Tá bealach nua aimsithe ag grúpa Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn – soiscéalaíocht ar na sráideanna.
Chuaigh scata ón eagraíocht Misneach amach i mionbhus ó Bhéal Feirste Dé Sathairn agus thug siad aghaidh ar cheantar na mBeann Boirche i nDeisceart Chontae an Dúin, áit ar chaith siad lá i mbun stocaireachta ar son na Gaeilge agus ar son na Gaelscoile áitiúla, Gaelscoil na mBeann, go háirithe.
Tá sé ar intinn acu a dhéanamh amhlaidh uair sa mhí amach anseo i gceantair ar fud Chúige Uladh.
Dúirt Seán Ó hEacháin, urlabhra ar son na heagraíochta le Seachtain, “D’imigh bus lán le Gaeil ón Chultúrlann sa Cheathrú Gaeltachta agus chaith muid lá thar a bheith fiúntach i gceantar na mBeann ag seasamh leis an Ghaelscoil áitiúil.
“Bhí sé mar sprioc againn tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal. Eagrófar lá gnímh gach mí ina dtacófar le Gaelscoil trí lá earcaíochta a dhéanamh.”
“Eagrófar lá gnímh gach mí ina dtacófar le Gaelscoil trí lá earcaíochta a dhéanamh, mar aon le himeachtaí sóisialta agus feachtais eile atá idir lámha faoi láthair.
“Eagraíodh an G-Spota mar chuid d’Oíche Chultúir i dTigh Uí Mhadáin Dé hAoine ina raibh scoth na hoíche ag na céadta Gaeil. Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach suíomh sóisialta a chruthú do Ghaeil na cathrach agus déanfar seo chomh maith le laethanta gnímh gach mí.”
Tá Gaeilge i ngach áit, Tosnaíonn sé linne
MISNEACH á spreagadh ag grúpa úr Gaeil
cairdeas Gael agus gníomh . moladh go deo leo. sampla den ghníomh dhíreach a thabharfaidh an teanga in éifeacht i gceantar beag tuaithe nach bhfuil mórán achmhaíní da chuid féin aige. obair mhisnéireachta gan dabht.
Smaoineamh iontach ata ann! Ta siul a’m gur feidir liomsa a bheith an an chead uair eile!