Conas atá ag éirí linn?


Conas atá ag iarraidh linn leis ‘An Tuairisceoir’ an mhí seo, chun an fhírinne a rá leat, ní chomh maith sin ach bhíomar ag súil leis sin.

Mar thogra deonach, b’fheasach dúinn go gcaillfeadh ‘An Tuairisceoir’ fuinneamh go tapa agus é i gcomórtas leis na rudaí eile atá le déanamh ag daoine ina saol.teamwork

Tá trácht tite go suntasach an mhí seo ach tá súil againn greim a fháil ar chúrsaí go luath agus leanfaidh muid ar aghaidh ag iarraidh cur leis an suíomh, tá ag iarraidh linn post nua a chur suas beagnach gach uile lá.

Ach d’éirigh go han-mhaith ar fad linn i mí Aibreáin.

Bhí 19,221 radhairc ar an suíomh seo sa mhí sin agus níos suntasaí arís bhí 4,556 cuairteoirí ar leith againn, ábhar broid ab é sin.

Ach is féidir LEATSA cabhrú linn, fáilte roimh scríbhneoirí úra i gcónaí! 

4 thuairim ar “Conas atá ag éirí linn?

  1. tá an suíomh go maith nó ní bheadh an oiread sin daoine ag dul ar ais chuige arís agus arís ach is ar éigean go dtig an suíomh a choinneáil ag imeacht go fad tréimhseach gan teacht isteach airgead ( cé go bhfuil Eoghan Ó Néill á dhéanamh le blianta ar Nuacht 24 ach is duine ar leith é Eoghan cóir) ach luaigh mé seo cheana gur cheart go mbeadh daoine in ann síntiús a thabhairt go héascaí tríd paypal nó a mhacasamhail. Is mór an líon daoine é 4500 duine dá bhfaighfeá beagán cabhrach ó 30% féin imo thaithí ní bhíonn luach le rud atá saor in aisce dá fhabhas é ann féin ach go raibh maith agat gus go néirí leat.

  2. Níl na teachtaireachtaí atá sibh ag cur suas ar Facebook ag teacht suas ar an Fhota Nuachta ar Facebook níos mó. Bhí sé de nós agam teacht anseo tar éis blúirín den scéal a léamh ar Facebook, ach is beag lá a thagann ceann suas ar mo Fhota Nuachta ar Facebook níos mó. Dá bhrí sin ní raibh mé anseo le tamall.

    Tá an fhadhb chéanna ag suíomhanna eile, féach ar leathanach Facebook “Newry Times” le haghaidh tuilleamh eolais. Is dócha gurb é seo is cúis le cuid mhór den titim. Caithfidh daoine cliceáil ar “Faigh fógraí”, “Taispeáin san fhotha nuachta” agus “cuir le liosta de chuid suimeanna”, faoin lipéid “is maith liom” le bheith cinnte go bhfaighidh siad postanna.

    Ach ba cheart níos mó daoine a mhealladh le ‘Is maith liom’ a chliceáil le bheith mar chara ar bhur leathanach Facebook chomh maith. Dá mbeadh gach duine atá ina bhall de ‘Gaeilge Amháin’ ina chara, is cinnte go mbeadh níos mó léitheoirí ag an suíomh idirlín. B’fhéidir gur cheart díriú isteach ar na rudaí seo le cuidiú le rudaí.

  3. A Ardmhacha (?) a chara is sean ” luddite” mise agus níl mé ar facebook nó twitter ach bím ar an tsuíomh seo agus tá sé go maith . Níor mhisde lom san am chéanna go ndéanfaí teagmhail liom ar líne nuair a chuirtear freagar isteach ar phostáil go díreach mar a dhéantar le scéal nua ar an tsuíomh. Níl a fhios agam an bhfuil sin indéanta fiú amháin. ach is é lion na ndaoine éagsúla a théann ar an tsuíomh is tabhachtaí dar liom seachas líon na radharcanna. go néirí libh.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s