Ábhar dóchais sna Beanna Boirche


Litir ón líne thosaigh – ábhar dóchais sna Beanna Boirche

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

D’imigh mé liom ón Spidéal an deireadh seachtain seo caite agus chaith mé an Sathairn i gCaisleán Uidhlín, i gContae an Dúin, baile beag deas faoi bhun is faoi scáth na mBeann Boirche.

Bhí mé ansin faoi choinne Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill, rugadh an scríbhneoir clúiteach cumasach Séamus Ó Néill gar don bhaile.

D’fhreastail tuairim ar 25 ar na léachtaí Dé Sathairn – sin líon nach beag d’fhéile litríochta Gaeilge i gceantar tuaithe sa Ghalltacht, ná bíodh amhras ann faoi sin. Ábhar dóchais ann féin.

Ó chlé, Ciarán Dunbar, Eoin Ó Néill, Seán Mac Labhraí agus Anita Gallagher
Ó chlé, Ciarán Dunbar, Eoin Ó Néill, Seán Mac Labhraí agus Anita Gallagher

Dar ndóigh, bhí ceolchoirmeacha den scoith ann san oíche a fuair léirmheasanna de scoith agus a mheall sluaite réasúnta mór chomh maith.

Caithfidh mé a rá go raibh an fhéile seo eagraithe go han-mhaith ar fad agus is fiúntach an togra seo gan aon amhras.

Thosaigh mé féin ag léamh saothair Uí Néill anuraidh de bhrí gur thosaigh an eagraíocht Ghaeilge áitiúil, Glór Uachtar Tíre an ócáid seo – char chuala mé trácht air roimhe seo.

Bhí na léachtaí ar fad ar chaighdeán ann ard ar fad, mar a bhí na comhráite ina ndiaidh.

Thug mé féin caint ar chanúint Ghaeilge an Dúin agus beidh orm an léirmheas ar sin a fhágáil do dhuine éigin eile ach gan aon amhras ba é leacht Eoin Uí Néill ar ‘Séamus Ó Neill agus a Chomhthéacs Cónaithe’ ar an cheann is suimiúla domhsa.

Déanta na fírinne, ba é seo ceann de na léachtaí is spéisiúla dar fhreastail mé riamh air – míneoidh mé cén fáth.

Is mac le Séamus Ó Néill é Eoin Ó Néill. Taithí ar an láthair a ba é seo, bunaithe ar thaithí pearsanta. Bunfhoinse den chéad scoith gan aon amhras, chuir sé go mór le heolas gach uile dhuine a bhí i láthair.

Cibé ar bith, agus mé ag caint le daoine díreach in éis mo chainte féin, tháinig duine chugainn ag iarraidh fáil amach an raibh aon fhocail chanúnacha arbh fhéidir leis a úsáid lena mhac. Mhínigh sé go raibh sé á thógáil leis an Ghaeilge i nDroichead Mhaigh Eo.

Ábhar dóchais ollmhór ab ea é seo domhsa go pearsanta, smaoinigh mé, “bhál, má tá daoine ag caint Gaeilge lena bpáistí i nDroichead Mhaigh Eo den chéad uair i 150+ blianta, caithfidh sé go bhfuil ag éirí linn ar bhealach éigin.”

Rud éigin eile atá tábhachtach, chan fhuair mé deis labhairt leis an duine seo mar is ceart, ach de réir mar a thuigim, níl aon Ghaeilge ag a bhean.

Tá aithne agam ar fhear eile sa cheantar atá ag caint i nGaeilge lena mhac d’ainneoin nach bhfuil Gaeilge ar bith ag a bhean féin.

Do roinnt daoine, ábhar díomá é seo, “Ní cainteoirí ó dhúchas na páistí seo …. blá, blá, blá.”

Domhsa áfach, tá ábhar dóchais ar leith anseo – is iontach an rud go bhfuil na fir seo sásta a bheith chomh díograiseach seo.

Tá an Ghaeilge san uaigh cheanna má tá muid chun bráth ar theaghlaigh ina bhfuil Gaeilge ag an dá thuismitheoir, is riachtanach dar liom an duine aonair a spreagadh chun Gaeilge a labhairt sa bhaile chomh maith, sin ábhar fáis agus dóchais.

Bhuail mé le clann óg ghaelach eile sa cheantar an mhaidin sin agus arís ábhar dóchais atá iontu sin chomh maith.

Is as Contae an Dúin ó dhúchas mise. Is minic a chuir mé síos ar an chontae mar an contae is gallda in Éirinn. Chuir mé isteach ar go leor daoine sa chontae leis an chur síos seo.

Ach deirimse go raibh an ceart agam ag an am cé nach fíor í an cur síos sin inniu.

I láthair na huaire, tá eagraíochtaí éifeachtacha ag feidhmiú ar an talamh, ceithre bhunscoil i ndeisceart agus in oirthear an Chontae, tacaíocht oifigiúil don teanga agus teaghlaigh ina bhfuil Gaeilge á labhairt iontu.

Tá an-dul chun cinn déanta agus á dhéanamh i rith an ama.

Mar eireaball ar an scéal, bhí gliondar ar mo chroí cloisteáil go raibh páistí ag labhairt i nGaeilge i mo pharóiste féin – paróiste gan ghluaiseacht Ghaeilge.

Téann na páistí seo ar an bhus go baile mór an Iúir gach maidin chuig an bhunscoil ghaelach.

Glacann sé misneach ó thaobh na dthuismitheoirí de an bhunscoil Chaitliceach áitiúil atá fite fuaite leis an CLG áitiúil ‘a thréigbheáil’, ach tá sé á dhéanamh ar mhaithe leis an teanga.

Maith sibh muintir Chontae an Dúin.

Nóta

Gabhaigí ár leithscéalta, ní raibh mórán ábhair ar an suíomh seo le tamall. Sin an baol le togra deonach, bíonn amanna ann nuair nach bhfuil duine ar bith ar fáil chun a bheith ag obair orthu. 

5 thuairim ar “Ábhar dóchais sna Beanna Boirche

  1. scéilín beag deas a Chiarâin a chara agus abhar dóchais dúinn uilig. Tá sé níos coitíanta ná a shíleann muid is dócha teaghlaigh a bheith á dtógáil le Gaeilge nach bhfuil Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin. i bhfad níos coitíanta ná bhí nuair a bhí mise óg ,nuair nach dtógtaí teaghlach le Gaeilge ach amháin nuair a bhí an teanga ag an dá thuismítheoir. Ar mo bhealach na bhaile inniu go gearr roimhe do phostáil a léamh thug fear de mo aitheantas siab sa charr domh agus dhá uair le linn an turais fuair sé glaoch ó bheirt pháiste dá chuid agus Gaeilge uilig a labhair siad leis. Níl Gaeilge ag a bhean ach tá sí baúil leis an smaoíneamh gur Ghaeilge amháin á labharfadh sé leis na páistí. Ba léir fosta go raibh Gaeilge lán chomh líofa ag na páistí seo agus a bhí ag mo chuid páistí féin nár labhair ná nár chuala ach Gaeilge sa teach. Is mór an chabhair é dar ndóigh gur ar Gaelscoil atá na páistí seo chomh maith. Is fíor duit nach ar chúrsaí teanga amháin a bhíos lanúin ag smaoíneamh agus iad ag dul i gcaidreamh le chéile ach ní hionann agus go gcaithfidh an teanga a fhágáil as an áireamh ach oiread.

  2. nach bhfuil a fhios agam go maith faoin tsruth chéanna a Chiaráin a chara nó ba é bunú an tsrutha sin ( rud maith ann féin) a thug croig an bháis do iarrachtaí dhaltaí Coláiste Feirste saor thaistil a fháil as Dún Phádraig go Béal Feirste gach lá ó Roinn Oideachais na sé gContae. Séanadh saorthaistil orthu le brú a chur ar thuismitheóirí a gcuid páistí a chur go Coláiste Mhaolmhadhóg i gCaisleán an Mhuillinn . dubháil nár éirigh leis go ró mhaith de réir cosúlachta nó níor aistrigh ach fíor bheagán páistí go dtí an sruth nua ar feadh a thuigim.

    1. Sin rud nach raibh a fhios agam a Shéamuis.

      Cinnte, rud maith atá ann ann féin ach is cinnte nach bhfuil ann ach sruth – níor thuig mé go raibh páirt ar bith aige sin leis an scéal a bhaineanns le Coláiste Feirste.

      Caithfidh mé amharc isteach ar an scéal céanna arís mar creidim go bhfuil uilleann nua aimsithe agam – grma.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s