Rún Shinn Féin ar phósadh aonghéis buailte


Vótáil 42 BT i bhfách le pósadh aonghnéis as 95 BT a bhí i láthair  i dTionól an Tuaiscirt tráthnóna.

Bhíodar ag vótáil ar rún de chuid Shinn Féin a mhol reachtaíocht a dhéanfadh dleathach pósadh aonghnéis.

Beag beann ar an toradh, níorbh fhéidir go n-éireodh leis an rún seo mar bhí sé ráite cheana ag an DUP go n-úsáideadh siad ‘petition of concern’ chun é a stopadh.

Vótáil gach náisiúntóir / poblachtachtóir i bhfách leis an rún.

Níor vótáil ach triúr aontachóir i bhfách leis an rún, ba iad Michael Copeland, Basil McCrea agus John McCallister.

Níor vótáil David Ford, Stewart Dickson nó Chris Lyttle, ón Alliance Party.

Mhol an Alliance Party leasú ní ba luaithe sa díospóireacht – chun cosaint d’eaglaisí a chur san aireamh ach buaileadh sin 51 vótaí le 46 – staon dhá bhall den Alliance Party féin agus vótáil duine acu ina choinne.

Aon tuairim amháin ar “Rún Shinn Féin ar phósadh aonghéis buailte

  1. an mba ar a shon sin a fuair ” mic agus iníonacha Róisín bás” ? lá spraoí sa tionól ar rún a raibh a fhios acu roimhe réidh go dteipfeadh air le go dtiocfadh le SF a gcuid ” díntiúir liobralácha ” a chruthú ? . anois dá mba rún faoín ráta ard dífhostaíochta nó an ráta ard féin-bháis nó an droch shláinte atá leitheadach ina ndaingeán polaitíochta féin in Iarthar Béal Feirste is féidir go gcuirfeadh daoine cluas le héisteacht orthu féin , ach is beag an baoill go bhfeicfidh muid sin ar eagla go bhfaighfí amach an pracas atá cruthaithe acu i ndiaidh 30 bliain de riail aon pháirtí nach mór .

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s