Buachaillí: Tá ‘suipéar réidh!

Labhraíonn Cian Ó Tuathaláin faoi eagraíochtaí an Ghaelcholáiste óna thaithí féin ag obair i gConamara

Tá cúpla póca parthais scaipithe faoin tuath in iarthar na hÉireann. Is i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nGaillimh a bhfuil na háiteanna is saibhre as na ceantair seo – a bhfuil cultúr agus teanga na hÉireann faoi bhláth. Idir Meán Fómhair agus Bealtaine, bíonn na daoine áitiúil sna ceantair seo breá sásta ina saolta féin: ag siúl leis na madaí, ag comhrá leis na comharsana, nó ag ól le chéile ag an bpub théis an traenáil. Is cuid den bhflathais iad na háiteanna seo, muna bhfuil tú iontu le linn an tSamhraidh, ar ndóigh.gaeltacht

Ar thaobh eile na hÉireann, áit eicínt i mBaile Átha Cliath 4, tá Yummy Mummy áirithe ag bailiú bróisiúr don Ghaelcholáiste is fearr don stóirín álainn atá aici. Beidh an Teastas Sóisearach le déanamh ag an stóirín seo an bhliain seo chugainn, agus caithfidh na tuismitheoirí (nó an Sugar Daddy ach go háirithe, b’fhéidir) €890 a íoc as an gcoláiste leis an halla is deise, na seomraí is mó agus an bhean tí is fearr in Éirinn. Seans go bhfuil na tuismitheoirí seo ag súil go bhfuil traenáil HACCP ag an mbean tí bhocht. Caithfidh Annabel Rose freastal ar an nGaeltacht ar aon nós mar cheann de na cearta atá aici mar D4.

Ar ais go dtí an t-Iarthar, tá coláiste samhraidh áirithe ag ullmhú don bhliain seo chugainn freisin – ach ar scála i bhfad níos mó. Ar an gcéad dul síos, tá mílte bróisiúr agus foirmeacha iarratais le bheith seolta ó na clódóirí, agus níl sé seo saor ar chor ar bith. Nuair a shroicheann na bróisiúr chuig an oifig, caithfidh an coláiste iad a sheoladh chuig Cill Dara agus An Charraig Dhubh trí mheán an iarchinnire. Ritheann na seanchinnirí ar fud na háite (chuig scoileanna, hallaí, srl.) leis na bróisiúir seo le cinntiú go bhfuil jab acu féin le linn an tsamhraidh. Ansin, caithfidh rúnaí an choláiste le bheith cinnte nach bhfuil aon ghealt fhostaithe aici – i mbliana, ar aon nós- agus bíonn sí gníomhach ag déanamh agallamh ar an nguthán agus ag seoladh roinnt foirmeacha réamhscrúdú an Gharda Síochána thart.

Agus an riarachán réidh, tosaíonn bainisteoirí an choláiste ag lorg ionaid le haghaidh ranganna, spóirt agus céilithe. Ó am go ham, cuireann an sagart áitiúla halla an pharóiste ar fáil don choláiste samhraidh. Seans go bhfuil an Lotto buaite ag fear eicínt ó Dhún Chaoin agus go bhfuil halla deas nua ceannaithe aige. Ach don chuid is mó, caithfear áit dheas slán a bheith réidh do scoláirí agus creid é nó ná creid, bíonn na bainisteoirí ag iarraidh go bhfuil na páistí sásta agus iad ag foghlaim le linn an tsamhraidh, agus ag pointe áirithe, is cuma faoi phraghas an ionaid, cé chomh costasach is atá sé.

Roimh thús an chúrsa, bíonn na múinteoirí is na cinnirí bailithe le chéile agus tascanna faighte acu. Tá céimithe bainte amach ag na cinnirí ó anuraidh ó NUIG agus is múinteoirí anois iad. Bíonn siad in umar na haimléise ag déanamh pleananna ranga, ag ullmhú imeachtaí do na scoláirí, agus arís – creid é nó ná creid – ach ní bheidh Annabel Rose i ngrá leis an modh coinníolach á staidéar gach lá ar feadh trí sheachtain. Uaireanta bíonn na múinteoirí ag íoc lena gcuid airgid féin as duaiseanna agus milseáin do na páistí. Ní bhíonn milliún euro á dhéanamh acu sa chéad dul síos agus creidim go mbíonn bualadh bos tuillte acu théis an méid oibre a dhéanann siad le haghaidh páistí ag glaoch ‘wanker’ orthu taobh thiar a droim nó a dhroim ar aon nós. (Tharla sé domsa anuraidh. Ní dhearna mé dearmaid air go fóill.)

Bíonn na múinteoirí ag déanamh masla ar na cinnirí as a bheith ina n-alcólaigh agus ag fáil laethanta saoire saor in aisce sa Ghaeltacht. Tá beagán fírinne sa ráiteas seo, ach i ndáiríre bíonn na cinnirí ag obair go crua le haghaidh a gcuid seiceanna. Obair láimhe: ag taisteal 300 cathaoir ó gharáiste an bhainisteora go dtí an halla. Obair riaracháin: ag freagairt an ghutháin nuair atá an príomhoide fós sa leaba, an dúlagar air théis an méid gearán a mbíonn le déanamh ag tuismitheoirí dó. Obair feitheoireachta: ag déanamh spiaireachta ar 200 déagóirí, ag éisteacht go bhfuil pleananna le bualadh suas agus ól/shifteáil déanta i nGaeilge agus nach Béarla.

Ag deireadh an lae, insíonn na múinteoirí agus na cinnirí slán leis na scoláirí agus téann Annabel Rose is a cuid Uggs ar a mbealach go dtí an bhean tí bhocht chráite.

Tá cairde agam in Indreabhán, agus bíonn scoláirí acu chuile bhliain. Bhí siad ag ra le déanaí go mbíonn na ceisteanna céanna faighte acu bliain i ndiaidh bliana. Freagróidh mé anois iad ar eagla nach bhfuil a fhios agaibh féin. uisce reatha i gConamara. leictreachas faighte acu taobh thall de Bhearna. Bíonn an leithreas taobh istigh sa lá atá inniú ann acu.

Ar an mbealach siar anuraidh, agus muid sna Forbacha, dúirt duine de na scoláirí ó thuaisceart Bhaile Átha Cliath: “Jaysus, dis place looks loike bleedin’ Lanzahrotee!” Árainn: Canáracha na hÉireann, b’fhéidir?

Agus páistí i do theach ar feadh trí mhí, bíonn an cuisneoir lán le rudaí deas nach bhfuil cead agat ithe. Faigheann tú cuireadh chuig cóisir eicínt agus níl tú in ann freastal, mar teastaíonn curraí sicín ó Annabel Rose. Fágfaidh sí an chuid is mó ar an bpláta ar aon nós.

Chuala mé ráfla go mbíonn €30,000 le déanamh ag mná tí théis trí mhí. Is annamh go bhfuil sé seo fíor. Faigheann teach idir €70 agus €90 in aghaidh na seachtaine le haghaidh scoláire, agus tá an t-airgead sin tuillte acu tá mise ag rá leat! Bíonn mná tí ag tabhairt aire do 10-15 páistí ar altramacht, buartha fúthu agus iad ag béicíl an oíche ar fad, sceimhlithe nuair a bhíonn siad ag léim as na fuinneoga –agus fós féin – ullmhaíonn siad dinnéar gach uile thráthnóna le grá agus le cúram.

I mí Lúnasa, filleann an Ghaeltacht ar ais go cothromaíocht. Níl a fhios agamsa, i ndáiríre, agus Yummy Mummy ag léamh trí fhoirmeacha ghaelcholáiste, an bhfuil a fhios aici cé chomh fada is a théann an €890 sin?

GLUAIS:

Parthais: Of Paradise

Ag déanamh spiaireachta: Spying

Canáracha: Canaries

Cothromaíocht: Equilibrium

An gcabhróidh filleadh Angela linn?

An gcabhróidh atoghadh Angela Merkel sa Ghearmáin leis an Tír Seo chun Socrú a Fháil ar Athchaipitliú ar ár mBainc?

Anailís le Seán Mícheál Ó Donnchadha

Glacann an Rialtas nach bhfaighidh siad socrú faoi leagáid fhiachas ár mbainc [legacy bank debt deal] go dtí an bhliain seo chugainn ach thug tacaíocht Ms Merkel le déanaí do théarnamh geilleagrach na tíre dóchas úr.

Creideann lucht an chomhrialtais go bhfuil sé soiléir ón a moladh faoin méad atá bhainte amach ag Éireann go bhfuil meoin an– dearfach aici faoin tír.

images
Angela Merkel, Seansailéir atofa na Gearmáine agus an duine is cumhachtaí san Eoraip

Tar éis a bua mór toghchánaíochta tá Ms Merkel ag iarraidh comhrialtas a chur le céile idir a páirtí féin, an CDU atá lárnach deasach [centre right] agus an SDP atá ar chlé ón lár [centre left].

Tá an Ghearmáin tar éis polasaithe déine eacnamaíochta a bhrú ar fud na hEorpa i dtíortha cosúil le hÉireann , atá tar éisgéarchéim mhór eacnamaíochta a fhulaingt.

Ach deir anailísí gurbh í seo an téama deiridh a mbeidh Ms Merkel i mbun Rialtas agus go bhfuil sé i gceist go mbeidh deisiú na hEorpa mar oidhreacht aici.

Creidtear go forleathan sa Ghearmáin go dtabharfaidh sí faoiseamh ó pholasaí déine agus go dtabharfaidh sí níos mó tacaíochta do thíortha imeallacha cosúil le hÉireann.

Cuirfidh an chobhsaíocht ó atoghadh Ms Merkel dlús faoi bhunú císte tarrthála nua.

Tá na Rialtas ag súil le níos mó béim anois ar bhunú an Sásra Cobhsaíochta Eorpach [European Stability Mechanism- ESM], a thugann féidearthachtaí go bhfaighimid aisíoc de suas le €30 billiún a chuireadh isteach sna bainc.

Beidh cáiníocóirí na Gearmáine ag maoiniú cuid mhór den Sásra Cobhsaíochta Eorpach a chiallaíonn go mbeidh tionchar mór ag an Seansailéir ar conas a mbunófaí agus a úsáidfí an ciste.

Tar éis a bua sa toghchán dúirt Ms Merkel go raibh dul chun cinn maith déanta ag Éireann in a téarnamh geilleagrach .

Dúirt sí “Táim buíoch do mó chomhghleacaí Éanna Ó Cionnaith faoi na leasuithe a chur i bhfeidhm go dúthrachtach. Is sampla í Éireann d’áit ina bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas.”

Tá ísliú suntasach ar thoradh bannaí rialtais [significant lower yield on government bonds. Is mian liomsa mo mheas dáiríre a chur in iúil don rud atá bainte amach ag Éireann thar tréimhse cúpla bhliain. Tá na forbairtí seo go maith agus tábhachtachd’Éireann,” a dúirt sí.

Tá an Rialtas ar thóir socrú faoi na fiachais bhainc ó Mheitheamh 2012, ó daontaigh baill ag Cruinniú Mullaigh an Aontais Eorpaigh go raibh cás speisialta ag Éireann.

Cás Speisialta

Dúirt Ms Merkel go raibh cás speisialta ag Éireann in athuair trí mhí níos déanaí.

Chreid muintir an Rialtas nach mbeadh aon dul chun cinn i mbunú an ciste tarrthála roimh toghchán na Gearmáine agus de bharr sin go mbeadh moilliú ar aon socrú faoi athchaiptliú cúlghabhálach ar an earnáil baincéireachta [retrospective recapitalisation of the banking sector].

Dúirt an Tanaiste Eamon Gilmore go ndéanfaí socrú faoi athchaiptliú na mbainc an bhliain seo chugainn.

Dúirt sé” cheapamar nach raibh ag braith ar thoghchán in aon tír. Braitheann socrú faoi seo ar bhunú Meicníocht Mhaoirseachta Aonair [single supervisery mechanism] agus ar bhonneagair d’aontas baincéireachta[infrastructure for a banking union].

Mar a tharla sé bhí ról ceannaireachta [leadership role] ag Éireann faoi seo agus le linn an tréimhse ina rabhamar in ár nUachtarán ar an Aontas Eorpach chuireamar moltaí chun cinn don Mheicníocht Mhaoirseachta Aonair agus bhonneagair le haghaidh aontas baincéireachta,” dúirt sé.

Tá súil againn go mbunófaí an ciste i 2014 agus is ag an bpointe sin a mbeidh socrú faoi fiacha stairiúil na mbainc.”

Dúirt sé go raibh tuairimí an Rialtais faoi chás speisialta na hÉireann curtha in iúil go tíortha éile na hEorpa, go dtí na hinstitiúidí Eorpacha agus go leanfaimid ar aghaidh ag obair air go dtí go mbeidh toradh sasúil faighte againn.”

Cheap an Rialtas tráth go mbeadh socrú faoi athchaiptliú na mbainc riachtanach sár a bhfágfaimid an ciste tarrthála ach glacann an Rialtas anois nach mbeidh an socrú i bhfeidhm faoi tráth sin.

Tá an tAire Airgeadais Míchaél Ó Nuanáin an-bhuartha faoin ár n-imeacht ón gciste tarrthála. Tá sé ag déanamh nascadh faoi cháin bhreise agus gearradh siar de €3.1 billiún sa buiséad reatha agus imeacht buan ón gciste tarrthála.

Dúirt sé le Teachtaí Dála Fine an tseachtain seo caite ná raibh an ciste tarrthála cosúil le “Bainis Uí Lonagáin “ ina bhféadfadh an tír “céim isteach agus céim amach” a thógaint ó chlár maoiniú éigeandála.[emergency funding programme].

Faoin socrú faoi na Nótaí Gealltanais níos túisce i mbliana d‘éirigh leis an Rialtas an tréimhse aisíoctha don fhiche cúig billiún don Bhanc AnglaÉireannach a mhéadú go daichead bliain. Tá siad ag cur brú ar an Eoraip aisíoc cheadú de €32 billiún a chuaigh isteach sna bainc Aontas Éireann[AIB], Banc na hÉireann[BOI] agus an Bainc Taisce Iontaobhais Buan[PTSB] ó cháiníocóirí na tíre.

Dúirt an tAire Sóisearach sa Roinn Airgeadais Brian Hayes go raibh comhdhearcadh[consensus of opinion] tríd an Aontas Eorpach go bhféadfaí socrú faoi athchaiptliú cúlghabhálach ar an earnáil baincéireachta ar bhonn cás le cás.[on a case-by-case basis].

Stailc na nDochtúirí ar na Bacáin Fós?

Déanann Eoin P. Ó Murchú scéal stailc atá beartaithe ag dochtúirí neamh-chomhairleacha ospidéil Cheardchumann Dochtúirí Éireann(IMO) a chíoradh.

Beartaíodh go mbeadh stailc ar siúl ag dochtúirí sóisearacha in ospidéil na tíre ar siúl inné ach fógraíodh Dé hAoine go gcuirfí ar athló é go Céadaoin na seachtaine seo chugainn. Cad chuige an stailc seo agus an bhfuil seans ann go rachaidh sé ar aghaidh anois?

Éiríonn an stailc seo as uaireanta cloig oibre na ndochtúirí go príomha, sealanna oibre suas le 48 uair gan stad agus uaireanta seachtainiúla a sháraíonn an Treoir Eorpach Maidir le hAm Oibre(TEAO) a deir gur ceart atá ann nach mbeadh ar éinne breis is 48 uair an chloig oibre a dhéanamh sa tseachtain.

Ainm an fheachtais ag an IMO ná ’24 No More’ is é sin le rá ná nach mbeadh ar dhochtúirí níos mó ná 24 uair an chloig oibre a dhéanamh as a chéile. Ní hannamh 30 uair a chloig oibre a dhéanamh in ospidéal gan ach 2 nó 3 uair a chloig codlata is is iomaí scéal uafáis sa timpeall faoi dhaoine a cuireadh orthu 3 no 4 lá oibre a dhéanamh gan mórán níos mó ná cúpla uair an chloig codlata anseo is ansiúd. Is annamh an rud é go mbeadh stailc ar bun ag dochtúirí ach mar gheall ar na cúinsí seo tá sciar áirithe den phobal agus go deimhin féin ceardchumainn na mbanaltraí is na mban cabhrach ag tacú le haighneas seo na lianna.

Cuireadh an stailc ar athló Dé hAoine de bharr go gcuirfí ‘sábháilteacht othar’ i mbaol dar leis an IMO. Anois, más rud é gur sábháilteacht othar an t-aon sprioc leis níor chóir stailc a phleanáil riamh. Bheadh othar thíos leis an stailc seo go cinnte, is bíonn othair thíos leis gach lá de bharr an chórais atá againn faoi láthair. Níl aon amhras ann, áfach, dá n-éireodh leis an stailc deireadh a chur leis na sealanna fada oibre seo, go mbeadh othair níos fearr as go fadtéarmach. Seans nach bhfuil de mhisneach ag an IMO an cheist seo a bhrú go ceann cúrsa áfach.

Bhíothas ag súil go gcuirfí plean os comhair na ndochtúir Dé Luain feiscint an leanfaí leis an stailc. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) tar éis aontú go gcuirfidh siad amchlár ar fáil ina mbeadh an TEAO i bhfeidhm ag tosú i mí Eanáir na bliana seo chugainn. Is cosúil go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tar éis tacú leis an margadh trí rá go gcuirfidh siad pé acmhainní a mbeadh gá leo ar fáil. Cuimsíonn an socrú atá idir lámha go ndéanfaí measúnú neamhspleách ar rótaí oibre na ndochtúirí sna hotharlanna éagsúla. Ainneoin seo ar fad is iomaí uair cheana a dúradh go raibh ospidéil ar leith ag teacht leis an treoir oibre seo is nach raibh aon bhunús leis an maíomh céanna.

Tá grúpa oibre curtha ar bun, leis, le breathnú ar cheist phá na ndochtúirí comhairleacha, mar go ndéanfar, faoi shocrú úr Bhóthar Haddington, a laghdú de €30,000. I roinnt cásanna beidh dochtúirí atá ag an leibhéal is airde faoi na dochtúiri comhairleacha seo ag glacadh le ciorrú pá agus iad ag dul isteach sa ról úr dóibh.

Tá an IMO tar éis a rá go léiríonn na scéalta is déanaí ón FSS go bhfuil siad dáiríre faoi cheist na sealanna oibre, ach caithfear breathnú ar ar tharla cheana dar liom, tuarascáil sa mhullach ar thuarascáil eile is gan aon toradh fónta ag éirí astu riamh. Ba dhuine mór dóchais an té a bheadh ag súil go mbainfí mianta an IMO ámach an babhta seo.

Sa teachtaireacht is déanaí ó Eric Young, stiúrthóir cúnta an IMO, táthar tar éis a rá go bhfuil tuilleadh eolais uathu ón FSS ar roinnt ceisteanna a bhaineann le; dearbhú na rótaí oibre, cur i bhfeidhm praiticiúil na moltaí, píonóis a ghearrfaí mura gcuirfear na moltaí i bhfeidhm agus na daoine a bheidh freagrach as cinntiú go ndéantar a gcur i bhfeidhm. Anuas air sin tá coiste na ndochtúirí neamh-chomhairleacha ospidéil le casadh lena chéile inniu Déardaoin le freaga an FSS a phle. Dúradh chomh maith go bhfuil an stailc ar athló ach go mbfhéidir go rachfar ar aghaidh leis mar Dé Chéadaoin seo chugainn, mar sin féin

An mbeartóidh an IMO nach bhfuil mórán eile le baint as an bpróiseas is an stailc a chur ar ceal ar fad nó an leanfaidh siad orthu leis an stailc mar gurb é an t-aon bhealach le haird an FSS a tharraing ar cheist a bhfuiltear á seachaint le 20 bliain anuas? Beidh le feiceáil.

Is dochtúir cónaithe é Eoin P. Ó Murchú in Ospidéal Thamhlachta agus ball de Cheardchumann Dochtúirí na hÉireann atá ann. Is leis féin amháin aon tuairim thuas.

Gluais

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) = HSE

Ceardchumann Dochtúirí Éireann = Irish Medical Organisation(IMO)

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe = The Department of Public Expenditure and Reform

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais = Labour Relations Commission

Dochtúirí Neamh-Chomhairleacha Ospidéil = NCHDs

Treoir Eorpach maidir le hAm Oibre = European working time directive(EWTD)

Náire Náisiúnta – Speak English!

Iachall curtha ar Theachta Dála Gaeltachta chun Béarla a labhairt.

1239595_10151894639130489_246508443_n

 

Seo trascríobh den díospóireacht idir Pearse Doherty, Sinn Féin, agus Ruairí Quinn, an tAire Oideachais, Lucht Oibre aréir.

Deputy Pearse DohertyInformation on Pearse Doherty Zoom on Pearse Doherty Ba mhaith liomsa fosta mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta O’Brien, a chur an rún seo os comhair na Dála anocht. Ba mhaith liom díriú isteach ar cúpla ceist fíorthábhachtach. Níl dabht ar bith go bhfuil na ciorruithe atá an Rialtas ag cur i bhfeidhm ag déanamh damáiste mór don chóras oideachais agus do pháistí, daltaí agus tuismitheoirí. Tá sé ag déanamh damáiste freisin don Ghaeilge agus go háirithe don Ghaeltacht. Cuireann cúpla ceann de na ciorruithe atá beartaithe ag an Aire isteach go mór orm. Ba mhaith liom sa chomhthéacs sin díriú isteach ar an liúntas oileáin agus an liúntas Gaeltachta. Labhair mé sa Dáil roimhe seo fá dtaobh den tábhacht a bhaineann leis an dá liúntas seo. Thug mé mar shampla—–

Deputy Ruairí Quinn: Information on Ruairí Quinn Zoom on Ruairí Quinn Gabh mo leithscéal, ach níl Gaeilge mhaith agam. Ní féidir liom an méid atá le rá ag an Teachta a thuiscint.

Deputy Pearse DohertyInformation on Pearse Doherty Zoom on Pearse Doherty Ceart go leor. Tá córas aistriúcháin anseo. There is a translation service to translate.

Deputy Ruairí QuinnInformation on Ruairí Quinn Zoom on Ruairí Quinn It is not available.

Deputy Pearse DohertyInformation on Pearse Doherty Zoom on Pearse Doherty I know they are not here sometimes.

The Minister’s education policies have not only damaged the sector but also the Irish language …

Imígí agus fógraígí an soiscéal

Lá Gnímh 3
Gaeil óga a bhfuil Misneach acu ag soiscéalaíocht i nDeisceart an Dúin

Tá bealach nua aimsithe ag grúpa Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn – soiscéalaíocht ar na sráideanna.

Chuaigh scata ón eagraíocht Misneach amach i mionbhus ó Bhéal Feirste Dé Sathairn agus thug siad aghaidh ar cheantar na mBeann Boirche i nDeisceart Chontae an Dúin, áit ar chaith siad lá i mbun stocaireachta ar son na Gaeilge agus ar son na Gaelscoile áitiúla, Gaelscoil na mBeann, go háirithe.

Tá sé ar intinn acu a dhéanamh amhlaidh uair sa mhí amach anseo i gceantair ar fud Chúige Uladh.

Dúirt Seán Ó hEacháin, urlabhra ar son na heagraíochta le Seachtain, “D’imigh bus lán le Gaeil ón Chultúrlann sa Cheathrú Gaeltachta agus chaith muid lá thar a bheith fiúntach i gceantar na mBeann ag seasamh leis an Ghaelscoil áitiúil.

“Bhí sé mar sprioc againn tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal. Eagrófar lá gnímh gach mí ina dtacófar le Gaelscoil trí lá earcaíochta a dhéanamh.”

“Eagrófar lá gnímh gach mí ina dtacófar le Gaelscoil trí lá earcaíochta a dhéanamh, mar aon le himeachtaí sóisialta agus feachtais eile atá idir lámha faoi láthair.

“Eagraíodh an G-Spota mar chuid d’Oíche Chultúir i dTigh Uí Mhadáin Dé hAoine ina raibh scoth na hoíche ag na céadta Gaeil. Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach suíomh sóisialta a chruthú do Ghaeil na cathrach agus déanfar seo chomh maith le laethanta gnímh gach mí.”

Tá Gaeilge i ngach áit, Tosnaíonn sé linne

 

MISNEACH á spreagadh ag grúpa úr Gaeil

Lá Gnímh 2
Gníomhairí Misneach taobh amuigh Gaelscoil na mBeann, Deisceart an Dúin

Tá Gaeilge i ngach áit, Tosnaíonn sé linne

Foilsíodh an píosa seo ar an bhlag http://ancroiait.blogspot.ie/ de chéaduair.

Chaith mé trí lá as Gaeilge sa Mhuileann gCearr. B’shin an chaoi a mhínigh mé céard a tharla dom do dhaoine, ach bhí níos mó ná sin ann. Bhuail mé le daoine cosúil le Damhnait, Veronica, agus Brendon a mhúin dom go bhfuil Gaeilge i ngach áit agus gur Gaeltacht í an tír go léir.download

Tháinig an smaoineamh chugham anuraidh. Seo Bliain na Gaeilge is tá an Tóstal faoi lánseol. Is duine mise de ‘The Scattering’ im’ cónaí le 15 bliain anuas i gCathair na nAingeal, i gCalifornia. Lá amháin, is mé ag múineadh teangachaí iasachta ansin, chuala mé mé fhéin ag páipearacht le mo dhaltaí faoi thábhacht na teangacha dúchasacha. “Faigheann teanga amháin bás gach coicís,” ar mise leo.

Ach an lá sin chuaigh sé i bhfeidhm orm i ndáiríre. Céard faoi mo theanga féin? Cén maitheas bheith a tabhairt amach faoi bhás na teangachaí dúchasacha i SAM muna raibh mé sásta mo theanga a shábháil. Sin mar a thosaigh sé. Dúshlán dom féin.Ní bhíonn seans agam Gaeilge a labhairt ar an taobh eile den domhan. Ach is aoibheann liom bheith ag twiteáil as Gaeilge. Tar éis tweeteanna a léamh ag insint go raibh roinnt mhaith Gaeilge i mBaile Átha Cliath is neart Gaeilge ag an aerfort, shocraigh mé ar phlean.

Dhéanfainn iarracht dul ó aerfort ÁC go dtí an Muileann gCearr gan focal Béarla a labhairt. D’úsáidfinn córas iompar poiblí. B’shin mar a thosaigh sé i ndáiríre.

179404-OPOCE-AFF_2010.3790_web.pdf

Bhí airgead, eolas agus bus uaim. Níor thug an bhean a bhí ag féachaint ar na pasanna aon aird orm. Mise: Seo duit. Ise: Fine. Thanks. Gan ligint di cur isteach orm, ar aghaidh liom le m’airgead a athrú. Labhair mé go mall leis an lead óg ann: “Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?”

Thug mé faoi deara ar an turas seo go mbíonn trí soicind nó mar sin ag teastáil ó dhaoine le dul ó theanga amháin go teanga eile.

Sos 3 soicind. “Beagáinín,” a d’fhreagair sé. “Ana-mhaith,” ar mé le gliondar. Leanamar ar aghaidh agus ba léir go raibh áthas air go raibh áthas orm. De réir a chéile thosaigh sé ag comhaireamh as Gaeilge agus bhí m’airgead agus an chéad bua agam.

Suas an staighre ansin liom ag leanúint an fógra ‘Eolas’ go dtí go bhfaca mé beirt ina suí istigh san ionad sin. “Ceist. An bhfuil Gaeilge agaibh?” ar mé go mall leo. Ciúnas ar feadh trí soicind.  Ansin rinne an bhean draothadh gáire agus í ag féachaint ar an bhfear eile is dúirt sí, “Tá Gaeilge aige.” Fadhb ar bith agam ansin. Bhí Gaeilge acu agus áthas orainn go léir faoin gcomhrá a bhí againn.

Zón 12. Sin a bhí scríofa agam ar an bpáipéar a fuair mé uathu. Nuair a chonaic mé an gárda taobh amuigh bhí áthas orm arís. Bheadh Gaeilge aige. D’fhiafraigh mé de cá raibh zón 12. Is thuig sé gach focal. Ach dhiúltaigh sé go hiomlán í a labhairt. Eiseann: Over there. Mise: Thall ansin san áit ina bhfuil an bhean ina seasamh? Eiseann: That’s right. Agus araile.

Ag stad an bhus chuir mé ceist ar an dtiománaí an raibh sé an dul go dtí an Muileann gCearr. Mar a tharla sé, Daithí Ó Flaithearta a bhí air agus Gaeilge álainn aige. Ach ní féidir bheith ag caint le tiománaí bus agus é ag tiomáint.

An bhfuil Gaeilge agat?

Mar sin, nuair a bhí mé suite istigh ann thosaigh mé ag labhairt mé leis an mbean in aice liom ag tosnú le “Gabh mo leithscéal. Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?” Bhí, mar a tharla sé. Chaith mé an chuid is mó den turas ag caint as Gaeilge le Damhnait Ní Loinsigh, bean chairdiúil,  go dtí gur shroicheamar an baile. Ba mhúinteoir í. Mhúin sí Laidin agus Mata i meánscoil ach bhí sí ar scor anois. Ní raibh aon focail deacra ná téarmaíocht nua-aimseartha sa chómhrá a bhí againn. Ach chuireamar aithne ar a chéile agus b’shin an chéad cómhrá fada a bhí agam sa bhaile. Bhí ionadh orm agus uirthi faoi. Ach mar sin féin bhí sé an-nádúrtha go deo. Níos sásúla ná Béarla. Shroicheamar an Muileann gCearr agus d’fhágamar slán lena chéile.

DSC_0005_thumb
Áras an Mhuileann, An Muileann gCearr

Bheadh cultúr, éadaí agus bia uaim sa bhaile. Shocraigh mé ar tosnú le ceol is craic. Bhí mé ar saoire. An oíche sin chuaigh mé go Áras an Mhuilinn. Is ionad iontach é.  In áit dul isteach san áit ina raibh an damhsa, chuaigh mé isteach sa seomra caife ag súil le comhrá a dhéanamh le daoine ann. Is orm a bhí an t-ádh. Bhí gaeilgeoirí den scoth ann. Bhí sé deireanach nuair a d’fhill mé abhaile tar éis an lá ar fad a chaitheamh ag labhairt Gaeilge. B’shin an chéad lá.

An lá ina dhiaidh lean mé ar aghaidh agus an lá dár gcionn mar bhí muinín agam asam féin. Ins na  siopaí agus ins na bialanna thosaigh mé leis an mantra “Ceist: an bhfuil Gaeilge agat?” agus d’éirigh liom i ngach áit. Bhí Gaeilge fiú ag an bhfear ó Shasana sa siopa rothar. Moladh do Kenneth i Heatons, do Holly Grey i Just Baked, do Jennifer Poole sa café in aice le Dunne’s, don cailín lách i bPeppers, do na daoine i ngach áit a labhair liom as Gaeilge. Bhí mo thaithí sa bhaile i bhfad níos saibhre mar gheall oraibh.

Níor chreid mé go raibh an oiread sin Gaeilge i mo bhaile dúchais.

Níor chreid mé go raibh an oiread sin Gaeilge i mo bhaile dúchais.  Ach ar an gceathrú lá bhí sé in am dom dul go dtí ‘An Ghaeltacht.’ Ag an stáisiún traenach bhí mé ag léamh an leabhar Pedro Páramo i nGaeilge. Thosaigh bean in aice liom an caint liom i mBéarla, ag cur ceist orm faoin leabhar. Ós rud é go raibh mé ag smaoineamh i nGaeilge ansin, ní raibh fonn orm athrú go Béarla. Mar sin thaispeáin mé an leabhar di agus mhínigh mé (go mall as Gaeilge) mo phlean Gaeilge a labhairt. Bean álainn a bhí inti agus bhí a Daid léi ar an taobh eile. “Ú,” ar sise. “I understood that.” Ansin thosaigh sí ag caint liom i nGaeilge, go mall ar dtús agus gan stró roimh i bhfad. Ó am go ham stop sé le rá lena Daid ar an taobh eile “I can’t believe I’m speaking Irish!” agus ar ais léi arís ag caint liom.  Veronica a bhí uirthi agus bhain mé an-taitneamh as ár gcomhrá. D’fhág mé slán léi agus lena Daid i nDún na nGall.

‘Sé an chéad rud a bhuail mé sa Ghaeltacht i nDún na nGall (i ndiaidh áilleacht na háite) ná go raibh mé ag labhairt níos mó Béarla ansin an chéad lá a bhí mé ann. Bhí daoine nach raibh Gaeilge ar bith acu ar an gcúrsa. Tá Gaeilge ón scoil ag daoine sa bhaile. Ach b’shin an chéad lá ann agus bhí Gaeilge le cloisteáil mór thimpeall orm freisin.

Chuaigh mé ansin le fáil amach cén draíocht a bhí ag Oideas Gael. Chuala mé faoi go minic ó dhaoine i Meiriceá. Tuigim anois cén fáth a a dtagann daoine ó thíortha i bhfad is i gcéin ar ais go dtí an áit sin bliain i ndiaidh a chéile. Tá na himeachtaí, an ceol, na múinteoirí, an cúrsa ar fad ar an gcaidhdeán is airde. Tá Gaeilge agus ár gcultúr ag fás ansin agus ag scaipeadh ar fud an domhain. Moladh go deo leo.

Ach nuair a bhí an tseachtain thart agus mé ar ais sa Mhuileann gCearr tháinig sé chugham go raibh na rudaí céanna is a bhí le fáil i nDún na nGall againne freisin (seachas na sléibhte). Chuala mé ceoltóirí ó Bhaile an tSrutháin agus ó Chúil an tSúdaire in Áras an Mhuilinn agus bhí siad dochreidthe! Bhí rinceoirí den scoth ann chomh maith agus stíl sean-nós ag na daoine óga. Seoda beo. Gaeilge, ceol, cultúr: bhí siad anseo in aice linn an t-am go léir. Chuaigh mé ag taisteal is labhair mé Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh is ní raibh fadhb ar bith agam in aon áit. Is Gaeltacht í an tír go léir. Creid é.

Ar m’oíche dheireanach sa bhaile chuaigh mé go ar ais go Áras an Mhuilinn. Is bhuail mé le Brendon ann. “Níl focal Gaeilge agam.” Sin a dúirt sé agus ní raibh aon rud as bealach ná neamhchoitianta ag baint leis an ráiteas sin seachas go ndúirt sé as Gaeilge é agus go raibheamar tar éis bheith ag caint le chéile ar feadh fiche nóiméid trí Ghaeilge amháin, rud a luaigh mé dó ag taispeáint an t-am dó ar m’uaireadóir.

Duine lách a bhí ann. Chuala sé mé ag labhairt le fear eile as Gaeilge ar an mbealach isteach agus phioc sé suas an comhrá ag labhairt go mall ar dtús agus muid ag cur aithne ar a chéile ar an mbealach isteach go dtí an Seisiún thuas staighre.

Cé gur dhiúltaigh sé go raibh Gaeilge aige, bhí sé líofa agus bhí sé soiléir go raibh áthas air an teanga a úsáid. Fuair mé amach tar éis píosa maith cainte go raibh aithne aige ar mo Dhaid agus fuair sé amach go raibh mé ag fanacht i dteach mo Dhaid fhad is a bhí mé sa bhaile. An mhaidin ina dhaidh sin, mo mhaidin deireanach sa tír, fuair mé beart sa bhosca litreacha: leabhar a scríobh sé a bhí ann mar bhronntanas dom. Sin cineáltas duit.

♫ ‘Lig mé saor ón suan atá orm.’ ♫ Sin líne ó leagan Coláiste Lurgan den amhrán Wake Me Up. D’fhéadfadh sé a bheith ag tagairt don teanga féin. Tá Gaeilge inár n-intinn is in ár gcroíthe in áit chiúin ina codladh. Caithfear í a dhúisiú, go gcloistear í trí bhéal an phobail.

‘Oscail do shúile agus ansin oscail aríst iad.’ B’shin comhairle Granny Weatherwax i leabhar Terry Pratchett. Sin an draíocht. Sin atá le déanamh againn. Feicimid na daoine mór thimpeall orainn agus labhraíonn muid as Béarla leo. Ach má fheiceann muid arís ón gcroí, le tuiscint, feicfimid go bhfuil Gaeilge acu agus fonn orthu í a labhairt. Tá orainn an doras a oscailt don domhan eile sin nach bhfuil i bhfad uainn. Ach caithfear é a oscailt go ciúin is an teanga a mhealladh amach go binn le cion is le dearbhú. Sin an rún. Taispeáin di ‘bóthar éasca cothrom.’ Áit slán ó náire. Áit lán le háthas is bród. “People will respond to an opportunity to engage with the language,”  a dúirt Micheál O Foighil ag caint leis an Times le déanaí i http://www.irishtimes.com/life-and-style/the-youtube-approach-to-learning-irish-1.1496607 Ní hamháin sin. Tá siad ag súil go mór leis le fada, i ngan fhios dóibh fhéin.

Is Gaeltacht í an tír go léir más mian linn.

Is Gaeltacht í an tír go léir más mian linn. Tá rogha againn. ‘Sé m’aistear é. Níl fhios cén fhad a mhairfidh sé.’ Roghnaím saol le Gaeilge mar ansin atá an muintearas. Is réabhlóid chiúin í an Aiséirí na Gaeilge seo. Ach is féidir linn go léir bheith páirteach ann ag tosnú le “Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?” Tá Gaeilge i ngach áit. Tosnaíonn sé linne.

An bhfuil aon chiall le cúirt nua?

Reifreann ar an gCúirt Achomhairc, anailís le Seán Mícheál Ó Donnchadha

Cad tá i gceist leis an Reifreann ar an gCúirt Achomhairc?

De bharr go bhfuil an béim go léir ar an Reifreann faoin Seanad tá neamhaird tugtha ar an Reifreann don Chúirt Achomhairc. Ach tá an dara Reifreann freisin ann ar an 4ú Deireadh Fhómhair.ghlactar leis an reifreann seo d’fheadfadh sé an t-athchóiriú is mó ar chóras na gcúirteanna ó 1937 a thabhairt isteach. Iarann an reifreann seo ar vótóirí cinneadh a dhéanamh cúirt idirmheánach a cheadú idir an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach. I gcás go rithfear an reifreann seo, éistfidh an Chúirt Achomhairc nua:

formhór na n-achomharc a éisteann an Chúirt Uachtarach faoi láthair

beagnach gach achomharc ar bhreitheanna na hArd-Chúirte

 achomhairc ó chúirteanna eile i gcás go rithfí dlíthe chuige sin.

Cén fáth go bhfuil gá le cúirt eile?

Tá an córas cúirte faoi bhrú. Cé nach bhfuil sé coitianta in áiteanna eile sa domhan is é an Chúirt Uachtarach an chúirt achomhairc chríochnaitheach do gach cás ón Ard-Chúirt, beag beann ar an bhfuil ceist bhunreachtúil ann. Tá méadúsuntasach tagtha ar líon na gcásanna a éistfear san Ard-Chúirt agus líon na mbreitheamh méadaithe san chúirt sin ó seacht go dtí tríocha seacht thar na blianta.

DUB-Dublin-Four-Courts-and-River-Liffey-from-Merchants-Quay-05-3008x2000
Na Ceithre Cúirteanna, Baile Átha Cliath

Achomhairc chuig an gCúirt Uachtarach

 Sa ghnáthchúrsa, beidh breith na Cúirte Achomhairc ina breith chríochnaitheach. I roinnt cásanna, déanfar achomharc chuig an gCúirt Uachtarach ón gCúirt Achomhairc agus féadfaidh roinnt achomharc bheith ann a chuirfidh an Ard-Chúirt faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí go díreach.

 I gcás go rithfear an reifreann seo:

Éistfidh an Chúirt Uachtarach achomhairc ón gCúirt Achomhairc i gcás go measfaidh an Chúirt Uachtarach:

go bhfuil leas an phobail i gceist leis an mbreith nó

go bhfuil leas an cheartais i gceist leis an achomharc.

Éistfidh an Chúirt Uachtarach achomhairc a chuirfidh an Ard-Chúirt ar aghaidh chuici go díreach i gcás go measfaidh sí go bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist a thacódh le hachomharc díreach chuici. Beidh ar an gCúirt Uachtarach bheith deimhin de:

go bhfuil leas an phobail ag baint leis an mbreith agus/nó

go bhfuil leas an cheartais ag baint leis an achomharc sin.

Achomhairc atá fós le héisteacht

 Cuirfear forálacha eile san áireamh i moladh an reifrinn a bhaineann lena dtarlaíonn d’achomhairc a bhfuil an córas cúirteanna ag déanamh plé leo cheana tráth a mbunófar an Chúirt Achomhairc. De ghnáth, eiseoidh an Chúirt Uachtarach treoracha maidir leis na hachomhairc sin a fhéadfaidh an Chúirt Achomhairc a éisteacht.

 An Bhféadfadh an Chúirt Nua Déileáil le hachomharc Sibhialta nó Coiriúil ?

Bheadh sé ag déileáil leis an dhá saghas cás. Ar an dtaobh coiriúil de bheadh sé ag déileáil le hobair an Chúirt Achomhairc Choiriúil, a suíonn um an dtaca seo ar bhonn ad hoc le breithimh ón Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach agus a bhfuil riaráistí suntasach oibre ann faoi láthair.

Cé Mhéad Breithimh a Bheadh san Chúirt Achomhairc?

Níl an uimhir tugtha sa Bhille ach dúirt an tAire Shatter dé réir réamhmheastúchán [projection] i mhí Iúil go mbeadh deich riachtanach.

Cad mar Gheall le Cúrsaí pá agus Pinseáin ?

Níl a fhios againn go fóill. Dá nglacfaí leis an Reifreann dhéanfaí cúrsaí pá agus piseáin a leagadh amach dé réir reachtaíocht. Tá sé a rá i measc lucht dlí go mbeidh sé idir phá breithimh den Ard-Chúirt faoi láthair (€172,712) agus breithimh den Chúirt Uachtarach (€182,895).

Cathain a gCuirfí ar Bhun é?

Creideann an Rialtas go mbeadh sé ann i gcomhair Fómhair 2014.

An mbeadh aon tioncair ag an Chúirt Achomhairc ar an mbunreacht?

Bheadh athrú ar an mbunreacht ionas go mbeadh Uachtarán an Chúirt Achomhairc mar ionadaí ar an PhríomhBhreitheamh I gCoimisiúin an Uachtaráin.

Is foras é Coimisiún an Uachtaráin a ghlacann air féin dualgais an Uachtaráin i gcás go bhfuil an tUachtarán as láthair nó i gcás nach bhfuil sé nó sí in ann feidhmiú ina ról ar chúiseanna éagsúla. Faoi láthair, is iad an Príomh-Bhreitheamh, an Ceann Comhairle (Cathaoirleach na Dála) agus Cathaoirleach an tSeanaid baill an Choimisiúin.Is é Uachtarán an Chúirt Achomhairc in ionad Uachtarán na hArd-Chúirte a bheadh ar an gComhairle Stáit freisin in ionad an Príomh-Bhreitheamh.

 Riail an aon bhreithiúnais amháin

 Is gá ar a laghad cúigear breithiúna a bheith ag suí sa Chúirt Uachtarach tráth a bhfuil breith á tabhairt an bhfuil dlí a rith an tOireachtas ina dhlí bunreachtúil nó nach bhfuil. Faoi láthair, sonraítear sa Bhunreacht go dtagann breith na Cúirte Uachtaraí sna cásanna seo ó bhreitheamh amháin. Ní fios ar easaontaigh aon duine de na breithiúna eile leis an mbreith nó cén fáth atá leis sin.

 I gcás go rithfear an reifreann seo:

 Bainfear an riail seo, nach féidir ach le breitheamh amháin an bhreith a thabhairt sna cásanna seo. Ansin beidh gach breitheamh in ann a thuairim nó a tuairim a chur in iúl.

Sula gcuireann an tUachtarán a lámh le Bille, féadfaidh sé nó sí an Bille a tharchur chuig an gCúirt Uachtarach ionas go gcinnfí cibé an bhfuil sé bunreachtúil nó nach bhfuil. Níltear ag iarraidh, i moladh an reifrinn seo, é sin a athrú. Sna cásanna sin cuirfidh aon bhreitheamh amháin an bhreith sin in iúl.

 An Rud maith an Chúirt Achomhairc a bhunú?

 Tá daoine ann a dheireann go bhfuil gá le leasú bunúsach ar conas a oibríonn an córas dlí don chosmhuintir in Éirinn, cúrsaí costais san áireamh, mar tá sé chomh costasach dul go dtí an Ard-Chúirt gan trácht ar an Chúirt Uachtarach chun ceartais a fháil don saoránach. Deireann na daoine seo nach mbeidh san Chúirt Achomhairc ach cúirt eile le riaráistí de chásanna cosúil leis an Chúirt Uachtarach faoi láthair. Tá ghá le leasúcháin ar conas a dhéileálann na breithimh leis na cásanna. Sna Stáit Aontaithe caitheann na breithimh i bhfad níos lú ama ar éisteachtaí ó bhéal [oral hearings] agus déanann siad i bhfad níos mó obair ar na cásanna ina dlísheomraí [in their chambers] sa chaoi go dtógann na cásanna níos lú ama chun déileáil leo. Bíonn na breithimh agus na habhcóidí ag déileáil leis an iomarca páipéir, rud atá ait i laethanta seo an ríomhaire.JudgesGavelGenericEXAMONLY_large

 Cosnóidh an Chúirt nua seo idir €2 agus €3 míle ag am go bhfuil bac le hearcú san Stáit Seirbhís go ginearálta agus go bhfuil gach earnáil idir phoiblí agus phríobháideach ag iarraidh níos mó a dhéanamh le níos lú acmhainní. Can a thaobh nach bhfuil na breithiúna in ann an rud cheanna a dhéanamh.? Dúnann Seirbhís na Cúirte gach bhliain do mhí Lúnasa agus Meán Fhómhair cé gur tháinig breithiúna na hArd-Chúirte air áis do mhí Mheán Fómhair i mbliana. Tá laethanta saoire beagnachchomh fada leis na polaiteoirí ag na breithiúna.

 Tráth go bhfuil an Rialtas ag iarraidh orainn fáil réidh le háisíneacht amháin stáit, An Seanad, chun airgead a shábháil an ndéanann sé ciall bheith ag bunú ceann eile i. An Chúirt Achomhairc seo?

Martin O’Neill – an ndéanfadh sé jab don Phoblacht?

Mairtin O’Neill – Cur Chuige Fóiréinseach Chun Cluichí a Bhuachan

Seán Mícheál Ó Donnchadha

In ainneoin go bhfuair Sunderland réidh leis tar éis ocht mí dhéag tá an bainisteoir iomráiteach mar mhór-rogha na n-údar do phost bainistíochta na hÉireann anois.

Cé go ndéarfaí go bhfuil cúrsaí peile níos tábhachtaí ná bás agus beatha is maith le Martin O’Neill bheith ag breathnú ar áiteanna eile dorcha. Go gairid tar éis do bhainistíocht a ghlacadh ar Wycombe Wanderers sa bhliain 1990 thug sé cuairt ar láthair na coire in aice láimhe. Bhí O’Neill ag iarraidh níos mó eolas a fháil ar chás James Hanratty, ceann des na daoine is deireanaí a chuireadh chun bás sa Ríocht Aontaithe. Bhuail O’Neill níos déanaí leis an mbreitheamh a bhí i bhfeighil an cháis, a chreid O’Neill go raibh iomrall ceartais [miscarriage of justice] i gceist.

Martin-ONeill-001
Martin O’Neill

Deich mbliana níos luaithe bhí O’Neill agus a bhean Geraldine, a bhí torrach ag an am, i scuaine taobh amuigh den Old Bailey chun suíocháin a fháil san áiléar poiblí chun bheith ag faire ar thriall an Yorkshire Ripper. Thug O’Neill chuairt ar Shráid Íochtaireacht Belgrave i Londain freisin , áit ar dhúnmharaigh an Tiarna Lucan an buime [nanny] sarar éalaigh sé. Bhí dian-súim aige i mbás John F. Kennedy freisin agus thug sé imreoirí Leicester go dtí Plás Dealey i nDallás, an áit ón ar scaoil Lee Harvey Oswald na hurchair mharfacha. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar na himreoirí go raibh níos mó eolas ag O’Neill ar an suíomh na an treoraí turasóireachta oifigiúil.[official tour guide]

Eascraíonn a shuim fad saol i gcúrsaí coire ón t-am a chaith sé ag déanamh staidéar ar an dlí i gColáiste na Banríona i mBéal Feirste fadó. Cé nár chríochnaigh O’Neill a chéim thiontaigh sé a shuim ina shainchaitheamh aimsire paiseanta agus aisteach [passionate and bizarre hobby]. Tá cur chuige fóiréinseach túgthe freisin ag O’Neill, ar bhronnadh OBE air i 2004 le haghaidh a sheirbhísí do chúrsaí spórt, go dtí cúrsaí sacar sa Phríomhshraith [Premier League].

“Tá éirim os cionn an mheáin aige do dhuine atá ag obair le cúrsaí sacair” a deir Martyn McFadden, eagarthóir iris chlub Sunderland. “Is fear éirimiúil é ach is féidir leis bheith ceanndána”.

Anois mar rogha na n-údar chun teacht i gcomharbacht ar Giovanni Trapattoni beidh foighne an bhleachtaire de dhíth air tar éis don Iodálach éirí as a phost mar thoradh ar an gcailliúint 1-0 i Vienna oíche De Chéadaoin seo chaite. Tá na criticeoirí ag rá go bhfuil taispeántaisí fhoireann sacair na hÉireann go hainnis ar fad tar éis an drochthaispeántas a thugadar anuraidh i gCraobh Comórtas na hEorpa. Tá an cumas ar O’Neill go mbeidh sé in ann na laigeachtaí atá i bhfoireann na hÉireann, easpa paisean, eagraíocht agus cuspóir a leigheas gan mórán dua.

Fad agus a bhí sé i gceannas ar Cheltic Glaschú bhuaigh siad 75% dá gcluichí. D’éirgh leis críochnú san 6ú háit ar feadh trí bhliana as a chéile ag Aston Villa.Bhí briseadh tubaisteach aige an bhliain seo chaite áfach nuair a bhris stiúrthóirí Sunderland é as a phost tar éis gan ach ocht mí dhéag cáite aige i gceannas na foirne.

Níl tacadóirí Sunderland sásta leis an gcinneadh seo áfach. Arsa McFadden “ Dá gceisteofá lucht leanúna Celtic, Villa nó Cathair Leicester déarfaidís gurbh é O’Neill an bainisteoir is fearr a bhí acu riamh”. Tugadh bata agus bóthar go héagórach dó ó Sunderland. Sea ní raibh siad ag imirt le dealramh . Ag an am cheanna ní rabhamar i mbaol dícháiliú. Ní raibh ann ach sraith de dhrochchluichí as a chéile a chailleamar.”

Tá clú air mar an Tornado Taobhlíne agus is féidir leis bheith díochra [intense] agus ní maith leis cailliúint. Dúirt sé i 1999 agus é in Leicester gur fuair sé deachair nuair a bhí sé ag imirt cailliúintí a láimhseáil agus anois mar bhaisisteoir go gcuireann siad isteach go mór air, go mbíonn sé taghdach agus greannaitheach. [moody and irritable].

“Deireann mo bhean chéile agus iníonacha, Aisling agus Alana gur dhuine deachair mé. Ní fheichim sin ach b`fhéidir nach bfheichím mo luchtanna choiche.Nuair a thagann mé abhaile ní bhíonn fonn orm bheith ag caint faoi chlúiche a chailleamar ach ní féidir leo siúd dul thar cúig abaírtí dhéag gan tagairt don chlúiche.Ansin bíonn aragóint leanúnach againn faoi cé a dhein tagairt dó san chéad áit.”

Bíonn O’Neill cúramach go poiblí agus ní bhíonn sé ro-chongarach do na himreoirí, rud atá riachtanach do bhainisteoir. Ach taobh amuigh des na cluichí is féidir leis bheith greannmhar. Ach tá paisean ann a bhíonn le feiceáil ón méid ceiliúradh a dhéanann sé nuair a scórálann a fhoireann cúl.

Rugadh Máirtín O’Neill i gCill Rea, Co. Doire, ar 1ú Mhárta 1952, an 6ú pháiste i gclann naonúr. Nuair a bhí sé óg thógadh a mháthair é go dtí siopa bhearbóra a athair mar abhí sé in ann comhrá a dhéanamh leis na daoine fásta. Bhí an-mheas ag O’Neill sa spórt agus chleachtaigh sé a scileanna peileadóireachta i bpáirc taobh amuigh den a theach a fuair siad ón gComhairle Chondae. Dúirt a dheartháir Leo gur bhuaigh Máirtín air i gcluiche gailf tráth, cé nár imir sé an cluiche sin riamh cheana, toisc gur luí sé isteach ar an tásc.

Bhunaigh a athair, Leo freisin, Cumann LúthchleasGael áitiúil, Cumann Phádraig Mhic Phiarais, agus luí na mic isteach sna cluichí gaelacha agus d’imir cuid acu faoi aois d’fhoireann Doire. Chuaigh Máirtín go Coláiste Naomh Cholm Cille mar bhuachaill cónaithe i 1963, áit ar éirigh go hiontach leis mar pheileadóir Gaelach agus cabhraigh sé leis an coláiste Corn Uladh a bhuachan i 1967.Roghnaíodh é d’fhoireann mionúir Dhoire ach go gairid in a dhiaidh sin d` dírigh sé ar sacair agus d’imir sé do chlub i mBéal Feirste Theas, Rosario, agus níos déanaí le Distillery, áit ar bhuaigh Corn na hÉireann i 1971.

“B`é Máirtín laoch an Choirn” an cheannlíne a bhí san Belfast Telegraph. Fuair O’Neill an cheann is fearr ar thrí fhír le rith draíochta, d’athraigh sé a chosa agus bhuail an liathróid go tréan isteach san eangach. Cúl a chuir deireadh le Cathair Dhoire…….sampla eile den chumas atá ag an iar-pheileadóir gaelach seo.”

Shínigh O’Neill conradh le Nottingham Forest, ag éirí as bheith ag staidéar an dlí i gColáiste na Banríona i mBéal Feirste. D’imir sé freisin le Norwich, Manchester City agus Nots County. D’imir sé seasca ceathair n-uaire le foireann Tuaisceart Éireann dir 1971 agus 1984.Bhí sé mar chaptaen ar an bhfoireann le linn Chorn an Domhain i 1982 sa Spáinn, ag éirí as trí bhlian níos déanaí le gortú glúine.

“Cliathánaí díograiseach ab ea é agus d’imir sé i lár páirce chomh maith arsa McFadden. Níorbh é an peileadóir ba mhó chumas riamh ach d’úsáid sé a inchinn agus a thaithí. Gan ndabht bhuaigh sé gach rud a bhí le bua sa cluiche, Craobh Comórtas na hEorpa agus an Phríomhshraith le Nottingham Forest sa áireamh agus bhí sé mar chaptaen ar a thír i gCraobh Comórtas an Domhain. Gairm Bheatha Dhrithleach [glittering career] d’fhear ó shráidbhaile beag i gCúige Uladh.”

Bhuaigh Celtic Príomhshraith na hAlbain trí n-uaire fad agus a bhí O’Neill i gceannas orthu agus shrois siad cluiche ceannais UEFA I 2003, ceann des na tréimhsí is rathúla i stair an chlub. Fad agus a lean sé ag tabhairt cuairteanna ar na láithreacha cóiriúla i nGlaschú, áfach, bhí cúrsaí dorcha sna seastáin. Tar éis bua a bheith ag Rangers 2 -1 in aghaidh Celtic i 2002 nuair a d’fhéach a bhean chéile Geraldine amach sa ghairdín an maidin dár gcionn bhí brat Shasana ar foluain. D’iarr an bainisteoir gur cheart dul i ngleic le seicteachas i gcúrsaí peile san Albain, agus bhí sé cáinteach ar lucht tacaíochta Rangers a bhí ag tabhairt íde béil don imreoir ón Lorgain, Neil Lennon atá ina bhainisteoir ar Celtic anois.

D’éirigh O’Neill as bainistíocht na gCeilteach ag deireadh séasúr 2004-5 chun cúram a ghlacadh ar a bhean chéile Geraldine, a bhí tar éis a bheith á dhiagnóisiú leis an ngalar Liomfóma Neamh-Hodgkins. In agallamh níos túisce i mbliana labhair sé ar conas a thugann an slí atá a bhean chéile an troid an ailse inspioráid dó nuair a labhrann sé lena imreoirí. Dúirt sé “Tá sí ag troid ar aghaidh. Tá fíor spríd intí. Troideann sí liom gach uile lá agus buann sí i gcónaí”.

An féidir le O’Neill an bua a thabhairt don Phoblacht ?. Deireann McFadden, “Má fheiceann tú ar gach rud atá bainte amach aige agus ar scuad imreoirí na hÉireann faoi lathair is dócha gurbh é an duine is fearr ar féidir le hÉireann a fháil. Gan a bheith mí-ómósach do Phoblacht na hÉireann ag féachaint ar scuad na hÉireann anois ní mórán a bheidh ar thóir an post seo.”

Is féidir geall a chuir nach mbeidh aon dabht ar O’Neill féin. Nuair a chuireadh dúshlán air tráth ar a chumas chun Sunderland a threorú dúirt sé “ Ní hé go bhfuil mé ar an duine is fearr don phost ach go bhfuil mé an t-aon duine don phost”. Tá sé seo fíor faoi phost bainistíochta na Poblachta faoi láthair.

“Furan”: Ionad Ùr Ghàidhlig anns an Óban

2013-09-06 11.52.36Chaidh mi a’ céilidh air Donnchadh MacNèill anns an Óban Dihaoine sa chaidh airson tuillidh fiosrachaidh fhaodainn air an ionad ùr Ghàidhlig air fosgladh anns an Óban. Cha deach an t-ionad “a chur air bhog” fhathast, ach ‘s cinnteach gum bith sin a’ tachairt sna seachdainean a tha romhainn. Bhon tha mi air Gàidhlig Latharna a thogail agus tha mi a’ dèanadh rannsachaidh air dualchainnt ‘s beul-aithris na sgìre, shaoil mi gum bitheadh e freagarrach an sgeul a fheòrachadh!

‘S e “Furan” a th’ aca air an ionad, a tha a’ ciallachadh “fàilte agus aoigheachd bhlàth”. Tháinig an t-ainm air inntinn Dhonnchaidh dar a bha e a’ leughadh leabhair Ghàidhlig anns a thachair e air an fhacal. Bha e den bheachd gum bitheadh e glé fhreagarrach, leis a’ chiall agus bhon tha furasta an t-ainm fhuaimneachadh do dhaoine gun Ghàidhlig. Gu dearbh, bithidh tu a’ faodainn “fàilte agus furan” aig an ionad gun teagamh sam bith!

Tháinig an smaoin gu bàrr bho chionn dhà bhliadhna a-nis, agus mu dheireadh thall tha a’ ghnothach air toirt gu buil. Fhuair am pròiseact tabhartas de £160,000 bho Riaghaltas na h-Alba; dh’ fhaoidte gum b’ urrainn dhut a ràdhainn gun e fìor bheag an t-suim airgid a tha sin anns an fharsaingeachd, ach dar a sheallas tu air na th’ air tighinn ás an airgead sin, bithidh tu ‘g aontachadh rium gun e deagh-thasgadh a th’ ann ‘s gum bith e a’ cur cuid mhór ris a’ choimhearsnachd…

Tha an t-ionad stéidhchte anns na Tallaichean Chorrain, far a bhitheas iomadh tachartasan a’ dol ann. Tha oifis an ionaid suas nan staighrean, agus tha dithist seòmar ann — an oifis far a bheil goireasan ann airson 6 laptops, agus leabharlann beag, agus ‘s e seòmar co-labhairt a th’ anns an seòmar eile, far a bheil “clàr-ghlic”, bùird ‘s cathraichean, agus sealladh brìagha den Óban!

2013-09-06 12.16.37                          2013-09-06 12.16.48

2013-09-06 12.17.00                          2013-09-06 12.17.33

2013-09-06 12.17.43                          2013-09-06 12.17.59

Chan e ionad airson an Óbain a-mhàin a tha seo, mar a dh’ innis Donnchadh chòir dhomh; ‘s e ionad airson Arra-Ghàidheil air fad a th’ ann, agus bithidh e a’ cur cuideam air sin le abairtean, gnàthasan-cainnt ‘s seann-fhaclan bhon sgìre air fad air ballaichean an ionaid, agus tha e airson ‘s gum bith co-cheangal aig na sgìrean eadar-dhealaichte ann an Arra-Gàidheal ris an ionad anns an Óban. ‘S e “hub” a th’ anns an Óban airson na Gàidhealtachd ‘s nan Eileanan air fad, ‘s mar sin ‘s e àite nàdarra a th’ ann airson ionad leis an fheallsanachd sin.

Bithidh Donnchadh ‘g obair gu dlùth ri buidhnean mar Bòrd na Gàidhlig agus Clì Ghàidhlig, agus buidhnean ionadail eile, airson clasaichean agus tachartasan a chur air dòigh anns an ionad agus ann an coimhearsnachd an Óbain. Cuirear clasaichean Ghàidhlig, cearcaill chòmhraidh, agus co-fharpaisean cheist (aig a bhitheas ceòl cuideachd) air dòigh, agus céilidhean dùthchasacha uair sa mhìos cuideachd. ‘S e goireas fìor-mhath a th’ anns na Tallaichean, bhon tha àrd-ùrlar aca shìos staighre, seòmar anns a bheil bùird ‘s cathraichean airson faireachdainn “café” a chruthachadh, agus tha bàr beag ann cuideachd. Tha Donnchadh den bheachd gum bitheadh na seòmraichean seo freagarrach airson cearcaill chòmhraidh agus cuirmean-ciùil. Cuirear sreath d’ òraidean a leithid de na h-òraidean aig an Comunn Gàidhlig Ghlaschu air dòigh anns an seòmar co-labhairt air cuspairean eadar-dhealaichte.

Mar chuid den phròiseact, chaidh tabhartas de £120,000 a-staigh airson ionad ioma-mheadhanach a mhaoineachadh ann an Ard Sgoil an Óbain, airson sgoilearan a tha ‘g ionnsachadh na Gàidhlig ann. Tuillidh air sin ged-tà, cuirear bùthan-obrach fiolm agus ioma-mheadhnan air dòigh airson inbhich ann cuideachd. Bithidh ceangal làidir eadar na sgoilearan agus daoine óga na coimhearsnachd ri fileantaich a tha fuireachd anns an Óban, gu sònraichte fileantaich anns na taighean-curam. Bhon tha dualchainntean eadar-dhealaichte a th’ anns an Óban, le daoine de bhuineas nan Eileanan a’ fuireachd ann, ‘s e cothrom fìor-mhath a tha seo aig daoine óga Gàidhlig ghlan ionnsachadh bho na fileantaich, agus bithidh fìor-mhath airson dàimhean eadar-ghinealaiche a chruthachadh.

Tha fiughar agam ri mo chuid fhéi’ a chur ris a’ phròiseact seo, agus tha mi a’ creidsinn gun e comharra a tha seo gu bheil cridhe na Gàidhlig a’ buaileadh gu làidir ann an Arra-Ghàidheal fhathast!

— Alison Ní Dhorchaidhe, Glaschu

Súil an Choimisiúin ar Pholasaí Cánach na hÉireann

 

Tuairiscí go bhfuil Éire á fiosrú ag an gCoimisiún Eorpach maidir le bearta cánach

Seán Mícheál Ó Donnchadha

Tá sé tuairiscithe inniu go bhfuil Éire á fiosrú ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le margaí a rinne siad le comhlachtaí ilnáisiúnta maidir le cúrsaí cánach.

 

Tá an méid seo tuairiscithe sa nuachtán, Financial Times, De Céadaoin. Deirtear go bhfuil an Coimisiún Eorpach ag féachaint ar mhargaí a rinne siad le leithéidí Apple agus Starbucks, maidir le cúrsaí cánach agus tá sé ráite ag an nuachtán freisin go bhfuil fiosrúchán níos leithne i gceist, san Ísiltír agus i Lucsamburg.

 

EuropeanCommissionHQ_large
Coimisiún na hEorpa

D’eisigh an Roinn Airgeadais anseo ráiteas ar maidin De Céadaoin, ag rá nach bhfuil aon eolas acu féin ar aon fhiosrúchán foirmeálta atá á reáchtáil ag an Aontas Eorpach.

 

Bhí caint ar an ábhar céanna seo tamall ó shin freisin agus shéan Rialtas na hÉireann go raibh aon mhargaí speisialta á ndéanamh acu le comhlachtaí maidir le cúrsaí cánach, ar mhaithe le hinfheistíocht agus poist a chruthú.

 

Tá an t-iniúchadh seo ag teacht ar na sála ar chonspóidí móra sna Stáit Aontaithe, an Bhreatain,An Fhrainc agus an Ghearmáin faoi chánacha ísle ar chomhlachtaí Meiriceánacha le hoibríochtaí in Éirinn.

 

Má tá Éireann ciontach bheadh air na comhlachtaí Meiriceánacha na billiúin a áisíoc i gcánacha.

 

Tháinig an nuacht seo tar éis don Aire Airgeadais Míchaél Ó Nuanáin a rá le grúpa fir ghnótha go bhfuil gá na dlíthe cánacha a athrú a cheadaíonn do chomhlachtaí eachtracha cáin a sheachadadh i dtíortha éile.

 

Cé go leanfar leis an ráta cáin chorparáide de 12.5% d’admhaigh an tUasal ó Nuanáin go gcaithfear dul i ngleic leis an caoi go dtuairisceofar brabús i ndlínsí eile [other jurisdictions].

 

Bá é bunchloch polasaí eacnamaíochta na tíre seo ná infheistíocht dhíreach choimhthíoch[Foreign Direct Investment-FDI] ó chomhlachtaí ilnáisiúnta Meiriceánacha ach chuireann sé fearg ar thíortha éile a chaileann na billiúin i gcánacha neamhíoctha. Cailleann an Aontas Eorpach €1.3 trilliún i gcáin neamhíoctha gach bliain.

 

Bhí conspóid shuntasach níos luatha i mbliana nuair a dúirt Apple le Coiste Seanad Meiriceá a bhí ag déanamh iniúchadh ar seachadadh cáin chorparáide[corporation tax avoidance] go raibh socrú speisialta acu le Rialtas na hÉireann, a chuir alltacht orthu in Washington.

 

Cé gur chúlaigh Apple níos déanaí ón mhaíomh seo níor shéan siad ar fad é agus níor dhein Rialtas na hÉireann mórán le cruthú nach raibh socrú speisialta cánach ag Apple leo. Sé an fadhb le pleanáil cánach ionsaitheach[agressive tax planning] ná go mbíonn tú ag cailliúint fad agus atá tú ag míniú.

 

Is é Apple an fostóir eachtrach is mó in Éirinn ach ní íocann sé ach 2% dá mbrabús mar cháin.

 

Tá comhlachtaí eile mar inneall cuardaigh ollchumhacht Google agus slua comhlachtaí aitheanta cogaíochta nach n-íocann ach fíor bheagán cánach ar na billiúin de bhrabús.

 

Tá na hÚdaráis Iomaíochta[competition authorities] den Aontas Eorpach tar éis a iarraidh ar na Rialtais in Éirinn, sa Lucsamburg agus san Ísiltír a mhíniú conas a oibríonn a rialacha cánacha.

 

Tá rialacha daingeanacha san Eoraip maidir le státchabhair [state aid] chun iomaíochas a chothú tríd an Aontas Eorpach.

 

Nil fadhb ar bith leis an Aontas Eorpach le rátaí ísle cánacha na hÉireann go ginerálta, tá siad ag iarraidh a dheimhniú go ngearrtar cáin ar gach comhlacht tríd an Aontas Eorpach san slí cheanna.

 

Is iniúchadh neamhfhoirmiúlachta an cheann seo ach d’fhéadfaí é a leathnú go cheann foirmeálta má aimseofar éagóir.

 

Súile an Domhain

 

Dúirt an Taoiseach Éanna Ó Cionnaith agus an tAire Trádála Richard Bruton níos túisce i mbliana ná raibh socruithe cánacha rúnda déanta ag Rialtais Éireannacha siar sna blianta le hApple.

 

Tá córas cánach na hÉireann faoin spotsolas idirnáisiúnta le déanaí. Tá socruithe cánacha ag comhlachtaí ilnáisiúnta a bhaineann leas as dlíthe cánacha na hÉireann agus an Ísiltír chun fíor bheagán cáin a íoc.

 

Tá meicníochtaí mar an “Éireannach Dúbailte”[Double Irish] “Ceapaire Ísiltíreach”[Dutch Sandwich] coitianta mar mhodh seachanta ag comhlachtaí ilnáisiúnta a úsáideann dhá chomhlachtaí Éireannacha chun leas a bhaint as an slí a ghearrtar cháin in Éirinn ar mhaoin intleachtúil.[intellectual property].

 

Tá na comhlachtaí corparáide anseo ach níl siad lonnaithe anseo [resident here] ó thaobh dliteanas cánach[tax liability] agus úsáideann siad comhlachtaí éile in Bermuda agus na hOileáin Cayman chun ráta cánach éifeachtach [effective tax rate] i bhfad níos lú na 12.5% a íoc.

 

Tá Rialtas na hÍsiltíre tar éis geallúint a thabhairt go bhfuil siad chun cniogbheartaíocht [crackdown] a dhéanamh ar chuid des na dlíthe cánacha seo agus tá siad tar éis éisteachtaí parlaiminteacha a thosú cheana féin.

 

Ag an gcruinniú G20 i Moscó an deireadh seachtaine seo chaite gheall na ceannairí arís eile go ndéanfaidís cniogbheartaíocht ar sheachadadh cánach ach bá é an nuacht faoi an t-iniúchadh thuasluaite ag an Aontas Eorpach an chéad iarracht cheart chun déileáil leis an bhfadhb.

 

Is cosúil go mbeidh diancheistiú ar Aire Airgeadais na hÉireann i Vilnius inniu ag an gcruinniú dhá lá tar éis an t-eolas teacht chun cinn go bhfuil réamh–imscrúdú[preliminary investigation] a ndéanamh ag an AE ar chleachtais cánacha na hÉireann.

 

Beidh mion-phlé ar feadh trí huaire ar sheachadadh cánach maidin amárach agus beidh brú ar Éireann, an Ísiltír agus Lucsamburg chun a gcleachtais chánacha a chosaint fad agus atá gearáin go bhfuil socruithe speisialta á n-ofráil sna trí tíortha do chomhlachtaí sainiúla i gcoinne rialacha státchabhair.[state-aid rules].

 

Na Coimisinéirí Ioncaim

 

Tá sonraí ar conas a oibríonn na comhlachtaí ilnáisiúnta cosúil le hApple agus Google amach a mbillí beaga cánacha á nochtadh don chéad uair riamh ag an stáit seo go dtí na hÚdaráis Eorpacha atá i mbun an t-imscrúdú.

 

Tá na Coimisinéirí Ioncaim chun na sonraí seo a thabhairt díreach go dtí na hÚdaráis Eorpacha agus ní nochtfar go poiblí iad.

 

Tá na hÚdaráis Chánacha in Éirinn tar éis a shéanadh i gcónaí go bhfuil socruithe speisialta acu leis na comhlachtaí ilnáisiúnta Meiriceánacha.

 

Ach deir na criticeoirí go bhfuil na “rialaithe rúnda cánacha”[secret tax rulings] ag na hOifigigh Chánacha an–luachmhar do chomhlachtaí. Is iad na sonraí sna rialaithe seo a mbeidh an AE ag déanamh dian-scrúdú orthu anois.

 

Sé atá sna rialaithe cánacha ná go dtugann na Coimisinéirí Ioncaim rialú go dtí na comhlachtaí ilnáisiúnta ar an ioncam sonrach a ngearrfar cháin air in Éirinn agus an ioncam atá díolmhaithe [exempt].

 

Tabharfaidh na rialaithe rúnda seo míniú ar conas ar féidir leis na comhlachtaí móra ilnáisiúnta cosúil le hApple agus Google gan ach fíor bheagán cáin a íoc in Éirinn, fiú agus go bhfuil láimhdeachas des na billiúin ag a gcuid fo-chomhlachtaí atá lonnaithe anseo.

Banner_03

 

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta [OECD]

 

D’fhoilsigh an eagraíocht thuasluaite a dtuarascáil bhliantúil inné ar Éireann agus dúirt ceannasaí na heagraíochta Angel Gurria nár tearmainn cánach í Éireann. Ach dúirt sí go bhfuil deireadh leis an tréimhse in ar féidir le holl-chomhlachtaí ilnáisiúnta a gcuid cánacha ar fad a sheachadadh agus ní fadhb Éireannach ar fad an fadhb seo ach fadhb idirnáisiúnta.

 

Sé an cheist ná conas ar féidir le comhlacht atá ag feidhmiú i margadh sonrach cáin a íoc san dlínse sin.

 

Dúirt foinse ón Rialtas “troidfimid aon chúisimh go ndéanann Éireann socruithe speisialta le haon chomhlacht. Tá réimeas trédhearcach cánach againn.”