Tá sé fógartha ag OFCOM go bhfuill ceadúnas tugtha acu do stáisiún raidió Gaeilge nua i nDeisceart Dhoire.
Raidió G an t-ainm a bheas ar an stáisiún nua. Dar le foirm iarratais an stáisiúin úir …
“will serve the Irish language community, and those with an interest in Irish language and culture within the broader English-speaking community, in the Greater Maghera Area in south County Derry”

Tá an-dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge sa cheantar seo le blianta beaga anuas.
Chomh maith leis sin, fograíodh go mbeidh stáisúin nua ‘Ullans’ nó Albainis Uladh bunaithe i mBaile Monaidh, Co. Aontroma.
Dar le foirm iarratais fUSe FM …
“reflect the traditions, language and culture of Ulster Scots in Ballymoney and surrounding areas”.
Tá sé de nós ag na húdaráis sa Tuaisceart a chinntiú go bhfuil cothrom na féinne idir an Ghaeilge agus Albainis Uladh i gcónaí.
Is é an ceantar thart ar Bhaile Monaidh croí-cheantar na hAlbainise i gcónaí in Ultaibh.
Uasdátú
Dúirt Niall Ó Catháin ó Raidió G ar an chlár Blas ar BBC Raidió Uladh ag tús na seachtaine go raibh an chuid chomhoibriú idir Raidió G agus Raidió Fáilte go dtí seo agus beidh amach anseo.
Labhair an suíomh seo le dhá shaineolaithe ar Albainis-Uladh agus tá siad beirt go mór in amhras faoin fUSm Fm. Léirigh siad beirt amhrás maidir le teanga an stáisiúin a bheith in Albainis Uladh ar chor ar bith agus d’aontaigh duine acu nach mbeadh ann ach stáisiún den chultúr Oráisteach d’ainneoin go bhfuil 1/3 de lucht cainte Albainis Uladh ina gCaitlicigh.
Chomh maith leis sin, cheap siad beirt nach mbeadh go leor cainteoirí maithe fágtha in Ultaibh chun iarracht fiúntach a dhéanamh agus go mbeadh gá le stáisiún Albannach / Ultach.
ba thú féin a dúirt é a Chiaráin a chara “Gaelaigh do shráid féin agus Gaelóidh tú Éire” Tá muintir Charn Tochair ag déanamh mar a d’iarr tú. maith iad
Is maith ann a leithéid de staisiún cinnte cé gur doigh liom gur réiteach níos fearr do na sé contae dá mba rud é go raibh staisiún iomlán don reigiún ann – Raidió Fáilte b’fhédiir – ionas go mbeadh seans ann go mairfeadh sé go fad tréimhseach le fógraí agus a leithéid. Molaim muintir Charn Tochair go h-ard as ucht a bhfiontraíocht agus a gceannródaíocht….
tá muintir charn tochair le moladh cinnte ach sílim gur fearr an ráidío áitiúl ná an ráidío réigiúnda mar a mholann Concubhar má’s comhartha ar bith é a oiread fógraíocht dhíreach agus atá lucht gnó ag déanamh abhus anseo i mBéal Feirste. Sílim gur mó stáisiún áitiúl atá de dhíobháil ach iad comhoibriú le chéile le fógróirí móra a mhealladh. mar a deir Ciarán “Gaelaigh do shráid agus Gaelóidh tú Éire.”
Chuala mé Niall Ó Catháin ar Blas anocht – léirigh sé go raibh an-chuid chomhoibriú idir Raidió G agus Raidió Fáilte go dtí seo agus beidh amach anseo (CD).
Labhair mé le dhá shaineolaithe ar Albainis-Uladh agus tá siad beirt go mór in amhras faoin fUSm Fm.
Léirigh siad beirt amhrás maidir le teanga an stáisiúin a bheith in Albainis Uladh ar chor ar bith agus d’aontaigh duine acu nach mbeadh ann ach stáisiún den chultúr Oráisteach d’ainneoin go bhfuil 1/3 de lucht cainte Albainis Uladh ina gCaitlicigh.
Chomh maith leis sin, cheap siad beirt nach mbeadh go leor cainteoirí maithe fágtha in Ultaibh chun iarracht fiúntach a dhéanamh agus go mbeadh gá le stáisiún Albannach / Ultach.
Díospóireacht i mBéarla ar an ábhar seo http://sluggerotoole.com/2013/06/10/two-new-minority-language-community-radio-stations-on-either-side-of-the-bann/
níl a fhios agam caidé atá taobh thiar den droch mheas atá ag Béarlóirí ar Ulster Scots -compléasc ísleachta b’fhéidir nó náire gurbh as sin iad féin lá den tsaol. Bíonn an droch mheas céanna go minic ag bodaigh an Bhéarla sa tír seo leis an Ghaeilge . Is cuma liomsa cé acu canúint nó teanga í nó rud éigin eile idir eatarthu. Má bhaineann daoine tairbhe as í a labhairt nó ag scríobh is fiú ann í. Dá mhéid duine a chuireann spéis inti as é is fearr é nó de réir a chéile laghdófar ar an droch chuspóir a bhí ag cuid dena polaiteóirí Aontachtacha a mhaígh go raibh suim acu inti nuair nach i gcéist acu ach bealach a aimsiú le maoíniú na Gaeilge a laghdú. Ach ní gach duine atá mar sin agus níl sé ach cúpla bliain ó léigh mé alt ag iarcheannaire na heagraíochta atá a cur chun cinn ag maíomh gurbh é an rud a ba mheasa a tharlaigh don teanga ná gur tarrangaíodh isteach sa pholatíocht í agus go raibh lámh ag Stormont intí ar chor ar bith. Tá go leor Gael a thuigfeadh dó.