Gnéas fós ina thabú sa Ghaeilge?


Agus an gnéas fós mar ábhar tabú i nGaeilge, fiosraíonn Cian Ó Tuathaláin stair na deacrachta atá againn leis an topaic seo.

Tá saol domhandaithe againn sa lá atá inniu ann. Faoin am seo, tá mise i gContae na Mí ag féachaint ar ‘The New Australian Masterchef’, nó i mBaile Átha Cliath ag fáil bás sa leabharlann ag roinn an ‘European Integration’. Ach níl mé i m’aonar.

In Ollscoil San Diego, is dócha go bhfuil leaid óg ag déanamh mionchúrsa ar Léann Eorpach agus go bhfuil na leabhair ceannann céanna pioctha aige. I São Paulo, tá bean tí áirithe ag leanúint ar na cócairí ó Mhelbourne agus Sydney agus a gcuid ‘stéig changarú ar an mbarbie’. Éire: Cró na hEorpa. A Thiarna, tá muid feabhsaithe amach is amach, ach tá spás le fás fós.

Céad bliain ó shin, ba ghnáth sa Domhan Thiar go raibh cleamhnas i gceist ó thaobh mná óg agus fir oiriúnach. Bhí leanaí acu, d’fhreastail siad ar sheirbhísí reiligiúnach (Caitliceach nó Liútarach nó cibé), agus bhí saolta simplí acu le mná díograiseach dá bhfir agus dá gclann. Is minic in Éirinn a bhreathnaíonn muid siar agus deir muid, ‘ah, nach amantaí níos simplí ab ea iad’, agus déanann muid dearmad gur breacmheabhair é seo. Ba sheilbh an fhir iad na mná, agus sin mar a bhí.399009-happy-couple-in-bed

Sna 1920í i Meiriceá, chonaic muid an chéad Réabhlóid Ghnéis agus na ‘Roaring Twenties’. Rinne Freud is go leor eile an argóint go raibh smachtúlacht ghnéis i ngach áit, agus anois sa deireadh thiar thall, bhí daoine in ann an fhírinne a fheiceáil nach raibh gnéas díbeartha ón bhfriotal ‘s ón phobail. Bhí éadaí nochtadh á gcaitheamh ag ‘showgirls’ agus tharla gnéas taobh amuigh den phósadh go forleathan. Is sna 1960í a chonaic muid mic léinn agus hipithe ag triail le gnéithe an ghnéis nach raibh feicthe againn roimhe sin.

Rinneadh scannáin den scoth ar nós ‘The Ice Storm’ ina bhfuil teaghlaigh i gConnecticut sna 1960í ar aghaidh ag turgnamh le caidreamh aerach, páistí ag teacht ag an saol taobh amuigh den phósadh agus daoine ag baint taitneamh as roinnt caidreamh gnéasaigh don chéad uair. Idir an dá linn, in Éirinn, cuireadh na máithreacha aonair isteach sna neachtlanna, bhí cosc ar achtanna homaighnéasaigh go dtí 1993, agus bhí ábhar an ghnéis ach amháin don coinfisiúnach.

Is stát óg í Éire a bheag nó a mhór, agus sna blianta tosaigh, bhí freagracht ag an rialtas ‘an tÉireannachas’ a chruthú. Is fíor go raibh Fianna Fáil agus Cumann na nGaedheal i gcumhacht, ach is léir gurb í an Eaglais Chaitleacach an fíor-rialtas a bhí againn. Ó thaobh rialacha na Róimhe de, díbríodh ‘litríocht an oilc’ agus chinntigh an chinsireacht go raibh an gnéas i bhfad ó chladaí na hÉireann.

Idir 1958 agus 1966, rinne an t-antraipeolaí cultúrtha, John Cowan Messenger, suirbhé ar Inis Oírr in Árainn. Foilsíodh leabhar le torthaí an suirbhé dar teidil: “Sex and Repression in an Irish Folk Community”. Sa leabhar seo, bhí sé soiléir nach raibh gnéasoideachas ar bith ag na daoine, go raibh gá le caidreamh chollaí ach chreid siad gur feall a bhí ann, go raibh gnéas i gcónaí sa dorchadas agus le éadaí ar fad orthu. Bhí cosc ar phógadh. An toradh ón smachtúlacht seo ná féinthruailliú iomarcach, caitheamh alcól iomarcach agus troid iomarcach.

Buíochas mór le Dia, (nó leis an ndiabhal, más maith leat), thug Gay Byrne an gnéas ar ais don phobail i stiúideo éigin i RTÉ agus chonaic muid an slí ina úsáidtear coiscín. Is san aimsir sin a fuair an ‘Late Late’ litreacha foréigneach ó dhaoine ag gearán faoin ábhar gnéasaigh, agus dúirt Gaybo le déanaí go raibh baill an lucht féachana i gcónaí ag fágáil na háite mar gheal ar chomhráite áirithe a bhí ar an gclár ar nós SEIF.

Ó shin amach, tá Éire beagnach ar an leibhéal céanna leis an ndomhan mórthimpeall orainn. Beagnach. Sna meáin, feiceann muid an gnéas anseo is ansiúd, ach an bhfuil na hÉireannaigh glactha leis an ngnéas fós? Bíonn muid i gcónaí ag déanamh jócanna agus amantaí bíonn na scéalta grinn seo maslach agus drochbhéasach. Cloiseann muid i gcónaí rudaí ar nós rideáil agus shifteáil, ach an gcloiseann tú ariamh aon duine ag úsáid ‘mise’ agus ‘fadhbanna ghnéis’ nó ‘mise’ agus ‘mothúcháin’ gan anáil a tharraingt? Tá fíorghnéas fós faoi rún anseo.

Le déanaí ar ‘Ros na Rún’, fuair muid blaisíní ‘PG’ le Lee agus Jason faoi na braillíní, ach níl mé in ann smaoineamh ar chomhrá a bhí ariamh agam faoi ghnéas agus mise ag úsáid na Gaeilge. Is í an Ghaeilge ná teanga na ndúchasach agus na bpribhléideach. Dar leis na grúpaí seo, is seantheanga í an Ghaeilge, teanga atá naofa, atá fileata. Ní do ghnéas í an Ghaeilge, is cosúil.

Caithfidh daoine áirithe a bheith tinn tuirseach le bheith ag caint nó ag comhrá as Gaeilge, agus ag gáirí agus ag fáil spraoi, ach amháin chun babhtáil go dtí Béarla le cloisteáil faoi “going on the pull” nó chun scigmhagadh a dhéanamh le rá “any hole’s a goal”, nach gcaitheann?

Is minic a chloistear déagóirí ag gáirí timpeall na háite ag an bhfocal ‘homaighnéasach’. “Tá tú homaighnéasach” a deir siad. Agus mar a dúirt mé cheana, bíonn siad ag gáirí. Le bhur d’thoil, déagóirí na hÉireann, stopaigí. Má dhúradh i mBéarla é, ní bheadh aon ghrinn ann. Más rud é go bhfuil greann déanta as ach amháin mar go bhfuil sé ráite i nGaeilge, bhuel, nach ndearbhaíonn sé sin go bhfuil an ábhar fós faoi gheis sa Ghaeilge?

D’iarr mé ar chúigear ó Ghaeltachtaí difriúil chun focail i nGaeilge a bhaineann le gnéas a fháil dom. Anois, ba dhaoine ar chomhaois liomsa iad, a mbíonn i gcónaí ag labhairt liom faoi chúrsaí an saol. Ba chuma liom más focail seafóideach ab ea iad, más focail eolaíoch ab ea iad nó más focail drúisiúil ab ea iad. Ar éigean a bhfuil freagair faighte ar ais agam go dtí seo ó aon duine acu. Smaoinígí air sin.

Seans go bhfuil aithne agaibh ar Rossa Ó Snódaigh ó Kíla. Rinne sé a dhícheall chun leabhar a scríobh le téarmaíocht gnéasaigh ann, dar teidil ‘Cliúsaíocht as Gaeilge: Making Out in Irish’, agus tá sé ar fáil ar Coiscéim.ie ar phraghas €8. Molaim é, mar ag Dia tá a fhios nach gcloisfear i Ráth Cairn nó sa Rinn an t-ábhar atá ann!

GLUAIS:

Cró Outhouse

Ba sheilbh Property of

Smachtúlacht Repression

Ag turgnamh Experimenting

An Chinsireacht Censorship

Feall Evil Deed

Féinthruailliú Masturbation

SEIF AIDS

Drúisiúil Raunchy

8 dtuairim ar “Gnéas fós ina thabú sa Ghaeilge?

    1. Tá sé de cháil ar an suirbhé sin as Árainn go raibh na hoileánaigh ag magadh faoi agus iad ag sárú ar a chéile ag iarraidh scéal níos seafóidí a chuma ná an duine a bhí ag caint leat roimhe.

      Dáileadh an scéil miotas atá ann nach bhfuil foclóir gnéis sa nGaeilge. Díreach mar gheall nach bhfuil sé sa bhfoclóir foilsithe ní chiallaíonn sé nach bhfuil sé ann. Tá sé cosúil le daoine ag rá nach bhfuil eascaine sa nGaeilge nó nach bhfuil focal ann ar eccentric nó depressed. Baineann sé le easpa Gaeilge na ndaoine ag caint faoi na cúrsaí seo seachas easpa a bheith sa nGaeilge

      1. Easpa eolais ar thuairimíocht ghnéis ó dhaoine as Gaoth Dobhair, An Rinn, Ráth Cairn, nó An Cheathrú Rua fiú? Da mba rud é go raibh neart focail faighte ar ais agam uathu (agus bhí mé ag súil leis sin), bhuel, bheadh alt an-difriúil scríofa agam!

        Bhí mé ag iarraidh an-úsáid a bhaint as téarmaíocht ghnéis agus alt salach ar fad a scríobh i nGaeilge le rá go BHFUIL gnéas ann do foghlaimeoirí agus don phobail léitheoireachta. Sin ráite, agus mise ag ullmhú don alt, chonaic mé an fadhb a bhí ag daoine caint faoi, an constaic a bhí fós ann, agus thug mé faoi dearadh nach mbeadh a leithéad d’alt oiriúnach níos mó.

        Sa deireadh thiar thall, scríobh mé an t-alt seo agus seans nach mbeinn ar aontú leis dá leínn é mé féin coicís ó shin. Ach scríobhadh é mar gheall ar an taithí a bhí agam agus mise ag bailiú eolais dó.

    2. Ní raibh focail uaim go díreach, tionscnamh a bhí ann le fiosrú go raibh siad sásta labhairt faoi, freagraí a thabhairt dom srl. Is ó dhuine acu a fuair mé amach faoin leabhar sin. Ní fhuair mé tada ó aon duine eile acu!

  1. Is cuimhin liom mé féin agus m’fhear chéile lenár bpáiste sa tSeapáin ina seasamh ag stanadh cosúil le amadáin ar an tseilf san ollmhargadh os ár comhair amach mar ní fhacamar coiscíní riamh roimhe sin agus bhí siad amuigh ansin go hoscailte romhainn!!!
    Is cuimhin liom nuair a chuamar ar ais go hÉirinn agus bhí an dlí aithrithe agus bhí sé ceadaithe an ‘piollaire’ a fhái agus chuaigh mé go dochtúir agus thug sé íde béal uafásach dom ag rá liom gur peaca marfach a bhí ann agus bhí orm éalú óna oifig agus náire orm ag súil nach ndéarfadh sé aon rud don scoil ina raibh mé ag múineadh.
    Is cuimhin liom dul go dochtúir eile (bean) agus oideas a fháil (bhí sé ag teastáil) agus dul go dtí an cógaslann in aice le Superquinn i mBaile an tSaoir nuair nach raibh éinne ann agus thóg an fear ansin uaim é ach faoin am a bhí sé réidh bhí an áit plódaithe le daoine agus ghlaoigh sé os ard ‘Tá an piollaire réidh agam. Cé leis é?’ Agus d’éalaigh mé mar bhí tuismitheoirí mo dhaltaí ann.
    Is cuimhin liom cás X. Is cuimhin liom scéal Anne Lovett. Is cuimhin liom na scéalta faoi na Magdalene Laundries.
    D’fhás mé i dtír fhaisisteach is ní raibh clú ag mo dhearthaireacha cén chaoi raibh an saol domsa.
    Go dtí go mbeidh scaradh idir Stát is Eaglais is scoileanna saor ó thionchar na hEaglaise leanfaidh sé ar aghaidh agus is mór an náire é.
    Maith agat, Cian, as an bpíosa seo a scríobh.

  2. Tá go leor caint faoi ghnéas sa leabhar “Súil le breith” le Pádraig Ó Standún, ach sular léigh mé an leabhar seo, is fíor bheag focail faoin ngnéas a chuala mé sa Ghaeilge

  3. Ba cheart duit an Tailor and Ansty a léamh, de réir an údair Eric Cross bhíodh daoine in Éirinn ag comhrá faoi ghnéas go rialta nuair a bhí an Ghaeilge i réim – nuair a thiontaigh siad ar an mBéarla stop sé sin. Maidir leis an lá atá inniu ann tá neart focal sa teanga a bhaineann le cúrsaí craicinn ach ní múintear iad sna scoileanna dar ndóigh!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s