Tá pictiúr á chiorclú ar líne do shamhail fir á crochadh ar thine chnámha dílseach i mBéal Feirste a dódh san oíche aréir.
Táthar a mhaoímh gur samhail don Athair Matt Wallace is é ea seo.
Fuair an tAthair Matt Wallace bás go tragóideach an mhí seo caite, chuir sé lámh ina bhás féin.
Bhí clú agus cáil ar an Athair Wallace, bhí an-chion ag Caitlicigh air, tugadh “The People’s Priest”.
Fiú más féidir a chruthú nach samhail den Athair Wallace atá i gceist sa phictiúr, is cinnte gur casadh nua eaglach é seo ar na tinte cnámha go bhfuil samhail ar bith á crochadh.
Dódh brat na hÉireann, brat na Vatacáine, brat na Polainne agus brat na Palaistíne ar thine cnámha i mBéal Feirste Thoir aréir.
Cuireadh dealbh den Mhaighdean Muire a goideadh as Séipéal in Ard Eoin a ar thine cnámha ar Bhóthar na Seanchille le linn na seachtaine ach baineadh dó é agus tugadh ar ais do shagart é.
é.
i bpictiúr eile tá macasamhail an Phapa, gona chuid éadaí bána, ar bharr na tine. Tá mé ag déanamh gur beag a chuirfidh sé isteach air. Is sean nós é seo a théann siar go dtí mo óige ach ba bheag a chuir sé isteach orainn dáiríre. bhí rudaí eile ár mbuaireamh a bá thabhachtaí ná sin.
Coir fuatha.
Dlíodóir ar bith sásta glacadh leis an gcás seo?