Tuigtear go raibh cruinniú idir fhoilsitheoirí ‘An tUltach’, Comhaltas Uladh, agus Foras na Gaeilge inniu agus go raibh an cruinniú sin dearfach.
Tuigtear dúinn go bhfuil “spásas” ann don tUltach mar thoradh ar an chruinniú seo.
Bhí baol ann go mbeadh deireadh leis an iris sheanbhunaithe tar éis gur fógair FnaG go mbeadh deireadh lena maoiniú an tseachtain seo caite – rud a spreag raic in Ultaibh.
Beidh cruinniú ag CATT amach maidir leis an Samhail Nua Maonaithe agus táthar ag súil go mbeidh deireadh leis an phróiseas sin anois agus toradh air.
Tá fanacht fada beagnach thart.
Beidh tuilleamh againn ar an dá scéal seo amárach.
Céard sa diabhail é spásas?
“Reprieve” – bhí orainn seiceáil i bhFGB!
http://www.focal.ie/Search.aspx?term=reprieve
Téarma dlí nach dtuigfeadh mórán mar sin! Nach mbeadh “deis eile” níos sothuigthe. Nó “Tiocfaidh an tUltach slán” nó “Faoiseamh don Ultach”?
Shíl mise go raibh siad ‘spaced out’ 🙂