Polaiteoirí na Tíre – Is Sinne atá freagrach astu!


Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Agus muid ag léamh na bpáipéar, ag éisteacht leis an raidió, nó más féidir linn cur suas leis, ag coimhéad ar Vincent Brown, cluineann muid an tráchtairteacht ag caint faoi pholaiteoirí agus á gcáineadh gan stopadh.

1950s_DeValera
Eamonn de Valera

Pobalachas gan náire atá ann – ná creid aon fhocal de.

I mo phost lae mar thuairisceoir íseal bíonn sé de dhualgas orm labhairt le polaiteoirí go minic.

Agus bainim sult as, den chuid is mó is daoine cliste tiomanta ionraice agus suimiúla iad.

Tuigim go maith cé chomh mí-chúthál agus atá sé sin a rá.

Agus deirimse leat, má chuireann tú ceist ar iriseoirí go príobháideach, déarfadh an chuid is mó acu an rud céanna.

Ach ní féidir le duine ar bith sin a mhaíomh go poiblí.

Seans dá mbeinn féin ar Vincent Brown, go ndéarfainn a mhalairt, agus mé ag iarraidh dul i gcion ar an lucht éisteachta mar a déarfá.

Dá gcuirfeá ceist ar lucht vótála na hÉireann áfach, bheinn den tuairim go mbeadh 99% acu den tuairim go bhfuil ár gcuid polaiteoirí go holc amach is amach agus gan aon mheas tuillte acu ar chor ar bith.

Ach ar ndóigh, sinn féin a vótáil dóibh, níor cuireadh aon iachall orainn – stát daonlathach é Poblacht na hÉireann agus sin mar a bhí ó chéad lá Saorstát Éireann.

926_charles_haughey_1
Charlie Haughey, Ard-Rí Inis Mhic Aoibhleáin

“Sa daonlathas, faigheann daoine an rialtas atá tuillte acu” a dúirt an fealsamh Francach Alexis de Tocqueville.

Is cuimhin liom fear ag rá liom, gur vótáil sé don pholaiteoir de bhrí “gur éirigh leis árasán a fháil” dó.

Thug sé vóta dó mar bhuíochas. Shíl sé go mbeadh sé go hiomlán mí-ionraic agus mí-chothrom gan amhlaidh a dhéanamh,

Ach ní hionann suimeanna an pholaiteora údaí sin agus suimeanna mo charaid. Ní hionann an córas soc-eacnamaíochta a bheadh ar leas an pholaiteora seo agus an córas a bheadh ar leas an fhir seo ná aon bhaol air.

Ach bhí ceart vótála aige, bhí sé freagrach as agus d’úsáid sé é mar ba chóir – dar leis.

index-john-charles-mcquaid
Ardeaspag McQuaid – fear an-chumhachtach a bhí ann ach cárb as ar tháinig a chumhacht?

Deir roinnt daoine go bhfuil easpa físe le mothú i measc pholaiteoirí na hÉireann. Cinnte, tá míbhuntáiste ag an daonlathas I gcomparáid le córais eile, cothaíonn sé measarthacht ach cothaíonn sé lagmheasarthacht in éineacht leis.

Ach tá comórtas ann, caithfidh siad an chéad toghchán eile a bhuachan – ní bhaineann tú toghcháin in Éirinn le fís faraor.

An nglacann daoine le freagracht s’acu mar is ceart?

Mar a dúirt, bhí an daonlathas againn sa Sé Chontae is Fiche ó d’fhág Sasain agus a giollaí armtha i 1922 ach cha bheadh a fhios agat ag éisteacht le cáil mhaith daoine.

Agus daoine ag caint faoi Éire Chaitliceach, an cultúr fóir-Chaitliceach a d’fhás in Éirinn ó bunaíodh an stát agus nach bhfuair bás go dtí tús na nóchaidí shílfeá gur deachtóireacht faoi thionchar na hEaglaise a bhí ann cosúil leis an Spáinn agus leis an Phortaingéil ach níorbh amhlaidh an cás.

Vótáil daoine don chultúr sin, thug siad cead dó, ghlac siad páirt ann – ach níl muid ábalta sin a admháil go fóill.

Mar a’ gcéanna le polaitíocht De Valera, agus sin polaiteoir a raibh fís aige gan amhras, arís shílfeá gur deachtóir a bhí ann. Ach níorbh amhlaidh an cás, polaiteoir a toghadh go daonlathach, arís, arís agus arís eile thar thréimhse 6 bhliain is caoga.

Cinnte, tá lámh in uachtar ag polaitíocht phumpa an pharóiste ach sin an rud a roghnaigh muid féin.

Ní hé go bhfuil mé ag aontú leis, chan fheil, ach caithfidh mé cuid den fhreagracht a ghlacadh as.

Ar ndóigh – baineann obair phumpa an pharóiste le hiarrachtaí an pholaiteora an chéad toghchán eile a bhuachaint ach b’fhearr go mbeadh polaiteoirí ag díriú ar na ceisteanna móra sóisialta morálta agus eacnamaíochta ach is doiligh feiceáil cén chaoi gur féidir linn sin a fheabhsú.

An bhfuil duine ar bith ag iarraidh comhairleoirí na tíre a dhéanamh níos cumhachtaí i ndáiríre – is doiligh a chreidbheáil go ndéanfadh sé sin rud ar bith ach polaitíocht phumpa an pharóiste a neartú.

Níl ann ach leasú amháin ar féidir leis an chóras a athrú – sin an leasú ar féidir linn ar fad a dhéanamh.

Tá sé ar chumas an phobail gach uile pholaiteoir sa Dáil a chaitheamh ar an tsráid am an chéad toghchán eile – ní dhéanfaidh muid sin ar ndóigh.

Cuirfidh muid na daoine céanna istigh agus cuirfidh muid an milleán orthu as gach fadhb faoi spéir –ní ghlacfaidh muid aon fhreagracht as na daoine a chuir muid sa Dáil.

Is é an cheist a bheadh agamsa ná an bhfuil an córas briste nó an bhfuil muidne briste?

Ar cheart dúinn, ní éirí as an ghéarán ach a bheith níos aibí? Ar cheart dúinn freagracht a ghlacadh as ár vótaí?

6 thuairim ar “Polaiteoirí na Tíre – Is Sinne atá freagrach astu!

  1. An “bhfuil an córas briste nó an bhfuil muidne briste?”
    Ceist mhaith.

    Tá muid briste agus an córas briste agus cúnamh agus teiripe ag teastáil ón tír mar
    BHÍ tionchar na hEaglaise “cosúil leis an Spáinn agus leis an Phortaingéil.”
    Vótáil daoine ach bhí faitíos orthu agus brú orthu agus tá fós. Tá scaradh idir Eaglais is Stát fós ag teastáil.

    BA dheachtóirí iad an triúir sna pictiúirí sin a rinne a rogha rud agus a bhfuair réidh lena naimhde agus bhí fhios ag an domhan é. Fir a bhí baint acu le foréigean gach aon duine acu.

    Cinnte gur “cheart dúinn freagracht a ghlacadh as ár vótaí” ach tá sé an-deacair do dhaoine bheith ag iarraidh cúrsaí a athrú agus a ngasúir sna scoileanna faoi smacht na hEaglaise.

    Agus mé ag iarraidh freagrach ón rialtas tá ceisteanna agam:
    1. An mbeidh rogha ag mná in Éirinn riamh? Cathain?
    2. An ndéachaidh Tom Barry go priosún mar gheall ar a chiapadh gnéasach? Ar chaill sé a phost? http://jn1.tv/video/news/irish-politician-sorry-for-parliament-groping.html Freagracht?
    3. An mbeidh seirbhísí sláinte agus oideachas ag ár Stát riamh saor ón Eaglais? Cathain?

    Rud beag ach tábhachtach le athrú led’ thoil, a Chiaráin:
    “Is cuimhin liom fear ag rá liom” ► ‘Is cuimhin liom duine ag rá liom’

    Má léann tú an píosa ar fad arís feicfidh tú nach bhfuil muidne (mná) ann in áit ar bith.
    Sin cuid den fáth go bhfuil cúnamh agus teiripe uainn 🙂

    Ach, le bheith dóchasach, is féidir linn athrú a dhéanamh ach caithfear bheith láidir.
    Ná glac le leithscéalta agus ná cuir suas le easpa freagrachta sa rialtas ná san Eaglais atá fite fúite leis. Roghnaigh daoine a dhéanfaidh an difríocht sin.
    V do vótáil.

  2. “Rud beag ach tábhachtach le athrú led’ thoil, a Chiaráin:
    “Is cuimhin liom fear ag rá liom” ► ‘Is cuimhin liom duine ag rá liom’”

    Fear a bhí ann.

    CD.

    1. Tuigim ach an bhfuil an pointe sin tábhachtach sa chomhthéacs?
      Nach leor ‘duine’ a rá nó an raibh tábhacht faoi leith leis an inscine sa chás sin?
      Tá sé cosúil le bheith ag rá (sampla eile): ach ba bhangárda í.
      Amantaí is gá an pointe sin a dhéanamh ach má tá muid ag caint faoina obair, a oifig, an jab is gan gá tagairt a dhéanamh don inscine, b’fhearr gárda a rá.
      #sanáireamh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s