Bronntanas an Bhreatnaigh!


Do thuairim féin anseo… (más mian leat)

Lóchrann Loch Lurgan

Tuairisc le hEoin Ó Riain

Bhí ceiliúradh deas cairdiúil ag Acadamh an hOllscolaíochta Gaeilge in Áras Uí Chadhain ar an Sathairn seo caite (29 MF 2013). Bhí clann Deasúin & Lucy Breathnach ag deonadh cnuasach leabhair Ghaeilge Dheasúin ar an Acadamh.

Is cosúil go bhfuil níos mó na seacht gcéad leabhair ann, cuid acu atá as cló le fada agus chuile seans nach bhfoilseofar go deo arís iad. Bé toil na cloinne iad a chuir ar fail do phobal na hÉireann, agus don domhain ina iomláine i ndáiríre, tré iad a bhronnadh ar leabharlann an Acadaimh i gConamara.

Bhailigh thart ar seachtó daoine ann idir scoláire, polaiteoirí, pobal na háite, cairde Dheasúin agus daoine a thaitin a chuid scríbhneoireachta leo. Bhí bailiúchán dá cuid leabhair féin á thaispeáint ann idir úrscéalta, obair staire, bailiúcháin altanna nuachtáin agus filíocht.

Bá léir ón mbeirt aoi-chainteoir, Eoghan Ó Neill, Nuacht24, Lá agus eile…

Amharc ar an alt bunaidh 244 d’fhocla eile

Aon tuairim amháin ar “Bronntanas an Bhreatnaigh!

  1. fear uasal,misniúil ,ildánach a bhí ann. fear mór cuideachta agus ceoil leis. Chum sé ceol agus sheinn sé ceol ach sa bhreis ar sin bhí sé lán de dhaonnacht. Poblachtóir den tseán déanamh a bhí ann a chreid go diongbháilte i bPoblacht na cosmhuintire agus nach ligfeadh á náiriú le bréag ná le cur i gcéill. “Bleá Cliathach” go smior a chuaigh siar go hIarrthar na tíre ar thóir a shealbha agus a thug aniar é go dtáinig sé chun blátha ina theaghlach féin. Chuir mise aithne air don chéad uair agus muid beirt ag baint le Misneach i 60’í an chéid seo thart. Chuaigh muid ar stailc ocrais i 1966 le chéile le nearmart Rialtas na 26 Co i gcúrsaí Gaeilge a léiriú do shaol fóghla. Ba mhinic é ar chuairt orainn i nGaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste. Chuir scoilt Ghluaiseacht na Poblachta i 1970 go mór isteach air agus d’fhán sé mór le daoine a bhí ar dhá thaobh an iomaire ar feadh fada go leor . Nuair a bheartaigh Gaeil Bhéal Feirste gléas cosánta dá gcuid féin a bheith acu i ndiaidh sléacht agus dó 1969 bhí Deasún ar thosach an tslua a chuidiú leo . níor bheag an baol agus an chontúirt a chuir sé air féin dá bharr. cróga go leor ag fear a raibh teaghlach óg aige san am. go gcúití Dia a chinealtas leis.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s