
Tá cáineadh déanta ag an Ombudsman Eorpach ar Pharlaimint na hEorpa toisc nach bhfuil suíomh idirlín na hinstitiúide curtha ar fáil i nGaeilge go fóill.
Rinneadh an tOmbudsman iniúchadh ar an gceist tar éis gearáin ón Dr Pádraig Ó Laighin, a bhí lárnach san fheachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don teanga san Aontas Eorpach.
Dúirt an Ombudsman gur cás ‘drochriaracháin’ a bhí i dteip na Parlaiminte i leith na Gaeilge.
Léiríonn figiúirí oifigiúila na Parlaiminte gur labhraíodh níos mó Gaeilge sa Pharlaimint anuraidh ná Laitvís, Máltais ná Eastóinis.
De réir cáipéis a chur an tOmbudsman chuig Parlaimint na hEorpa agus an Dr Ó Laighin ar 31 Iúil, chuir an Pharlaimint teorainn ‘dhochosanta agus dhíréireach’ le húsáid na Gaeilge ar a láithreán gréasáin.
Níor ghlac an Ombudsman leis an tuairim gur theip ar an bParlaimint an suíomh a chur ar fail i nGaeilge de bharr easpa foirne.
Mhol an tOmmbudsman don Pharlaimint an failí a réiteach ‘de réir a chéile agus de réir amchlár atá ar fáil go poiblí’.
Tá dualgas ar an bParlaimint an dréachtmholadh a fhreagairt faoin 31 Deireadh Fómhair.
“Is dul chun cinn suntasach é dréachtmholadh an Ombudsman Eorpaigh maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach,” a deir Pádraig Ó Laighin.
“Léiríonn an cás seo gur féidir le saoránach dul i ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá ag feidhmiú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi.”