
Fritheadh an corpán san oighear ar Oileáin Lyakjovsky, atá mar chuid d’Oileanrá Novosibirsk, agus dhoirt an fhuil as mar dhoirtfeadh sí ó ainmhí beo nuair a sádh le bior oighir í.
“Tá an fhuil an-dorcha,” a dúirt Semyon Grigoriev, ceannaire na sluaíochta agus cathaoirleach Iarsmalann na Mamat, “i gcuasa oighir sa mblog a tháinig muid uirthi agus nuair a bhris muid na cuasa seo, sileadh an fhuil amach astu.”
Deich gcéim a bhí an teocht nuair a rinneadh an tochailt agus ceaptar anois go mb’fhéidir go raibh airíonna áirithe críochaomnacha ag fuil na mamat .
Anuas air sin, bhain bail an fhíocháin geit as na heolaithe – ar dhath feola uíre a bhí sé in áit an datha a bhíonn ar fheoil ársa go hiondúil.
Féach chomh maith