Cúrsa Garchabhrach trí Ghaeilge

Garchabhair

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag eagrú cúrsa garchabhrach trí Ghaeilge i gcomhpháirt le Slán Sábháilte Teoranta.

Is cúrsa trí lá é le páirtchreidiúint (5 phointe) FETAC/CDBO Leibhéal 5 (D20188).

Deir FNT go bhfuil an cúrsa seo oiriúnach d’fhostaithe naíonra, d’ábhar oidí, do mhúinteoirí Gaelscoile agus scoileanna Gaeltachta, d’oibrithe in eagrais Ghaeilge, d’oibrithe óige nó in ógeagrais nó do mhic léinn ar mhian leo bheith ag obair le páistí amach anseo.

Beidh an cúrsa ar siúl ar 14-16 Lúnasa in áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 agus tá táille €100 air.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó FNT ar 01-853 5142.

Scoláireachtaí Gaeilge Fulbright bronnta

Fulbright

Fógraíodh inniu go bhfuil 31 scoláireacht Ghaeltachta le bronnadh ar 15 foghlaimeoir Gaeilge as Ceanada agus 16 as na Stáit Aontaithe Meiriceá mar chuid de chlár Fulbright.

Chuir an tAire Stáit Ghaeltachta, Dinny McGinley, fáilte roimh na scoláirí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i Gaillimh inniu.

D’fhreastail ionadaithe as Ambasáidí Cheanada agus na Stát Aontaithe ar an searmanas chomh maith.

Le linn a chuairte, bhronn an tAire Dámhachtainí Gaeilge Fulbright ar bheirt mhac léinn as na Stáit Aontaithe chun Céim Mháistreachta sa Nua-Ghaeilge a chur i gcrích in OÉG.

Bronnadh Dámhachtainí Samhraidh na Gaeltachta ó Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann-Cheanada (ICUF) agus ó Choimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (Coimisiún Fulbright) ar na foghlaimeoirí eile as Meiriceá agus Ceanada.

Bhronn an tAire dámhachtainí freisin ar sheachtar teagascóirí Gaeilge a rachaidh chuig ollscoileanna ar fud Cheanada chun an Ghaeilge a mhúineadh.

“Cuireann na malartuithe seo,” arsa an tAire, “deis luachmhar ar fáil d’Éirinn chun cultúr agus cruthaitheacht na Gaeltachta a chur ar taispeáint agus cuidíonn siad chun féidearthachtaí amach anseo d’fhorbairt acmhainní, do chomhoibriú agus do mhalartuithe a aithint.”

Thug sé suntas do líon na scoláirí nach raibh in Éirinn cheana nó nach raibh aon cheangal teaghlaigh ar chor ar bith acu leis an tír.

Ar Imeall an Ghrianchórais

Pluto_moon_P5_discovery_with_moons'_orbits
Plútón agus a chuid satailítí, mar is eol dúinn inniu iad. (Foinse: an Vicipéid)

Le déanaí chuala muid go bhfuair dhá ghealach eile de chuid Phlútóin ainmneacha. Roimhe seo, ní raibh orthu ach P4 agus P5, ach anois tugtar Kerberos agus Styx orthu. Baineann na hainmneacha seo le tuiscint mhiotaseolaíoch na sean-Ghréagach ar an mbás: is é Ceirbearas madra na dtrí gcloigeann agus é ag gardáil gheataí an tsaoil eile, agus is í an Stiocs an abhainn idir an saol seo agus an saol eile. Is é Carón an farantóir a thugas na mairbh trasna na habhann, agus mar is cuí, Carón an t-ainm a baisteadh ar an gcéad ghealach de chuid Phlútóin ar cuireadh sonrú inti. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair na réalteolaithe amach faoi thuilleadh satailítí – is é sin, Nix agus Hydra chomh maith leis an dá cheann is deireanaí.

Pluto_discovery_plates
Dhá cheann de na pictiúir ar ar aithin Clyde Tombaugh Plútón agus é á gcur i gcomparáid le chéile. An ponc beag arb é Plútón é tá sé marcáilte le saighead. (Foinse: an Vicipéid)

Ar feadh i bhfad ba nós “pláinéad” a thabhairt ar Phlútón, an pláinéad is faide amuigh. Ba é an Meiriceánach Clyde Tombaugh a d’aithin é sa bhliain 1930, ach i bhfad roimhe sin féin bhí sé á thaibhsiú dá lán go mbeadh a leithéid de rinn neimhe ann. Ba í an mhatamaitic an eochair. Sa naoú haois déag bhí na matamaiticeoirí in ann a lán a rá i dtaobh an dóigh a gcuireann na reanna neimhe isteach ar a chéile lena n-imtharraingt, ach ar dtús bhí a gcuid eolais agus modhanna oibre scaipthe ar fud na saothar éagsúil taighde – a thuiscint féin ag gach duine de na saineolaithe ar na cúrsaí seo. Thit sé ar chrann an mhatamaiticeora Fhrancaigh Urbain LeVerrier córas éigin a chur in áit an anoird seo, agus nuair a bhí an córas sin curtha i dtoll le chéile aige bhí sé in ann a oibriú amach go raibh a leithéid de phláinéad agus Neiptiún ann, ó bhí sé ábalta tátail a bhaint as na mírialtachtaí a d’aithin sé ar fhithis Úránais. Níor leor é Neiptiún leis na mírialtachtaí seo go léir a mhíniú, áfach, agus mar sin bhí cuid mhór de na réalteolaithe claonta chun a smaoineamh go mbeadh tuilleadh pláinéad ann fós.

Lowell_Mars_channels
Mapa de “chanálacha Mharsa” a tháinig ó pheann Percival Lowell. Bhí ról an-tábhachtach ag Lowell i bhforbairt na réalteolaíochta agus é ag tabhairt urraíochta d’eolaithe éirimiúla cosúil le Clyde Tombaugh, ach ón taobh eile bhí sé i bhfad ródhiograiseach faoi “chanálacha Mharsa” fiú nuair a thosaigh na réalteolaithe eile ag éirí scéipteach fúthu. Chuaigh scríbhinní Lowell faoi na canálacha agus faoi “mhuintir Mharsa” i bhfeidhm ar a lán daoine, ar nós an scríbhneoir garrfhicsin Edgar Rice Burroughs, a bhreac síos sraith iomlán úrscéalta éadroma faoi eachtraí drámatúla an laoich John Carter i measc na Marsach. Is é tuiscint na saineolaithe go léir inniu nach raibh sna canálacha riamh ach iomrall súl – uaireanta, samhlaíonn intinn an duine struchtúir chasta san áit nach bhfuil le feiceáil ach spotaí doiléire. Níor tháinig na spástaiscéalaithe róbatacha trasna ar aon chineál “Marsaigh” nó ainmhithe Marsacha, ach tá sé incheaptha go bhfuil miocrorgánaigh – neacha beaga beo agus iad cosúil le baictéir nó le fungais an Domhain – le fáil ar Mhars. (Foinse: an Vicipéid)

Ba é an fear gnó Meiriceánach Percival Lowell, a raibh dúspéis aige sa réalteolaíocht, a chuir tús le mórfheachtas taighde i dtús na fichiú haoise leis an bpláinéad rúndiamhair taobh thiar de Neiptiún a aimsiú. Amaitéarach díograiseach réalteolaíochta ab ea Lowell, agus ní dheachaigh gach iarracht dá chuid chun leasa don taighde. Nuair a bhí “canálacha Mharsa” ina n-ábhar mór díospóireachta ag lucht an tsaineolais, bhí Lowell go mór mór ag taobhú le hipitéis na gcanálach, agus d’fhoilsigh sé mapa de Mhars a bhí breac le canálacha agus iad línithe go mionchruinn ar fud an phláinéid. Cé go raibh cuid de na réalteolaithe oilte féin san am sin den tuairim gurbh fhéidir go mbeadh “canálacha” de chinéal éigin ar Mhars, níor chreid aon duine acu go mbeadh a leithéid de ghréasán acu ann agus a thug mapa Lowell le fios. Mar sin, bhí a lán réalteolaithe an-diúltach i leith Lowell, agus cuid acu den bharúil nár chóir d’aon duine de lucht na ceirde baint a bheith aige le réadlann Lowell.

Clyde Tombaugh, fear na fionnachtana.
Clyde Tombaugh, fear na fionnachtana. (Foinse: An Vicipéid)

Cé nach raibh teoiricí Lowell thar moladh beirte, bhí a tábhacht féin ag réadlann Lowell i bhfionnachtain Phlútóin. Fear saibhir gnó a bhí i Lowell, agus d’fhág sé cuid mhór dá oidhreacht ag an réadlann. I mblianta deireanacha a shaoil bhí Lowell ag déanamh a dhíchill ar mhaithe le fionnachtain an naoú pláinéad, agus níor chuir a bhás deireadh leis na hiarrachtaí seo. Nuair a tháinig Clyde Tombaugh ag obair don réadlann, fear óg ab ea é i gcónaí, gan ach trí bliana fichead slánaithe aige, ach san am chéanna bhí gealladh mór faoi cheana féin agus súil mhaith aige do bhealaí na spéire dorcha. Chaith sé conablach bliana ag cur grianghraf i gcomparáid go dtí gur aithin sé réad nua iontu – Plútón.

Pluto-Charon_double_planet
Sa phictiúr seo a fheictear fithisí Phlútóin agus Charóin thart ar bharalár an chórais, is é sin, comh-mheáchanlár an phláinéid agus a chuid satailítí. Seasann an fáinne dearg do bhealach Phlútóin timpeall an bharaláir. (Foinse: an Vicipéid.)

Cailín aon bhliain déag, Venetia Burney, a bhaist Plútón ar an bpláinéad. Cé nach raibh inti san am ach gearrchaile, bhí sí seanchríonna agus suim aici i miotaseolaíocht na Róimhe agus na sean-Ghréige. Ghlac sí leis go mbeadh an pláinéad chomh dorcha, chomh fuar leis an mbás féin, agus go mbeadh sé oiriúnach é a ainmniú as dia an domhain thíos – Plútón. D’inis sí an smaoineamh dá hathair mór, agus ó bhí aithne ag an seanfhear ar an réalteolaí cáiliúil Herbert Hall Turner, ní raibh moladh Venetia i bhfad ag teacht a fhad leo siúd a raibh an chumhacht acu i saol na réalteolaíochta. Bhí Clyde Tombaugh féin breá sásta leis an moladh, ó d’fhéadfá na litreacha PL-  san ainm a thuiscint mar thagairt dá urraí Percival Lowell.

Ar feadh i bhfad ba nós dearcadh ar Phlútón mar phláinéad ar aon mhéid, beagnach, le Neiptiún, ach de réir a chéile tháinig an tuiscint ag na heolaithe nach mar sin a bhí. I ndeireadh na seachtóidí chuir siad sonrú sa ghealach is mó dá bhfuil ag Plútón – Carón. Tá Carón chomh mór téagartha i gcomparáid le Plútón féin agus go bhfuil cuid de na réalteolaithe barúlach nár chóir gealach a thabhairt air ar aon nós, ach gurbh fhearr an tuiscint a bheith againn ar chóras Phlútóin agus Charóin ná gur déphláinéad iad. Nó tá sé cineál mícheart a rá go bhfuil Carón ag fithisiú Phlútóin: tá an dá réad seo ag dul timpeall a gcomh-mheáchanláir, agus an lárphointe seo suite taobh amuigh de Phlútón. (Ar an dóigh chéanna, tá an Ghealach s’againn agus an Domhan s’againn ag déanamh bulla báisín timpeall ar a gcomh-mheáchanlár freisin, ach sa chás seo, tá an meáchanlár – nó an baralár – sin suite taobh istigh den Domhan.)

Venetia_Burney
Venetia Burney (1918-2009), an cailín beag a bhaist Plútón. Níos deireanaí rinne sí staidéar ar mhatamaitic i gCambridge. Shaothraigh sí a cuid ag cuntasóireacht agus ag múineadh matamaitice. Phós sí Edward Phair, scoláire teangacha clasaiceacha. (Foinse: An Vicipéid)

Ó thús ba léir go raibh Plútón an-difriúil leis na pláinéid eile. Tá Plútón ag dul timpeall na Gréine ar fhithis an-fhadaithe. Thairis sin, tá fithisí na bpláinéad eile suite beagnach ar aon leibhéal le chéile – tugtar éiclipteach ar an leibhéal seo. Maidir le Plútón, áfach, tá a fhithis an-chlaonta i gcoibhneas an éicliptigh. Go bunúsach, glactar leis gurb ionann an t-éiclipteach agus leibhéal ár bhfithise féin – is é sin, is ionann claonadh fithise an Domhain agus 0 céim stua. Is é an claonadh fithise atá ag Plútón ná seacht gcéim stua déag – i bhfad níos mó ná ag aon mhórphláinéad. Mar shampla, is é an claonadh fithise atá ag Iúpatar ná 1.305 céim stua. Rud eile fós tá peirihéilean Phlútóin – garphointe Phlútóin don Ghrian, nó an pointe ar fhithis Phlútóin is cóngaraí don Ghrian – suite taobh istigh d’fhithis Neiptiúin. Tógann sé dhá chéad ocht mbliana is dhá scór (248 mbliana) ar Phlútón imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach ansin caitheann sé fiche bliain den tréimhse sin níos gaire don Ghrian ná Neiptiún. Tá baint ag fithis an dá phláinéad seo le chéile a dtugtar athshondas uirthi: san am a chaitheas Plútón ag déanamh dhá imrothlú, críochnaíonn Neiptiún trí cinn.

Nuair a thosaigh Tombaugh agus na saineolaithe eile i réadlann Lowell ag cur thuairisc an naoú pláinéad, ní le Plútón a bhí súil acu. Gásfhathaigh iad Neiptiún, Úránas, Satarn agus Iúpatar, is é sin, is ionann an t-ábhar atá sna pláinéid féin agus san atmaisféar ina dtimpeall – hidrigin, den chuid is mó – agus mar sin is deacair a rá cá bhfuil dromchla an phláinéid féin taobh thíos den atmaisféar. Plútón arís, ní gásfhathach é ar aon nós ach leac oighir. Nítrigin is mó atá ann, ar an taobh amuigh ar a laghad – dúil cheimiceach a bheadh ina gás leis an ngnáth-theocht ar dhroim an Domhain, agus le fírinne nítrigin atá in atmaisféar an Domhain don chuid is mó – ach tá Plútón chomh fuar is go bhfuil an nítrigin sin reoite go solad amuigh ansin. Creideann na saineolaithe, áfach, go bhfuil cloch taobh istigh de Phlútón chomh maith. Is féidir go bhfuil substaintí radaighníomhacha sa chloch i gcroí Phlútóin agus iad ag téamh an oighir timpeall na cloiche, ionas go bhfuil pócaí leáite thíos sa leac oighir. Níl anseo ach tuairimíocht, ar ndóigh, agus é bunaithe ar bhreathnuithe teileascóip agus ar na tátail a baineadh astu. Tá an spástaiscéalaí úd New Horizons ag druidim isteach le Plútón faoi láthair, agus creidtear go mbainfidh sé amach Plútón i gceann cúpla bliain. Ansin, faoi dheoidh, beidh mapaí de Phlútón ar fáil ag an gcine daonna.

New_horizons_Pluto
Seo New Horizons, an spástaiscéalaí róbatach atá ag déanamh a bhealaigh go Plútón faoi láthair. Scaoileadh an taiscéalaí chun bealaigh ó Cape Canaveral in Eanáir 2006. I ndeireadh na bliana céanna shroich sé Iúpatar agus é ag tógáil pictiúir nua den phláinéad. Thairis sin, bhain sé úsáid as imtharraingt Iúpatair le tuilleadh luais a thiomsú agus é ag tabhairt aghaidh ar Phlútón. (Foinse: An Vicipéid)

Scéal ann féin an dóigh ar chaill Plútón céimíocht an “phláinéid”, ionas gur hathaicmíodh mar “abhacphláinéad” é. Is gnách a rá gurbh é Michael Brown ó Caltech, is é sin, Institiúid Teicneolaíochta California, a thug an chéim síos seo do Phlútón. (Le fírinne is é an leasainm atá air inniu ná “an fear a mharaigh Plútón”.) Nuair a bhí sé ina bhuachaill óg i Huntsville, Alabama, bhí sé ag freastal ar Virgil Grissom High School, meánscoil a fuair a hainm ó dhuine de spásairí mórchlúiteacha Mheiriceá – seans gur spreag an t-ainm sin é chun taighde a dhéanamh ar an spás. Ina réalteolaí i gCaltech dó dhírigh Brown ar an gcuid den Ghrianchóras atá taobh amuigh de Neiptiún, agus d’éirigh leis agus a chuid mac léinn roinnt mhaith réadanna tras-Neiptiúnacha, mar a thugtar orthu, a aithint.

D’aithin Brown agus a fhoireann – Chad Trujillo agus David L. Rabinowitz – roinnt réadanna beaga cosúil le Plútón agus iad ag fithisiú na Gréine ar aon luas le Plútón, is é sin, ag críochnú aon imrothlú amháin i rith dhá chéad ocht mblian is dhá scór. Is léir go raibh sé níos ciallmhaire Plútón a aicmiú in aon ghrúpa leis na “plúitíonónna” seo, mar a bhaist na réalteolaithe orthu, seachas leis na pláinéid mhóra.

Ar ndóigh, ní plúitíonónna iad na réadanna beaga go léir taobh thiar de Neiptiún. Is é an tuiscint – teoiriciúil go leor – atá ag na saineolaithe ar imeall an ghrianchórais go bhfuil a lán réadanna beaga amuigh ansin ag dul timpeall na Gréine, agus iad grúpáilte i gcrioslaigh éagsúla: crios Kuiper; an diosca scaipthe; agus scamall Oort.

Ceann de réadanna chrios Kuiper é Plútón de réir mar a thuigtear an scéal inniu. Is é crios Kuiper an limistéar taobh amuigh d’fhithis Neiptiúin: glactar leis go sroicheann an crios a fhad le leathchéad aonad réalteolaíoch ón nGrian. Is ionann aonad réalteolaíoch agus meánfhad an Domhain s’againn ón nGrian, is é sin, céad go leith milliún ciliméadar. Tá fithis Neiptiúin suite timpeall ar thríocha aonad réalteolaíoch ón nGrian. Fuair an crios a ainm ón réalteolaí Meiriceánach de phór na hÍsiltíre Gerard Peter (Gerrit Pieter) Kuiper. Barrúil go leor, níor chreid Kuiper féin go mbeadh a leithéid de chrioslach ann inniu: bhí sé barúlach go mbeadh an réigiún go díreach taobh thiar de Neiptiún glanta folamh ag imtharraingt na bpláinéad mór. Scéal eile é gur chreid sé gur sa réigiún sin a foirmíodh na réadanna beaga as amhábhar an ghrianchórais i dtús ama.

Seo Michael Brown, "an fear a mharaigh Plútón". D'aithin sé roinnt réadanna tras-Neiptiúnacha sna blianta i ndiaidh chasadh na mílaoise, agus léirigh sé nach raibh i bPlútón féin ach réad amháin acu. (Foinse: an Vicipéid).
Seo Michael Brown, “an fear a mharaigh Plútón”. D’aithin sé roinnt réadanna tras-Neiptiúnacha sna blianta i ndiaidh chasadh na mílaoise, agus léirigh sé nach raibh i bPlútón féin ach réad amháin acu. (Foinse: an Vicipéid).

An chuid is mó de na plúitíonónna ní bhfuair siad ainmneacha go fóill. Is iad Orcus agus Ixion an dá cheann is luaithe a hainmníodh. Ba é Michael Brown agus a chairde a d’aithin Orcus; maidir le hIxion, luaitear a fhionnachtain leis an Réadlann Idir-Mheiriceánach i Cerro Tololo, an tSile.

Fuair Orcus a ainm ó dhia an domhain thíos i miotaseolaíocht na nÉatrúscach. Ba iad na hÉatrúscaigh áitritheoirí réamh-Rómhánacha na hIodáile, agus is uathu siúd a fuair na sean-Rómhánaigh féin a lán dá gcuid traidisiún agus nósanna. Le fírinne ba nós leis na Rómhánaigh féin “Orcus” agus “Plútón” a láimhseáil mar nach mbeadh iontu ach malairt ainmneacha ar an dia céanna, chomh fite fuaite is a bhí a gcreideamh féin le smaointí na nÉatrúscach. Deirtear go mbeadh sé chomh maith againn “frith-Phlútón” a thabhairt ar Orcus, nó tá fithisí an dá abhacphláinéad seo bun os cionn le chéile: nuair a bhíos Plútón os cionn an éicliptigh, bíonn Orcus taobh thíos de agus a mhalairt; agus nuair a bhaineann Plútón amach a pheirihéilin (a gharphointe don Ghrian, nó an pointe is cóngaraí don Ghrian ar an bhfithis), sroicheann Orcus a apaihéilean (a chianphointe ón nGrian, nó an pointe is faide ón nGrian ar an bhfithis), agus a mhalairt. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gealach amháin ag Orcus, ar a laghad – Vanth an t-ainm. Ba í Vanth treoraí anamnacha na marbh i ríocht an bháis, de réir mar a deir seanchas na nÉatrúscach.

Tá Orcus níos lú ná Plútón. Glactar leis go bhfuil Plútón thart ar dhá mhíle trí chéad ciliméadar ar trastomhas. Níl na saineolaithe ar aon bharúil go fóill cén trastomhas é Orcus, ach is dócha nach bhfuil sé níos mó ná naoi gcéad ciliméadar. Braitheann sé ar choibhneas maise Orcus agus Vanth agus ar ailbéideacht Vanth.

Is é is ailbéideacht ann ná an chuid den tsolas a fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá Orcus agus Vanth suite i bhfad ón Domhan, ionas nach féidir leis na teileascóip is cruinne amuigh mionsonraí ar bith a aithint ar na reanna neimhe seo. Ní fheicfeá iontu go bunúsach ach dhá spota solais. Mar sin, is ar ghile na spotaí seo a aithnítear a méid, chomh maith leis an dóigh a dtéann a n-imtharraingt i bhfeidhm ar na reanna neimhe ina dtimpeall. Scéal eile áfach go bhfuil an ghile ag brath ar an ailbéideacht freisin. Is é sin, an rinn neimhe nach bhfuil mórán ailbéideachta aici, is féidir di bheith réasúnta mór cé go bhfuil sí ar bheagán gile.

Quaoar and Weywot
Seo Quaoar agus Weywot mar a samhlaíodh d’ealaíontóir de chuid Údarás Spáis na Stát Aontaithe iad. Satailít bheag é Weywot nach bhfuil ach timpeall is ochtó ciliméadar ar trastomhas. Ó tá a leithéid de shatailít ag Quaoar, áfach, is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil Quaoar níos téagartha ná Ceres, an ceann is mó de na hastaróidigh i gcrios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar. Chomh mór is atá Ceres tá sí aicmithe ina habhacphláinéad go hoifigiúil inniu. (Foinse: an Vicipéid.)

Ar ndóigh ní plúitíonónna iad na réada go léir i gCrios Kuiper. Tá a leithéid de rud ann agus réad clasaiceach de chuid Chrios Kuiper, nó cubewano, mar a deir béarlagair an Bhéarla. Sampla den réad chlasaiceach é Quaoar, agus é ainmnithe as dia de chuid na dTongva, ar treibh bhundúchasach de chuid California iad. Ba iad Michael Brown agus Chad Trujillo a d’aithin Quaoar sa bhliain 2002, agus ba iadsan a bhaist an t-ainm sin air. Creidtear go bhfuil Quaoar corradh is míle ciliméadar ar trastomhas. Sa bhliain 2007 thug Brown faoi deara go raibh gealach bheag ag fithisiú Quaoar, agus fuair an tsatailít seo ainm ó mhiotaseolaíocht na dTongva chomh maith – Weywot. Deir na Tongva gurbh é Quaoar a chruthaigh an chruinne, agus gurbh é Weywot a mhac agus dia na spéire. Níl mórán fágtha de sheanchas diaga na dTongva, áfach, nó ba luath a chuaigh siad le Críostaíocht, agus tá a dteanga féin caillte inniu.

Níl Quaoar chomh diamhair le Sedna, réad eile ar chuir Brown agus Trujillo sonrú ann sa bhliain 2002. De réir teoiric amháin baineann Sedna leis an diosca scaipthe, is é sin, an chuid is faide amuigh de Chrios Kuiper. Sroicheann an diosca scaipthe thar chéad aonad réalteolaíoch ón nGrian, nó níos faide fós, agus creidtear gurb ón diosca sin a thagas cuid mhór de na scuabréaltaí (na coiméid). Is í imtharraingt Neiptiúin is cúis leis an scaipeadh sin – is é sin go gcuireann Neiptiún réadanna i gcrios Kuiper ar strae ó na fithisí, go dtí go bhfágtar sa diosca scaipthe iad.

Tá fithis Sedna chomh fadaithe, áfach, go bhfuil sé ag dul rite le lucht an tsaineolais féin an réad seo a aicmiú. Tá an cianphointe suite faoi naoi gcéad seacht ndéag is fiche aonad réalteolaíoch den Ghrian, mar a mheastar, agus mar sin tá Sedna ar na réadanna is cianmhaire dá bhfuil aithne ag na réalteolaithe orthu inár nGrianchóras féin. San am chéanna tá an garphointe faoi shé aonad réalteolaíoch déag is trí scór den Ghrian.

Sedna
Fithis Sedna i gcomparáid le fithisí na bpláinéad – is í fithis Phlútóin an fáinne purpartha. (Foinse: an Vicipéid)

Dealraíonn sé nárbh í imtharraingt Neiptiúin a d’fhág fithis Sedna mar sin, agus dá réir sin is iomaí réalteolaí nach bhfuil sásta “réad de chuid an diosca scaipthe” a thabhairt ar Sedna. Ina ionad sin, is dóigh leo siúd a rá gur féidir gur le scamall Oort (nó scamall Oort-Öpik, mar a thugtar air freisin) a bhaineas sé. Scamall sféarúil é – is é sin, scamall ar dhéanamh liathróide – agus é ainmnithe as beirt réalteolaithe a thuairimigh go raibh a leithéid de scamall ann agus cuid de na scuabréaltaí ag teacht as.

Ba é an réalteolaí Ernst Öpik an chéad duine ar rith an smaoineamh leis, thiar sna tríochaidí. Eastónach a bhí ann agus baint áirithe aige le hoileán na hÉireann, nó nuair a shealbhaigh trúpaí an Aontais Shóivéadaigh an Eastóin neamhspleách i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh Öpik ar deoraíocht agus shocraigh sé síos i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuair sé post i Réadlann Ard Mhacha. Tá a gharmhac Lembit Öpik ina pholaiteoir Liobrálach sa Bhreatain Bheag inniu.

Jan Oort
Seo Jan Hendrik Oort (1900-1992), réalteolaí mór na hÍsiltíre. D’oibrigh sé amach mais Bhealach na Bó Finne agus d’aithin sé cá raibh lárphointe ár réaltra. Sna caogaidí bhunaigh sé réadlann radairéalteolaíochta in Dwingeloo, oirthuaisceart na hÍsiltíre. Is éard atá i gceist leis an radairéalteolaíocht ná an brainse réalteolaíochta a bhaineas tátail as na tonnta raidió ón spás. Úsáidtear aeróga millteanacha raidió – radaiteileascóip – leis na radathonnta ón spás a aithint agus a anailisiú. (Foinse: an Vicipéid)

Sna caogaidí, d’athbheoigh an tOllannach Jan Hendrik Oort an teoiric, agus is as is minice a ainmnítear an scamall. Le fírinne níorbh iad na hastaróidigh ná na réadanna beaga ar imeall an Ghrianchórais an chloch ba mhó ar phaidrín Oort, Ba leis an radairéalteolaíocht ba mhó a bhí a luí, agus é ag déanamh staidéar ar an spás taobh amuigh dár nGrianchóras. Cuid mhór den eolas atá ag an gcine daonna ar Bhealach na Bó Finne tá sé bunaithe ar fhionnachtana agus ar shaothar Oort,

Ní raibh i gceist le Scamall Oort féin ach tuairimíocht – go dtí gur tháinig na réalteolaithe ar Sedna. Anois, is féidir gurb é Sedna an chéad réad de chuid an scamaill sin a bhfuil aithne againn air. Ón taobh eile de, chomh cóngarach is a thagas Sedna don Ghrian agus é ag baint amach a gharphointe, tá sé incheaptha nach raibh iomlán an chirt ag Öpik agus Oort faoi imeall an Ghrianchórais, agus go bhfuil a lán le foghlaim ag an gcine daonna faoin réigiún sin den spás i gcónaí.

Tráchtaire spóirt á lorg ag RnaG

Seán Bán Breathnach
Seán Bán Breathnach

Tá Comórtas Tráchtaireachta á reáchtáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael leis an gcéad “sár-thráchtaire Gaeilge” eile a aimsiú.

Gheobhaidh an buaiteoir dhá thicéad chuig Cluiche Ceannais Peile nó Iomána na hÉireann, deireadh seachtaine do bheirt in Óstán Pháirc an Chrócaigh, agus deis dhul isteach sa bhosca tráchtaireachta ar an lá mór.

Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí is fearr sa chomórtas freastal ar cheardlann tráchtaireachta i mí Lúnasa le cuid de shár-chraoltóirí spóirt ár linne i gCeanncheathrú RnaG i gCasla, agus roghnófar an buaiteoir ansin.

Dúirt Liam Ó Néill, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael:

“Táim thar a bheith sásta ar bhonn pearsanta, agus ar son an Chumainn freisin, a bheith páirteach sa chomórtas iontach seo. Táim dóchasach go mbeidh suim ag roinnt daoine óga triail a bhaint as, agus b’fhéidir go bhfeicfimid roinnt tráchtairí nua ag teacht chun cinn dá bharr.”

Is gné riachtanach de chláracha spóirt an tráchtaireacht, agus is féidir leis cur go mór leis an gcraoladh.

Dúirt Seán Bán Breathnach, Tráchtaire le Raidió na Gaeltachta:

“Is fearr liomsa a bheith ag tráchtaireacht ná ag ithe mo bhéile, agus tá an t-ádh liom go bhfaighim an deis sin chuile dheireadh seachtaine. Dhéarfainn le duine ar bith go mbeadh spéis acu ann cur isteach ar an gcomórtas.

“B’fhéidir go bhfuil an scil acu i ngan fhios dóibh féin, agus ba cheart dóibh bualadh faoi. Muna mbainfidh tú triail as, bhí bheidh fhios agat. Beidh muid ag súil go mór leis na hiarrachtaí a chloisteáil anseo in RnaG.”

Is é 9 Lúnasa an dáta deiridh le haghaidh iarratas agus tá breis eolais ar fáil ag www.rte.ie/rnag.

‘Machnamh’ le déanamh faoi iontráil na nGaelscoileanna

An tAire Oideachais, Ruairi Quinn.
An tAire Oideachais, Ruairi Quinn.

Tá sé ráite ag an Aire Oideadais Ruairi Quinn go ndéanfaidh sé dianmhachnamh faoi pholasaithe iontrála na scoileanna lánGhaeilge.

Beidh an tAire ag foilsiú dréacht-Bhille Oideachais go luath agus tá sé ráite aige cheana nach mbeidh cead ag Gaelscoileanna tosaíocht a thabhairt do pháistí le Gaeilge agus iad ag glacadh le daltaí nua amach anseo.

Tá baol ann go mbeidh iachall ar roinnt páistí atá á dtógáil le Gaeilge freastal ar scoileanna Béarla faoin riail nua.

Ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Jonathan O’Brien (SF) an tseachtain seo caite dúirt an tAire Quinn go mbeidh deis ag Coiste Oideachais agus Coimirce Sóisialaí an Oireachtais agus grúpaí oideachais forálacha an bhille a phlé sula gcuirfear é i bhfeidhm.

Dúirt sé gurbh é an chloch is mó ar a phaidrín ná go gcaithfear go cothrom le gach páiste agus go bhfuil an bealach a ghlacann scoileanna le daltaí “struchtúrach, cothrom agus trédhearcach.”

Dúirt sé freisin go ndéanfar dianscagadh ar an mbille sular ndéanfar dlí de le cinntiú go mbíonn cothromaíocht idir neamhspléachas na scoileanna agus cothroime sa chóras oideachais.

Ginmhilleadh – Téarma cruinn do bharbarthacht

Tuairim le hAonghus Ó hAlmhain

Foilsíodh alt anseo ar na mallaibh ag cáineadh úsáid an téarma ginmhilleadh mar rud atá “maslach”.

Dar leo siúd áfach a aithníonn gur neach daonna beo atá sa ghin, tá an téarma seo cruinn; agus is an gníomh atá, ní hamháin maslach, ach barbartha.

Tá díospóireacht bhríomhar ann faoi láthair maidir le ginmhilleadh in Éirinn. Tá ainm an Bhille fhéin ina shampla den sofhriotal a níonn iarracht an cheist a sheachaint – “An Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis”.
Cáintear Teachtaí Dála agus Seanadóirí as cur síos a dhéanamh ar go díreach cad a tharlaíonn don ghin le linn ginmhilleadh. Cáintear feachtasoírí as íomhánna de ghin a úsáid ar phóstaer.images

Tá cúis maith leis sin. Tá mórchuid den argóint ar son fáil éasca ar ghinmhilleadh bunaithe ar an dtuiscint nach duine an ghin. Bréagnaíonn na híomhánna seo agus na focail seo an tuairim sin; is gá mar sin an cur síos sin a sheachaint agus a stop má tá ginmhilleadh le bheith inghlactha ag an bpobal.

Buaileadh an buille is éifeachtaí i gcoinne an ghinmhilleadh le teacht ann don ultrafhuaim. Is iomaí lia nó altra a bhí ag obair i gclinic ghinmhilleadh a d’aithin dá bharr an éagóir a bhí á dhéanamh agus a chas a ndroim leis.

Ach is éifeachtach an frith mhodh é i ndíospóireacht an lipéad “maslach” a chuir ar argóint. Ní phléitear le maslaí – déantar neamhaird orthu. Ní gá plé le biogóid. Ós rud é go bhfuil a seasamh maslach agus gan a bheith fréamhaithe i réasún, ní gá dul i ngleic leis – tá sé, a priori, mícheart.

“Bulverism” a thug C.S. Lewis ar an gcineál seo cleasaíochta – neamhaird iomlán a dhéanamh ar argóint agus maíomh – “Níl sin á rá agat ach cionn is gur bean/fear/Caitliceach/

aindiachaí …”

Ainneoin go gcreideann muid gur ar mbonn réasún a dhéantar ceisteanna pholaitiúla a phlé, dáiríre tá tionchar láidir ag mothúcháin ar an gceist. Go háirithe nuair is ceist atá ann go bhfuil deighilt chomh domhain, dosháraithe ann agus atá i gceist an ghinmhilleadh. Más duine an ghin, tá ginmhilleadh mícheart. Murab ea, bheadh sé barbartha an rogha a cheilt ar bhean. Sin eithne na ceiste – ach níl aon chomhghéilleadh ná  bóthar leath bhealach idir an dá sheasamh.

Caithfear an cheist a chíoradh go hionraic – níl sé cóir taobh amháin den argóint a dhiúltú ón dtús – ceachtar taobh.

Is gá a aithint go bhfuil mórchuid na ndaoine ar an dá thaobh ionraic agus ar son cearta daonna – cearta na mban agus cearta an linbh – ach go bhfuil easaontas idir an luach a thugtar do gach cheart faoi seach agus an bunús atá leis sin.

Beidh an cheist seo linn go deo. Bhí Hippocrates i gcoinne ginmhilleadh ina mhóid a scríobhadh cúig chéad bliain roimh Chríost. Tá an taoide sall agus anall ó shin, agus beidh. Tá sé mí ionraic an cheist a sheachaint tríd lipéadú “masla” a chuir ar ceachtar taoibh de.
Is gá dúinn a aithint go bhfuil gach taobh ar a ndícheall an rud ceart a dhéanamh – agus caithfidh muid ár ndícheall a dhéanamh plé leis na fíricí seachas na mothúcháin.

Is féidir Aonghus a leanùint ar Twitter (@aonghusoha) agus tà blag aige, aonghus.blogspot.com.

Todhchaí Sheanad Éireann

Le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Tá sé i gceist ag an Rialtas athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras polaitiúil trí dheireadh a chur le Seanad Éireann.

Déanfar é seo tríd an mBille um an dara leasú is tríocha ar an mBunreacht a chur trí Thithe an Oireachtais. Tá an Bille seo curtha tríd an tSeanad De Máirt, áit a raibh an bua ag an Rialtas de thairbhe gur votáil triur de na baill a roghnaigh an Taoiseach féin don Bhille.

Ceann de na himpleachtaí a bheidh ann le deireadh a chur leis an Seanad ná nach ndéanfar an scrúdú céanna ar an reachtaíocht toisc nach mbeidh ar bhillí dul tríd an Seanad a thuilleadh agus déanfar plé orthu sa Dáil amháin sular gcuirfear ar aghaidh go dtí an tUachtarán len iad a shíniú.

Bhí ról tábhachtach ag an Seanad i leith go leor reachtaíochta a bhain leis an nGaeilge lena n-áirítear Acht na Gaeltachta 2012, Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus go leor eile.

Ag cruinniú de bhord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le déanaí glacadh an rún gur chóir Seanad Éireann a leasú seachas a dhíothú ar mhaithe le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá 60 ball de Sheanad Éireann ann: leagann an Bunreacht síos go n-ainmneoidh an Taoiseach 11 duine acu agus go mbeidh seisear eile tofa ag céimithe ollscoile. Fágann sin 43 Seanadóir a bhíonn tofa ag baill den Oireachtas agus na húdaráis áitiúla: 1,092 duine ar an iomlán sa toghchán deireanach i 2011.Níl aon dabht ach go bhfuil easpa daonláthas sa chaoí a thoghfaí na Seanadóirí agus go raibh géarghá le cuíchoiriú [rationalization] a dhéanamh air.

Ta geallta ag an Rialtas go dtabharfaí aghaidh i gceart ar athchoiriú [streamlining] a dhéanmh ar an gcóras polaitiúil ach an Seanad a bheith curtha de dhroim an tsaoil acu.

Sa bhlian 2009 labhair Éanna Ó Cionnaith ag Scoil Shamhraidh Patrick McGill agus ar “Morning Ireland”(6 Meitheamh 2009) in ar mhol sé athchoiriú a dhéanamh ar an tSeanad.Mhol se gur chóir ról an tSeanaid a fhorbairt le go bhfeadfaí, mar shampla, iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar an reachtaíocht Eorpach. Mhol se freisin go n-úsáidfí an teach uachtarach mar fhóram dár bhfeisirí Eorpacha, agus go dtabharfaí vóta do gach céimí.

Ach bhi an cuma ar an sceal seo ó thús gur seift pholaitiúil [political device] a bhí ann, polasaí a chum comhairleoir caidrimh phoiblí chun dea-phoibliocht a ghnóthú do cheannaire Fhine Gael a bhí faoi bhrú ag an am.Ba cheart don Rialtas dhá cheist a chur ós comhair toghóirí na hÉireann, deireadh a chur leis an Seanad mar atá se anois no cuíchoíriú a dhéanamh air agus é a choinneáil.

Fiú na haragóintí is láidre i gcoinneadh an dara rogha, ní slán mar aragóintí iad. Tá sé ráite ag an Taoiseach go sábhálfaí €20 milliún in aghaidh na bliana don státchiste trí dheireadh a chur leis an Seanad. Dúirt Cléireach Dháil Éireann le coiste Oireachtais anuraidh, afach, gur faoi bhun €10 milliúin a chosnaíonn an Seanad in aghaidh na bliana.

Ní suim shuarach í sin ach tá sé suarach go maith le hais an €28 milliún a íoctar le comhairleoirí baile agus contae gach bliain.Ta clárbhainisteoirí agus comhairleoirí nách iad ag gach Aire agus Aire Stáit agus tuarastáil mór á n-íoch leo gur féidir gearradh siar air.

Más é chostas an tSeanaid an phriomharagóint ag an Rialtas le fáil réidh leis, nách bhféadfaí ghearradh siar ar an méid a íoctar le Seanadóirí?Go deimhin, glacadh le moladh sa Seanad féin i mí Bealtaine go ngearrfaí caoga faoin gcéad de phá an tSeanadóra.

Is beag duine a mhaífeadh go bhfuil an Seanad ag feidhmiú mar ba chóir, ach ní ar leas an daonlathais atá sé deireadh scun scan a chur leis gan rogha cheart a thabhairt don phobal.

Dá gcuirfí deireadh amárach le Seanad Éireann, bheadh níos mó cumhachta an an Rialtas agus níos lú freagrachta orthu. Ní dhéanfaí an scrúdú céana ar reachraíocht ach an oiread.

Le linn an Oireachtas seo, bhí ar an Seanad 529 leasú a dhéanamh ar bhillí lochtacha a chuaigh tríd an Dáil.Cé a cheartódh an 529 botún sin d`uireasa Sheanad Éireann?

Mhol an tAire Talmhaíochta Simon Coveney na láigeachtaí a d’aimsigh na Seanadóirí ar an mBille um Shláinte agus Leas Ainmhithe a bhí á phlé os comhair an tSeanaid in Iúil 2012 agus d`admhaigh sé go gceartófaí iad sa Dáil, agus gur beart fiúntach a bhí ann an Bille a thabhairt isteach sa Seanad, sa chéad áit, sar ar phléadh é sa Dáil.

An Bhfuil an Rás Rite ag an tSeanad?

Fiafraigh de ghnath dhuine réasúnta ar chóir líon na bpolaireoirí i dTeach Laighean a laghdiú.Tá a fhios againn, sílim, cén freagra a thabharfaidh an móramh i bhfianaise gach pobalbhreith ar ceist an tSeanaid.Bhí 55 faoin gcéad i bhfábhar a chealaithe, agus 21 faoin gcéad i gcoinne i suirbhé a rinne Ipsos/MRBI don Irish Times ar 15 Meitheamh.

Bíonn tioncar i gcónaí ar phlé na ceiste ar rudaí cosúil le,míshásamh an phobail, amhras, aineolas agus éagumas rialtais ar thoradh gach reifreann.Cuimhnigh, mar shampla, ar thoradh an reifreann ar chearta páistí anuraidh.

Ainneoin tachaíocht láidir i dTeach laighean agus leasmuigh de, vótáil 42.6 faoin gcéad in aghaidh an leasaithe.Tá fainic don rialtas freisin sa chéatadán íseal vótála (33 faoin gcéad) anuraidh. Ma ghlachtar leis roimh ré go bhfuil rás reifreann ionann agus ríte, tagann meath ar an toil vótála.

Da fheabhas, dár leo féin, an t-atheagrú ar Dháil Éireann atá beartaithe acu, ní athrófar smacht an rialtais ar ghnó na Dála agus ar chlár oibre na gcoistí nuair a bheidh na beartais atá geallta ag an rialtas i bhfeidhm. Roimh an olltoghchán in 2011, gheall Fine Gael agus an Lucht Oibre go mbeadh meon nua polaitiúil i réim, “Réabhlóid Dhaonlathach- [Democratic Revolution]” agus atheagrú ó bhonn á chur i bhfeidhm ó thús ar mhodhanna oibre na Dála dá dtoghfaí iad. Mar shampla, cé gur gealladh go bhfreaghródh airí rialtais ceisteanna tráthúla a bhain lena gcuraimí, ar an meán fágadh an fhreagracht ar airí stáit i gcás trí cheist as gach ceithre cinn.

Léirigh anailís ar chéatadán na ndíospóireachtaí Dála ar chuir an rialtas srian orthu (55 faoin gcead) neamhthoil [unwillingness] rialtas eile. Ma tá an oiread plé ar bhillí a bhrostú faoi láthair, an féidir glacadh leis go gcuirfear an t-am a theastaíonn lena bplé i gceart, agus a leasú más gá, nuair a bheidh an Seanad ar lár?

Cuimhnigh go bhfuil fiú cumhacht na gcomh-aireachta báilithe san Chomhairle um Bainistíocht Eachnamaíoch [Economic Management Council] ar a bhfuil an Taoiseach Éanna Ó Cionnaith, An Tánaiste Eamon Gilmore, an tAire Airgeadais Michael Noonan agus an tAire Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin.

Ar an taobh eile, tá dúslán mór eile le sárú ag Fergal Quinn, Michael McDowell agus an mionlach a mholfaidh Seanad a atheagrú. An féidir leo cur ina luí ar mhóramh go racaidh ceart vótála níos leithne agus cead cainte níos neamhtheoranta sa teach uachtarach chun tairbhe do thír atá i gcruachás?

Cuireann an masla a thug Marc MacSharry ar an Taoiseach le déanaí agus friotal gnéasaíoch agus míchuí [sexist and inappropriate language] David Norris De Máirt agus é ag caint faoin Teachta Dála Regina Doherty lena ndúslán. Tá an chaoí ina bhfuil na Seanadóirí ag láimhseáil an díodpóireacht faoin reachtaíocht ar an nginmhilleadh faoi lathair ag tarraingt droch-chlú orthu. Fiú oíche Deardaoin bhí ceannasaí Fianna Fáil ag caineadh a mbaill féin faoin chaoí lena ndéanadar a gcuid aragóintí.

Níl an Seanad gan locht ach tá géarghá le hathruithe ó bhonn a dhéanamh air, ach tá an scéal amhlaidh i gcás na Dála.

Ní folár ár gcóras polaitíochta ar fad a leasú chun go n-oibreoidh sé níos fearr ar ár son agus tá géarghá le hathruithe a dhéanamh a chinnteodh go dtreiseofaí ar an bhfreagracht daonlathach atá ar an rialtas.

Bhí baint mhór ag ár gcóras polaitíochta leis an gcúlú eachnamaíochta tubaisteach ata fós ag luí go trom ar shaoránaigh na tíre seo.

An bhfuil an baol ann go mbeadh an córas lochtach sin níos lóchtaí fós dá gcuirfí deireadh leis an Seanad?

Nó an bhféadfadh ról ceart a bheith ag Seanad Éireann “nua” san athrú atá riachtanach chun córas nua polaitíochta a fhorbairt?

Ba chóir ar a laghad go dtabharfaí deis duinn freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin.

Samhail gan clann le Gaeilge

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Dé Céadaoin na seachtaine seo caite, ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas   cinneadh críochnaitheach maidir le socruithe nua maoinithe a bhainfidh Foras na Gaeilge úsáid astu le gníomhaíocht Ghaeilge a mhaoiniú amach anseo.

“Tá deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus deacrachtaí le 5 bliana,” a dúirt ráiteas ón Fhoras.

images (1)
Díchoimisiúnaithe – Ní dócha go bhfuil aon áit do chlann na Gaeilge sa samhail nua maoinithe beartaithe ag Foras na Gaeilge

Bheadh iontas an domhain ormsa má bhfíorófar an fhís áirithe sin.

Go bunúsach, in áit bunmhaoiniú a chur ar fáil do 19 eagraíocht mar a dhéantar san am atá i láthair cuirfear maoiniú ar fáil i sé chatagóir do sé eagraíocht ceannais.

1.      Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge

2.      Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile

3.      Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta

4.      Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán

5.      Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht

6.      Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga

Agus mé i mbun pinn, bhí cuma ar an scéal go raibh na heagraíochtaí Gaeilge mí-shásta leis an tsamhail seo den chuid is mó, mar sin féin, is ar éigin gur féidir leo a dhath a dhéanamh faoi ag an phointe seo.

Dar le Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge caillfidh gluaiseacht na Gaeilge  cuid mhaith saineolas nuair a chuirfear an plean seo i bhfeidhm.

Is é sin le rá is dócha, go gcaillfear saineolas mar go gcaillfear poist – go háirithe ag an leibhéal is airde má bhrúitear is má thachtar 19 eagraíocht le chéile go dtí nach mbeidh seisear acu ann.

Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh go gcaillfear 18 bpost mar gheall ar an phróiseas ach d’admhaigh sé gur a mheastachán féin a bhí i gceist – cuireann sé sin caint David ‘Drummer’ Drum i gcuimhne dom ar chúis éigin.

Tá Raidió Fáilte agus Raidió na Lífe slán de réir chosúlachtaí, mar atá an tÁisionad i mBéal Feirste.

Mar sin de, as na 16 phríomhfheidhmeannach fágtha, tá cluiche ‘musical chairs’ i gceist.

Tá cuma ar chúrsaí mar sin go gcaillfidh 10 ar a laghad as na 16 bpríomhfheidhmeannach atá ann i láthair na huaire a bpoist – níl rud ar bith deas faoi sin agus caillfidh daoine maithe poist s’acu ach le bheith iomlán fuarchúiseach faoi – shábhálfadh sé moll mór airgid.

An mbeadh sé ar leas na Gaeilge – an gcuirfeadh an méid airgid a shábhálfaí an caillteanas ó thaobh thaithí is saineolais de ar ceal – sin an bhuncheist.

Tá Foras na Gaeilge ag impí orainn an tsamhail nua a fheiceáil i gcomhthéacs na gciorraithe a chaithfidh siad a chur i bhfeidhm. Dar le figiúirí an Fhorais, idir na blianta 2008 agus 2012 baineadh breis agus 20% dá mbuiséad iomlán, suim is ionann agus €5m. Tá siad den tuairim go mbeidh ísliú suntasach eile le déanamh ar a mbuiséad i mbliana agus i 2014.

Mar sin féin, chuathas i mbun an phróisis seo mar go gceapadh go raibh barraíocht eagraíochtaí Gaeilge ann agus go mbeadh an tsamhail nua seo agus an sábháilt airgid mar gheall air ar leas na teanga.

Aisteach go leor, maidir leis an bhunphrionsabal de,  go mbeadh maoinithe bunaithe ar scéimeanna seachas ar bhun-mhaoiniú de – aontaím leis an Fhoras, bheadh sé níos fearr go teoiriciúil.

Ach bheadh sé sin ag bráth ar má aontaíonn tú le cur chuige Fhoras na Gaeilge ar bhonn  ídeolaíochta de – agus ní aontaím mar a tharlaíonn sé.

Seo an rud – labhair mé le cuid mhór daoine le seachtain anuas ar an ábhar seo agus bhíodar ar fad ar aon fhocal maidir le cén rud atá in easnamh óna sé chatagóir sa tsamhail seo, easnamh a mhothaigh siad go láithreach, an rud is tábhachtaí ar ndóigh – seachadadh teanga ó ghlúin go glúin.

Níl sé ar bharr an liosta, níl sé ann ar chor ar bith – b’fhéidir go bhfuil sé clúdaithe i gceann do na réimsí eile – ach fiú sa chás sin – tá sé léirithe nach gné thábhachtach an Ghaeilge sa toigh don Fhoras agus a máistrí polaitiúla.

images
An tábla caifé : An é seo an t-aon áit a bheas an Ghaeilge ceadaithe amach anseo?

Tá polaiteoirí na tíre, cosúil le muintir na tíre i gcoitinne, sásta cur suas leis an Ghaeilge – ach níl siad sásta réabhlóid teanga nó fiú athbheochan teoranta a éascú.

Ábhar buairimh eile ná go mbeidh na heagrais cheannais seo ag feidhmiú ar bhonn ‘Uile-Éireann’ – ciallaíonn sé sin go praiticiúil dar liomsa go mbeidh siad uilig bunaithe i mBaile Átha Cliath.

Déanann sé sin neamhaird iomlán ar an chríoch-dheighilteachas atá i bhfeidhm i nGluaiseacht na Gaeilge ó bunaíodh an Saorstát atá chomh mór is atá sé sa chuid eile de shochaí na hÉireann AGUS ar cé chomh deacair is a bheadh sé saineolas a bheith ag duine maidir le cúinsí teanga ar an dá thaobh den teorainn.

An bhfuil an Ghaeilge sa Tuaisceart chomh tábhachtach is atá sí sa Deisceart do roinnt mhaith Gaeilgeoirí ó dheas – i mo thuairim féin, bunaithe ar mo thaithí féin – chan fheil.

Dar liomsa, tá pobal na Gaeilge sna Sé Chontae ligthe síos ag an Aire Cultúir don Tuaisceart, Carál Ní Chuilín ó Shinn Féin, sa chás seo – polaitíocht ‘Uile-Éireann’ curtha roimh an Ghaeilge – an bhfuil rabhadh ansin don todhchaí?

[PS – tá píosa den scoith scríofa ag Pól Ó Muirí san Irish Times inniu, ag léiriú na difríochtaí bunúsacha a bhí i bpreas-ráiteas Gaeilge Shinn Féin agus an leagan Béarla. Maíonn na leagan Gaeilge – “Fáiltíonn Sinn Féin roimh c[h]inneadh F[h]oras na Gaeilge” – ag cur an milleán ar an Fhoras – ach deir an leagan Béarla “Sinn Féin welcomes funding for Irish language groups”, dhá fhocal – George Orwell.]

Cruinniú idir eagraíochtaí Gaeilge agus an Foras