Máta, leadóg agus Inis Mór

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

hInsíodh scéal suimiúil dom ar na mallaibh, faoi Mheiriceánach ar an ‘Late Late’ blianta ó shin, cuireadh ceist air, goidé a shíl sé do na hÉireannaigh agus dár nósanna.

D’fhreagair sé gur shíl sé go raibh muid ar mire glan, nuair a fiafraíodh de cén fáth, thug sé an míniú seo a leanas.

“Sa chás go mbíonn páiste ann in Éirinn, agus go mbíonn bua acu do leadóg ach go mbíonn deacrachtaí acu i dtaca leis mháta de, goidé a dhéanann tuismitheoirí Éireannacha ach iad a choinneáil ar shiúil as an leadóg agus teagascóir a íoc chun dian-chúrsa máta a thabhairt dóibh.”

Dar leis go bhfuil sé sin seafóideach, gur cheart dúinn díriú isteach ar an leadóg agus gan a bheith róbhuartha faoi mháta sa chás sin.

Chuireas dúspéis sna cúinsí áirithe sin agus chuir mé ceist ar thuismitheoirí goidé a dhéanfadh siad sa chás áirithe seo, gan eisceacht bhíodar ar an fhocal faoi – amach leis na leabhair mháta agus caith an raicéad leadóige úd sa bhosca bruscair.

Ní dóigh liom go mbeidh leithéid Andy Murray ag teacht ón tír seo go luath!

dun-aengus-inis-mor
Dún Aengusa, Inis Mór

Tháinig an scéal seo chun cuimhne dom  agus mé ar bhád farantóireachta tráthnóna Dé Domhnaigh, ar mo bhealach ar ais as Inis Mór Árann, tar éis an-sult a bhaint as lá a chaitheamh istigh san oileán.

Chuaigh fiontraíocht mhuintir an oileáin agus go leor acu thíos ag an ché ag iarraidh seirbhísí a dhíol linn agus fógraí a thabhairt dúinn i bhfeidhm orm. Chuir an eispéireas Ryanair i gcuimhne dom, ag iarraidh gach pingin rua a fháil as do phóca a fhad is a bhfuil tú ansin.

Anois ná bíodh aon mhíthuiscint ann, ní maslú é seo ach moladh ó chroí. Tá ardmheas agam ar dhíograis mhuintir an oileáin seo agus a gcumas chun teacht i dtír go maith ar a bhfuil d’acmhainní acu.

Rith sé liom is mé ar an bhád, cé nach bhfuil neamhaird á dhéanamh acu ar an mháta, tá muintir Inis Mór ag díriú ar an leadóg thar aon rud eile, má thuigeann tú leat mé. Tá siad ag baint an leas is mó agus is féidir as an gcumas atá acu – as a scéalta, as a n-oidhreacht, as a stair agus as áilleacht nádúrtha na háite.

An bhfuil ceacht anseo don tír ar fad? Ar cheart dúinn ar fad an rud céanna a dhéanamh?

Kinnahalla
Lag a’ Bheithe, Cluain Daimh, Co. an Dúin

Don dara sheachtain as a chéile, caithfidh mé mo bhaile dúchais féin a lua, Cluain Daimh. Ní dhéanann muid aon rud i dtaca leis an turasóireacht de agus déanta na fírinne, bheadh go leor daoine in amhras faoi, buartha faoi rialacháin a chuirfeadh bac ar an fheirmeoireacht agus ar an tógáil.

Ach tá óstán againne, corr theach tábhairne maith, móta agus bábhún, coillte, iascaireacht, an-saibhreas seandálaíochta, cromleac den scoth agus gan amhras na Beannaí Boirfe ar leac an dorais, ach ní shaothraíonn muid oiread is pingin rua ar na rudaí seo. Tá mé ag déanamh go bhfuil go leor áiteanna eile sa tír díreach cosúil linn.

B’fheadfaí gur cheart dúinn gan a bheith róbhuartha faoin mháta agus díriú isteach ar an leadóg seo?

Tá an-bhéim ar fad á chur ar thionscail na teicneolaíochta, an geilleagar digiteach cliste mar a déarfá i láthair na huaire agus is ann atá ár ndóchas á chur maidir le biseach eacnamaíochta.

Chuige sin tá an-bhéim á chur ar mháta sa chóras oideachais faoi láthair agus pointe bónais á thabhairt don ábhar – mar sin an rud a d’iarr cumhachtaí tionscalaíochta.

Má tá, tá go leor cainte ann faoi stádas na Staire mar ábhar scoile a ísliú sa chóras oideachais, agus an Ghaeilge féin fiú, na rudaí céanna a bhaineann muintir Inis Mór an-tairbhe eacnamaíochta astu.

Seans gur damhsoirí, scríbhneoirí, cainteoirí, galfairí, ceoltóirí agus siamsóirí sinne ó dhúchas, seans gur cheart dúinn díriú ar an turasóireacht seachas ár n-uibheacha ar fad a chur i gciseán na teicneolaíochta amháin?

Agus ar ndóigh, ní leor teicneolaíocht amháin, is é an chruthaíocht agus tairgíocht croí na hidirlíne thar aon rud eile, níl sa teicneolaíocht ach an meán.

Dála an scéil, bhain mé mo sháith suilt as an Inis Mór agus a muintir agus cibé goidé rud a deir duine ar bith, Gaeltacht ‘catagóir A’ is ea Inis Mór go fóill dar liomsa.

Mac Seáin : “Is bocht ár ndíbhinn”

Óráid Shéamuis Mhic Sheáin ag seoladh leabhar Fheargail Mhic Ionnrachtaigh, Language, Resistance and Revival, sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh.

33_340
Séamus Mac Seáin, comhbhunaitheoir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe

Le déanaí hionsaíodh beirt  Ghael maith de mo lucht aitheantais i mBéal Feirste – Máirtín Ó Muilleoir an tArd-mhéara duine amháin acu agus údar an leabhair seo, Feargal Mac Ionnrachtaigh an duine eile.

hIonsaíodh Máirtín go fisiciúil ag dream  aineolach antoisceach atá á ghríosú ag polaiteoirí  biogóideacha agus hionsaíodh  Feargal  le drochíde béil  ag  pearsa mór le rá teilifíse  a bhí i láthair nuair a thug Feargal caint ag imeacht de chuid Fhéile an phobail. D’ionsaigh an fear seo é go fíochmhar cionn is go raibh sé de dhánaíocht ann mar Fheargal  an dochar a rinne an coilíneachas in Éirinn do chultúr agus teanga na cosmhuintire a  shainmhíniú don lucht éisteachta.

Bhí an fear seo ar buille go raibh Feargal a léiriú  taobh d’imeallú agus bású na Gaeilge nach raibh ag teacht leis an dearcadh “happy clappy” atá aige féin ar an teanga agus chuir sé i leith Feargal go raibh sé ag  tarraing na Gaeilge isteach sa pholaitíocht agus ag baint úsáid aistí mar uirlís chogaí.  Is fear mór síochána é an fear céanna nach  n-abródh ‘boo’ le duine ar bith dar leat ach a thaispeáin taobh eile dá charachtar nuair a bhuail sé suas le duine a bhí ag nochtadh  barúil nach raibh ag teacht lena dhearcadh féin.

Ach cé hé an Feargal  mac Ionnrachtaigh seo a tharraing fearg  fhear na teilifíse air féin.  Poblachtach ó thaobh na dtaobhán é agus fear a chreideann i leas na cosmhuintire thar aon ní eile. Is dual mhuintire dó a bheith mar sin nó  daoine  uaisle a ba iad a mhuintir agus poblachtaithe go smior a d’fhulaing a lán ar son na cosmhuintire lena linn féin agus ar maraíodh mac dá gcuid go fabhtach ag dílseoirí agus é amuigh ag saothrú  ar son bean agus páistí.

feargal
Feargal Mac Ionnrachtaigh, údar agus gníomhaire Gaeilge agus pobal

Is den dream sin é Feargal  fosta a fuair iomlán a chuid oideachais fríd mheán na Gaeilge  tá Aisling Ní Labhraí ar dhuine eile acu chomh maith.  Ó naíscoil go bunscoil go meánscoil agus go hOllscoil uilig fríd mheán na Gaeilge áit ar chuir sé barr feabhais ar a chuid Gaeilge agus  áit ar scríobh sé filíocht agus gearrscéalta  sa teanga. Sin réabhlóid ann féin.  Mar sin is fear éirmiúil é  agus is é an leabhar seo  toradh a chuid oibre  mar  mhac léinn PHD. Is í an chéad dochtúireacht í a bronnadh ar iardhalta de chuid Choláiste Feirste ar feadh mo eolais agus tá mé cinnte go bhfuil a mhuintir agus an scoil ar aon bródúil as.

Bhí baint agam le bunú agus forbairt Choláiste Feirste ag tús a  ré breis agus fiche bliain ó shin.   Bhíodh aithne éigin agam ar chuid dena daltaí a tháinig isteach sa chéad chúpla bliain ach de réir mar a d’fhás an scoil  ní bhíodh aithne ró mhór agam orthu agus ní go dtí a bhliain dheireanach sa scoil  is cuimhin liom Feargal a fheiceáil.

Nuair a tháinig Tony Blair i gcumhacht  chuir sé fear a raibh John McFall  chugainn  mar aire oideachais abhus agus  ní raibh sé i bhfad sa phost nuair a d’iarr sé  a theacht ar chuairt chuig Meánscoil Feirste agus thuit sé ar mo chrannsa i gcuideachta an phríomhoide Feargus Ó hÍr  é a thionlacan thart ar an scoil. Ag deireadh a chuarta d’iarr sé labhairt leis an tséú bhliain agus d’fhiafraigh  sé  díbh an raibh suim ag duine ar bith acu sa pholaitíocht.  Chuir  gasúr amháin a lámh suas agus  d’fhiafraigh mo dhuine de cad é an páirtí a dtabharfadh sé tacaíocht do.  “Oh I’m not fussed,” arsa an gasúr, “as long as its an anti-Brit party.” Bhain sin siar as McFall agus d’imigh sé gan focal as.  Ba é Feargal  Mac Ionnrachtaigh an gasúr sin a chuir McFall ina thost agus an té ar chuir mé aithne air ar ball agus é ag obair le Forbairt Feirste. Tá sé ina chathaoirleach ar Ghlór na Móna,  grúpa atá ag iarraidh  an Ghaeilge  a chur chun tosaigh  agus leas an phobail a dhéanamh  san am chéanna in Uachtar Chluanaí.

Ar bhealach tá Feargal agus a ghrúpa ina gcomharbaí ar ghrúpa eile de Ghaeil a rinne sárobair sa cheantar chéanna ar son na Gaeilge agus ar son leas an phobail  breis agus daichead bliain ó shin mar a bhí Séan Mac Goill, Séamus de Napier, Ciarán Ó Catháin, Annraí Ó Catháin, Seán Mac Seáin agus Donncha Ua Bruadair ach go ndearna siad é le linn chogadh fuilteach a bheith ag dul ar aghaidh.

I 1969 tharla mé ag obair ag Comhaltas Uladh abhus agus hiarradh orm  labhairt le hoiread daoine agus b’fhéidir  le dearcadh daoine a fháil ar chur chun cinn na Gaeilge i measc na gnáthmhuintire. Labhair mé le céimí Ollscoile as an Fhrainc a bhí ag déanamh phd. ar Chonradh na Gaeilge ag an am ach nuair a d’fhiafraigh mé de cad chuige a raibh suim aige sa teanga dúirt sé nach raibh suim ar bith aige sa teanga ach go raibh sé ag déanamh staidéar ar an Chonradh mar fheiniméan sóisialta a bhí ag obair i measc an phobail choitianta  féachaint lena saol a athrú.

Bhí suim aige sa réabhlóid sóisialta  a bhí ar bun ag an chonradh agus ní ar an teanga per se.  Ba sa bhliain chéanna sin a dódh Bombay Street  agus is suimiuil gur Ghaeil a ba iad na daoine a chuaigh i mbun na hatógála agus a chruthaigh eastát Tionsclaíoch na Carraige Báine d’aon ghnó le leas an phobail a dhéanamh go díreach mar a rinne Conradh na Gaeilge ag an tús.  Is den mhúnla chéanna sin é Feargal agus a ghrúpa ceapaim agus ní iontas ar bith é mar sin gur roghnaigh sé ábhar an leabhair seo mar théama a dhochtúireachta. Image

“Its the fools role to speak truth on to power” a léigh mé áit éigin ar na mallaibh. Agus más ea is seort  amadán é Feargal a bhuí le Dia nó insíonn an leabhar seo an fhírinne do lucht cumhachta inár measc gan fiacail a chur ann.  Ba cheart cóip den leabhar seo a bhronnadh  ar gach  polaiteoir a labhraíonn ar ár son  nó tugann sé iarraidh dar liom a mhíniú  cén fáth nach bhfuil an chosmhuintir abhus ag baint tairbhe as cibé díbhinn síochána a ba cheart a bheith ann de bharr deireadh a bheith leis an chogadh, ar fhulaing siad an oiread  sin mar gheall air.

Cén fáth mar shampla a bhfuil an ráta  dífhostaíochta a dhá oiread níos mó go fóill sna ceantair phoblachtacha agus atá sé sna ceantair Aontachtacha, ainneoin cumhachtroinnt cumhachta a bheith i ann  le 13 bliain  agus 15 bliana déag i ndiaidh chomhaontú Aoine an Chéasta nó cén fáth a bhfuil  breis agus 50%  de dhéagóirí  gan obair  nó  cén fáth a bhfuil  an ráta  drochshláinte i bhfad níos airde  in Iarthar Bhéal Feirste ná i gceantar ar bith eile? Nó cén fáth a bhfuil  bás leanaí  i ndiadh á mbreithe níos airde?

Agus cén fáth a bhfuil liosta  i bhfad níos faide de dhaoine atá ag fanacht le teach  a bheith acu ná i gceantar ar bith eile? Cén fáth a bhfuil ráta bochtaineachta de 43%  i measc pháistí óga in Iarthar na Cathrach i gcomórtas le  21% in Oirthear na cathrach nó  cad chuige a mbíonn 60% de theaghlaigh gann ar bhia go minic nó  cén fáth  nach mbíonn go leor airgid ag 19% de theaghlaigh  Iarthar na cathrach le bróga a cheannacht dá bpáistí nuair atá siad de dhith  nó cén fáth go bhfuil  80%  de theaghlaigh beo ar  úsairí airgid le maireachtáil ó sheachtain go seachtain?

Agus cén fáth gur féidir le Peter Robinson a bheith ag maíomh  as an billiúin punt atá infheistithe ina dháilcheantar féin  in Oirthear Bhéal Feirste  ach nach bhfuil le maíomh as againn féin abhus ach dól nua ollmhór agus an t-ionad  sláinte  is mó  sa chathair  ag Beechhall.

Is bocht an díbhinn é sin dar liom ar son  40 bliain de  chruatan agus de fhulaingt  le linn cogaí agus an sin an fáth nár chaith ach 38% de mhuintir Iarthair na cathrach vóta sa toghchán dheireanach a bhí abhus.

D’fhéadfadh  an liodán sin de staitisticí  gruaim agus  éadóchas a chur ort ach i ndiaidh domh an leabhar seo de chuid Fheargail a léamh  tuigim nach aon éisceacht sinne sa tír seo  i taca le droch  shaoil na cosmhuintire de  i ndiaidh  réabhlóide  agus léiríonn Feargal gur tharla  a mhacasamhail fud fad an domhain  agus go háirithe sna tíortha sin ar ndearnadh  coilíniú orthu  ag  fórsaí impiriúlacha na hEorpa.  Ní haon iontas mar sin  go ndíríonn Feargal ar thíortha na hAfraice  agus ar an lorg a d’fhág an coilíneachas orthu sin agus tá go leor tagairtí sa leabhar  do scríbhneoirí  Afraiceacha  a scríobh faoin ábhar.

Is minic a chuirtear an Aifric Theas agus  an Stát  seo  againne ó thuaidh i gcomparáid  le chéile  ó thaobh  chinedheighilt agus  chreideamh-dheighilt   de agus throid daoine go cróga ina choinne agus d’fhulaing daoine a lán mar gheall air. Bíonn  ceannairí  polaitíochta  abhus  ag maíomh go minic as chomh cóngarach agus atá siad  do cheannairí an stáit nua  san Aifric Theas  ach níl a fhios agam an ábhar maíte é  stát nua  na hAfraice Theas  ach oiread lenár gceann féin,

Tá a fhios againn gurbh é Bobby Sands na Réabhlóide san Afraic Theas é Steve Biko agus gur mharaigh an Stát cinedheighlteach go brúidiúil é.  Laoch agus fear cróga gan amhras ach féach  anois  a bhean, a throid go cróga ina chuideachta,  ag rá gur stát coirpeach (corrupt!)  é an Afraic Theas  a bhfuil an réabhlóid  truaillithe  ag a cheannairí agus an saibhreas, an cúbláil airgid  agus an chumhacht  ina  bpríomh spriocanna acu cé  gur iarthrodairí ar son  na saoirse  is ea iad cuid mhór acu a chaith sealanna fada i bpríosún. Tá bean Bhiko anois  i mbun pháirtí  nua a bhunú le cur i gcoinne an ANC agus an choirpeacht a ghabhann leis. Tá tacaíocht an Easpaig Tutu aici san iarracht sin ach beidh troid aici nó tá  préamhacha na coirpeachta sáite go domhan  i sochaí na hAfraice Theas faoin am seo.

Caidé a  tharla mar sin do réabhlóid na hAfraice Theas  agus do réabhlóid  Bhobby Sands abhus go bhfuil  an chosmhuintir chomh holc as agus a bhí siad ariamh ainneoin lucht na réabhlóide a bheith i gcumhacht?  Tá míniú ag Feargal  sa leabhar seo  ceapaim ar caidé a tharla . Tá sainchursíos déanta aige ar oibríochtaí an nua-choilíneachais fríd an domhan agus an dóigh  a n-oibríonn an nua-coilíneachas i dtíortha  i ndiaidh  réabhlóide agus an dóigh a ndéanann an stát na  reibiliúnaithe a chomh shamhlú leis an stát nua le go leanfaidh an coilíneachas  ar aghaidh  ach é faoi cheannas eile.
Go hiondual nuair a thógann na nua-chóilinigh  smacht  ar chóras an stáit, líonann siad postanna agus coistí le daoine atá  ar aon intinn leo féin  agus  déanann siad  imeallú ar dhaoine atá  neamhspleách ina ndearcadh.  Cosctar saoirse chainte agus  cuirtear béalbhac  ar dhaoine nach nglacann le grúpa smaoinimh  na máistrí.  Is le fabhar agus le breabanna  go minic a  ranntar achmhainní  ar an phobal  seachas  de réir cearta nó riachtanais.   Sin tús na coirpeachta agus i ndiaidh tamall  glactar leis mar nós nó ní féidir leis an  phobal  feidhmiú  gan géilleadh do chóras an chara sa chúirt agus  an binn béal ina thost má tá siad ag  iarraidh rud éigin a chur i gcrích.

Is ar an dóigh sin a cheannaítear tost agus ag an phointe sin tá corpas iomlán  polaitíochta an phobail truaillithe agus glacann sé iarracht ollmhór lena bhogadh. Tá an pointe sin sroichte sa Aifric theas de réir cosúlachta ach is í an cheist atá ann an bhfuil sé sroichte againn go fóill inár mbaile dhúchais? thig libh féin tomhas a dhéanamh ar sin ach sibh breathnú thart oraibh. An bhfuil sainchomharthaí an nua-chóilíneachais le sonrú inár measc.

An bhfuil na grúpaí pobail den chuid is mó i seilbh daoine atá ar aon fhocal leis an bhunaíocht ó thaobh leas an phobail de? An bhfuil achmhainní an phobail a rannadh orthu sin atá umhal do na daoine a bhfuil téada an sparáin acu? an sin an fáth nach bhfuil ruaille buaille agus ágóidíocht ar bun faoin droch dhóigh atá ar an chosmhuintir i Iarthar Bhéal Feirste mar shampla ainneoin an líon is mó grúpaí pobail sa chathair a bheith lonnaithe ansin?  An bhfuil saintréithe an nua-chóilíneachas chomh bunaithe sin anois inár measc go bhfuil gach duine spleách ar a bhunaíocht ar son airgid agus postanna agus go mbíonn sé deacair labhairt amach ar eagla míshásamh a chur ar pháirtithe na bunaíochta nó mar a dúradh le poblachtóir amháin a ghlac seasamh faoi éagóir a bhí á dhéanamh ar Ghaeil óga “stop it you’re embarrasing the minister.”

An sin an fáth a dtiocfadh le hAirí de chuid Shinn Féin cearta saor thaistil a dhiúltú do pháistí Gaelscoile ainneoin ordú cúirte a bheith ann gur cheart a chur ar fáil nó go dtacaíonn Aire poblachtach le cinneadh na roinne oideachais go bhfuil sé inghlactha an lá atá inniú ann go mbeadh ar pháistí Ard Eoin dul síos bóthar na Seanchille go Coláiste Feirste agus nach bhfuil  siad i dteidil buspás a bheith acu? An sin an áit a bhfuil muid anois agus an bhfuil muid sásta glacadh leis? Ní shílim gur ar a shon sin a fuair Bobby Sands bás agus d’fhéadfadh leabhar seo Fheargail  soiléiriú a dhéanamh ar caidé atá ag titim amach sa tsochaí ina maireann muid agus go háirithe don chuid againn a thuigeann go bhfuil rud éigin mí cheart ach nach dtig linn focail a chur air. Is tús tuiscinte é an t-eolas agus tá sin curtha ar fáil ag Feargal i mo thuairim.

Tá athrú iomlán poirt de dhith i mo thuairim má tá an chosmhuintir lena gcearta a bhaint amach ach monuar ní an ascaill mhaorga go hallaí marmair Stormont atá an bealach chuige. d’fhéadfadh leabhar seo Fheargail solas a dhíriú ar an bhealach chuige ach é a bheith léite go forleathan.

Ceannaigh an leabhar agus léigh é. Tá ábhar machnaimh ann.

An bhfuil tuairim agat féin a ba mhaith leat a fhoilsiú – abair linn antuairisceoir@gmail.com, fiú má tá sé foilsithe cheana ar do bhlag féin bheadh fáilte roimhe! Is togra deonach pobal é seo atá ag bráth ar dhea-thoil an phobail.

Féach chomh maith

Language, Resistance and Revival”

Tionchar na Jailtachta faoi scrúdú

Cleamhnas idir Fhianna Fáil agus Fine Gael?

Ba cheart cuimhneamh ar chomhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis an Chéad Olltoghchán eile a scríobhann Seán Mícheál Ó Donnchadha

pa-10341145-390x285
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny (ar chlé) agus Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil ar dheis – arbh fhéidir dá ndá pháirtí teacht le chéile faoi dheireadh?

De ghnáth i bhformhór tíortha daonlathacha san Iarthar bíonn páirtithe polaitíochta roinnte idir chlé agus dheas. Ar an drochuair in Éirinn de dheasca an chogaidh Cathartha tá an feiniméan ar a dtugtaí  “an dá pháirtí go leith” i.e Fianna Fáil, Fine Gael agus leath pháirtí an Lucht Oibre. Ba thír láidir Chaitliceach í Éire ón dtosach a bhí caomhach ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus sílim gurbh é sin an fáth nár dhein an Lucht Oibre an fhorbairt chéanna agus a dhein a mhacasamhail  i dtíortha eile.

Bhí thar 80% den vóta ag SF in olltoghchán 1918 agus tar éis na cogaí cathartha scoilt an vóta seo idir Cumann na nGael, réamhtheachtaí Fhine Gael agus Fianna Fáil a bhunaigh Eamonn De Valera  i 1926. Bhí an lámh in uachtar ag an dá pháirtí caomhacha ón dtús agus lean cúrsaí mar sin go dtí an lá atá inniu ann.

Dála an scéil déanfar scrios ar Pháirtí an Lucht Oibre san chéad olltoghchán agus tá an chosúlacht ann go n-aistreoidh vóta an eite chlé go SF, nach fíor pháirtí den eite chlé in aon chor. B’fhéidir go bhfuil sé in am do FF agus FG smaoineamh ar dul isteach i gcomhrialtas tar éis an chéad olltoghchán agus SF  a choimeád amach as an rialtas do chomóradh chéad bhliain Éirí amach na Cásca 1916, rud a  ghoillfidh go mór ar Ghearóid Mac Ádhaimh mar bhí sé ar intinn aige a bheith sa rialtas ó thuaidh agus ó dheas don chomóradh stairiúil.

Agus í ag labhairt ag Scoil Samhraidh William Carleton i dTír Eoghain le déanaí d’iarr iarAire FF Mary  O’Rourke ar FF agus FG dul isteach i gcomhrialtas tar éis an chéad olltoghchán. D’úsáid sí mar spreagadh “ceann des na haithisc  is flaithiúla agus is neamhchlaonta a thugadh riamh” ag a iar-nia, Aire Airgeadais ag an am, Brian Ó Lionnacháin, an chéad bhall de FF a thug an t-aitheasc stairiúil ag comóradh bliana bás Mhichíl Uí Choileáin ag Béal na mBláth i 2010.

Ina óráid dúirt Ó Lionnacháin “Níl na difríochtaí  idir FF  agus FG inniu sainithe [defined] ag an gCogadh Cathartha ná níl siad ar feadh tréimhse fhada. Bheadh sé áiféiseach dá  raibh siad.”

“Tá an tréimhse seo inár stáir ag bogadh as cuimhne de réir a chéile. Iarraimid  ar mhuintir an tuaisceart maireachtáil agus oibriú taobh le chéile in ainneoin an áir agus dhobróin [grief] ó choimhlint a tharla i bhfad níos déanaí agus a bhí i bhfad níos fadtréimhsí”. Agus é ag tagairt do theacht comóradh  chéad bhliain Éirí amach na Cásca dúirt Ó Lionnacháin” Dá bhféadfaí féachaint ar an chomóradh inniu mar ghníomh phoiblí  breise d’athmhuintearas stairiúil ag ceann de láithreacha beannaithe stair na h Éireann beidh mé bródúil as mo pháirt féin ann.”

gerry-adams-td
Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams – an gcuirfeadh Fianna Fáil agus Fine Gael deireadh le polaitíocht Chogadh na gCarad chun a chinntí nach mbeadh Sinn Féin mar chuid den rialtas ó dheas?

Tá an pearsanra teilifíse ó Chorcaigh Bill O’Herlihy ag tabhairt na hóráide stairiúla i m Béal na          mBláth i mbliana. Tá cúlra aige i FF, vótáil sé do Sheán Ó Loinsigh tráth, agus bhí sé ag obair le Garrett Fitzgerald mar chomhairleoir mheán chumarsáide. Dúirt sé go mbeidh sé ag caint faoin téama seo ina aitheasc  i mbliana agus cé go bhfuil difríochtaí polasaithe idir FF agus FG fós bhí a lán rudaí  comhoiriúnach [compatable] acu.

Rinne beirt ollamh  le polaitíocht i gColáiste na Tríonóide, Michael Gallagher agus Michael Marsh, suirbhé ar 1700 ball de FG i 2002. Bhí móramh a cheap nach raibh aon difríochtaí polasaithe idir an dá pháirtí agus daoine a dúirt go raibh dhifríochtaí áirithe idir na páirtithe. Ba é polasaithe faoi Thuaisceart Éireann, chúrsaí cánach agus thalmhaíocht ba mhó a luadh faoi difríochtaí idir na páirtithe. Ní  dúirt ach 5% gurbh é polasaithe faoin Aontas Eorpach an difríocht is mó idir na páirtithe.

Tar éis shocrú Aoine an Chéasta níl aon difríocht idir polasaí FF agus FG faoin tuaisceart. Tar éis an  reifrinn  thuaidh-theasn glacann an stáit ó dheas go mbeidh tuaisceart na hÉireann mar bhall den Ríocht Aontaithe fad agus tá móramh sa tuaisceart i bhfabhar an tsocraithe sin.

Tá an polasaí céanna ag an dá pháirtí faoi chúrsaí cánach, ráta cáin chorparáideach de 10% ar chomhlachtaí agus cáin phearsanta íseal chomh fada agus a íocann sé as seirbhísí poiblí maithe. Caithfimid polasaí an Eoraip a leanúint faoi chúrsaí talmhaíochta agus na hEorpa agus a bhuí sin níl sé i gceist go bhfuil aon difríocht idir FF ná FG faoi na polasaithe seo.

Fiú agus an ghéarchéim eacnamaíochta is mó i stair na tíre ar na bacáin tá an comhrialtas faoi stiúir FG ag leanúint go cruinn an  polasaí déine a bhí aontaithe ag FF  leis an Triúracht sar a  d’áitrigh an rialtas, beag beann ar aon ionchur ó pháirtí an Lucht Oibre. Maidir le cúrsaí eacnamaíochta sa todhchaí  beidh aontas baincéireachta ann faoi cheannas Banc Ceannais na hEorpa agus beidh smacht i bhfad níos mó ag an Aontas Eorpach ar  Bhanc Ceannais na hÉireann agus fiú faoi bhuiséad na hÉireann. Fágfaidh sé sin nach mbeidh aon difríochtaí idir FF agus FG faoi gheilleagar na tíre ina mbeidh na cinntí tábhachtacha  déanta sa Bhruiséil.

Dar an suirbhé bhí tromlach baill FG i bhfabhar cónascadh [merger] le FF. Faraor ní tharlóidh an cónascadh sin ar an toirt. Ar an láimh eile tá seans nach beag  go mbeidh comhrialtas idir FF agus FG  tar éis  gach rud a tharla le déanaí, an borradh agus cliseadh, [boom & bust] an ghéarchéim, teacht na Triúrachta,  déine  agus go mór mór beagnach scriosadh FF. Dar le Paddy Power is comhrialtas idir FF agus FG  rogha na coitiantachta tar éis an chéad toghchán  eile ag 5/4 chun tosach ar chomhrialtas idir FG/LO ag 11/8.Foilsíodh pobal bhreith Red C a thaispeáin FG (29%), FF (22%) nó  51% v rogha mhalartach níos radacaí, neamhspléachaigh (23%), SF (15%), agus an LO (11%), i.e 49%.

Meon Éanna Uí Chionnaith

Agus a chumhacht dosháraithe i FG chuir  Éanna Ó Cionnaith gearáin i gcoinne FF le déanaí sa Dáil go raibh “ais chlaonpháirteachais” [axis of collusion] idir iad agus an Banc Angla Éireannach agus é soiléir nach bhfuil suim dá laghad aige i gcomhrialtas le FF i 2016, nó riamh. Tá gach cosúlacht ann go n-úsáidfidh FG agus an LO an fiosrúchan bainc, chun FF a choimeád as oifig ar feadh téarma eile, nó glúin eile nó go deo fiú.

Ach seans go bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire, áfach, mar bhí teangmháil le hÉanna Ó Cionnaith le feidhmeannaigh sa Bhanc Angla Éireannach freisin mar a foilsíodh san ‘Irish Independent’. Ach tá lucht FF buartha mar a léirigh na ráflaí a bhí sna meáin le déanaí faoi cheannasaíocht  Mhíchil Uí Mhairtín. Dúirt baill de bhinse tosaigh FF le comhfhreagraí  nuachta le déanaí nár cheart go mbeadh baint ag aon aire a bhí freagrach leis an Triúracht a thabhairt isteach le haon rialtas sa todhchaí, rud a mbeadh impleachtaí ann do cheannaireacht Mícheáil Uí Mháirtín.

Ina chéad aitheasc mar Cheannaire nuathofa  ar FF go dtí a chéad  Ard Fheis gabh Míchaél Ó Máirtín leithscéal. Dúirt sé “rinneamar botúin, rinneamar rudaí mí cheart agus tá brón orainn faoi seo”. Bhí an chosúlacht ann gur mhaith muintir na hÉireann FF agus iad ar chomhchéim le FG i mí an Mheithimh ar 29%  ach braitheann a lán ar cad a thiocfaidh amach san fhiosrúchán banc.

Tá an gunna i lámha Ó Cionnaith maidir le críochnú an fhiosrúcháin a mhairfidh go dtí tosnú an toghchán áitiúil. Tá dealramh ann nach ndéanfaidh torthaí an fhiosrúcháin aon rud chun fearg na cosmhuintire a mhoilliú faoi bhotúin FF agus an méid a d’fhulaing siad dá réir.

Ní féidir le comhrialtas de  FG agus an LO talamh slán a dhéanamh de go dtiocfaidh siad ar ais sa rialtas as ucht  Polasaí Déine na Triúrachta a chuir i gcrích go daingean tar éis na hidirbheartaíochta a bheith déanta ag FF leo.

Fágann sé sin an rogha mhalartach níos radacaí de SF faoi  cheannaireacht  Gearóid Mac Ádhaimh nach bhfuil gean an phobail ar ó dheas, bailiúcháin de neamhspleáchaigh anaithnid agus fuílleach Pháirtí an Lucht Oibre. Dúirt Albert Reynolds tráth agus é ag caint faoi Bertie Ahern gur mhaith le muintir na hÉireann cá maireann a dTaoiseach. Bheadh sé suimiúil a fháil amach cad a cheapann muintir na hÉireann faoi thurasanna Ghearóid Mhic Ádhaimh sa veain dhubh sin  leis na fuinneoga daite amach chun bualadh le bithiúnach nach féidir le Gearóid aon eolas a thabhairt faoi do na  Gardaí.

An cheist é seo go bhfuil dlí amháin do Ghearóid agus dá chompánaigh agus dlí na tíre don chuid eile againn, cosúil leis an turas go Meiriceá le haghaidh cóireáil leighis, agus gan bheith ag feitheamh i scuainí  lofa  Feidhmeannas na Seirbhísí  Sláinte agus é íoctha ag an earnáil phríobháideach sin a bhíonn Gearóid ag tabhairt amach fúthu sa Dáil.

Mar sin,  is é a bheidh fágtha ná comhrialtas de FG agus FF, faoi cheannaire nua ó Chorcaigh, (idir Simon Coveney agus Michael  McGrath) chun an tír a threorú, tar éis imeacht na Triúrachta ó 2016 ar aghaidh. Thabharfadh  sé rialtas seasmhach dúinn agus gan aon rian de veain dhubh le feiceáil.

 

Coláiste Feirste sa 7ú áit

D’ainneoin gur tháinig torthaí GCSE Choláiste Feirste faoi ionsaí ar na mallaibh, léiríonn torthaí a foilsíodh inniu go bhfuil an scoil sa 7 áit i measc scoileanna, nach scoileanna gramadaí, iad maidir le torthaí GCSE.

education-Colaiste-Feirste-Belfast-2-lg
Coláiste Feirste, Béal Feirste

Déantar an scrúdú seo sa chúigiú bhliain ar an mheánscoil sa Tuaisceart.

Léiríonn na figiúirí a foilsíodh san ‘Irish News’ inniu don bhliain 2011/2012, go bhfuair 94% de dhaltaí an Choláiste 5 GCSE nó níos mó ag na gráid A* go C, sa 7ú áit sna Sé Chontae agus chun tosaigh ar go leor scoileanna gramadaí fiú.

Ní raibh ach meánscoil amháin (nach scoil ghramadaí í) chun tosaigh ar Choláiste Feirste i mBéal Feirste, sin St. Louise’s.

Mhaigh Danny Kinehan ón UUP sa Belfast Telegraph ar na mallaibh …

“On the issue of quality education, figures show that, in 2012/13, 43.5% of pupils who attended the only Irish-medium post-primary school, Colaiste Feirste, achieved five GCSEs, including English and maths at grades A* to C. This is significantly below the overall Northern Ireland average of 60.1% for post-primaries.”

Cé go bhfuil dhá bhliain difriúla i gceist, is soiléir go bhfuil an-difear idir an dá chéadatán maidir le torthaí GCSE sin agus tá sé sin á fhiosrú ag an suíomh seo.

Mar fhreagra ar an tuairim sin, scríobh príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Dr. Mícheál  Ó Duibh sa pháipéar céanna ….

“Regarding the question of whether Irish-medium schools deliver a quality education, the previous chief inspector’s report, under the previous assessment arrangements, shows that 83% of Irish-medium pupils achieved Level 4 or above in English Keystage 2 assessments.

It also showed 79% achieved a similar standard in maths, out-performing their peers in English-medium schools. This trend continues under the new assessment arrangements.

I challenge Mr Kinahan’s defeatist presumption that the low percentage of pupils from a Protestant background at Irish-medium schools won’t change.”

Is é Coláiste Feirste an t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge neamhspleách ar scoil Bhéarla sna Sé Chontae i láthair na huaire.

Bunaíodh an scoil siar i 1991 le naoi ndalta go díreach faoin ainm ‘Meánscoil Feirste’.

Comóradh 10 mBliana na gCnocadóirí

Beidh comóradh 10 mBliana na gCnocadóirí ar siúl i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.

Bunaíodh an grúpa in 2003 chun deis a thabhairt do mhuintir an cheantar an Ghaeilge a labhairt agus iad i mbun cnocadóireachta.

Baill na gCnocadóirí sa Bhreatain Bheag.
Baill na gCnocadóirí sa Bhreatain Bheag.

Téann siad ag siúl i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus i sléibhte Chill Mhantáin dhá uair in aghaidh na míosa. Beidh siad ag dul ag siúl i gceantar Chill Bhríde Dé Domhnaigh seo chugainn (18 Lúnasa).

Eagraíonn na Cnocadóirí siúlóidí sa chathair uair sa tseachtain chomh maith.

Tiocfaidh baill an ghrúpa le chéile le haghaidh béile i mbialann Darwins, 80 Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2, Dé Sathairn 7 Meán Fómhair ag 7.30in.

Tá costas €27 ar an mbéile agus ní mór dóibh siúd atá ag iarraidh bheith i láthair áit a chur in áirithe. Is gá íoc roimh an Aoine 30 Lúnasa. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Christy Doughan ag cdoughan@eircom.net.

‘Aon Ghéilleadh’ – Gaeilge úsáidte ag an Protestant Coalition

Tá Gaeilge úsáidte ag an Protestant Coalition ar leathanach Facebook an pháirtí dílseachta conspóidí.

Chuir an páirtí físéan faoi Léigear Dhoire ar an leathanach Dé hAoine seo caite ach ní raibh gach duine sásta go raibh sé i nGaeilge (tuigtear gur cuireadh clár faisnéise faoin léigear i mBéarla ar an leathanach níos déanaí).

PCGaeilge

“I prefer the English translation rather than this Leprechaun language…NO SURRENDER,” a dúirt John MacLaughlin.

Dúirt an Chomhghuallaíocht áfach go bhfuil Gaeilge ag Protastúnaigh in Albain.

“tens of thousands of Scottish Protestants speak the Gaelic!!” arsa an páirtí.

Níor ghlac an tUasal MacLaughlin leis an dearcadh seo.

“Maybe so but we are in Northern Ireland and the majority speak the English language. Far too many times we see the likes of bbc and the media use this leprechaun language on the t.v. and in the papers. Everybody to their own but I shall not be using it as 99% of my friends wouldn’t understand me,” ar seisean.

Scríobh an Protestant Coalition ‘aon ghéilleadh’ ar an snáithe níos deanaí, an t-aistriúchán ar ‘no surrender’ atá ag Google Translate.

Cén bhail atá ar na páirtithe?

Agus Séasúr na Dála thart ar feadh bhliain eile amharcann Seán Mícheál Ó Donnchadha ar stádas na bPáirtithe Polaitíochta anois.

Fine Gaeldownload

D’éirigh go maith le FG agus go mór mór le hÉanna Ó Cionnaith agus an Bhille um Cheist na  mBeatha le Linn Toirchis tugtha isteach aigé in ainneoin gur gheall FG roimh an olltoghchán deireanach nach dtugaidís isteach reachtaíocht ar son ghinmhilleadh fiú chun breith na h Ard Cúirte ar son Cás X a dheimhniú agus gur caitheadh cúig Teachtaí Dála agus beirt Sheanadóirí amach as an bPáirtí agus iad ag cloí le seasamh an Páirtí sa toghacháin tá vóta FG fós ar 29% rud a chiallaíonn go bhfuil aird an phobail dírithe ar an eacnamaíocht go príomha seachas ceist an ghinmhilleadh.

Ar an lámh eile, tá cuid des na Teachtaí Dála i FG fiú daoine mar Emer Mulhern a vótáil ar son na reachtaíochta an-mhí –shásta agus má dhéanann Éanna Ó Cionnaith aon bhotún beidh siad ag féachaint ar a gceannaireacht.

Tá buiséad deacair le tabhairt tríd na Dála ag Ó Cionnaith i mhí Dheireadh Fhómhair agus an dealramh ann go mbeidh sé ina dhian-choimhlint lena comhghleacaithe sa comhrialtas, An Lucht Oibre. Tá siad son ag rá gur cheart  buiséad níos éasca a thabhairt isteach agus buntáiste a bhaint as an faoiseamh a fhuaireamar as an socrú maidir leis na Nótaí Gealltanais. Tá Michael Noonan i bhfábhar buiséad dian a thabhairt isteach agus gearradh siar de €3.1 billiún a dhéanamh.

Tá cuid des na hAirí mí-shásta mar tá an cumhacht go léir i lámha baill den Chomhairle um Bainistíocht Eacnamaíochta [ EMC-Economic Management Council], An Taoiseach, An Tanaiste agus an tAire Airgeadais, Michael Noonan agus an tAire Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin.

Dhá rud a chabhróidh le hÉanna Ó Cionnaith ná dá mbuafadh Maigh Eó Craobh na hÉireann i mhí Mheán Fhómhair agus an cosúlacht ann go mbuafaidh siad taréis an taispeantas a thugadar i gcoinne Dún na n Gall sa cluiche Ceathrú Ceannais agus dá mbeadh an tír ábalta imeacht as an Clár Tarrthála i ndeireadh na bliana, fáil réidh leis An Triúracht agus flaithiúnas na tíre a fháil ar ais. Bheadh cheart ag Ó Cionnaith dul isteach san chéad olltoghcháin eile mar an ceannaire a bhain flaithiúnas ar ais don tír taréis é a bheith caillte ag FF.

Fianna Fáildownload (1)

Bhí ag éiri go maith le Mícheál Ó Máirtín suas le mí Meitheamh. Bhí ag éirí go maith lena bhfeachtas chun áth-eagair a chur ar an bPáirtí agus FF ar comh chéim le FG  29% don chéad uair ó thosnaigh an géarchéim eacnamaíochta. Ansin tháinig ceist an ginmhilleadh agus dúirt an ceannaire go raibh sé i bhfábhar reachtaíocht ar son Cás X agus thug treoir don Pháirtí a shampla a leanúint. Ansin d’iarr Michael McGrath agus Dara Calleary cead saor vótala de réir choinsiasa agus bhí ar Ó Máirtín géilleadh. Bhí sé suntasach gurbh iad bheirt a bheadh i gcomórtas don cheannaireacht dá mbeadh Ó Máirtín ag seasamh síos a dhein an glaoch don saor-vótáil. Ar deireadh, vótáil dhá thrian den Pháirtí Páirliminte i gcoinne na reachtaíochta.

Gan dabht tá damáiste déanta do cheannaireacht Mícheál Ó Mairtín. Anois tá baill den Pháirtí ag caint faoin cheannaireacht arís agus iad ag rá nár cheart Ó Máirtín a bheith ina cheannaire ag dul isteach san olltoghchán atá ag teacht mar bheadh sé ro-shothalach a iarraidh ar mhuintir na hÉireann vótáil do Thaoiseach a bhí ar bhord Rialtais nuair a chaill an tír a flaithiúnas.

Tá sé curtha ina leith freisin  go bhfuil sé timpeallaithe ag líon an-bheag den Pháirtí, Avril Doyle agus Niall Collins san áireamh agus nach bhfuil sé ag éisteacht le héinne eile.

An Lucht Oibredownload (2)

Tá siad síos go dtí 11% sa phobalbhreith is deireannaí agus beagnach leath a chuid tacaíochta caillte acu ón olltoghchán deireanach agus leath de bhaill tofa an pháirtí imithe ar chúis amháin nó cúis eile. Tá easaontas i measc na gcúlbhinseoirí mar tá a fhios acu nach bhfuil puinn seans go dtoghfaí iad san olltoghchán atá ag teacht. Dá mbeidh drochthoradh sna toghcháin atá ag teacht an bhliain seo chugainn, toghchán áitiúil agus Eorpach, beidh deireadh le ceannaireacht Eamon Gilmore.

Níl aon dabht ach go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre in ísle bhrí agus go scriosfar iad san olltoghchán atá ag teacht mar bhriseadar a lán dá ngealltanais réam-thoghchán agus ba iad tacadóirí a Pháirtí a fuair an léasadh is mó ó na polasaithe déine atá an Rialtas reatha ag leanúint.

Sinn Féindownload (3)

Tá siad ag 15%, méadú beagnach 50% ar a vóta san olltoghchán deireanach. Agus an tóin taréis titim as an Lucht Oibre san eite clé níl ag éirí comh maith le SF agus ab fhearr leo. Tá fadhb i gcónaí leis an gCeannaire Gearóid Mac Ádhaimh nach bhfuil an svae leis ó dheas. Bhí sé ar intinn ag  Mac Ádhaimh bheith sa rialtas sa Tuaisceart agus sa Deisceart do Chomóradh Chéad Bhliain Éirí Amach na Cásca i 2016. Im thuairimse ní dhéanfaidh SF forbairt mhór ó dheas fad agus atá Mac Ádhaimh mar cheannaire. Bheadh sé níos fearr ag SF fáil réidh leis an gceannaire agus an leas-cheannaire Mary Lou MacDonald a thoghadh mar cheannaire.

Tá dhá fadhb eile ag SF. Tá siad i gcoinne gach rud agus is deacair in amanna a dhéanamh amach a gcuid polasaithe. Sa toghchán deireanach bhí siad i bhfábhar an Seanaid a choimeád ach é a leasú. Tá siad tar éis a mheon a athrú le déanaí agus iad ag rá gur cheart fáil réidh leis an Seanad. Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor do lucht an fhreasúra a bheith diúltach  faoi gach polasaí rialtais, fiú má tá fiúntas iontu.

Chothaigh SF san díospóireacht faoin ghinmhilleadh gur pháirtí iad atá ar son rogha nó ar a laghad go bhfuil siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí níos leithne ná na páirtithe eile seachas an Lucht Oibre. Tá siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcás éigniú ,ciorrú coil agus mínormáltacht mharfach féatais [rape, incest and fatal foetal abnormality]. Bheadh impleachtaí ag an seasamh seo do pháirtithe cosúil le FF dul isteach i gcomhrialtas leo taréis an chéad olltoghchán eile.

An Lucht Neamhspleách

Chruthaigh an díospóireacht faoin ghinmhilleadh nach bhfuil siad thar moladh beirte mar tá polasaí difriúla ag a lán acu. Bhí cuid acu mar Mattie McGrath agus Michael Healy Rae i gcoinne aon ghinmhilleadh a cheadú agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta. Bhí cuid eile mar Richard Boyd Barrett agus Claire Daly agus iad ar son rogha agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta mar bhíodar i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí i bhfad níos leithne. Tá siad ar 26% sa pobalbhreith is deanaí. Ní dóigh liom go bhfaighidh siad an vóta seo san toghacháin atá le teacht.

Coon lhien!

Coon lhien! Foddee oo cur cooney da’n ynnyd-eggey shoh.

Ta failt roish skeealyn, artyn tuarymagh, caslyssyn as smooinaghtyn.

Ta shin shirrey cooney oaylleeyn eddyrlhieen, margeeaght as Yernish chammah.

Ta shin shirrey cooid ‘sy Ghaelg as Gaelg Albinagh chammah.

Ta shin laccal coreggyree Albinagh er son ynnyd-eggey naightyn arryltagh – she screeu ‘sy Ghaelg Albinagh t’ayn.

antuairisceoir@gmail.com

Saoirse Cainte, tá sé ann nó nach bhfuil

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Sula ndéarfaidh mé faic na ngrást, lig dom mo chuid cártaí a chur síos ar an tábla, creidim go láidir i saoirse cainte, creidim gur bunchearta daonlathach é. Dearbh-cheart iomlán atá ann dar liomsa, an t-aon bhac a chuirfinn air ná ar ghríosú chun foréigean.

Deir Bunreacht na hÉireann go bhfuil ceart ag gach “saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bac.”

“Easaontaím lena bhfuil le rá agat, ach cosnóidh mé go bás do cheart é rá ,” a dúirt an Fealsúnaí Francach, Votaire, deirtear cibé ar bith. Inár n-am féin, dúirt an gníomhaire Meiriceánach, Noam Chomsky, “Mura gcreideann muid i saoirse cainte do dhaoine a bhfuil gráin againn orthu, ní chreideann muid ann ar chor ar bith.”free-speech

Aontaím go láidir leis an dís acu. Blianta ó shin, chreid an chuid is mó againn sin. Mothaím go bhfuil sé sin ag athrú áfach.

Bhí go leor taithí agam ar seo agus mé i m’eagarthóir nuachtáin. Is é sin le rá go raibh daoine an-mhí-shásta nuair a léigh siad tuairim nár aontaigh siad leo sa pháipéar agus go raibh siad den tuairim nár cheart go mbeadh a leithéid ann – ní hé go raibh siad ag iarraidh ceart freagartha – bhíodar ag iarraidh chinsireacht agus cosc a chur ar thuairimíocht ar bith nár aontaigh siad leo.

Daoine óga a bhí iontu seo den chuid is mó agus bhíodar i gcónaí ina liobrálaigh den eite chlé, gan eisceacht. Bhíodh daoine ón eite dheis iontach mí-shásta agus ag iarraidh cheart freagartha amháin ach ní bheadh siad ag iarraidh daoine eile a chur ina dtost.

Ar bhealach, is é an liobrálachas an ceartchreideamh úr, tá sé ag an phointe anois, cosúil leis an Mharxachas agus leis an Chaitliceachas roimhe, go gceapann sé go bhfuil an fhírinne aimsithe aige mar idéolaíocht, agus, mar a dúirt duine amháin liom, “tá an díospóireacht thart.”

Is é an rud a tharla ar ndóigh, ná go raibh an liobrálachas i gcónaí ar son shaoirse cainte agus coimeádachas i réim agus iad féin ag iarraidh an domhan a athrú, anois agus an malairt fíor, chan amhlaidh atá cúrsaí.

Títear domsa go bhfuil an liobrálachas tar éis athrú, ó idéolaíocht an duine aonair, go hídeolaíocht chomhchoiteann, ní don tsochaí ar fad ach do ghrúpaí sainspéise.

Le tamall anuas, bhí díospóireacht theasaí ann in Éirinn ar cheist an ghinmhillte, níl aon ábhar níos conspóidí ar an tsaoil seo agus níl an díospóireacht seo thart ar chor ar bith, níl sé ach ag tosú.

Bhí gníomhaíocht ghránna ar bun ag daoine áirithe ar an taobh ‘ar son beatha’ go cinnte, ar nós litreacha gan aithne a chur chuig polaiteoirí mar shampla.

Ach mhothaigh mé sa díospóireacht seo go raibh go leor míshástacht ann ar an taobh ‘ar son rogha’ go raibh an taobh ‘ar son beatha’ ann ar chor ar bith.

Chonacthas domsa go raibh daoine áirithe ag caint ar bhealach iontach contúirteach ag iarraidh chinsireacht a dhéanamh ar an taobh ‘ar son beatha’ agus ar ábhar feachtasaíochta s’acu.

Arís, má tá saoirse cainte le bheith ann, nach gcaithfidh sé a bheith ann do chách – go háirithe do na daoine a bhfuil gráin againn orthu nó ar a dtuairimí – nó an bhfuil an smaoineamh sin ag dul as faisean?

Thar aon rud eile, bhí go leor daoine míshásta gur labhair an Eaglais Chaitliceach ar an ábhar ar chor ar bith.

Ar ndóigh, creideann roinnt mhaith d’aos óg na hÉireann gur drochrud é an Caitliceachas nó aon chreideamh fiú agus gur rud olc go díreach é an Eaglais Chaitliceach mar gheall ar a teagaisc shóisialta agus thar aon rud eile an dóigh ar chosain an eaglais na sagairt is na bráithre a bhain mí-úsáid ghnéasach as páistí.

Mar sin féin, más cóir go mbeadh saoirse cainte ann do chách, nach bhfuil an Eaglais Chaitliceach san áireamh? Nach bhfuil an cead cainte ag an Eaglais Chaitliceach is atá ag grúpa sainspéise ar bith?

Ní gá éisteacht leo, ní gá aontú leo, caithfear ligin dóibh labhairt dar liomsa féin. An é go bhfuiltear ag iarraidh go mbeadh saoirse cainte ann – do chách a bhfuil dearcadh liobrálach acu amháin?

Nach bhfuil baol nach beag ann go bhfágfadh sé seo go leor daoine sa tsochaí gan saoirse cainte mar is ceart?

Cuirimse an cheist orm féin – An fíor-liobrálaigh gach duine a chuireann síos orthu féin mar Liobrálach ar chor ar bith? Nó an bhfuil an lipéad seo á úsáid ag grúpaí neamh-liobrálacha mar bhratach áise?

214161258
The World Press Freedom Index 2011-2012

Parlaimint na hEorpa cáinte i leith na Gaeilge

Figiúirí oifigiúla maidir leis na teangacha a labhraítear i bParlaimint na hEorpa.
Figiúirí oifigiúla maidir leis na teangacha a labhraítear i bParlaimint na hEorpa.

Tá cáineadh déanta ag an Ombudsman Eorpach ar Pharlaimint na hEorpa toisc nach bhfuil suíomh idirlín na hinstitiúide curtha ar fáil i nGaeilge go fóill.

Rinneadh an tOmbudsman iniúchadh ar an gceist tar éis gearáin ón Dr Pádraig Ó Laighin, a bhí lárnach san fheachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don teanga san Aontas Eorpach.

Dúirt an Ombudsman gur cás ‘drochriaracháin’ a bhí i dteip na Parlaiminte i leith na Gaeilge.

Léiríonn figiúirí oifigiúila na Parlaiminte gur labhraíodh níos mó Gaeilge sa Pharlaimint anuraidh ná Laitvís, Máltais ná Eastóinis.

De réir cáipéis a chur an tOmbudsman chuig Parlaimint na hEorpa agus an Dr Ó Laighin ar 31 Iúil, chuir an Pharlaimint teorainn ‘dhochosanta agus dhíréireach’ le húsáid na Gaeilge ar a láithreán gréasáin.

Níor ghlac an Ombudsman leis an tuairim gur theip ar an bParlaimint an suíomh a chur ar fail i nGaeilge de bharr easpa foirne.
Mhol an tOmmbudsman don Pharlaimint an failí a réiteach ‘de réir a chéile agus de réir amchlár atá ar fáil go poiblí’.

Tá dualgas ar an bParlaimint an dréachtmholadh a fhreagairt faoin 31 Deireadh Fómhair.

Is dul chun cinn suntasach é dréachtmholadh an Ombudsman Eorpaigh maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach,” a deir Pádraig Ó Laighin.

Léiríonn an cás seo gur féidir le saoránach dul i ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá ag feidhmiú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi.”