‘Sin a dhéanann Siadsan’

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Is cuimhin liom go maith blianta ó shin, a bheith i mo shuí ag an chúntóir istigh i dTigh Mhadáin i mBéal Feirste, ag ól chúpla pionta ag tús na seachtaine le sean-chomrád de mo chuid.

Chas ár gcomhrá ar go leor ábhar agus léim sé ó spraoi go dáiríreacht.

Sa deireadh, thosaigh muid ag plé lucht taistil na hÉireann, na ‘gyspies’ mar a thug mo chara orthu.

Léirigh sé dom go raibh gráin aige dá gcineál.

D’iarr mé air a mhíniú domh cén fáth.

Rinne é a shúile a ghéarú agus stán sé orm, tháinig cáir feirge air.

“Níl ionat ach amadán,” a dúirt sé liom.

“Chan fhuil mé ach ag iarraidh fáth d’fhuatha a chloisteáil,” arsa mise.

gjr_bmx_lg
An bhfaca tú an BMX seo? Tá sé ar iarraidh ó 1987 – déan teagmháil linn

“Ghoid siad mo rothar” a d’fhreagair sé.

D’ainneoin go raibh a fhios agam go maith nárbh smaoineamh maith, shleamhnaigh mo chéad cheist  eile thar mo bheola.

“Cá bhfios duit gur iadsan a bhí i gceist”

Bhuail taom feirge agus iontais é agus …

“Mar ní raibh sé ansin!!! a dúirt sé.

“sin a dhéanann siad – goideann siad rudaí.”

Agus sin agat é, croí na faidhbe. Sin a dhéanann siadsan.

An tseachtain seo caite d’fhuadaigh Stát na hÉireann dhá pháiste, atá ina saoránaigh Éireannacha is cosúil ar an ábhar go raibh siad fionn agus go raibh súile gorma acu agus go raibh gruaig dhorcha ag a dtuismitheoirí.

 Tá freagra na ceiste sin iontach soiléir, mar ba ghiofóga Roma iad na tuismitheoirí sa dá chás seo agus … bhál … mar a dúradh thuas faoin rothar goidte …

“Sin an rud a dhéanann siadsan.”

Cén fáth ar smaoinigh na Gardaí i mBaile Átha Luain agus i mBaile Átha Cliath go raibh “baol tromchúiseach agus láithreach ann do shláinte do leas an linbh,” mar sin na critéir faoin Child Care Act 1991 inár bhféidir leo páiste a thabhairt ar shiúil óna dtuismitheoirí.

Cuimhnigh nár bhac siad le deartháireacha nó le deirfiúracha na bpáistí seo – na páistí fionna amháin a tógadh as na tithe.

Shíl na Gardaí ar ndóigh, go raibh féidearthacht ann gur fhuadaigh na tuismitheoirí na páistí seo. Cén fáth?

Tá freagra na ceiste sin iontach soiléir, mar ba ghiofóga Roma iad na tuismitheoirí sa dá chás seo agus … bhál … mar a dúradh thuas faoin rothar goidte …

“Sin an rud a dhéanann siadsan.”

3 lá ina dhiaidh sin tugadh na páistí bochta seo, faitíos agus imní orthu, ar ais dá dtuismitheoirí os comhair shúile an domhain.

Muidne mar Éireannaigh náirithe os comhair an tsaoil arís eile.

Chruthaigh tástálacha DNA gur fíor-pháistí a dtuismitheoirí iad – ní féidir liom a shamhlú go mbeadh ar thuismitheoirí d’aon chine eile in Éirinn ach sin mar a bhí.

la-fg-wn-greece-gypsy-camp-girl-found
Maria, an cailín beag Romach a uchtaíodh go mídhleathach agus atá anois fágtha gan tuismitheoir ar bith

Bhí baint idir an eachtra ghránna seo agus cás Maria sa Ghréig – cailín óg ceithre bliana d’aois a tógadh ón lánúin Romach – mar, bhí gruaig fhionn aici.

Fuarthas amach gur thug bean Romach as an Bhulgáir Maria don lánúin agus í ina babaí beag – mar sin – ní raibh an t-uchtú dlíthiúil de réir dhlí na Gréige.

Tá Maria á coinneáil faoi chúram charthanachta scartha ón aon mháthair a raibh aithne aici riamh uirthi – ní féidir liom pian, imní agus eagal an linbh sin a shamhlú.

Cuireadh fearg orm nuair a léigh mé ráitis ón charthanacht sin ag maíomh as Maria as a céad fhocail Gréigis a fhoghlaim mar ní raibh aici ach teanga na Romach go dtí sin – shílfeá go raibh siad ag cur leighis uirthi – an seanscéal céanna.

Cé hiad na Roma mar sin? Cén fáth ar creideadh chomh furasta sin gur féidir nárbh leo na páistí seo?

Roma cineál nó fo-ghrúpa de ghrúpa Eithneacha níos mó – na ‘Romani’, grúpa a tugadh giofóga orthu go traidisiúnta.

Ciallaíonn an focal ‘Rom’ fear nó fear chéile i dteanga s’acu féin.

Is mistéir go leor de stairsheanachas na Romani ach tugann teangeolaíocht le fios gur de bhunadh an Ind iad.

Ní cine ar leith iad – tá siad san Eoraip le fada agus ag meascadh le muintir na hEorpa.

roma-begging
An steiréitíopa : Bean Romach ag iarraidh deirce – a leanbh ar a glúin

Tá sé sa seanchas ar fud na hEorpa go ngoideann na gíofógaí páiste. Cibé bunús a bhí leis an scéal gránna sin, léiríonn an fhianaise go bhfuil an mhalairt fíor.

Tá an eagla ársa sin ar an Roma anois – meas tú go bhfuil grá na Roma dá bpáistí difriúil ón ghrá atá ag gach duine eile dá bpáistí?

An bhfuil baint ag Roma áirithe le coirpeacht – is cinnte go bhfuil – an bhfuil gach Roma ina gcoirpeach – níl.

Ach – agus leithcheal uafásach déanta ina gcoinne leis na céadta bliana, uileloscadh san áireamh – an iontas é go dtiontaíonn roinnt acu ar an gcoirpeacht?

Agus Roma a phlé ag duine tá ‘réiteach’ amháin á moladh i gcónaí Asamhlú.

Léirscrios cultúrtha atá i gceist ansin ar ndóigh. Ach níl na Roma ag iarraidh a bheith comhshamhlaithe – tá siad ag iarraidh a bheith ina Roma.

20111101035931Roma-Gypsies

Féach chomh maith 

Imní go raibh bunús ciníoch le cinneadh páistí a thógáil 

Cén fáth go bhfoghlaimeodh aon stát seirbhíseach an Ghaeilge a thuilleadh?

PREASRÁITEAS
Céim ar chúl eile ón Rialtas seo don seirbhís Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta

D’fhógair an Rialtas inniu, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair, go mbeidh deireadh curtha leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís. In ionad a aithint go bhfuil fadhbanna leis an gcóras marcanna bónais agus tabhairt faoin gcóras a fhorbairt nó córas sásúil a chur ina áit, tá cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas chun deireadh a chur leis ina iomlán. Tá an córas nua fógartha le cur ina áit, go mbeidh 6% den phainéal earcaíochta sa stát seirbhís amach anseo d’fhostaithe nua le Gaeilge, an-íseal ar fad. Dar ndóigh, beidh an painéal sin le roinnt ar 16 roinn rialtais agus ciallaíonn sin gur beag seans ann go mbeidh aon mhéadú suntasach in aon Roinn go luath do dhaoine inniúil sa Ghaeilge.
Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

Conradh_na_Gaeilge_Baile_Átha_Cliath_2006_Kaihsu_Tai
“Is buile eile do phobal na Gaeltachta agus Gaeilge é an cinneadh glactha ag an Rialtas inniu chun deireadh a chur le marcanna bónais gan córas sásúil a chur ina áit. Ní leor an socrú nua go mbeidh 6% de phainéal an stát seirbhíse ar fáil d’fhostaithe nua le Gaeilge. In ionad a bheith uaillmhianach, cróga agus an rud ceart a dhéanamh tá an Rialtas chun an tseirbhís Ghaeilge ón Stát do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a lagú níos mó. Conas  gur féidir a rá go bhfuil seo ag teacht le Straitéis an Rialtais don Ghaeilge 2010-30”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níl aon amhras faoi ach go bhfuil praiseach déanta ag gach Rialtas ó na 70í ar aghaidh leis an nGaeilge a spreagadh sa stát seirbhís agus seirbhís ar ardchaighdeán Gaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is trua nach raibh an Rialtas seo sásta athcothomrú ceart a dhéanamh agus céatadán de 30% ar a  laghad a roghnú don phainéal d’fhostaithe le Gaeilge agus spreagadh ceart  a chur ar fáil go hinmheánach le hardú céime a nascadh le hinniúlacht sa Ghaeilge.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas an céatadán de 6% a ardú go 30% ar feadh tréimhse 5-10 mbliana (ag braith ar an líon earcaíochta déanta) chun a chinntiú go mbeidh fíorfhorbairt sa líon daoine gur féidir leo seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Chomh maith leis sin, is gá córas a chur in áit na marcanna bónais le státseirbhísigh fostaithe cheana féin a mhealladh le cur ar a gcumas seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil.

Cinneadh déanta ag an rialtas deireadh a chur le pointí bónais as Gaeilge do arduithe céime agus earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí #gaeilge

NuachtTG4 ‏@NuachtTG41h

I gcás earcaíochta agus arduithe céime, bunófar #painéil agus beidh #Gaeilge ag 6% de na daoine sin sna ranna cuí @NuachtTG4 ag a 7

“Céim amháin chun tosaigh, dhá chéim ar chúl” : An Coimisnéir Teanga

Ní chun sochar na teanga a rachas an leasú ar na pointí bónais don Ghaeilge sa státseirbhís, a deir An #Coimisinéir #Teanga @NuachtTG4 ag 7

Bearta an Rialtais i leith mí-úsáid Alcól

Seán Mícheál Ó Donnchadha 

 

Tá an tAire Stáit sa Roinn Sláinte Alex White taréis  bearta a thabhairt isteach chun deileáil le mí-úsáid alcól.

Beidh cód fógraíochta daingean mar aon le lipéid le rabhaidh sláinte ar gach deoch alcóil  i gceist chun dul i ngleic le fadhbanna alcóil.

I measc  na bearta seo beidh íosphraghas don gram alcól a bheidh mar chuid de Bhille Sláinte Don Alcól.

Dúirt an tUasal White go raibh alcól ardnirt ar chostas íseal mar thargaid ag an mBille.The Solution To Underage Drinking Is Often Found Close To Hand.

Ní bheidh aon tionchar ag an beart seo ar phraghas an phionta na an leathghloine sa tig tabhairne. Tá beagnach gach deoch sa teach tabhairne ós cionn an íosphraghas cheana.

Nuair a rithfí an tAcht beidh fógraí don alcól sa teilifís agus raidió srianta don tráthnóna agus sna pictiúrlanna do dhaoine ós cionn ocht mbliana dhéag d’aois ó 2016.

Comh maith le sin beidh fógraíocht lasmuigh fé réir cód reachtúil [statuatory code] ó 2018.

Beidh fógraí clóbhuailte sna meán fé réir cód reachtúil freisin agus beidh srianta i gceist faoi chur cun cinn an alcól agus béim faoi leith ar  mhonatóireacht an méid gnéas atá sna bhfógraí.

Tá na bearta faoin íosphraghas ann chun  dul i ngleic le díol alcól ardnirt sna siopaí eischeadúnais  ar  lascaine[in off-licence shops at a discount].Sna hollmhargaí ní mór na deochanna alcóil a bheith scoite amach go maith ó na gnáth earraí siopa.

Beidh cumhachtaí forfheidmithe níos treise [increased enforcement powers] ag Oifigigh Sláinte Chomhshaoil[ Envorinmental Health Officers] chun bac a chur le hól faoi aois.

Alcohol5
An tAire Stáit Alex White TD,

Níor chuir an Rialtas áfach bac ar chomhlachtaí óil urraíocht a dhéanamh ar oll-imeachtaí spóirt. Tháinig an cinneadh seo sna sála ar dian stocaireacht a rinne Eagraíochtaí Spóirt cosúil le Cumann Rugbaí na hÉireann [IRFU] a bhí ag maíomh go gcuirfeadh bac ar urraíocht isteach go mór ar comórtias cosúil le Corn Heineken.

I ráiteas, dúirt an Rialtas gur thuig siad an imní a bhí ag daoine faoi sláinte phoiblí maidir le hurraíocht spóirt agus an tionchar a bheadh ag bearta reachtúla [statuatory measures] ar mhaoiniú eagraíochtaí spóirt.

Beidh císte atá bunaithe ag an Rialtas ag déanamh scrúdú ar an cheist seo faoi urraíocht spóirt ag comhlachtaí óil an bhliain seo chugainn. Is é an cheist is mó atá anseo ná foinse mhalartach mhaonaithe a fháil dá gcuirfí bac ar na comhlachtaí óil bheith ag tabhairt urraíocht don FAI  nó IRFU.

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas an cód reatha deonach maidir le hurraíocht spóirt a chur ar bhonn reachtúla.

Dúirt an tAire White “Gur lá cinniúnach a bhí ann mar gurbh é seo an chéad uair a ndéileálfaí le mí-úsáid alcól mar fadhb sláinte  phoiblí.

Tá an Rialtas taréis na fadbhanna deacra ó mhí-úsáid alcól a chur san áireamh – básanna, gortaithe agus fadbhanna sóisialta agus airgeadais – agus táimíd tiománta gníomhú chun réiteacht leo.

Tá an réimse bearta atá á thabhairt isteach de thoradh dian comhráite trásna Ranna Rialtais a mbeidh íosphraghas do dheochanna alcóil agus rialú fógraíocht agus margaíocht ar alcól mar thoradh leis.”

Dúirt an tAire Sláinte James Reilly ”Tá fadhb tromchúiseach againn in Éirinn le mí-úsáid alcól le dhá mhíle leapacha á dtógaint suas gach oíche le daoine atá tinn nó gortaithe de bharr alcól.”

Tá tionchar ag an iompar  seo ar theaghlaigh agus daoine aonair ag gach aicme den tsochaí. Is mór an bhuairt go bhfuil daoine ag tosnú ar ól alcól níos óige agus go bhfuil siad ag ól barraíocht. Tá an tÉireannach thar cúig bhliana dhéag  d’aois ar an meán ag ól coibhéiseach agus buidéal Vodka sa seachtain.

Tá an Rialtas tiomanta dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus léiríonn  cinneadh na seachtaine seo céim shuntasach eile chun tosaigh chun go mbeidh sochaí ann ina mbeidh ól freagracht  mar ghnáth nósmhaireacht sa tír seo.”

 

Imní go raibh bunús ciníoch le cinneadh páistí a thógáil

Anailís le Seán Mícheál Ó Donnchadha

Tá imní  léirithe ag ENAR  go raibh bunús ciníoch leis an gcinneadh beirt ógánach ón bpobal Róma a thógáil óna dtuismitheoirí. Dheimhnigh tástálacha DNA a deineadh ar chailín óg seacht mbliana d’aois gurb í iníon theaghlach Rómach í.

20111101035931Roma-Gypsies
Muintir Róma, an cultúr imeallaithe

Bhí Aoife Ní Mhurchú ón Eagraíocht ENAR ag caint faoin eachtra seo ar Athmhaidin. Dúirt sí go raibh mionlaigh eithneacha  an-bhuartha agus go raibh níos mó ná  aon eachtra amháin i gceist mar bhí páiste i gceist ag Baile Átha Luain  freisin ar bharr ar an cás i dTamhlacht. Bhí gach dealramh go raibh próifíliú eithneach agus idirdhealú ciníoch [ ethnic profiling and racial discrimination] i gceist.

Tá an tAcht um Chúram Páistí soiléir nach féidir páistí a thogaint óna dtuismitheoirí ach i gcás go bhfuil baol láidir dáiríre ar an toirt  do shláinte an Pháiste. Is cosúil sa chás seo nach san a bhí i gceist ach go raibh craiceann difriúil ag na páistí a tógadh, craiceann bán agus gruaig fhionn san áireamh. Bhí páistí eile sa teach agus níor toghadh iad san.

Chuir Bean Uí Mhurchú fáilte roimh an fiosrúchán atá ordaithe ag an tAire Alan Shatter ó Choimisinéir na nGardaí agus an ceann eile ag Francis Fitzgerald ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Cháin Mary Lou McDonald, Leas- cheannaire SF sa Dáil an chur cuige seo agus ghlaoigh sí ar fhiosrúchán neamhspléach. Is cosúl go mbeidh Ombudsman Do  Leanaí Emily Logan ag deanamh fiosrúchan neamhspléach freisin ar an gcás.

Ar an drochuair tá na  hÚdaráis, Na Gardaí agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte idir dhá thine Bealtaine sna cásanna seo. Is é sláinte na bpáistí an cloch  ba mhó ar a bpaidrín agus ar  a shon sin caithfidh siad ghníomhú nuair a bhfaigheann siad fáisnéis ón bpobal. Dá mba rud é nár rinne siad tada agus go raibh mí-úsáid páistí i gceist bheadh an pobal ar mire ach caithfidh siad bheith cúramach gan cearta daonna éinne a shárú.

Bhí a lán poiblíocht faoi na cásanna seo go mór mór tar éis an cás sa Ghréig ina bhfuair póilíní a bhí ar thóir drugaí i lonnaíocht Rómach [Roma Settlement]cailín fhionn nár leis na tuismitheoirí í. De bhrí gur chuir sé sin na Gardaí faoi bhrú sna meáin is deachair a thuigbheáil an chiall a bhí leis an leid a thug na Gardaí do tuairisceoir imscrúduithe [investigative reporter] faoin gcás seo.

Bhí Uinsíonn De Brún ag rá i TV3 go raibh fuadach páistí i gceist agus ós rud é go raibh sárú dlí anseo  go gcaithfear  daoine a chúiseamh faoin bhriseadh dlí seo. Im thuairimse tá sé ro-luath a bheith ag caint faoi ionchúiseamh  go dtí go dtiocfaidh an fhianaise go léir amach sna fíosrúcháin atá beartaithe.

Bhí Martin Collins Co-ordaitheoir ar an Eagraíocht Pavee Point a dhéanann ionadaíocht ar son an lucht súil agus ionadaithe ar son an bPobal Rómach ar Chlár Uinsinn De Bhrún ar TV3 aréir agus d`aontaigh siad leis an gcur cuige seo. Dá mba rud é gur deineadh botún, agus gach dealramh gurbh amhlaidh sa chás seo, d`iarr siad ar an Rialtas leithscéal a ghabháil leis an bPobal Rómach ionas nach mbeidís buartha faoi todhchaí  a bpáistí faoin dlí sa tír seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an dlí ar freastal ar gach duine sa tír seo ar bhonn cothrom.

Polaiteoirí na Tíre – Is Sinne atá freagrach astu!

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Agus muid ag léamh na bpáipéar, ag éisteacht leis an raidió, nó más féidir linn cur suas leis, ag coimhéad ar Vincent Brown, cluineann muid an tráchtairteacht ag caint faoi pholaiteoirí agus á gcáineadh gan stopadh.

1950s_DeValera
Eamonn de Valera

Pobalachas gan náire atá ann – ná creid aon fhocal de.

I mo phost lae mar thuairisceoir íseal bíonn sé de dhualgas orm labhairt le polaiteoirí go minic.

Agus bainim sult as, den chuid is mó is daoine cliste tiomanta ionraice agus suimiúla iad.

Tuigim go maith cé chomh mí-chúthál agus atá sé sin a rá.

Agus deirimse leat, má chuireann tú ceist ar iriseoirí go príobháideach, déarfadh an chuid is mó acu an rud céanna.

Ach ní féidir le duine ar bith sin a mhaíomh go poiblí.

Seans dá mbeinn féin ar Vincent Brown, go ndéarfainn a mhalairt, agus mé ag iarraidh dul i gcion ar an lucht éisteachta mar a déarfá.

Dá gcuirfeá ceist ar lucht vótála na hÉireann áfach, bheinn den tuairim go mbeadh 99% acu den tuairim go bhfuil ár gcuid polaiteoirí go holc amach is amach agus gan aon mheas tuillte acu ar chor ar bith.

Ach ar ndóigh, sinn féin a vótáil dóibh, níor cuireadh aon iachall orainn – stát daonlathach é Poblacht na hÉireann agus sin mar a bhí ó chéad lá Saorstát Éireann.

926_charles_haughey_1
Charlie Haughey, Ard-Rí Inis Mhic Aoibhleáin

“Sa daonlathas, faigheann daoine an rialtas atá tuillte acu” a dúirt an fealsamh Francach Alexis de Tocqueville.

Is cuimhin liom fear ag rá liom, gur vótáil sé don pholaiteoir de bhrí “gur éirigh leis árasán a fháil” dó.

Thug sé vóta dó mar bhuíochas. Shíl sé go mbeadh sé go hiomlán mí-ionraic agus mí-chothrom gan amhlaidh a dhéanamh,

Ach ní hionann suimeanna an pholaiteora údaí sin agus suimeanna mo charaid. Ní hionann an córas soc-eacnamaíochta a bheadh ar leas an pholaiteora seo agus an córas a bheadh ar leas an fhir seo ná aon bhaol air.

Ach bhí ceart vótála aige, bhí sé freagrach as agus d’úsáid sé é mar ba chóir – dar leis.

index-john-charles-mcquaid
Ardeaspag McQuaid – fear an-chumhachtach a bhí ann ach cárb as ar tháinig a chumhacht?

Deir roinnt daoine go bhfuil easpa físe le mothú i measc pholaiteoirí na hÉireann. Cinnte, tá míbhuntáiste ag an daonlathas I gcomparáid le córais eile, cothaíonn sé measarthacht ach cothaíonn sé lagmheasarthacht in éineacht leis.

Ach tá comórtas ann, caithfidh siad an chéad toghchán eile a bhuachan – ní bhaineann tú toghcháin in Éirinn le fís faraor.

An nglacann daoine le freagracht s’acu mar is ceart?

Mar a dúirt, bhí an daonlathas againn sa Sé Chontae is Fiche ó d’fhág Sasain agus a giollaí armtha i 1922 ach cha bheadh a fhios agat ag éisteacht le cáil mhaith daoine.

Agus daoine ag caint faoi Éire Chaitliceach, an cultúr fóir-Chaitliceach a d’fhás in Éirinn ó bunaíodh an stát agus nach bhfuair bás go dtí tús na nóchaidí shílfeá gur deachtóireacht faoi thionchar na hEaglaise a bhí ann cosúil leis an Spáinn agus leis an Phortaingéil ach níorbh amhlaidh an cás.

Vótáil daoine don chultúr sin, thug siad cead dó, ghlac siad páirt ann – ach níl muid ábalta sin a admháil go fóill.

Mar a’ gcéanna le polaitíocht De Valera, agus sin polaiteoir a raibh fís aige gan amhras, arís shílfeá gur deachtóir a bhí ann. Ach níorbh amhlaidh an cás, polaiteoir a toghadh go daonlathach, arís, arís agus arís eile thar thréimhse 6 bhliain is caoga.

Cinnte, tá lámh in uachtar ag polaitíocht phumpa an pharóiste ach sin an rud a roghnaigh muid féin.

Ní hé go bhfuil mé ag aontú leis, chan fheil, ach caithfidh mé cuid den fhreagracht a ghlacadh as.

Ar ndóigh – baineann obair phumpa an pharóiste le hiarrachtaí an pholaiteora an chéad toghchán eile a bhuachaint ach b’fhearr go mbeadh polaiteoirí ag díriú ar na ceisteanna móra sóisialta morálta agus eacnamaíochta ach is doiligh feiceáil cén chaoi gur féidir linn sin a fheabhsú.

An bhfuil duine ar bith ag iarraidh comhairleoirí na tíre a dhéanamh níos cumhachtaí i ndáiríre – is doiligh a chreidbheáil go ndéanfadh sé sin rud ar bith ach polaitíocht phumpa an pharóiste a neartú.

Níl ann ach leasú amháin ar féidir leis an chóras a athrú – sin an leasú ar féidir linn ar fad a dhéanamh.

Tá sé ar chumas an phobail gach uile pholaiteoir sa Dáil a chaitheamh ar an tsráid am an chéad toghchán eile – ní dhéanfaidh muid sin ar ndóigh.

Cuirfidh muid na daoine céanna istigh agus cuirfidh muid an milleán orthu as gach fadhb faoi spéir –ní ghlacfaidh muid aon fhreagracht as na daoine a chuir muid sa Dáil.

Is é an cheist a bheadh agamsa ná an bhfuil an córas briste nó an bhfuil muidne briste?

Ar cheart dúinn, ní éirí as an ghéarán ach a bheith níos aibí? Ar cheart dúinn freagracht a ghlacadh as ár vótaí?

Gnéasachas, Gaeilge agus Ceartaiseacht pholatúil

Smaointí ar an nGnéasachas inniu le Dónal Ó Catháin

Tá sochaí an lae inniu chomh forbartha is a bhí ariamh. Is dlíthe comhionannais a bhíonn á gcumadh ag an Rialtas go han-mhinic- ag na huaireanta sin nuair nach mbíonn siad ag déanamh tuilleadh scriosta don tír. Is daoine sibhialta sinn ar an mórchuid.RosieSexism

Tá deireadh curtha leis an sclábhaíocht (don chuid is mó, tá sí fós go forleathan i dtíortha neamh-fhorbartha agus is trua sin), agus ní féidir idirdhealú a dhéanamh ó thaobh cúrsaí cine, reiligiúin ná gnéis de, a deir an dlí. Is cinnte go mbíonn idirdhealú ar bhun fós, ach ‘s é mo phointe é ná go bhfuil idirdhealú den chineál seo i gcoinne an dlí agus nach mbíonn sé ag titim amach chomh rialta is a bhíodh.

Is toradh mí-ámharach ar an ngluaiseacht seo i dtreo chearta na ndaoine atá sa cheartaiseacht pholatúil. Ní bhíonn an t-ábhar seo bainteach le gníomhartha a bhíonn ar bun ag daoine, ach leis na nithe a deir siad, nó nach ndeir siad.

Léigh mé alt le déanaí sa Guardian a rinne trácht ar thuairimí a bhí ag A. A. Milne, scríbhneoir leabhar Winnie The Pooh, i leith an Bhéarla. Níor chreid sí go mba chóir go mbeadh an focal ‘Miss’ ann. Is téarma é seo le haghaidh mná nach bhfuil pósta.

An argóint a bhí aici ná nach raibh a leithéid d’fhocal cosúil ann d’fhir. D’aontóinn léi, níl aon chúis ar cheart go mbeadh an focal seo ann. Is fearr i bhfad ‘Ms’ a úsáid mar leagan baineann de ‘Mr’, nó b’fhéidir go mb’fhearr dom is fearr ‘Mr’ mar leagan fireann de ‘Ms’ a rá.

Tá an t-athrú sin ciallmhar agus go breá. Theastaigh uaithi tuilleadh athnuachana a dhéanamh ar an teanga áfach. In ionad na bhfocal ‘He’ agus ‘She’ a bheith ann, bhí sí i bhfábhar leagain neodraigh ‘Heesh’ a d’úsáidfí don dá chás. Dá nglacfaí an cur chuige seo ní bheadh racht feirge ar mhná ar léamh ‘He’ nó ‘His’ dóibh, áit nach bhfuil inscne faoi leith luaite.

Is féidir é seo a sheachaint tríd ‘One’ a úsáid, saorbhriathar an Bhéarla mar dhea. Ach más duine tú a mbíonn ‘one’ in úsáid agat an t-am ar fad is mó an méid fuatha a bheidh ag do chairde duit ná meas as ucht do chuid neodrachta teanga.

Is dócha go mbíonn an fhadhb chéanna sa Ghaeilge. Tá sé deacair agus casta a bheith ag rá sé nó sí, nó a (h) chuille huair gur gá úsáid a bhaint as an tríú pearsa uatha. Anuas ar sin níl a leithéid den fhocal ‘it’ sa Ghaeilge mar atá sa Bhéarla, gan inscne. An chúis atá leis sa Bhéarla ná nach bhfuil inscne ag focal ar bith sa Bhéarla.

Mar is eol dúinn sa Ghaeilge áfach, bíonn chuile hainmfhocal firinsceach nó baininscneach, agus cuid acu ina ndéghnéasaigh toisc nach féidir leo a n-aigní a dhéanamh suas.  Tá an claonadh ann sé a úsáid chun ‘it’ a rá sa Ghaeilge an t-am ar fad.

Tá sé sin i gceart de réir an Chaighdeáin don mhórchuid, ach le haghaidh na nuaireanta sin a mbítear ag déanamh tagairte d’ainmhocal baininscneach níl sé i gceart go teicniciúil. Mar shampla: Sin í an fhadbh.

Bhí sí ag cur as dom ní ba luaithe. Tá sé dúshlánach a dhóthain a bheith ag iarraidh na rialacha gramadaí eile a leanúint go bhfuil sé fíor-fhurasta dearmad a dhéanamh ar an gceann seo nach bhfuil ró-dháirire go fírinneach. Tá sé inghlactha sí nó sé a úsáid sa chomhthéacs seo.

 Teanga álainn gan amhras, ach teanga atá beagán cúl-chéimnitheach ag an am céanna?

Is iontas nach bhfuil feiminigh Ghaelacha ag gearán faoin ábhar seo- gach seans nach bhfuil aon fheimineach Gaelach ann chun a bheith ag clamhsán faoi, agus gurb í sin an chúis nach mbíonn aon ní le cloisteáil faoi. Is teanga thraidisiúnta atá sa Ghaeilge. Teanga álainn gan amhras, ach teanga atá beagán cúl-chéimnitheach ag an am céanna?

Nílim ag rá nach bhfuil na hoibrithe atá ag obair sa Roinn Gaeltachta “thíos leis na páistí” mar a déarfaí. Le déanaí chuir siad na focail ‘féinphic’ (selfie) agus tvuít (tweet) leis an teanga Ghaelach, i measc roinnt ceann eile.

An rud atá á rá agam ná go bhfuil sé deacair beannú do dhuine gan tagairt a dhéanamh do Dhia an Ghiúdachais. Is féidir “Haigh” a rá ar ndóigh, ach an bhfuil éinne ag iarraidh é sin a dhéanamh, go fírinneach? Ní féidir le dóchas bheith i saol an Ghaeilgeora gan beithinse an Dia chéanna a admháil.

Nílim ag rá go bhfuil Dia ann nó nach bhfuil ach táim ag rá go mb’fhéidir nach mbeadh baill de reiligiúin eile ró-shásta leis an nGaeilge ón taobh sin de.

An eachtra ar chuir mé ag machnamh faoi na cúrsaí seo ar fad ná scéal eile ar léigh mé sa Guardian, le bhur dtoil, bíodh tuiscint agaibh do mo liobrálachas.

Bhí Jo Swinson, Aire i bParlaimint na Breataine ina seasamh le linn do cheisteanna a bheith á gcur ar an bPríomh-Aire. An chúis a bhfuil sé seo conspóideach ná go raibh sí ag iompar le seacht mí ag an am. Anuas air sin ní fhéadfaí suíochán a thairiscint di toisc go mbeadh “gnéasachas” i gceist.

A chairde, i mo thuairimse, seo an cheartaiseacht pholatúil ag éirí áiféiseach. Is cinneáltas daonna a bheadh ann ag ofráil cabhrach do dhuine a bhí i ngátar, ní drochbhuanchruth á shamhlú i leith ban lag. Is cinnte go mórán bainte amach ag feiminigh sa 20ú haois do mhná. Ach níl aon bhuaiteoir in eachtra mar seo. An t-aon rud a tharlaíonn ná go gcailleann an chiall chomónta.

Sexism_Feature

UUP: Ullmhúcháin Úra don Pháirtí?

Scott De Buitléir

 

Agus comhdháil bhliantúil de chuid aon pháirtí polaitiúil ar siúl, is cinnte go mbeifear ag súil le go leor leor óráidí, bualadh bos rialta, ceardlanna cainte agus málaí beaga le pinn agus leabhair nóta mar bhronntanais bhuíochais as ucht freastail.

Níorbh aon eisceacht é comhdháil an UUP in Óstán an Ramada i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, mar bhí a leithéid sin ar siúl gan dabht. Is féile mhór pholaitiúil í an chomhdháil bhliantúil, ar nós na Nollag do politicos na tíre. Cérbh é Daidí na Nollag sin, más ea?

Mike Nesbitt, the UUP's new leader
Mike Nesbitt, ceannaire an UUP

Is cinnte go raibh óráid amháin ann a raibh gach ball den pháirtí – agus na meáin a d’fhreastail ar an ócáid – ag súil leis, agus ba shin óráid Mike Nesbitt.

 Ach rud nach rabhthas ag súil leis ná an fháilte a chur Nesbitt roimh gach éinne, fiú na daoine nach smaoineódh riamh faoi pháirt a ghlacadh in aon chuid den UUP. Rinne sé tagairtí go minic do Phoblachtánaigh, ag caint ar an sórt ‘Thuaisceart Éireann’ a bheadh feiliúnach do chách.

Rinne sé tagairtí do mhionlaigh, ar nós an phobail Áisí, daoine aeracha, inimircigh agus eile nach iad. Bhí sé ag úsáid friotail a chuirfeadh gach éinne isteach san áireamh, agus bhí a lánfhios aige ar a raibh á rá aige.

Cén fáth, mar sin, go mbeadh na tagairtí siúd tábhachtach, muna bhfuil iontu ach taicticí polaitiúla chun vótaí a mhealladh?

An freagra: Mar níl ‘an páirtí eile’ á dhéanamh sin. Tá an páirtí eile ag iarraidh Tuaisceart Éireann a choimeád Briotanach (is ábhar do lá eile dom é ceist an Bhriotanachais sa Tuaisceart) agus neamhaird a dhéanamh ar an aon ní ‘neamhBhriotanach’. An páirtí eile, dár ndó, ná an DUP.

Toisc é sin, is cosúil go bhfuil Nesbitt ag iarraidh a pháirtí féin a tharraingt i dtreo bóthair nach siúlann an DUP. Is é sin bóthar na fáilte; bóthar a bhfuil Sinn Féin agus Alliance – agus NI21 ar na mallaibh – siúlta acu cheana féin.

Dóibh siúd sa UUP, seanbhaill an pháirtí ach go háirithe, tá seans ann gur riosca é iarracht Nesbitt. Tá baill ann a cheapfadh go bhfuil Baile Átha Cliath chomh heachtrannach dóibh le Béising, agus is bac d’aon dul chun cinn é sin. Le meascán beag grinn ina chuid óráide, áfach, tá seans ann gur féidir le Nesbitt tuairimí na ‘die-hards’ a athrú:

“Ní mise an cinéal Aontachtach a mhothaíonn faoi bhagairt toisc an ‘tricolour’,” a dúirt Nesbitt os comhair na comhdhála. “Aontaím le ráitis an fhile mhóir, John Hewitt, a thug Ultach, Briotanach, Éireannach agus Eorpach air féin. Smaoinigh faoi […] is radharc domhanda i bhfad níos casta, ach níos ionraice, é ná Óraiste/Glas, Protastúnach/Caitliceach – agus sin an áit ina bhfuil mé.”

“Is Ultach mé, is Briotanach mé fosta,” a mhínigh ceannaire an pháirtí, “ach nílim ag iarraidh cailliúnt amach ar mo chuid Éireannachais. An sórt Éireannachais a chuirtear smaointí neamhChríostaí ionam agus [foireann rugbaí] Sasana ag imirt i mBaile Átha Cliath.”

Bhí gáire ann lena cloisteáil nuair a dúirt Nesbitt é sin. Níorbh ghlórach é an gáire, áfach, agus is as sin a bhfuiltear in ann dhá phointe a dhéanamh. Is é an chéad phointe ná pé cineál Éireannachais a raibh i gceist ag Nesbitt, ní beag é an ráiteas sin a dhéanamh ag an nóiméad áirithe sin; é ina sheasamh in aice le bratach na hAontachta, ag labhairt os comhair slua mór Aontachtach.

An dara pointe is féidir a thógáil as, áfach, ná go mb’fhéidir nár éirí le jóc an rugbaí chomh maith agus ba mhaith le Nesbitt. Más fíor é sin, taispeántar go bhfuil dúshlán ann roimh Nesbitt; páirtí Aontachtach a dhéanamh níos oscailte, níos tuisceanaí agus níos fáiltiúla.

Tá páirtí Aontachtach ann cosúil leis sin cheana féin, agus is é sin ná NI21 – an páirtí nua a chruthaigh beirt iarbhaill de chuid an UUP. Tá gach seans ann, mar sin, go bhfuil Nesbitt agus a chairde ag tabhairt airde don méid oibre a bhíonn idir lámha ag NI21, agus an cuma orthu go bhfuil ag éirí go maith leo, i measc na n-óg ach go háirithe.

Tá páirtí Aontachtach ann cosúil leis sin cheana féin, agus is é sin ná NI21 – an páirtí nua a chruthaigh beirt iarbhaill de chuid an UUP.

Tá John McCallister (iar-UUP, comhbhunaitheoir NI21) i ndiaidh labhairt ag dhá chomhdháil de chuid Shinn Féin; ceann amháin i gCairlinn, agus ceann eile i Londain. Tá Basil McCrea, an comhbhunaitheoir eile, i ndiaidh labhairt ar son cearta aeracha go minic i Stormont agus leis na meáin araon.

Tá an bheirt sin ag taispeáint le muintir an Tuaiscirt gur féidir le hAontachtaigh a bheith ciallmhar agus cairdiúil, agus nach ionann Aontachtach agus aineolach.

Ag deireadh na comhdhála, shiúl baill an pháirtí amach as an óstán agus ar shráideanna Bhéal Feirste. An chéad rud eile a bheadh suimiúil lena fheiceáil, anois, ná má leanfar le friotal dearfach Nesbitt (agus a chuid gníomhachtaí) agus é ar ais ina chathaoir i Stormont.

 

Mo ghráin sibh a Celtic agus Rangers

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Agus duine i mbun cholúin, ba chóir a bheith conspóideach, ach chan ró-chonspóideach.

Ba chóir tuairimí a léiriú ach ní gá do thuairimí pearsanta FHÉIN a léiriú.

Ach tá mé chun na rialacha sin a lúbadh don cheann seo áfach.

160466-rangers-v-celtic-team-news-and-preview-410x230
Cha féidir ceann acu gan an ceann eile

Tá fuath … ní hé … gráin agam do Celtic agus Rangers.

Ní labhróidh daoine áirithe liom arís ach, agus mé i mbun taighde don cholún seo, fuair mé amach go n-aontaíonn go leor daoine liom.

An t-aon rud a chuireann imní ar dhaoine ná go gcuirfí éilíteachas ina leith dá ndéarfadh siad a dhath diúltach faoin dá chlub – Gaeilgeoirí go háirithe mar cuirtear an éilíteachas inár leith go minic, ní gan chúis.

Bheadh go leor de lucht Celtic ar buille liom agus mé ag lua chlub s’acu san abairt chéanna le Rangers. Ní léir dom uaisleacht Celtic thar Rangers caithfidh mé a rá.

Títear domsa go n-imríonn an lánúin seo tionchar ar an pholaitíocht agus ar fhéiniúlacht dhaoine in Éirinn, thuaidh agus theas, agus in Albain, agus nach dea-thionchar é sin.

Má tá tú in amhras faoi thionchar Celtic ó dheas, déan comhaireamh ar mhéid geansaithe Celtic atá le feiceáil ag cluichí na Poblachta.

Siomtóim iad Celtic agus Rangers seachas na cúiseanna dar le roinnt daoine, sin mar a thosaigh siad b’fhéidir, ach chan amhlaidh an cás inniu – is iad an dá chlub bunchloch fhéiniúlacht go leor daoine i nGlaschú agus in Éirinn leis.

Níos tábhachtaí ná dílseacht do náisiún, do pholaitíocht, do chultúr nó do theanga.

Aontachtóirí a sheanann gur aontachtóirí iad

Jim_Murphy
Jim Murphy MP – “Ní aontachtóir mé agus ní raibh mé i m’aontachtóir riamh … Ach creidim go bunúsach gur chóir go mbeadh Albain mar chuid den Ríocht Aontaithe.”

Mar shampla, dúirt an MP do Shiorrachd Rinn Friù, Jim Murphy ó Phàrtaidh Làbarach na h-Alba anuraidh agus é ag déanamh trácht ar an díospóireacht faoi neamhspleáchas na hAlban :

“Ní aontachtóir mé agus ní raibh mé i m’aontachtóir riamh,” a dúirt sé “Ach creidim go bunúsach gur chóir go mbeadh Albain mar chuid den Ríocht Aontaithe.”

Ceann de na ráitis is mí-ionraice agus is seafóidí dar chuala mé sa pholaitíocht riamh –

Níl amhras faoi – is aontachtóir Jim Murphy– is é an rud atá sé ag rá i ndáiríre ná gur Celtic Fan atá ann agus nach Protastúnach atá ann –season ticket holder atá ann. “ní Billy mé ach Tim.”

Tá go leor polaiteoirí eile in Albain atá ina dtacadóirí Celtic agus ina aontachtóirí go smior, cosúil le George Galloway agus le John Reid.

Níl amhras faoi – is aontachtóir Jim Murphy– is é an rud atá sé ag rá i ndáiríre ná gur Celtic Fan atá ann agus nach Protastúnach atá ann –season ticket holder atá ann. “ní Billy mé ach Tim.”

Níl a dhath cearr leis sin –tá cuid mhór de lucht tacaíochta Celtic ar aon fhocal leo – d’ainneoin a bpoblachtachas bréagach gach tráthnóna Dé Sathairn – an ndéanann sé aon chiall a bheith fanaiceach, mar dhea, faoi neamhspleáchas na hÉireann ach i gcoinne neamhspleáchas na hAlban.

Ar an láimh eile, is soiléir má thugann duine scagadh ar na meáin shóisialta go bhfuil bunús lucht tacaíochta Rangers i gcónaí neamhspleáchas na hAlban chomh maith. Seans go bhfuil bunús polaitiúil leis sin ach is doiligh gan a bheith den tuairim gurb amhlaidh an scéal de bhrí gur Rangers Fans iad go príomha seachas Albanaigh.

Cha bhaineann sé liomsa

 Ach ní Albanach mise, ní bhaineann ceist neamhspleáchas na hAlban liomsa go díreach, ceist do mhuintir na tíre sin é agus ceist a fhreagrófar an bhliain seo chugainn nuair a bheas reifreann ann.

Tá rialtas na hÉireann neodrach mar is cuí ach cad faoi náisiúntóirí na hÉireann? Cuireann an cheist mearbhaill orthu.

Tá mé ag ceapadh gurb é an rud deireanach atá uaidh ceannaire an SNP, Alex Salmond ná aon ionchur ó Éirinn – níor mhaith liom an díospóireacht a bheith truaillithe ag Celtic agus Rangers agus ag polaitíocht na hÉireann níos mó ná mar atá cheana féin.

Ach tá iarracht déanta ag Salmond, agus é in Éirinn, an dá chúis a nascadh – rud a dhiúltaigh iar-cheannaire an SDLP Séamus Mallon go feargach – “bhí Albain mar chuid den tromaíocht in Éirinn,” a mhaígh sé.

“Bhí reisimintí na hAlban anseo, ag cur i bhfeidhm eascaire na Breataine.”

 Mór an trua mar sin gur éirigh leis an dá fhoireann seo, gaol nár réab an fharraige riamh mar a dúirt Somhairle Mac Ghill Eathain a scaradh ón chéile.

An uair dheireanach a bhí mé ag spaisteoireacht ar Bhóthar na bhFál, bhí go leor bratacha le feiceáil, ó bhratach Thír na mBascach go bratach na Palaistíne – ach ní raibh bratach na hAlban le feiceáil in áit ar bith? Bhí sé le feiceáil i gceantair dhílseacha áfach.

Mar fhocal scoir, chuir mé ceist ar Ghaeilgeoir as Glaschú de bhunadh Thír Chonaill blianta ó shin an raibh mórán teagmháil aige le Gaeil na hAlban thall, “ní raibh”, a mhínigh sé, “Lucht Rangers atá iontu sin.”

Mór an trua mar sin gur éirigh leis an dá fhoireann seo, gaol nár réab an fharraige riamh mar a dúirt Somhairle Mac Ghill Eathain a scaradh ón chéile.

Tuigtear dom go bhfuil gaol i bhfad níos sláintiúla idir an dá dhream inniu mar sin féin.

Teaghlaigh na hÉireann agus Buiséad 2014

Buiséad 2014 – Pointí Dearfacha agus Diúltacha ar aon do theaghlaigh, anailís le Seán Mícheál Ó Donnchadha

Bhí rudaí maithe agus olc do theaghlaigh sa bhuiséad seo. Ní raibh aon ghearradh siar ar liúntas leanaí agus beidh páistí fé cúig bhliana d’aois i dteideal cuairt a thabhairt ar an ndoctúr saor in aisce.

Níl aon mhéadú ar cháin ioncaim nó an muirear sóisialta uilíoch [universal social charge] ach beidh ar chlanna níos mó a íoc go dtí na Coimisinéirí Ioncaim an bhliain seo chughainn. Beidh bliain iomlán den Cháin Mhaoine Áitiúil dlite ón 1ú Eanáir 2014 do dhaoine a íocfaidh an cháin le hairgead tirim, seic, cárta creidmheasa agus cárta dochair[debit card]. Ciallóidh sé seo go mbeidh ar ghnáth- chlanna €300 a íoc i mhí Eanáir 2014, díreach tar éis costais na Nollag a bheith íoctha acu.

MichaelNoonan2012Unhappy_large
An tAire Airgeadais, Micheal Noonan, Fine Gael

Tá an liúntas leanaí go an-tábhachtach do chlanna. Bhí gearrtha siar suntasach ar seo ó 2008 nua ba fhiú €166 an páiste don chéad dhá pháiste acu nach fiú ach €130 an páiste anois. Ciallaíonn sé seo go bhfuil €864 caillte cheana féin ag an gclann le dhá páiste. Tá an cinneadh seo tar éis poll mór a chur i mbuiséad an ghnáth teaghlach.

Ní bheidh a fhios ag a lán daoine gur fógraíodh gearradh siad anuraidh ar an liúntas leanaí don tríú agus don cheathrú páiste ó €140 go dtí €130 agus beidh tionchar níos mó ag an gcinneadh seo ar theaghlaigh mhóra.

Tá an sochar máithreachais [maternity benefit] á ghearradh ó mhí Eanáir seo chugainn. Tá an ráta níos airde ag teacht síos ó €262 go €230 le haghaidh seachtaine. Caillfidh máithreacha €832 thar an tréimhse 26 seachtaine lena n-íochtar é seo.

Beidh tionchar ag an gcinneadh seo ar 8,000 ban agus tagann sé sna sála ar an gcinneadh an bliain seo cháite cáin a ghearradh ar shochar máithreachais.

Cé gur bhain na hAirí ó Nuanáin agus Howlin ó chlanna thugadar faoiseamh freisin. Bainfidh 240,000 clanna tairbhe as an doctúr a bheith saor do pháistí fé cúig bliana d’aois.

Caillfidh na daoine scothaosta an deontas méala de €850 [bereavement grant] agus tá an cháin choinneála ar ús taisce [D,I.R.T.] arduithe ó 33% go dtí 41%. Beidh árachas sóisialta pá-choibhneasta [PRSI] ag 4% le n-íoc freisin ar ús taisce. Ciallóidh sé seo go mbeidh cáin de 45% ar an ús a thuileann cuntais bhainc ag am go bhfuil an méid ús a thuileann cuntais bhainc an-íseal. Daoine thar seasca cúig bliana d’aois beidh díolúine acu ó cháin agus an cháin choinneála ar ús taisce san áireamh má tá a n-oll-ioncaim fé €18,000 má tá siad singil agus €36,000 do lánúin phósta.

Caillfidh 35,000 daoine ós cionn seachtó bliana d’aois an cárta leighis mar tá an tairseach ioncaim lena mbeidís i dteideal cárta leighis laghduithe ó €1,200 go €900 in aghaidh na seachtaine do lánúin phósta agus ó €600 go €500 do dhuine singil. D’fhearfadh siad bheith i dteideal cárta leighis do sheirbhís dochtúir teaghlaigh áfach.

Tá an táille oidis [prescription charge] do dhaoine le cárta leighis méaduithe ó €1.50 go dtí €2.50.Tá cárta leighis ag 1.89 milliún daoine nó 40% den daonra iomlán. Cosnaíonn na cártaí leighis seo €2 billiúin in aghaidh na bliana agus d’fhógair an Aire beartais Dé Máirt chun an figiúr a laghdú. D’fheadfadh 22,000 daoine ata tar éis post a fháil agus a raibh cead acu an cárta leighis a chóiméad ar feadh trí bliana fadó an carta leigheas a chailliúint anois. Beidh ar Fheidhmeannas na Seirbhísí Sláinte [FSS] sabháilt de €113 milliún a dhéanamh trí athbhreithniú a dhéanamh ar theidlíocht daoine do chártaí leighis agus d’fheadfadh 100,000 eile cártaí leighis a chailliúint dá bharr an t-athbhreithniú seo.

0007f07d-642
An tAire Airgeadais Micheal Noonan agus Brendan Howlin, an tAire Caiteachais Phoilblí agus Athchóirithe

Leanfaidh an FSS leis an t-athbhreithniú leanúnach ar chártaí leighis lánroghnach [discretionary medical cards] atá daoine i dteideal leo toisc costas arda leighis de bharr galair tromchúiseacha cosúil leis an galar néarón luadrach[motor neuron disease].

Beidh costas breise ar árachas sláinte príobháideach mar tá an tAire tar éis an faoiseamh cánach a bhí ar fáil ag an ráta caighdeánach a laghdú go €1,000 do duine fásta agus €500 do pháiste. Dúirt an tAire nach gcuirfeadh é seo isteach ach ar dhaoine le polasaí an –chostasach acu dúirt lucht sláinte go mbeadh 90% de dhaoine thíos leis. D’fheadfadh clann costas breise de €150 a íoc dé bharr an t-athrú seo. Beidh ar chomhlachtaí árachais €30 milliúin bhreise a íoc le haghaidh costais leapacha príobháideacha in ospidéil poiblí agus gach seans go a-aistreoidh siad na costais seo go dtí na daoine atá ag íoc árachais sláinte príobháideach. Is mór an tubaiste é seo go mór mór do dhaoine scothaosta atá ar ioncaim seasta [fixed income]mar tá costas an t-árachas sláinte tar éis a dhúbailt le dhá bhliain anuas.

Cosnóidh picéad toitíní agus pionta beorach 10c níos mó agus buidéal fíona 50c níos mó mar bharr ar €1 níos mó an bliain seo chaite. Ach ní cosnóidh an gluaisteán níos mó. Níor ardaíodh an dleacht mháil [excise duty] ar pheitreal ná díosal agus níl aon athrú ar mhótarcháin. Níl aon athrú freisin ar chostas breosla don téamh lárnach, rud as bhíonn an-tábhachtach do theaghlaigh tar éis na harduithe móra le cúpla bhliain anuas.

Tá deireadh a chur leis an scéim fordheontas do ús morgáiste do 13,000 daoine a bhfuil a chuid mhorgáistí i riaráistí. Ní cheadófaí aon fhórdheontaisí do dhaoine nua ó Eanáir 2014 ó Oifigigh Leasa Sóisialaigh agus tá siad chun an scéim do dhaoine eile a laghdú thar tréimhse ceithre bliana.

Bhí díomá ar chlanna gur bhris an tAire a gheallúint go mbeadh deireadh leis an tobhach ar phinsin phríobháideacha i 2013 ach beidh tobhach méadaithe ó 0.6% go 0.75% i 2014 agus leanfaidh an tobhach ag 0.15% i 2015.

Lucht Gnó Spreagtha le 50,000 Postanna a Chrúthú i 2014.

Dúirt an tÁire Fiontair Richard Bruton go gcrúthófar 50,000 postanna an bhliain seo cughainn le tachú ón Roinn Post Fiontar agus Nuálaíochta.Crúthóidh comhlachtaí coimthíocha 12,000 post le tacaíocht Ón Údarás Forbartha Tionscail [IDA].Crúthóidh comhlachtaí Éireannacha 12,000 eile le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann[Enterprise Ireland].

Tá sé a thuar go gcruthóidh an 24,000 postanna seo suas le 20,000 postanna eile i seirbhísí tacaíochta. Cuirfidh comhlachtaí beaga 4,500 postanna ar fáil le tacaíocht ó na Boird Fiontair Contae[County Enterprise Boards-C.E.Bs.] agus na hOifigh Fiontair Áitiúla[Local Enterprise Offices-LEOs].

Tá a lán beartais sa bhuiséad chun fiontar agus fostaíocht a spreagadh mar a mhíneofar thíos san alt seo.

Tús le do Ghnó Féin (TGF)

Soláthrófar díolúine ó Cháin Ioncaim suas go huasmhéid €40,000 sa bhliain ar feadh tréimhse dhá bhliain, do phearsana aonair a bhunaíonn ghnó neamhchorpraithe cáilitheach, ar daoine iad a bhí dífhostaithe ar feadh tréimhse 15 mhí ar a laghad roimh an ngnó a bhunú.

Méadú ar Thairseach CBL do Chuntasaíocht Airgid Thirim

Tá an bliantúil CBL do bhonn na bhfáltas airgid thirim le haghaidh gnóthais bheaga go meánmheide á mhéadú ó €1.25 milliún go €2 milliún le héifeacht ón 1 Bealtaine 2014. Cuideoidh an t-athrú seo leis na gnónna sin i réimse an-tábhachtach an tsreafa airgid[cash flow] agus laghdóidh sé ar an riarachán. Ní bheidh ar comhlachtaí beaga fé bhun láimhdeachas [turnover] €2 milliun an Cháin Bhreisluacha a íoc go dtí go n-íocfar iad seachas nuair a chuireann siad sonrasc [invoice] chuig féichiúnaí [debtor].

An ráta Cáin Breis Luacha[CBL] laghdaithe a choinneáil

 Tá an ráta CBL laghdaithe 9%, a tugadh isteach in 2011 mar chuid de Thionscnamh Post an Rialtais do sheirbhísí a bhaineann leis an turasóireacht ceaptha dul ar ais chuig 13.5% ar an 31 Nollaig, 2013. Coinneofar an ráta CBL 9%.

Faoiseamh fiontraíochta Cáin Ghnóchan Caiptiúil [CGC]

 Tá dreasacht CGC á tabhairt isteach d’fhonn fiontraithe a spreagadh (go háirithe fiontraithe srathacha-“serial” entrepreneurs) chun infheistiú agus athinfheistiú a dhéanamh i sócmhainní a úsáidtear i ngníomhaíochtaí trádála táirgiúla nua.

 Beidh feidhm ag an mbeart seo i gcás go ndéanfaidh pearsa aonair, a mbeidh cáin ghnóchán caipitiúil íoctha aige nó aici ar dhiúscairt sócmhainní,[disposal of assets] infheistíochtaí i ngnó nua sa tréimhse 1 Eanáir 2014 go 31 Nollaig 2018 agus go ndiúscróidh sé nó sí an infheistíocht sin tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis dháta na hinfheistíochta. Laghdófar an CGC is iníoctha ar dhiúscairt na hinfheistíochta nua den mhéid is ísle díobh seo: (i) an CGC a bheidh íoctha ag an bpearsa aonair ar dhiúscairt sócmhainní roimhe sin sa tréimhse ón 1 Eanáir 2010 agus (ii) 50% den CGC a bheidh dlite ar dhiúscairt na hinfheistíochta nua. Tá tosach an bhirt seo faoi réir cead a fhái ón AE I leith Cabhair Stáit.

 CREIDMHEAS CÁNACH T&F [Research & Development Tax Credit]

 Athbhreithníodh an réisím Creidmheasa Cánach Taighde & Forbartha (‘T&F’) le linn 2013. D’ullmhaigh an Roinn tuairsic mhionsonraithe atá le feiceáil ar Shuíomh Gréasáin an Bhuiséid. De thoradh an athbhreithnithe sin, tá roinnt athruithe á dtionscnamh:

 An Bhonnbhliain [Base Year]

 Foráladh le hAcht Airgeadais 2012 go mbainfeadh an chéad €100,000 tairbhe as an gcreidmheas cánach gan tagairt do bhonnbhliain 2003, agus méadaíodh an méid sin go dtí €200,000 le hAcht Airgeadais 2013. Tá an méid caiteachais a cheadaítear amhlaidh á mhéadú anois go dtí €300,000.

 Seachfhoinsiú [Outsourcing]

 

Tá an méid caiteachais ar Thaighde agus Forbairt (T&F) atá seachfhoinsithe chuig tríú páirtithe agus a cheadaítear a cháiliú le haghaidh creidmheasa teoranta do 10% den chaiteachas iomlán ar T&F a cháilíonn don chreidmheas in aon bhliain ar leith. Tá an teorainn seo á méadú ó 10% go 15%

Fostaí ríthábhachtach [Key Employee]

 Ó 2012, aon chuideachta a bhfuil teideal aici chuig an gCreidmheas Cánach T&F, féadfaidh sí cuid den chreidmheas a ghéilleadh chuig fostaithe dá bhfreagraíonn an míniú ar ‘fostaí ríthábhachtach’. Faoi réir coinníollacha áirithe, féadfaidh an fostaí sochar an creidmheasa cánach a úsáid chun a ndliteanas cánach ioncaim féin a laghdú.

Tá leasuithe á ndéanamh ar an ngné seo den scéim chun deireadh a chur le roinnt bacainní atá ann ar dhaoine á nglacadh.

Díolúine d’aistrithe scaireanna atá liostaithe ar Mhargadh Urrús Fiontraíochta Stocmhalartán na hÉireann. [Enterprise Securities Market- ESM]

 Is é atá sa Mhargadh Urrús Fiontraíochta (MUS) margadh Stoclmhalartán na hÉireann do chuideachtaí fáis. Dearadh go speisialta é chun fónamh go riachtanais chistiúcháin cuideachtaí sna tráthanna is luaithe dá gcuid forbartha. Beidh aistrithe na scaireanna sin díolmhaithe ó Dhleacht Stampa ar aistrithe scaireanna (1% ar scaireanna eile).

 Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT) [Home Renovation Incentive-HRI]

Tá scéim faoisimh cánach le haghaidh athchóiriú tí á tabhairt isteach ar feadh tréimhse dhá bhliain.

Beidh an úinéir tí in ann an cháin bhreisluacha de 13.5% a fháil ar áis ó na Coimisinéirí Ioncaim ar suimeanna idir €5,000 agus €30,000 a chaithfear ar athchóiriú nó síneadh ar a phríomháit chónaithe phríobháideach [principle private residence] ag tógálaithe cláraithe agus a chríochnaítear i 2014 agus 2015.

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní [The National Assets Management Agency-NAMA]

Tá NAMA chun 4,500 teach a thógaint i Baile Átha Cliath.