Naíolanna anois ina n-ábhair buaraimh do thuistí

Tuairim le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Prime Time – A Breach of Trust, 28 Bealtaine 2013 – Chuir lucht Prime Time an clár seo amach mar thoradh ar fhiosrúchán a rinne siad faoi naíolanna éagsúla in Éirinn. Bhí trí naíolann ar fad i gceist i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin.

Chuaigh taighdeoir amháin ag obair faoi cheilt [secret] iontu agus d’éirigh leis an duine sin físeáin rúnda a ghlacadh den méid a bhí ag tarlú iontu.

primetimeinvestigates

 Sna físeáin rúnda seo, taispeánadh oibrithe cúram [care]  leanaí ag caitheamh go dona le leanaí, sa chaoi is go raibh siad á gcaitheamh ó áit go háit, go raibh siad ag screadach [screaming] orthu agus go raibh siad bréagáin á dtarraingt acu as a lámha.

Taispeánadh cuid de na leanaí fágtha ceangailte in ard chathaoireacha ar feadh uaireanta an chloig, gan dada tugtha dóibh le déanamh fad is a bhí siad iontu.

Is ábhar buartha [worried] d’earnáil luath bhlianta na hÉireann an méid a bhí le feiceáil ar chlár Prime Time. Níl na droch-chleachtais a bhí le feiceáil ar chlár na hoíche sin inghlactha i suíomh [site]  luathbhlianta ar bith.

Ardaíodh neart [strength / plenty] ceisteanna gur gá tabhairt fúthu sa tréimhse [period]  amach romhainn agus é sin a dhéanamh i gcomhpháirt le chuile geallshealbhóir san earnáil, idir eagrais stáit, eagrais dheonacha, thuismitheoirí agus seirbhísí luathbhlianta.

Tá 75% de naíolanna na tíre ag sárú dea-chleachtais sainordaitheach [mandatory standardsof good practice] i gcás cúram leanaí.

Níl an cóimheas fostóirí do leanaí i gceart i gcás 50% de naíolanna. Líonadh na dialanna laethúil ar saol na leanaí i rith an Lá go bréagach. Bhí an líosta ailléirge do dháltaí bhlian as dáta. Bhí fadhbanna leis na tuarascálacha chigireachta i gcás na sé tuarascálacha deiridh.

Soláthraíonn an Rialtas saor-bhlian réamh-scolaíochta faoin Chlár Scéim Cúram agus Oideachas na Luath-Óige [Early Childhood Care and Education – ECCE]. Má bhíonn an leanaí as láthar ar feadh níos mó na fiche lá ní mór don naíolann an Roinn Oideachas a chur ar an eolas agus gearrfar an maoiniú don naíolann ar son an dalta.

Bhi taifead bréige a gcoimeád ag na cúramóirí ar tinreamh na ndaltaí agus níor chur siad an Roinn ar an eolas mar ba chuí. San iomlán íocadh suim €3.6 milliún ón stáit go dtí na trí naíolanna a bhí fé chaibidil an fíosrúcháin sa dhá bhliain atá thart.

An Todhchaí

• Ní mór do gach naíonra eolas a roinnt go rialta agus go fial [generous]  le tuismitheoirí, ar mhaithe na trédhearcachta agus an dea-chleachtais.

• Caithfidh an Roinndivision/department  Leanaí agus Gnóthaí Óige,  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus  páirtnéirí uile na hearnála comhoibriú le chéile chun ardchaighdeáin a chur chun cinn i ngach ghné d’obair sheirbhísí luathbhlianta na tíre.

• Tá sé  riachtanach go ndéanfaí infheistíocht [investment]  in oiliúint agus san oideachas réamhsheirbhíse agus san fhoghlaim insheirbhíse d’oibrithe luathbhlianta, móide aitheantas [recognition / ID / identification / ident / identity / cognizance / aknowledgement]  cuí [fitting]  a chruthú don obair thábhachtach seo le leanaí óga.

• Ní mór chéimithe a earcú mar a ndéantar leis an muinteoireacht agus dul chun cinn gairme a bheith acu siúd atá ag obair san earnáil seo.

Labhair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Oige Francis Fitzgerald ós comhair an tSeanad inné agus gheall sí;

• Caighdeáin Náisiúnta Réamhscolaíochta a fhoilsiú i mbliana

• Tosnú ag clarú soláthróirí i mbliana

• Tuarascáil ar chigireacht a fhoilsiú ar líne i gcionn cúpla seachtaine

• Forbairt leanúnach de choras náisiúnta singil chigireachta

• Feidhmheannach na Seirbhísí  Sláinte[FSS] chun eolas faoi  ionchuisimh ar sárú na rialachadea-chleachtais san earnáil á chur ar fáil do thuismitheoirí i gcaoi oiriúnach

• Smachbhannaí  faoi  soláthróirí neamhchomhlíontach [sanction against non-compliant providers] á neartú

• D`iarr an tÁire ar FSS anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha chigireachta atá déanta cheanna ar na sreang de sholáthróirí trádala cúram leanaí, chun go bhfoghlaimeófaí  faoi fheabhsú an earnáil don thodchaí

Féach chomh maith

 

FNT ar Chlár Primetime Investigates

Mamat ‘Úr’ faighte sa Rúis

Maitiú Ó Coimín
Tháinig eolaithe Rúiseacha ar mhamat atá suas is anuas le cúig míle déag bliain d’aois ar oileán iargúlta san Fharraige Artach – a bhfuil an fhuil ina leacht i gcónaí ann.

mammoth-blood 2
An Mamat ‘Úr’ faighte sa Rúis – an mbeidh ábhar clónála ina fuil?
D’fhógair eolaithe Chumann Geographic na Rúise a bhfionnachtan i ndiaidh dóibh teacht ar an mamat baineann.

Fritheadh an corpán san oighear ar Oileáin Lyakjovsky, atá mar chuid d’Oileanrá Novosibirsk,  agus dhoirt an fhuil as mar dhoirtfeadh sí ó ainmhí beo nuair a sádh le bior oighir í.

“Tá an fhuil an-dorcha,” a dúirt Semyon Grigoriev, ceannaire na sluaíochta agus cathaoirleach Iarsmalann na Mamat, “i gcuasa oighir sa mblog a tháinig muid uirthi agus nuair a bhris muid na cuasa seo, sileadh an fhuil amach astu.”

Deich gcéim a bhí an teocht nuair a rinneadh an tochailt agus ceaptar anois go mb’fhéidir go raibh airíonna áirithe críochaomnacha ag fuil na mamat .

Anuas air sin, bhain bail an fhíocháin geit as na heolaithe – ar dhath feola uíre a bhí sé in áit an datha a bhíonn ar fheoil ársa go hiondúil.

Féach chomh maith

B’fhéidir é ach ar cheart dúinn?

FNT ar Chlár Primetime Investigates

Baineadh siar as lucht féachána ‘Prime Time Investigates’ ar RTÉ aréir nuair a thaispeáin an clár físeáin de dhrochchleachtais agus drochíde i gcoinne pháistí i naíolanna.

Seo a leanas aisfhreagras Forbairt Naíonraí Teoranta ar an chlár : 

PREASRÁITEAS :Is ábhar buartha d’earnáil luathbhlianta na hÉireann an méid a bhí le feiceáil ar chlár Primetime 28 Bealtaine 2013. Níl na droch-chleachtais a bhí le feiceáil ar chlár na hoíche anocht inghlactha i suíomh luathbhlianta ar bith.

Ardaíodh neart ceisteanna gur gá tabhairt fúthu sa tréimhse amach romhainn agus é sin a dhéanamh i gcomhpháirt le chuile geallshealbhóir san earnáil, idir eagrais stáit, eagrais dheonacha, thuismitheoirí agus seirbhísí luathbhlianta.

Bíonn Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag obair le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag tabhairt tacaíochta, cúnaimh agus scileanna do na naíonraí sin chun caighdeán an chúraim agus luathoideachais sna seirbhísí luathbhlianta a ardú.

Tugann FNT chuile tacaíocht do na naíonraí ionas gur féidir leo cloí leis na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 2006, agus dul i ngleic le hAistear, Creatchuraclam na Luath-Óige, agus le Síolta, an Chreatlach Náisúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige.primetimeinvestigates

Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil trí chuairteanna comhairliúcháin ó Oifigigh Forbartha FNT, féilire oiliúna leathan agus cuimsitheach agus trí bholscaireacht agus ionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na luathbhlianta Gaeilge.

Molann FNT do gach naíonra eolas a roinnt go rialta agus go fial le tuismitheoirí, ar mhaithe na trédhearcachta agus an dea-chleachtais. Fáiltíonn Forbairt Naíonraí Teoranta féin roimh theagmháil agus fhiosrúcháin ó thuismitheoirí ar ábhar ar bith a bhaineann le seirbhísí naíonraí.

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag obair leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le páirtnéirí uile na hearnála chun ardchaighdeáin a chur chun cinn i ngach ghné d’obair sheirbhísí luathbhlianta na tíre.

Tá ról lárnach á ghlacadh ag FNT i ndréachtadh, i bhforbairt agus i seachadadh an chur chuige nuabheartaithe do Chosaint Leanaí, i gcomhthéacs an Bhille Tús Áite do Leanaí, 2012.

Is den riachtanas é go ndéanfaí infheistíocht in oiliúint agus san oideachas réamhsheirbhíse agus san fhoghlaim insheirbhíse d’oibrithe luathbhlianta, móide aitheantas cuí a chruthú don obair thábhachtach seo le leanaí óga.

Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Foras na Gaeilge agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta.

Ábhar dóchais sna Beanna Boirche

Litir ón líne thosaigh – ábhar dóchais sna Beanna Boirche

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

D’imigh mé liom ón Spidéal an deireadh seachtain seo caite agus chaith mé an Sathairn i gCaisleán Uidhlín, i gContae an Dúin, baile beag deas faoi bhun is faoi scáth na mBeann Boirche.

Bhí mé ansin faoi choinne Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill, rugadh an scríbhneoir clúiteach cumasach Séamus Ó Néill gar don bhaile.

D’fhreastail tuairim ar 25 ar na léachtaí Dé Sathairn – sin líon nach beag d’fhéile litríochta Gaeilge i gceantar tuaithe sa Ghalltacht, ná bíodh amhras ann faoi sin. Ábhar dóchais ann féin.

Ó chlé, Ciarán Dunbar, Eoin Ó Néill, Seán Mac Labhraí agus Anita Gallagher
Ó chlé, Ciarán Dunbar, Eoin Ó Néill, Seán Mac Labhraí agus Anita Gallagher

Dar ndóigh, bhí ceolchoirmeacha den scoith ann san oíche a fuair léirmheasanna de scoith agus a mheall sluaite réasúnta mór chomh maith.

Caithfidh mé a rá go raibh an fhéile seo eagraithe go han-mhaith ar fad agus is fiúntach an togra seo gan aon amhras.

Thosaigh mé féin ag léamh saothair Uí Néill anuraidh de bhrí gur thosaigh an eagraíocht Ghaeilge áitiúil, Glór Uachtar Tíre an ócáid seo – char chuala mé trácht air roimhe seo.

Bhí na léachtaí ar fad ar chaighdeán ann ard ar fad, mar a bhí na comhráite ina ndiaidh.

Thug mé féin caint ar chanúint Ghaeilge an Dúin agus beidh orm an léirmheas ar sin a fhágáil do dhuine éigin eile ach gan aon amhras ba é leacht Eoin Uí Néill ar ‘Séamus Ó Neill agus a Chomhthéacs Cónaithe’ ar an cheann is suimiúla domhsa.

Déanta na fírinne, ba é seo ceann de na léachtaí is spéisiúla dar fhreastail mé riamh air – míneoidh mé cén fáth.

Is mac le Séamus Ó Néill é Eoin Ó Néill. Taithí ar an láthair a ba é seo, bunaithe ar thaithí pearsanta. Bunfhoinse den chéad scoith gan aon amhras, chuir sé go mór le heolas gach uile dhuine a bhí i láthair.

Cibé ar bith, agus mé ag caint le daoine díreach in éis mo chainte féin, tháinig duine chugainn ag iarraidh fáil amach an raibh aon fhocail chanúnacha arbh fhéidir leis a úsáid lena mhac. Mhínigh sé go raibh sé á thógáil leis an Ghaeilge i nDroichead Mhaigh Eo.

Ábhar dóchais ollmhór ab ea é seo domhsa go pearsanta, smaoinigh mé, “bhál, má tá daoine ag caint Gaeilge lena bpáistí i nDroichead Mhaigh Eo den chéad uair i 150+ blianta, caithfidh sé go bhfuil ag éirí linn ar bhealach éigin.”

Rud éigin eile atá tábhachtach, chan fhuair mé deis labhairt leis an duine seo mar is ceart, ach de réir mar a thuigim, níl aon Ghaeilge ag a bhean.

Tá aithne agam ar fhear eile sa cheantar atá ag caint i nGaeilge lena mhac d’ainneoin nach bhfuil Gaeilge ar bith ag a bhean féin.

Do roinnt daoine, ábhar díomá é seo, “Ní cainteoirí ó dhúchas na páistí seo …. blá, blá, blá.”

Domhsa áfach, tá ábhar dóchais ar leith anseo – is iontach an rud go bhfuil na fir seo sásta a bheith chomh díograiseach seo.

Tá an Ghaeilge san uaigh cheanna má tá muid chun bráth ar theaghlaigh ina bhfuil Gaeilge ag an dá thuismitheoir, is riachtanach dar liom an duine aonair a spreagadh chun Gaeilge a labhairt sa bhaile chomh maith, sin ábhar fáis agus dóchais.

Bhuail mé le clann óg ghaelach eile sa cheantar an mhaidin sin agus arís ábhar dóchais atá iontu sin chomh maith.

Is as Contae an Dúin ó dhúchas mise. Is minic a chuir mé síos ar an chontae mar an contae is gallda in Éirinn. Chuir mé isteach ar go leor daoine sa chontae leis an chur síos seo.

Ach deirimse go raibh an ceart agam ag an am cé nach fíor í an cur síos sin inniu.

I láthair na huaire, tá eagraíochtaí éifeachtacha ag feidhmiú ar an talamh, ceithre bhunscoil i ndeisceart agus in oirthear an Chontae, tacaíocht oifigiúil don teanga agus teaghlaigh ina bhfuil Gaeilge á labhairt iontu.

Tá an-dul chun cinn déanta agus á dhéanamh i rith an ama.

Mar eireaball ar an scéal, bhí gliondar ar mo chroí cloisteáil go raibh páistí ag labhairt i nGaeilge i mo pharóiste féin – paróiste gan ghluaiseacht Ghaeilge.

Téann na páistí seo ar an bhus go baile mór an Iúir gach maidin chuig an bhunscoil ghaelach.

Glacann sé misneach ó thaobh na dthuismitheoirí de an bhunscoil Chaitliceach áitiúil atá fite fuaite leis an CLG áitiúil ‘a thréigbheáil’, ach tá sé á dhéanamh ar mhaithe leis an teanga.

Maith sibh muintir Chontae an Dúin.

Nóta

Gabhaigí ár leithscéalta, ní raibh mórán ábhair ar an suíomh seo le tamall. Sin an baol le togra deonach, bíonn amanna ann nuair nach bhfuil duine ar bith ar fáil chun a bheith ag obair orthu. 

An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach?

Seán Míchaél Ó Donnchadha

An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach? D’eascair an líomhain seo tar éis príomhfheidhmeannach Apple, Tim Cook a rá agus é  ag freagairt ceisteanna ós comhair Fochoiste De Seanad Mheiriceá le haghaidh Imscrúduithe [US Senate Subcommittee for Investigations] go bhfuair an comhlacht Apple socrú speisialta ó Rialtas na hÉireann, cáin de 2% a íoc ar bhrabús na comhlachta, nuair a tháinig Apple go hÉireann i 1980.1334903025

Dar leis an Fochoiste tá Apple tar éis úsáid a bhaint as an socrú seo chun na billiún de cháin a shábháil go dleathach ar a chuid brabús mór thimpeall na cruinne. Shean an Taoiseach Enda Ó Cionnaith go raibh an socrú seo idir Rialtas na hÉireann agus Apple ar bhun go fóill agus dúirt se go raibh córas féinmheasúnú trédhearcach[transparent self assessment system] i bhfeidhm ina íocann gach comhlacht cáin chorparáideach de 12.5%.

Ag labhairt dó De Chéadaoin tar éis cruinniú den Choimisiún Eorpach, inar phléadh ceist imghabháil cánach, dúirt an Taoiseach nach ndéanann an tír seo aon socraithe speisialta le haon comhlacht faoi ráta cánach ach go bhfuil ráta 12.5% i bhfeidhm agus go bhfuil sé trédhearcach agus de réir dlí.

Ag na hÉisteachtaí i Washington, mhaígh na Seanadóirí John McCain agus Carl Levin go raibh Apple ag úsáid Éire  chun seachaint cánach [tax avoidance] agus go raibh fochomhlacht amháin den comhlacht Apple atá corpraithe [incorporated] in Éirinn tar éis gan cáin ar bith a íoc ar ioncam €23.3 Billiún idir 2009 agus 2012.

Níor íoc fochomhlacht eile corpraithe in Éirinn ach ráta cáin de 0.05% ar €57 Billiún thar an tréimhse céanna. Sa bhliain 2012 bhain Apple úsáid as Éirinn gan cáin de €7 billiún a íoc sna Stáit Aontaithe.

Dúirt Mr Levin gur tearmann cánach í Eire agus go raibh sé mícheart go bhféadfadh comhlacht Meiriceánach a chuid brábús a aistriú go tearmann cánach chun a dhliteanas cánach a sheachaint.

Sé atá i gceist anseo ná seachaint cánach [tax avoidance] atá dleathach agus ní imghabháil cánach [tax evasion] atá mídhleathach. D`aontaigh na Seanadóirí nach raibh aon rud mídhleathach i gceist ag Apple.

Dúirt Tim Cooke go n-íocann Apple ráta cáin chorparáideach de 30.5% ar brabús a thuileann siad i Meiriceá. Dúirt se go raibh ráta íseal ag Apple taobh amuigh de Mheiriceá ach bhain sé seo le tairgí a díolann siad taobh amuigh de Mheiriceá.

Baineann an pleanáil cánach seo le cearta maoine intleachtúla [intellectual property rights or IP]  agus an tslí a láimhseáiltear é.

Tá 4,000 fostaithe ag Apple in Éirinn, áit a bhfuil 4% dá bhfostóirí agus 1% da gcustaiméirí. Íocann comhlacht Apple in Éirinn cíos do na  cearta maoine intleachtúil do comhlacht Apple a bhíodh lonnaithe i dtearmann cánach cosúil le Bermuda nó  na hOileáin Bhriotanacha na Maighdean [British Virgin Islands] agus nach bhfuil aon cháin le n-íoc ann. Ní bhíonn ach fíorbheagán brabús fágtha ag an comhlach Apple in Éirinn ag a bhfuil ráta cáin chorparáideach de 12.5% agus sin an fáth nach n-íocann siad ach 2%.

Bíonn ar gach comhlacht Meiriceánach atá liostaithe ar Stocmhalartan Nua Eabhrach cuntas a sheoladh go dtí an Coimisiún Mhalartán na nUrrús [Securities and Exchange Comission -SEC] gach bhliain.

Ní maith le Apple a admháil go raibh  a fochomhlachtaí do na cearta maoine intleachtúla suite i dtearmann cánach cosúil le Bermuda agus na hOileáin Bhriotánacha na Maighdean agus sin an fáth go bhfuil an dhá fochomhlacht siúd nár íoc beagnach aon cháin in Éirinn ar €80.3 Billiún anois corpraithe in Éirinn.

Fé dhlithe cánach na hÉireann ní mór do chuideachta a bheith lonnaithe in Éirinn [resident in Ireland] chun dliteanas cánach a bheith acu. Chun bheith lonnaithe in Éirinn ní mór lár ionad bhainistíochta agus rialú [centre of management and control] na comhlachta a bheith in Éirinn.

Má bhíonn cruinniú na stiúrthóirí agus an cruinniú cinn bhliana [annual general meeting] i dtearmann cánach cosúil le Bermuda is féidir leo a mhaoímh nach bhfuil an lár ionad bainistíochta agus rialú in Éirinn agus nach bhfuil na dhá fochomhlachtaí do na cearta maoine intleachtúla lonnaithe in Éirinn,  seachas bheith corpraithe in Éirinn, agus ar a shon sin níl dliteanas cánach ortha.

I ndairíre ní cheist d’Éireann amháin an caoi a láimhseáiltear pleanáil cánach go mór mór ceist na cearta maoine intleachtúla i gcomhlachtaí teicneolaíocht faisnéise. Is ceist idirnáisiúnta é seo gur ceart é a phlé idir na Stáit Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Tá ceist imghabháil cánach le phlé sa Chruinniú  G8  i bhFear Manach an mhí seo chugainn. Bá cheart ceist an seachaint cánach a phlé freisin.

Taobh amuigh den droch íomhá atá ar an tír taréis an imscrúdú a dhein na Seanadóirí i Meiriceá bhí coiste i Rialtas na Breataine ag déanamh imscrúdú ar Google atá sáite i pleanáil cánach ionsaitheach [agressive tax planning] agus a chur len ár ndroch-íomha.

Fadhb eile leis na fochomhlachtaí Apple atá corpaithe in Éirinn ach nach bhfuil lonnaithe in Éirinn ó thaobh dliteanas cánach de ná go méadaíonn siad ár n-olltáirgeacht náisiúnta agus de bhuí go bhfuil an méid airgead go gcaithfimid a íoc leis an Aontas Eorpach gach bhliain bunaithe ar an figiúr seo cosnaíonn sé seo €100 milliún ar cáiníocóirí na hÉireann gach bhliain.

Scoil ‘Dhátheangach’ le cruthú?

An bhfuil cineál scoile úr a chruthú?

Tá Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe ag cur tús le próiséas maidir le tuairimí an phobail i dtaca le scoil ‘dhátheangach’ a reáchtáil i gCnoc na Cathrach, Gaillimh.

Knocknacarra NS 2 [320x200]
Scoil Náisiúnta Chnoc na Cathrach
Tá Cnoc na Cathrach sa Ghaeltacht oifigiúil cé gur lag an teanga sa cheantar, tá Gaeilge á labhairt ann ach ní fios don suíomh seo má mhaireann aon chainteoirí dúchais de bhunadh na háite.

Tá scoil náisiúnta Caitileach agus gaelscoil, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, sa cheantar cheana.

Tá suíomh Scoil Náisiúnta i mBéarla amháin agus níl aon leid ann go bhfuiltear ag teagaisc trí mheán na Gaeilge.

Ní heol dúinn faoi aon scoil ‘dhátheangach’ eile san am atá i láthair cé go dtuigtear go bhfuil an-chuid Béarla a úsáid i roinnt scoileanna i nGaeltacht Oifigiúil na Gaillimhe.

Seo ráiteas Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe.

Pobalscoil Náisiúnta Dhátheangach do Chnoc na Cathrach
Léiriú Spéise

Cuirfidh Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe fáilte roimh Léirithe Spéise ó thuismitheoirí/chaomhnóirí ar mian leo go bhfreastalódh a gcuid leanaí ar Phobalscoil Náisiúnta Dhátheangach a cheiliúrann teangacha phobal na scoile.

Is é an spriocdháta le haghaidh Léirithe Spéise i bPobalscoil Náisiúnta Dhátheangach i gCnoc na Cathrach a bheith faighte ná Dé Luain, 10 Meitheamh 2013.

CLICEÁIL ANSEO CHUN DO SPÉIS A CHLÁRÚ ANOIS.

An mbeidh do leanbh ag tosú ar bhunscoil in 2014, 2015, 2016, 2017?

Ar mhaith leat go bhfaigheadh do leanbh oideachas trí Ghaeilge agus trí Bhéarla i bPobalscoil Náisiúnta Dhátheangach Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe i gCnoc na Cathrach?

Cad is Pobalscoil Náisiúnta ann?

Is múnla nua den bhunoideachas an Phobalscoil Náisiúnta, atá:

  • Leanbhlárnach;
  • Comhoideachasúil;
  • Ilchreidmheach agus a chuireann fáilte roimh leanaí gach creidimh;
  • A thairgeann oideachas reiligiúnach ilchreidmheach mar chuid den chlár scoile;
  • A thairgeann sármhaitheas in oideachas dátheangach (Gaeilge agus Béarla);
  • Atá pobal-lárnach; agus
  • A fhaigheann tacaíocht ón Stát agus atá cuntasach go poiblí.

Oideachas Bunscoile Dátheangaí

Cuireann an múnla dátheangach atá molta ag Coiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe curaclam bunoideachais na Roinne Oideachais & Scileanna ar fáil trí dhá theanga, Gaeilge agus Béarla, chun gur féidir le daltaí dul ar aghaidh go hoideachas iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla agus fáiltíonn sé roimh leanaí ó gach cúlra teangeolaíoch agus cultúrtha. Tá sé beartaithe go mbeadh linbh atá ag críochnú a gcuid bunoideachais i bPobalscoil Náisiúnta Dhátheangach Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe inniúil le dul ar aghaidh chuig Coláiste na Coiribe, Coláiste lán-Ghaeilge Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe i gCnoc na Cathrach, dá mba mhian leo.

Iarraimid do thacaíocht ar bhonn ár dteiste go dtí seo oideachas den chéad ghrád a chur ar fáil trí Bhéarla agus trí Ghaeilge fud fad Chathair na Gaillimhe le os cionn 80 bliain, ón dara leibhéal go breisoideachas agus ó  oideachas ceoil go foghlaim ar feadh an tsaoil, inár scoileanna agus trínár n-iliomad clár.

Ní ionann aon léiriú spéise i bPobalscoil Náisiúnta Dhátheangach Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe agus áit i scoil a ráthú.

Féach chomh maith – 

Teach Scoile nua do Ghaelscoil Mhic Amhlaigh

Bliain eile do Choláiste Chineál Eoghain

Tá bliain eile d’aitheantas sealadach faighte ag Coláiste Chineál Eoghain, an t-aon meánscoil lánGhaeilge in Inis Eoghain.

Bhí sé ina raic ag tús na bliana nuair a léiríodh go raibh sé ar intinn ag an Roinn Oideachais an scoil a dhruidim mar gheall ar ‘insufficient numbers’.

Tá 25 dalta de dhíth don bhliain seo chugainn agus tuigtear go mbeifear ag díriú ar an líon seo a mhealladh.

Tá an scoil lonnaithe i mBun Chranncha, bunaíodh i 2007 é.

An gcaithfidh an todhchaí roinnte a bheith gallda?

TUAIRIM LE CIARÁN DÚNBARRACH

Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le hacadúlaí Iosraelach ag rá go mbíonn daoine i gcónaí ag rá leis;

“Nach mór an trua nach féidir leis na hIosraelaigh agus na Palaistínigh díreach suí síos agus labhairt le chéile. Dá mbeadh aithne acu ar a chéile bheadh fadhbanna an mheánoirthir réitithe.”

Dar leis go bhfuil an dearcadh sin saonta soineanta amach is amach. Dar leis go bhfuil sé bunaithe ar mhí-thuiscint an-mhór. Maíonn sé go bhfuil aithne an-mhaith ag an dá threibh sin ar a chéile agus go bhfuil fios acu go díreach cad atá an dream eile á iarraidh agus cén fáth.

National Identity Majorities and Pluralities
Féiniúlachtaí náisiúnta ó thuaidh – íomhá ón suíomh dhátheangach http://ni2011censusuk.webs.com/2011 (Anailís ar dhéimeagrafaíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar Dhaonáirimh 2001 agus 2011 na RA)

Tá macalla den tsoineantacht sin le fáil sna Sé Chontae. Tá an ‘Shared Future’ mar a déarfá a bhrú chun tosaigh ag daoine meánaicmeacha a chreideann gur ar an lucht oibre atá an locht ar fad agus dá mbeadh aithne ag daoine ar an dá thaobh den na hísealaicmí seo ar an chéile go socródh sé gach rud a chuir Comhaontú an Chéasta ar an mhéar fhada.

Tá an dearcadh sin soineanta, seafóideach agus bunaithe ar aineolas mar níl aithne nó tuiscint ag roinnt mhaith den mheánaicme ó thuaidh ar an lucht oibre.

Déanta na fírinne, tá aithne mhaith ag an lucht oibre ar an chéile, seans nach bhfuil aithne pearsanta acu ar a chéile i gcónaí ach tá fios acu ar an ‘taobh eile’ mar a déarfá.

Téann siad ar an ‘teic’ le chéile, bíonn siad ag obair le chéile agus bíonn siad ina gcónaí an-ghar le chéile.

Ach cinnte, tá ballaí arda eatarthu. Tá daoine áirithe ag iarraidh go mbainfear aníos na ballaí sin láithreach.

Ach más féidir liom daoine níos uaisle ná mise a cheistiú, cé hiad muintir na n-ghettos meánaicmeacha seo chun a rá le daoine go gcaithfeadh siad maireachtáil gan na ballaí sin?

Seans nach mbeadh siad iad a leagan go láithreach dá mbeadh orthu ‘house-swap’ a dhéanamh? Ballaí níos airde a bheadh uatha sa chás sin dar liomsa.

Ach ná bíodh aon mhí-thuiscint ann, rud maith a bheadh ann mar thodhchaí roinnte gan dabht. Ar ndóigh, tugtar ‘Together Building a United Community’ ar stráitéisí OFMDFM anois, teanga Orwell-ach a húsáid chun an fhírinne a chur faoi cheilt – go bhfuil straitéisí na todhchaí roinnte á maolú i rith an ama.

Ach ní ceart smaoineamh gur drochrud é sin amach is amach – bheadh seans níos fearr go mbeadh rath ar iarrachtaí chun daoine a thabhairt le chéile dá mbeadh siad bunaithe ar chuspóirí réalaíocha seachas ar sheafóid ceaptha faoi dhuilleoga móra na bhfo-bhailte.

th
Comhartha sráide dhátheangach in Iarthar Bhéal Feirste – an mbeadh áit don chineál cothramaíocht seo sa todhchaí roinnte?

Mar sin féin, tá pleananna an Alliance Party mar shampla lán-dairíre. Ní dóigh liom go bhfuil na páirtithe eile ar dhóigh ar bith dáiríre faoin ábhar áfach.

Chan fheil ann ach cogadh cultúrtha don DUP agus cha déanann siad mórán iarracht chun sin a choinneáil faoi rún. Bealach eile leis an Chaitliceachas agus leis an ghaelachas a chur faoi chois. “Todhchaí roinnte Briotanach” atá geallta ag an DUP.

Ach ar an taobh náisiúnach, tá cur i gcéill eile ar bun. Tuigeann náisiúntóirí go rí-mhaith cad atá ar bun ag na haontachtóirí, go bhfuil teanga na todhchaí roinnte ‘hijackáilte’ acu. Mar sin, caithfidh siadsan ligin orthu go bhfuil siad ar fad go mór ar son na todhchaí roinnte – ach níl.

Cén fáth a vótálfadh turcaithe don Nollaig?

Tá sé mar aidhm ag náisiúntóirí Éireannacha iad féin a choinneáil scartha ón Bhreatain agus ón Bhriotanachas. Dar le haontachtóirí, sin é eithne na faidhbe, agus ar bhealach, tá an ceart acu.

Mar chuid den todhchaí roinnte atá molta ag an DUP, cuir i gcás, bheadh deireadh le scoileanna Caitliceacha, agus Gaelscoileanna ar ndóigh.

Níl Sinn Féin nó an SDLP go háirithe dul ligin dó sin – mar sin féin, leanann siad ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht béil don todhchaí roinnte.

Creidim go bhfuil botún a dhéanamh ag náisiúntóirí áfach agus ba cheart dóibh iarraidh as.

Ba cheart dóibh a bheith iomlán soiléir leis na haontachtóirí, tá cothrom na Féinne agus áit cheart do chultúr na nGael riachtanach mar chuid de thodhchaí roinnte ar bith.

Níl i gceist sa Todhchaí Roinnte atá molta ag aontachtóirí agus an Alliance ach péindlíthe úra agus iarracht as an nua ar an ghalldú – ach is é comhshamhlú an fhadhb, ní an réiteach.

B’fhearr go mór todhchaí roinnte nua a cheapadh bunaithe ar ghlacadh go bhfuil dhá phríomhchultúr ann ó thuaidh agus gur ceart go mbeadh cothromas eatarthu.

Ach faoi láthair, níl mé chomh dóchasach sin, agus mé ag ullmhú an phíosa seo, rinne mé teagmháil le polaiteoir de chuid eite liobrálach an Alliance Party, agus fiú ansin, dar leis go gcaithfear comharthaíocht Ghaeilge a bhaint de na ballaí mar chuid den todhchaí roinnte.

Féach chomh maith 

‘An Péindlí Deireanach’

Cultúrlann sa Spás!

An chéad fhocal scríofa Gaeilge seolta chun an spáis ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

 Ar dtús bhí Cmdr Hadfield ag tvúiteáil as Gaeilge ón Spás, anois tá an teorainn deireanach sáraithe ag an Ghaeilge scríofa!

 Dé Sathairn 11 Bealtaine, thaisteal ealaíona na Gaeilge chuig árda nach raibh riamh bainte amach acu go dtí seo. D’éirigh leis na chéad fhocail scríofa Gaeilge dul in éadan na himtharraingthe suas tríd an trópaisféar agus suas go hárda an strataisféir.Space brochure-1 (1)

 Ceanglaíodh cóip de bhróisiúr ealaíon na Cultúrlainne le  balún héiliam a thaisteal 40km suas tríd an atmaisféar go himeall an spáis agus a tháinig ar ais ar pharaisiút.

Bhí an turas ina iomláine taifeadta ag ceamaraí ar bord ar éirigh leo na híomhánna iontacha seo den bhróisiúr a thaifead agus é ag eitilt go hard thar ghaineamhlaigh agus sléibhte SAM thiar.

Mhair an turas thart ar 5 uaire an chloig, agus lainseáladh an balún ó Bishop, California roimhe dó landáil go hard i sléibhte Sequoia National Forest, CA .

“Bhí daoine thar a bheith tógtha i mí Feabhra seo a chuaigh thart nuair a tvuíteáladh na chéad fhocail Ghaeilge ón Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis. Shocraigh muid go raibh sé in am dúinn a thuilleadh Gaeilge a sheoladh suas, rud éigin a raibh baint níos mó aige leis an teanga agus leis an chultúr ar léi. Is é sin, rud éigin níos mó ná an ‘cúpla focal’ go díreach” a mhínigh Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Imeachtaí ag an Chultúrlann.

“Bhí orainn cíoradh a dhéanamh ar cén rud a sheasfadh do bheogacht na teanga bheatha agus a shonródh an ócáid fhíor-thábhachtach seo i ndóigh fhóirsteanach. Smaoinigh muid ar fhoclóir, ar dhán, nó fiú ar thaifeadadh amhrán nó cainte a sheoladh. Faoi dheireadh, shocraigh muid ar chlár ealaíon na Cultúrlainne.”Space brochure-2

“Seasann an clár do bheogacht agus d’fhuinneamh na Gaeilge nua-aimseartha; tá imeachtaí ann do dhaoine ar gach aois agus de gach saghas suime, agus béim ar leith curtha ann ar an uileghabhálacht. Baineann sé le ceol, le damhsa, le scannánaíocht, leis na healaíona digiteacha agus leis na hamharcealaíona,  le hamharclannaíocht, le ceardlanna, le díospóireacht, le litríocht agus le ranganna trí mheán na Gaeilge, agus is cinnte go seasann an clár mar dhearcadh dearfadh ar atá i ndán don Ghaeilge.”

Ionad Ealaíon Gaeilge atá i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, atá suite ag 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Cuireann an Chultúrlann Clár Ealaíon beogach ar fáil, a chuireann an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge chun cinn.

Tá an Chultúrlann ina áit choinne tharraingteach do thurasóirí agus do dhaoine áitiúla araon. Tá an foirgneamh mar bhaile do bhialann, d’amharclann, do dhá dhánlann, do shiopa leabhar agus bronntanas, d’oifig eolais do thurasóirí, do sheomraí ranga agus do spásanna ceardlainne agus fhiontraíocht shóisialta.

Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

www.twitter.com/culturlann

https://www.facebook.com/AnChulturlann

Lainseáil ‘Earth to Sky Calculus’ an balún, http://www.facebook.com/pages/Earth-to-Sky-Calculus/174490502634920?fref=ts, grúpa dhíograiseoirí eolaíochta atá ar scoil mheánach agus ar ardscoil in Bishop, CA., rud a rinne siad faoi mhaoirseacht a múinteora Dr. Tony Phillips.

…………………………………………………………………………………………..

“Tá breis agus na hacmhainní ag Alba”

Tá sé ráite ag céad-aire na hAlbain, Alex Salmond go bhfuil breis agus na hacmhainní ag Alba teacht i dtír go heacnamúil mar thír neamhspleách rathúil.

tha yes

Rinne Salmond an ráiteas sin inniu agus é ag seoladh páipéir ag déanamh cur síos ar ‘eochair-láidreachtaí’ eacnamúla na hAlban. Beidh reifreann ann ar neamhspleáchas na hAlban, nó neo-eisimearlachd na hAlba mar a déarfá i gcanúint na sgíre sin, ar 18 Meán Fómhair, 2014.

Dúirt sé go léiríonn an doiciméad seo bunsraith láidir airgeadais na tíre, éagsúlacht sa gheilleagar, intleachtacht agus acmhainní nadúrtha.

Scotland’s Economy: the case for independence’ is teideal don pháipéar agus seoladh é ar an Eaglais Bhreac.

Maíodh ann go raibh míchothromaíocht agus droch-bhainistíocht faoi réimeas Westminister ag cur deireadh le poist agus ag cur lagbhríoch ar fhás geilleagrach.

Dúirt an tUasal Salmond gur ghin an Albain níos mó cáin an duine ná mar a ghin an chuid eile den Ríocht Aontaithe le 30 bhliain anuas.

Dúirt Alistair Darling, ceannard an ghrúpa feachtasaíochta ‘Better Together’ áfach,  “Reading the document you are struck by the sense that even the nationalists don’t seem to know why they want Independence.

th “Their high point is suggesting a cut to Air Passenger Duty. Is that worth breaking a 300 year old union with our biggest and most important trading partner?

“Scotland sells more to the rest of the UK than we do to the rest of the world combined. It simply doesn’t make sense to erect an international border between our businesses and their biggest market.

“In the absence of having any answers to difficult questions, the nationalists have reverted to negative type. It is all Westminster’s fault,” a dúirt sé.