Tá sé ráite ag an Taoiseach, Enda Kenny, nach n-athróidh an ‘Protection of Life in Pregnancy Bill’ dlíthe na hÉireann maidir leis an ghinmhilleadh.
Bhí sé ag caint ag preas-ócáid ar maidin.
Dúirt sé go dtabharfadh an bille ‘cinnteacht’ do mhná atá ag iompar clainne agus ‘soiléireacht dhlíthiúil’ do dhochtúirí.

Dúirt sé go bhfuil an bille taobh istigh de na paraiméadair leagtha amach ag an gCúirt Uachtarach maidir le ‘Cás X’.
Dúirt sé nach gcruthófar aon cheart nua agus go bhfuil ceart chun na beatha leanaí gan breith ann i gcónaí.
Faoin bhille nua, ceadófar ginmhilleadh má tá dochtúirí cinnte gurb í sin an t-aon leigheas a chuirfeadh deireadh le baol do bheatha na máthar.
Dúirt an Taoiseach go mbeadh scrúdú níos déine ann i gcásanna ina mbeadh baol féinmharaithe.
Dar leis gur bhain an reachtaíocht úr le beatha a shábháil, idir saol na máthar agus saol leanaí gan breith.
Dúirt sé go raibh an rialtas tiomanta chun próiseas a chur i bhfeidhm nach scoilteadh an tír.
Dúirt an Tanáiste, Eamon /Gilmore, nach raibh i gceist leis an bhille seo ach reachtaíocht don ‘X Case’.
D’fhoilsigh an rialtas an dréacht-bhille aréir tar éis chruinniú an-fhada de chuid na comh-aireachta.
Faoin bhille, ceadófar deireadh a chur le toircheas má tá fíor-bhaol mór do bheatha na máthar, baol féinmharaithe san áireamh.
Má tá baol práinneach ann, b’fhéidir le dochtúir amháin ginmhilleadh a fhaomhadh ach má bhaineann an baol do bheatha le tinneas, caithfidh dhá dhochtúir an gnáthamh a fhaomhadh.
Ach dá má rud é gur baol féinmharaithe a bheadh i gceist, bheadh triúr dhochtúr de dhíth chun ginmhilleadh a cheadú.
Ach beidh foráil ‘diúltú coinsiasach’ ann do dhochtúirí, do bhanaltraí agus do mhná cabhrach.
Agus dá gciontódh duine ar bith as ginmhilleadh mídhleathach a dhéanamh, an bhean a bhí ag iompar clainne san áireamh, b’fhéidir téarma príosúin 14 bhliain a ghearradh orthu, finéal gan teorainn san áireamh.
Tá muintir na hÉireann scoilte go mór ar an ábhar seo agus ní dócha go sásóidh an Bille seo grúpa ‘ar son rogha’ in aon chor.
Ar an lámh eile, beidh lucht ‘ar son beatha’ buartha go n-úsáidfear an clásal maidir le féinmharú chun na geataí a oscailt do ‘ghinmhilleadh de réir éilimh’ a thabhairt isteach in Éirinn.
Chuir an suíomh seo ceist ar ár lucht léite Dé Luain – Cén seasamh atá agat féin maidir leis an nginmhilleadh?
Seo torthaí na pobalbhreithe sin.
Ginmhilleadh de réir éilimh – 46.15%
Gan an dlí a athrú ar chor ar bith – 19.23%
Reachtaíocht ar son ‘Chás X’ amháin – 11.54%
Ceist do mhná amháin atá ann – 11.54%
Ginmhilleadh i gcásanna áirithe – 7.69%
Eile – 3.85%
ALT BAINTEACH
Is cuid de mionn Hippocrates é gan ginmhilleadh a dhéanamh – ó 500 roimh Chríost.
Ach tá sé athraithe anois, buíochas le Dia (nó na Déithe) http://www.pbs.org/wgbh/nova/body/hippocratic-oath-today.html
Mar atá an Eaglais aithrithe leis an Tiomna Nua, buíochas le Dia.
Exodus 21:22-23
Leviticus 27:6
Numbers 3:15-16
Numbers 31:15-17
Hosea 9:14
Hosea 9:16
Hosea 13:16
2 Samuel 12:14
Numbers 5:21-21, 27-28
Genesis 38:24
Níl sin in úsáid ag lucht leighis in Éirinn, ach an-spéisiúil gur féidir an rud nach dtaitníonn leat a athrú ann, mar go bhfuil leaganacha nua de ann!
Ní go ró-mhaith a caitheadh le mná i sibhialtacht na Sean-Ghréige. Caithfear an dlí a chur in oiriúint do riachtanais an lae inniu pé scéal é. Téann na mílte ban thar lear gach bliain chun ginmhilleadh a fháil – cuid den saol é agus ní fiú dúinn a bheith ag cur dallamollóige orainn féin mar gheall air.
Maith thú! Aontaím leat.
Tuairimí ó dhaoine eile:
Rogha – 46.15%
Gan an dlí a athrú ar chor ar bith – 19.23%
Reachtaíocht ar son ‘Chás X’ amháin – 11.54%
Ceist do mhná amháin atá ann – 11.54%
Rogha i gcásanna áirithe – 7.69%
Eile – 3.85%
Tír gan rogha, tír gan saoirse!
Polldaddy.com: An féidir linn an focal a athrú ó ‘ginmhilleadh’ go ‘rogha’ le bhúr dtoil?
“Dúirt sé [Enda] go dtabharfadh an bille ‘cinnteacht’ do mhná…”
Bhuel Enda, tá muid lán cinnte nach bhfuil meas aige orainn ná ar ár gcearta.