Baile Úr Gaelach d’Albain


Funding agreed for first stage of new Gaelic village in Skye

Tá gliondar ar lucht Sabhal Mòr Ostaig, an tIonad Náisiúnta Teanga agus Cultúr na Gaeilge in Albain, tar éis gur aontaíodh £1 milliún de mhaoiniú Eorpach a chur ar fáil dá sráidbhaile nua Gáidhlig, an Chill Bheag.

Beidh an sráidbhaile nua lonnaithe i Sléite san Oileán Sgiathanach, áit a bhfuil an Coláiste lonnaithe faoi láthair.

D’fhógair an Leas Phrìomh Mhinistear, Nicola Sturgeon, BPA, go rachaidh £1.908m de mhaoiniú caipitleach chur ar fáil don togra ó Chistí Struchtúracha na hEorpa.

KilbegUpdatedMasterPlan
Mór-phlean na Cille Bige

Cuirfidh an maoiniú seo leis an mhaoiniú de £6.7 milliún atá faighte ag an togra go dtí seo ó Riaghaltas na h-Alba, Iomairt na Gàidhealtachd is nan Eilean, Chomhairle Mhaoineachaidh na h-Alba, Chomhairle na Gàidhealtachd is Urras Leasachaidh Sabhal Mòr Ostaig.

Ciallaíonn sé seo go léir gur féidir toiseacht ar an togra go láithreach.

Maitear go mbeidh an-tionchar dearfach ag an togra seo ar an gheilleagar áitiúil, cruthóidh sé féin 20 post agus beidh 50 fostaithe le linn na tógála.

Tá sé i gceist 75 theach a thógáil san iomlán thar fiche bhliain.

Tógfar ionad comhdhála le 40 seomra chomh maith.

Dúirt Neach-cathrach SMO, an Siorraidh Ruaraidh Iain MacLeòid, “Tha am Bòrd Stiùiridh air leth toilichte gu bheil an Sabhal Mòr a-nis ann an suidheachadh far an urrainn dhuinn a dhol air adhart leis a’ phròiseact bhrosnachail lèirsinneach seo.

“Chan ann a h-uile latha a gheibh ionad-foghlaim an cothrom a dhol an lùib leasachadh cho sàr-shamhlachail, a fhrithealas feumalachdan leasachadh fearainn an t-Sabhail san àm ri teachd ach cuideachd, ann an com-pàirteachas leis a’ choimhearsnachd, a chruthaicheas dhan Eilean Sgitheanach a’ chiad bhaile ùr bhon a stèidhichear baile Phort nan long far an do thogadh mi-fhìn le muinntir na Hearadh is Leòdhas o chionn ceud bliadhna.”

Lean Mgr MacLeòid air, “Tha am pròiseact a’ tachairt aig crois-rathaid chudromach ann an eachdraidh an t-Sabhail Mhòir: bidh a’ chiad phloc air a ghearradh ann an 2013, nuair a bhios sinn a’ comharrachadh an 40mh Ceann-bliadhna againn.

“Tha an tuiteamas sin gu math iomchaidh seach gum bi am baile ùr, ann an iomadh dòigh, na thaisbeanadh air amasan agus rùintean Shir Iain Noble agus nan Urrasairean aige a stèidhich SMO, gum biodh Gàidhlig, mar chànan, na h-adhbhar brosnachaidh do leasachadh eaconamach agus sòisealta san sgìre. Tha mi cinnteach às gum biodh iad air a bhith gu mòr air cùl na tha fo ar comhair an-dràsta.”

Dúirt Prionnsapal Sabhal Mòr Ostaig, an t-Ollamh Boyd Robasdan, “Tha lèirsinn agus ùr-ghnàthachas air a bhith nan comharran air Sabhal Mòr Ostaig bho thoiseach agus tha  Pròiseact àrd-mhiannach na Cille Bige gan taisbeanadh uair eile.

“Tha maoineachadh ERDF fìor chudromach seach gun leig e leis a’ Cholaiste teannadh air an obair a bhios co-cheangailte ri bhith a’ cur lèirsinn a’ Mhòir Phlana an gnìomh.  Bidh buannachd dhan Cholaiste is dhan choimhearsnachd ann an leasachadh na Cille Bige agus cuiridh e spionnadh às ùr ann an ath-bheothachadh eaconamach Shlèite, a chaidh a spreigeadh le stèidheachadh SMO ann an 1973.”

Dúirt Donaidh Rothach, Stiùiriche Leasachaidh, Maoineachaidh is nan Ealain ag Sabhal Mòr Ostaig, “Tha seo a’ toirt cothrom do SMO, ann an com-pàirteachas leis a’ choimhearsnachd ionadail, airson baile ùr, beothail is seasmhach a chruthachadh agus a’ Ghàidhlig a ghleidheadh ann an teis-meadhan na coimhearsnachd. ‘S e pròiseact lèirsinneach fad-ùine a th’ anns a’ Chill Bhig agus thèid a leasachadh mean air mhean airson caochladh ghoireasan a sholarachadh don Cholaiste fhèin is don choimhearsnachd ionadail.

“Thèid goireasan spòrs, air a bheil cruaidh-fheum, a liubhairt an lùib ìrean leasachaidh a’ Mhòir Phlana, agus taighean air prìsean reusanta, bùithtean is gnìomhachasan, toglaichean foghlaim is rannsachaidh, goireasan co-labhairt is thachartasan, taigh-òsta beag agus suas ri 75 taighean a thoirt gu buil.

“Chaidh na riaghailtean dealbhaidh aontachadh an lùib co-theacs an Aonta Dhealbhaidh airson dèanamh cinnteach gun coilean an leasachadh na h-ìrean as àirde a thaobh àrainneachd agus ailtearachd agus gum bi a’ Chill Bheag na deagh eisimpleir air leasachadh dùthchail a tha an dà chuid ùr-nodha agus seasmhach.”

Trácht 

Ciarán Dúnbarrach

Níl aon amhras faoi go bhfuil an togra seo an-dearfach do chúis na Gaeilge in Albain.

Is réabhlóideach an rud é chun 75 theach a thógáil do lucht na Gáidhlig.

Is léir gur laoch i measc na laochra é Iain Noble, an fear a chuir tús le Sabhal Mór Ostaig.

Is é an cheist ná – arbh fhéidir a leithéid a thógáil in Éirinn?

An mbeadh Foras na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta sásta a leithéid a mhaoiniú i mBreacGhaeltacht in Éirinn, agus muna mbeadh, cén fáth?

An mbeadh go leor fuinnimh fágtha i nGaeil na hÉireann chun tabhairt faoi?

Bhí pleananna ar bun chun a leithéid a thógáil i nDeisceart Thír Eoghain ach theip ar an togra de bhrí nárbh fhéidir leo ceadúnas pleanála a fháil do na tithe agus de bhrí gur cuireadh deireadh le deontas na heagraíochta a bhí taobh thiar de.

Féach chomh maith 

Tacaíocht níos mó ná mar a shíleadh don Ghaeilge in Albain

10 dtuairim ar “Baile Úr Gaelach d’Albain

  1. Seo ceann de na scéaltaí is fearr as Alba a chuala mé riamh. Molaim a bhfís agus an obair a bhain an lá seo amach.

    An mbeadh fuinneamh ag Gaeil anseo lena dhéanamh? Cinnte! Tá an fuinneamh sin ag fás arís agus beidh an tógra seo ina spreagadh breise do Ghaeil sa dá ‘shiúrthír’.

  2. Sílim gurbh an rud suntasach faoi seo ná go raibh an coláiste ann i dtosach, agus an baile timpeall air.

    Ní fiú baile suanleasa do Ghaeilgeoirí a thógáil – is beag tairbh a bheadh ansin. Bheadh ar an baile a bheith tógtha thart timpeall ar thogra éigin fearacht coláiste ollscoil, nó comharchumann, nó a mhacasamhail.

  3. anois cad chuige ná smaoinigh muid féin air sin? ó smaoinigh- Páirc na Gaeltachta 1924 i mBaile Átha Cliath – Rathcarn 1935 -Gaeltachtaí Uirbeacha Chorcaigh agus Bhéal Feirste 1969 – tionscnaimh Riatais a bhí sa chéad dhá cheann agus tionscnaimh féin-mhaoínithe an dá cheann eile. Mholl Máirtín Ó Cadhain a mhacasamhail i 1952 mar phríoracht má bhí le héirí leis an athbheochain agus níl sé ach 6 bliana ó chaith lanúineacha óga £1,000,000 dá gcuid airgid féin le sé theach eile a thógáil i nGaeltacht Uirbeach Bhéal Feirste. Nuair a aimsíonn na Gaeil Óga seo an ” GSpota” b’fhéidir go rachadh siad chun cainte leis na lanúineacha sin lé fáil amach caidé mar a rinne siad é – ná habair é déan é -. bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear de réir cuma!!

    1. A Shéamuis, a chara,

      Ní raibh sé ar intinn agam caitheamh anuas ar Phobal Feirste ar dhóigh ar bith. Ar ndóigh, thóg sibhse Gaeltacht gan mhaoiniú ar bith.

      Is dóigh liom, nuair a chuir mé an cheist, go raibh mé ag smaoineamh faoi thogra díreach cosúil leis an cheann seo, sa BhreacGhaeltacht go háirithe.

      An bhfuil an cumas i mo ghlúinse agus an ceann i mo dhiaidhse chun Gaeltacht a thógáil? Sin ceist nach bhfuil aon fhreagra agam dó.

      le meas

      Ciarán Dunbar

  4. A Chiaráin a chara níor smaoinigh mé ar feadh soicind gur ag caitheamh anuas orainne a bhí tú ( cé nár mhiste liom dá mbeifeá) is fearr imreas ná uaigneas. Ba mhaith liom go mbeadh dream de dhaoine óga ann a déarfadh le mo mhacasamhail nach raibh in ár niarrachtaí ach sop in aghaidh na scuaibe agus go raibh siadsan ag dul a dhéanamh rud éigin i bhfad níos uaillmhíanaí ná an rud a rinne muid féin agus caoga teach a thógáil mar aon le siopa agus aonad oibre, in áit 22 teach agus scoil mar a mb’éigean dúinn féin a dhéanamh.

  5. >>cad chuige nach fiú suanleasa a thógáil do Ghaeil ?

    Is fíor duit go bhfuil mo leithéidí ag cur fúinn i mbailte suanleasa. Níl aithne ar bith agam ar mo chomharsan, seachas aithne súil ar dhuine nó beirt. Ní bheadh buntáiste dá laghad ann don nGaeilge dá mba daoine le Gaeilge na comharsan, gan iad a bheith i dteagmháil le chéile. Ceist eile ar fad a bheadh ann dá mbeadh timpeallacht beo Gaeilge sa cheantar – siopaí, postanna agus araile. Sin a bhí i gceist agam.

    Tá na “líonraí” Gaeilge ann cheana.

    Níl taithí agam ar Bhéal Feirste, ach de réir mo thuiscint is mar sin atá cúrsaí – daoine ag obair sa cheantair chomh maith le ag codladh ann.

  6. níl sé fíor i mBéal Feirste ach oiread a Aonghuis a chara. Níl na Gaeil ina gcónaí san áit a bhfuil siad ag obair agus vice versa ach is cuid lárnach de shaol an duine í a áit chónaí agus go háirithe ó thaobh an pháiste de . maireann muid uilig i gcomhluadar teanga a chéile is dóigh liom fiú amháin muna bhfuil ann ach go hannamh a chastar ar a chéile sinn. Dá mhéid í an chomharsanacht teanga is amhlaidh is mó seans go gcuirfear na séirbhisí agus na hinstitiúidí ar bun le freastail ar an chomharsanacht sin. Mar a dúirt an té a dúirt ” is é an comhartha is mó ar theip na hathbheochana nár éirigh linn oiread agus sráid, céide nó corran féin a dhéanamh Gaelach ná leath Ghaelach ainneoin breis agus céad bliain de athbheochan” is mithid dúinn toiseacht agus sin a chur ina cheart agus ní staidéir teageolaíochta a theastaíonn ach gníomh agus is iad ná gníomhartha nach bhfuil muid maith ina gceann.

  7. Is eagal liom gur fíor dhuit maidir le gníomh! Ach, mar a deirim, is é mo thaithí féin nach ag baile atá mo chomhluadar, toisc nach mbím ann ach chun ithe agus codladh.

    Is fíor dhuit dar ndóigh faoi pháistí. An deacracht is mó agamsa anois go bhfuil slabhra morgáiste thart ar mo mhuineál!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s