Ciarán Dúnbarrach
Is minic a chloistear an nath cainte “Irish won’t get you a job”, go háirithe sa Ghaeltacht, ach an fíor é?

Thug an Tuairisceoir spléachadh ar ‘Irish News’ an lae inniu chun fáil amach agus ar ndóigh, poist sna Sé Chontae amháin a bheadh i gceist.
Mar sin, cá mhéad post a bhí ann ina bhfuil an Ghaeilge riachtanach meas sibh, ceann amháin, beirt?
Bheadh dul amú ort.
Tá 11 phost ann ina bhfuil an Ghaeilge riachtanach.
Ar ndóigh, poist mhúinteoireachta iad ar fad, mar sin féin. Is suntasach an méid é.
B’fhiú súil a chaitheamh ar na suímh seo chun teacht ar bhreis folúntais:
http://www.naionrai.ie/ga/naionrai-claraithe/foluntais-naionra
http://www.gaelport.com/foluntais
http://www.educationposts.ie/
Lena chois sin, bhí seimineár le déanaí faoi dheiseanna fostaíochta do Ghaeil san AE: https://www.facebook.com/events/488663434515710/
Agus seo:
http://www.glornangael.ie/foluntas-poist-le-rith-2014/4576022990
An rud a chloisimse ná “Tá aon mhaith sa nGaeilge muna bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do mhúinteoir.”
Is féidir Gaeilge a úsáid le haon phost ar ndóigh. Chonaic mé tuairisc faoi mheicneoir agus déileálaí carr sa Bhreatain Bheag le déanaí a chuireann seirbhís Bhreatnaise ar fáil – tá sé ag saothrú go leor ar ghnó ó phobal na teanga amháin.
Tá caint ann i mBéal Feirste faoi sheirbhís tacsaithe Gaeilge a bhunú chomh maith.
Aontaím leat, a Thomaí, tá cara liom ag saothrú go leor gnó ó Na Gaeil Óga, CLG trí sheirbhís Gaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar dúinn (cé nach bhfuil sé sin soiléir ón leathanach FB seo) https://www.facebook.com/seosamh.hurleyrepairs?fref=ts
Tuigtear dom go bhfuil beirt deartháir ó Chonamara i mbun siopa crua-earraí i mBaile an Teampaill i mB.Á.C., ofrálann Optinet.ie seirbhís idirlíon trí Ghaeilge mar aon leis an gnó Béarla atá acu. Nach sin ceann de mhúnlaí gnó a d’fhorbair Nemeton nuair a thosaíodar amach chomh maith, seirbhís d’ardchaighdeán trí Ghaeilge nó trí Bhéarla ag bráth ar an gcustaiméir.
Más féidir leat an dá dhream a shásamh tá tú ag déanamh go maith. Tuigtear nár éirigh le Caifé Trí D nó Caifé Úna sa phríomhchathair mar nach raibh siad ábalta go leor den dá chineál custaiméir a shásamh (chun go dtiocfaidís ar ais arís agus arís eile).
Cad is seirbhís tacsaithe Gaeilge ann, i bhfirinne? An é gur oibrí shoisialta de short éigean atá á lorg againn nó tiománaí tacsaí? Tá tacsaithe le mannaí Gaeilge i gCeatharlach – agus is maith ann iad – ach tá an baol ann go mbeimíd ag dul thar fóir leis an nGaelachas seo 😉
Ba mhaith liom seirbhísí i nGaeilge – ba mhaith liom piúnt a bheith agam i gcomhluadar Gaelach más féidir. Ba mhaith liom ba mhaith liom dul ar dhrámaí i nGaeilge, ba mhaith liom córas oideachais ina múintear an Ghaeilge ann go h-ard chaighdeán. Tá go leor rudaí ar mhaith liom trí mheán na Gaeilge. Níl seirbhís tacsaithe i gcead ar an liosta sin.