Inniu lá Leif Erikson i Stáit Aontaithe Meiriceá, lá a cheiliúrann saol Leifr Eiríksson, Lochlannach a chreidtear a bhain Meiriceá Thuaidh amach sa bhliain 999.
Tá an lá á cheiliúradh go hoifigiúil ó bhí 1964 cé nach bhfuil an clú céanna air is atá ar lá Cholambas a cheiliúrann an lá i 1492 a ‘d’aimsigh’ Críostóir Colambas Meiriceá agus na daoine go léir a bhí ann cheana.
Ach ar ndóigh, tuigeann muid mar Ghaeil gur éirigh leis an manach Éireannach, Naomh Breandán, Meiriceá Thuaidh a bhaint amach tuairim ar 500 bliana roimhe sin.
Leabhar iontach faoi na daoine a tháinig go dtí an domhan nua ón iarthar fadó:
America B.C. Le Barry Fell
Is fiú go mór é a léamh.