábhaí iad na daoine gan rogha. Cٞé mhéid ré atá i gceist le ‘bit by bit’ ag an luas seo?

    An raibh an spiaireacht sin dleathach? Cén fáth nár cheistigh siad Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin go hoscailte? ‘Bhfuil faitíos orthu? Roimh Iona nó Opus Dei nó faisisteachas na hEaglaise atá fite fúite leis an rialtas?

    “Taistealaíonn idir 4,000 agus 5,000 bean chuig an Bhreatain gach bliain” mar ní ligtear dóibh rogha a dhéanamh in Éirinn. Dar le rialtas na tíre níl na mná sách cliste rogha a dhéanamh nó caithfidh go bhfuil siad as a meabhair agus go gcaithfear iad a tharraingt os comhair dochtúirí le fianaise a fháil go bhfuil siad craiceáilte. Tá na ‘witch-hunts’ ar ais linn. Bheadh duine ar bith craiceáilte le córas mar sin!

    Féir plé d’Anne Ferris agus d’Aodhán Ó Riordáin atá ar son rogha do na mná. Tuigeann siadsan, ar a laghad, go bhfuil mná in ann rogha a dhéanamh. I gcás Olivia O Leary v Lucinda Creighton, táimse le Olivia ar an gceann seo. N’fheadar céard a cheapann Lucinda faoi na Magdalene Laundries? Slán, Lucinda. B’fhéidir go mbeidh am agat féachaint ar The Madgalene Sisters anois.

    Tá an Taoiseach ag iarraidh orainn foighid a bheith againn. I ndáiríre?! Ró-dhéanach do na mílte a chuaigh go Sasana, agus i bhfad ró-dhéanach do Savita. Ná bac le ‘bit by bit.’ Rogha, anois!

    Céard a chiallaíonn an lipéid ‘ar son beatha’ sin ar aon nós?! An gceapann siad go bhfuil páirtí ‘i gcoinne beatha’ amuigh ansin? Nach dtuigeann siad na deacrachtaí atá ag na mná nó an gceapann siad go bhfuilimid ag súil go taitneamhach le rogha mar sin? Níl sé easca riamh. Tá daoine ar son cearta daonna agus rogha agus i gcoinne Faististeachas Dev agus a leithidí.

    Ná ceangail le féin-mharú é, Enda. Nach tarraingtuilleadh náire isteach ann. Tá an iomarca den stuf sin againn le fada an lá sa tír seo!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s