Léanaimis leis an déine ar mhaithe lenár bpáistí

Déanann Ciarán Dúnbarrach athmhacnamh ar an déine

Samhlaigh gur dhúirt do chomharsan leat lá go raibh gliondar air. Go raibh sé thar a bheith sásta nach raibh an banc chun é féin agus a theaghlach a chaitheamh amach ar an tsráid, nach mbeadh le déanamh aige ach an morgáiste a íoc agus morgáiste gach duine eile ar an eastát a íoc chomh maith.

MichaelNoonan2012Unhappy_large
An tAire Airgeadais, Michael Noonan

Agus go raibh lúcháir air ar an ábhar gur féidir leis dul arís chuig siorcanna iasachtaí áitiúla cairdiúla agus airgead a fháil ar iasacht uafa ar mhaithe le híoc as slí bheatha nárbh fhéidir lena thuarastal íoc as.

Ach nach raibh fadhb ar bith ann dáiríre mar ní bheadh sé air féin an t-airgead sin a íoc a ar ais choíche. Bheadh an dualgas áirithe sin ar pháistí s’aige agus ar pháistí s’acu agus mar sin de.

Ní bheadh gliondar ort féin, shílfeá go raibh an socrú leis an bhanc sheafóideach agus mí-mhorálta agus go raibh sé mícheart agus mí-nadúrtha fiú a bheith ag súil go n-íocfadh a pháistí agus a gharpháistí as saol s’aigesean inniu.

Ach nach é sin an rud atá tar éis tarlú anseo in Éirinn? Éalóidh Éire as tarrtháil na Triúrachta 15 Mí na Nollaig – gheobhaidh muid ár bhflaitheas eacnamaíochta ar ais go pointe – scéala maith gan amhras.images

Ach tá sé dearbhaithe ag an Aire Airgeadais go mbeidh Éire ar ais sna margaí ag tús na bliana seo chugainn cé nach bhfuil an t-airgead sin de dhíth orainn an bhliain seo chugainn.

Is é sin le rá – rachaidh muid ar ais chuig na siorcanna iasachta. Títear domsa go bhfuil sé ar mire glan chun easnamh síoraí a bheith ann sa bhuiséad, gur droch-eacnamaíocht é, go ndéanfaidh sé dochar don gheilleagar sa deireadh agus go bhfuil sé mícheart go bunúsach a bheith ag súil go n-íocfaidh ár bpáistí agus ár ngarpháistí as ár mbillí cárta creidmheasa.

Agus sin a bhfuil i gceist leis na margaí airgeadais – córas creidmheasa cosúil le cárta creidmheasa, tá sé amaideach don duine aonair agus tá sé amaideach do gheilleagar stáit. Ach fuirigh go fóill a deir na sóisialaithe, sin polaitíocht na heite déise – caithfidh muid ár seirbhísí a bheith againn!

Tá an argóint sin intuigthe – ach arís, cad atá cothrom, sóisialach nó féaráilte faoina a bheith ag súil go n-íocfaidh na glúinte atá le theacht as ár gcaighdeán maireachtála inniu agus go mbeidh siadsan níos boichte ná sinn féin?

Agus arís, cad atá sóisialach faoi smacht ar an gheilleagar a thabhairt chuig na margaí seo – nach é sin an fáth a dtugann siad an t-airgead dúinn sa chéad dul síos? Agus na heacnamaithe – cad a déarfadh siadsan – chan fhuil barúil ag an cholúnaí Gaeilge soineanta sin faoin eacnamaíocht.

Goille, suigh síos agus lig dom scéal a arsaí dhuit faoi chúrsaí eacnamaíochta. Tá Cumann Eacnamaíochta Iar-Chliste (Post-Crash Economics Society) bunaithe ag mic léinn eacnamaíochta Ollscoil Mhanchain i Sasanaí.

Séanann na mic léinn seo gur eolaíocht atá i gceist leis an eacnamaíocht, dar leo gur scoil smaointeoireachta atá i gceist,  agus tá siad ag éileamh go rachaidh siollabas s’acu i ngleic leis an chliseadh eacnamaíochta seachas neamhaird a dhéanamh air mar a dhéanann faoi láthair – an cliseadh nár thuar eolaíocht na heacnamaíochta mar dhea.

Anois, ná bíodh aon amhras faoi, shíl mé féin nuair a shocraigh Fianna Fáil fiacha na mbanc a íoc go raibh sé sin mícheart. Shíl mé go raibh sé mímhorálta fiacha príobháideacha ar iasachtaí neamhurraithe a phoiblí. Tá sé go hiomlán mícheart go bhfuil brabús an chaipitleachais príobháideach agus go bhfuil caillteanas an chórais chéanna poiblí.

Bheinn féin ar son na scairshealbhóirí udaí a dhó gan aon dabht. Ní féidir aon rud atá mícheart ó thaobh na moráltachta de a bheith ceart ó thaobh na polaitíochta de. Bhí an polasaí déine a cuireadh iachall orainn a ghlacadh orainn féin mícheart, níl déanta aige ach marbhántacht a bhunú – cé go bhfuil comharthaí dóchais ann.

stiglitz
Joseph Stiglitz, eacnamaí

Dúirt an t-eacnamaí Meiriceánach Joseph Stigiltz, a bhfuil duais Nobel buaite aige, ar RTÉ ar na mallaibh go mbeidh “deich mbliana caillte” ag Éirinn mar gheall ar an déine – “Tá a fhios againn nár oibrigh déine riamh go bunúsach agus ní thuigim faoi spéir conas nár thuig ceannairí na hEorpa sin” a dúirt sé.

Ach tá sé ro-mhall anois, thosaigh muid ar an pholasaí sin agus dar liomsa ba chóir é a chur i gcrích go hiomlán sula gcuirfear deireadh leis anois. Ba cheart leanúint leis go dtí nach mbeidh aon easnamh sa bhuiséad agus é a choinneáil mar sin – sin an t-aon bhealach a choinneoidh muid ár bhflaitheas eacnamaíochta.

Ní féidir borradh eacnamaíochta a bhunú ar fhiacha ar na siorcanna iasachtaí Faighimis na siosúir, gearraimis an cárta creidmheasa, fágaimis saibhreas ar an chéad ghlúin eile – ní ár bhfiacha lofa.  

Gan spreagadh, gan úd, cailleann Éire

Chaill Joe Schmidt a chéad cluiche idirnáisiúnta nuair a ghnóthaigh an Astráil bua 15-32 i mBóthar Lansdún. Theip ar Éire úd a aimsiú le cúig cic uaidh Johnny Sexton ach níorbh fhéidir stop a chur leis an Astráil. Bhí siad i gceannas ag gach aon nóiméad den cluiche agus cé gur tugadh cárta dearg do Tevita Kuridrani, ní raibh Éirinn i ndán cosaint na Wallabies a bhriseadh.

Níor thosaigh foireann Joe Schmidt go maith le seilbh caillte acu tar éis dhá síneadh amach dá chuid féin laistigh den chéad cúig nóiméad agus Quade Cooper le cic pionós a scoilt na cuaillí chun an Astráil a chur 3-0 chun cinn.

Dúirt Paul O’Connell le linn na seachtaine nach sé chomh éasca ar Éire an cineáil maul a ghnóthaigh an chéad úd i gcoinne Samoa a dhéanamh i naghaidh an Astráil. Ach tar éis 11 nóiméad is beag nár tharla sé tar éis síneadh amach 30 méadar ó líne úd an Astráil. Ar deireadh dhein Johnny Sexton na scóir a chothromú le cic pionós os comhair na cuaillí.

In ainneoin an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Éirinn bhronn siad deis ar Cooper trí an bearna trí phointe a athoscailt. An uair seo áfach, chur sé an liathróid ar an strae. Ach láithreach ón atosú bhí an Astráil ar an ionsaí agus ní raibh sé de chumas ar Éire iad a stopadh.

Dhein Cooper agus Rob Simmons idirmhalartú sa lár. Chur Cooper an liathróid go Michael Hooper agus cé gur ndeachaigh sé isteach sa greamú chur sé pas gleoite go Nick Cummins ar a  gualainn agus ghearr sé taobh istigh de cosaint na hÉireann chun an úd a aimsiú; 3-10 tar éis do Cooper an cic slánaithe a fháil.

Chur Sexton cic amú tar éis 20 nóiméad agus nuair a scaip Cooper an liathróid i dtreo an taobhlíne cúpla nóiméad dar gcionn bhí Éire 12 pointe chun deireadh. An uair seo chur sé leathan é go Matt Toomua, a chur ar aghaidh go Scott Fardy é. Thug sé an lámh láidir do Peter O’Mahony sular aimsigh sé Stephen Moore ar a gualainn agus ní raibh Éire chun stop a chur leis; 3-15.

D’fhreagair Éire le obair fíor díograiseach, ach bhí sé ar cumas an Astráil iad a stopadh méadar ó líne an úd nuair a theip ar O’Mahony seilbh na liathróide a choimeád. D’aimsigh Éire an lámh in airde ar paca an Astráil rud a thug an clibirt ionsaithe d’Éirinn. Ón mbrú sa chlibirt bhronn an réiteoir Chris Pollock cic pionós ar Éireann. Dhún Sexton an bearna lena iarracht; 6-15 le leath huaire imeartha.

D’éirigh cúrsaí níos fearr d’Éirinn go gairid ina dhiaidh nuair a cuireadh Hooper sa sin-bin agus dúnadh an bearna go sé phointe tar éis cic Sexton; 9-15. Dhún Sexton an bearna arís trí nóiméad roimh leath hama ach bhí mí-ádh ar Éirinn sular tháinig leath ham. Agus Éire ar an ionsaí stop Sexton láithreach agus an cosúlacht gur gortaíodh teannán na hioscaide Sexton.

Tháinig Ian Madigan chun páirce sa dara leath in áit Sexton agus bhí siad faoi bhrú ón tús. Dhá nóiméad isteach sa dara leath, dhein Quade Cooper ruathar i lár páirce agus idirmhalartú le Stephen Moore sular chur sé pas go Cummins ar an taobhlíne. Cheap Cummins gur ghnóthaigh sé an úd ach dár leis an TMO chaill sé seilbh na liathróide.

Ach ní raibh ar an Astráil fanacht i bhfad chun an tríú úd a aimsiú agus b’é Cooper a fuair é tar éis dó dallamullóg a chur ar Madigan agus Luke Marshall go raibh sé chun an liathróid a thabhairt uaidh. Níor dhein agus bhris Cooper tríd iarracht greamaithe an bheirt chun an úd a aimsiú. Leis an cic slánaithe bhí Astráil 12-22 chun tosaigh. Le filleadh Hooper ón sib-bin tugadh deis do Cooper an bearna a leathnú le cic pionós agus dhein sé.

Le ceathrú den dara leath imeartha ghnóthaigh Madigan cic pionós ach le deis an bearna a dhúnadh go seacht pointe, bheartaigh Éirinn an liathróid a chiceáil isteach sa chúinne. Ghnóthaigh Paul O’Connell an liathróid sa síneadh amach, ach chaill siad seilbh na liathróide ina dhiaidh.

Cuireadh deireadh leis an cluiche mar coimhlint nuair a d’éirigh leis an Astráil agus Hooper úd eile a fháil tar éis dóibh an chlibirt a bhrú thar líne an úd. Le cic slánaithe ag Cooper bhí bearna 15-32 ag foireann Ewen McKenzie.

Le 10 nóiméad le dul bronnadh cárta dearg ar Tevita Kuridrani nuair a dhein sé teilgthaicil ar O’Mahony. Cé gur tháinig foireann na hÉireann gar i dtreo líne an úd an Astráil ní raibh sé de chumas acu í a thrasnú. Cheap Sean Cronin gur éirigh leis úd a fháil ar deireadh ach dar leis an TMO chaill Eoin Reddan an liathróid roimhe sin.

An Nua Shéalainn ag teacht an seachtain seo chugainn, agus mura féidir le Éirinn cosaint níos iomláine a chur le chéile roimhe sin, ní bheidh ach an t-aon buaiteoir. A lán foghlamtha ag Schmidt, ach céard a tiocfaidh as seo an ceist is tábhachtaí.

An nasc idir Bart Simpson agus an Ghaeilge.

mise Ciara

bart

D’ainmnigh Matt Groening The Simpsons uilig  i ndiaidh a chlann féin – seachas Bart. Toisc go mbíonn Bart dána i gcónaí, bheartaigh sé anagram den fhocal ‘brat’ i Béarla a usáid. Ana-mhaith, dar leat, ach cén nasc atá leis sin agus an Ghaeilge?

Beidh orainn breathnú ar stair an fhocail ‘brat’.

Is focal ó Shasana ‘brat’ agus sa lá atá inniu ann déanann sé cur síos ar páiste dána. Bhíodh sé in úsáid, áfach, i gcomhair páistí  a bhíodh i mbun déirce (ag lorg airgid) toisc gur minic a bhíodh  ‘bratt’ orthu – focal sa Sean-Bhéarla leis an mbrí ‘cloak’.

Is dócha gur léir duit anois go bhfuil fréamh an fhocail sin sa Ghaeilge toisc go bhfuil sé fós in úsáid againn go mion minic!

Amharc ar an alt bunaidh

Nua-Ghaeltachtaí : Ar scáth a chéile a mhaireann muid

Óráid Shéamuis Mhic Sheáin le muintir Ghaeltacht Cheanada.

gaeltacht bhthar seoighe
Gaeltacht Bhóthar Seoighe

D’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann níl i mbaile mór amháin, sráid , céide, corrán, ascaill ná scéim tithe dá laghad atá Gaelach nó leath Ghaelach féin.

“Ní bheidh aon rath go deo ar fhoghlaim na Gaeilge go dtí go mbíonn sí á labhairt go nadúrtha i dtimpeall an fhoghlaimeora, agus ní haon mhaith a bheidh ag iarraidh ar lucht na mbailte mór dul siar go bailte beaga na Gaeltachta a foghlaim. Mura bhfeiceann siad agus mura gcloiseann siad an teanga i bhfeidhm ag a leithéidí féin ní thaobhóidh siad léi go deo.”

Agus arís, ” Caithimid baile mór a thógáil muid féin agus ná bí ag ceapadh go mba ní do dhéanta é. Níorbh ea. Níor ghá ach ionad feiliúnach a thoghadh cumann foirgníochta a bhunú na tithe a thógáil agus busanna faoi leith a bheith ann le daoine a thabhairt isteach agus amach chuig na gcuid oibre. Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge. Bunaídis féin é.”

Ba é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir clúiteach agus gníomhaí teanga a scríobh an mhéid sin i 1952 agus sílim gur chuir sé a mhéar ar cheann dena chúiseanna nach bhfuil toradh follasach le feiceáil ar athbheochan na teangan fríd Éirinn ainneoin na n-iarrachtaí móra uilig a rinneadh ó bunaíodh Conradh na Gaeilge i 1893/

Nuair a hiarradh orm labhairt leis an chomhluadar anseo anocht bhí áthas orm ar chúpla cúis. bhí áthas orm go mbeinn ag caint le daoine a bhí ag iarraidh rud éigin cruthaíoch radacach a dhéanamh ó thaobh forbairt na Gaeilge de agus go mbeinn ag caint le daoine a bhí ag smaoineamh ar thodhcaí na teanga seachas a bheith ag plé le stair na teanga.

Támuid ró thugtha dar liom don chúlchoimhéad agus tá mé ag ceapadh go bhfuil níos mó leabhar scríofa faoi sheanchanúintí na hÉireann atá marbh le blianta ná faoi theanga an lae inniu, go háirithe ag lucht acadúlachta ghluaiseacht na teanga.

1348570839an_carn_1
Carn Tochair

Chomh maith le sin cuireann an tionscnamh atá ar bun agaibh i gCeanada an tionscnamh ar chuir muid féin tús leis 50 bliana ó shin i mBéal Feirste i gcuimhne domh ach ar bhealach go bhfuil sibh féin i bhfad níos uaillmhianaí ná bhí muid féin nó tá 63 acra talaimh agaibh nuair nach raibh ach breis agus dhá acra againn féin.

San am céanna tá cosúlachtaí idir an dá thionscnamh sa mhéid is gur tionscnaimh phríobhaideacha iad, is on phobal aníos atá siad ag eascairt seachas ó bharr anuas agus is mó go mór an seans go n-éireóidh leo dá bharr sin dar liom.

Is aisteach an rud é ar bhealach ach ainneoin go bhfuil iarrachtaí tréana ar bun ó bhí 1893 ann agus roimhe sin in Éirinn an teanga a athbheo nár tugadh iarraidh ach go hannamh an teanga a athbheo mar theanga shóisialta pobail ach i bhfíor chorr-áit.

Ag tús bunú an stáit ó dheas i 1922 bhí díograis agus dóchas ann go dtiocfadh an teanga a athbheo ach an stát go leor achmhainní a chur taobh thiar dí. Rinne siad amach go mbeadh uair a chloig de theagasc na Gaeilge in achan scoil gach lá, rud mór ag an am ach tá sé suimiuil fosta go dtug siad á mbeannacht agus chuidigh siad le scéim tithíochta a fhorbairt i dTuaisceart Bhaile Átha Chliath ar tugadh páirc na Gaeltachta uirthi mar an chéad iarracht leis an Ghaeilge a athlonnú mar theanga phobail taobh amuigh den Ghaeltacht.

Níor éirigh leis an iarracht sin ar an drochuair ach léirigh sé san am chéanna gur thuig daoine an tam sin féin go raibh tábhacht le comharsanachtaí a bhunú taobh amuigh den Ghaeltacht a mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail iontu má bhí an Ghaeilge le bheith beo arís in áiteanna a bhfuair sí bás iontu thar tréimhse dhá chéad bliain roimhe sin.800px-Tamworth_Canada_Gaeltacht_sign

Níor thug an stát faoi thionscnamh cosúil le sin arís go gcionn 14 bliana nuair a d’aistrigh siad cúpla céad duine aniar as Gaeltachtaí Iarthair na tíre i 1936 go talamh mhaith chontae na mí go dtug siad gabháltais dóibh ag súil as go dtiocfadh leo a theacht i dtír orthu , rud a bhí deacair a dhothain thiar. Tá an teanga beo beathaíoch go fóill i Rath Carn ach ar an drochuair is beag dí atá fágtha i mBaile Ghib sa chontae chéanna de réir cosúlachta, ceantar eile ar bhog daoine as Iarthar na tíre go dtí é.

Ba iarrachtaí stáit iad an trí cheann sin ach b’ éigean fanacht go dtí 60í na haoise seo thart sul ar tosaíodh ar dhá Ghaeltacht Nua a bhunú i gCorcaigh agus i mBéal Feirste.

Dar ndóigh is Gaeltachtaí uirbeacha iad sin mura b’ionann iad agus Rath Cairn agus Baile Gibb agus bhí siad difriúil fosta sa mhéid a’s nach cainteoirí dúchais Gaeilge a bhí sna daoine a bhunaigh iad.

Tá Ard Barra i gCorcaigh agus Gaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste ann i rith an ama agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail iontu i dtólamh 50 bliain i ndiadh a mbunaithe.

I dtaca le Gaeltacht Bhóthar Seoighe de tá an triú ghlúin de chainteoirí Gaeilge anois á tógáil ann agus sílim gur féidir a rá gan áibhéal ar bith gur éirigh leo an teanga a athbheo in áit a bhfuair sí bás ann cúpla nó trí chéad bliain ó shin, fiú má tá líon an dá phobal beag go leor

Mar a dúirt mé tá cosúlachtaí idir Gaeltacht Nua Mheiriceá Thuaidh agus Gaeltacht Bhóthar Seoighe sa mhéid a’s gur as díograis an phobail féin a d’fhás siad.

I gCanada cheannaigh sibhse píosa talaimh leis an Ghaeltacht a bhunú ann agus rinne muid féin an rud céanna i mBéal Feirste i 1965.

Thóg muid 5 theach ar dtús agus bhog muid isteach sna tithe i 1969 agus de réir a chéile tógadh tithe eile agus scoil agus tháinig daoine a chónaí ann go raibh  22 teach ann de chineál éagsúil. Rugadh páistí ann , tógadh teaghlaigh ann agus fuair daoine bás ann. Sin comharthaí seoirt phobal ar bith áit ar bith ach gurb í an Ghaeilge teanga comónta na ndaoine ann.

Tá coincheap na nua0gaeltachtaí furast go leor a thuigbheáil agus ní glacann sé mórán dua lena samhail. Is i suíomh sóisialta a mhaireann teanga ar bith agus is i ndlúthchaidreamh le daoine eile a labhraíonn an teanga chéanna a mhaireann sí mar sin is iontach nach raibh lonnaíochtaí Gaeilge ina phríomhchuspóir ag lucht na hathbheochana ón tús agus níor mhiste fáil amach cad chuige nach raibh.

Ábhar taighde do dhuine éigin b’fhéidir? Ach an féidir a bheith ag súil le go n-éireóidh leis an athbheocháin in Éirinn mura bhfuil an dul chun tosaigh le feiceáil go soiléir ag an mhór phobal ó lá go lá?

Dar leat gur mór an spreagadh agus an misneach a thabharfaí do mhuintir na tíre a fheiceáil nach mbeadh an teanga sioctha go deo taobh istigh de teorannacha na sean Ghaeltachta ach go raibh sí ag bruachtáil thar teorainn amach agus ag lonnú i áiteanna eile mar atá á dhéanamh i gCarn Tochair i gCo. Dhoire le roinnt bliana anuas.

An é easpa fáis na gceantar “Nua-Gaeltachta” taobh amuigh den “Sean Ghaeltacht” is cúis leis an tsíor chreimeadh ar an teanga atá ag dul ar aghaidh go fóill glúin ar ghlúin i ndiaidh bunú an stáit ó dheas?

Le glúin anuas is ioma ábhar dóchais a bhí againn idir fás na nGaelscoileanna, bunú Raidió na Gaeltachta, Bunú TG4 ,srl ach fós féin ní chreideann an pobal go fóill gur féidir an teanga a athbheo ainneoin gur mhaith lena mbunús go ndéanfaí í a athbheo.

Sílim go raibh an ceart ag Ó Cadhain nuair a dúirt sé nach dtaobhódh muintir na tíre leis an teanga go dtí go bhfeicfeadh siad an teanga á labhairt ag a macasamhail féin ina gceantar féin mar ghnáth mheán chumarsáide.

Tá tábhacht ar leith dar liom ag baint le ceantair éagsúla a bhunú fríd Éirinn a mbeadh an Ghaeilge mar an teanga chumarsáide iontu. Is í an chéad chéim thábhachtach eile í ó thaobh na hathbheochana de measaim agus níl aon amhras orm go bhféadfadh scéim s’agaibhse i gCeanada a bheith ina chabhar mhór leis an choincheap a dhaingniú in intinn mhuintir na hÉireann. Molaim bhur misneach agus bhur gcruthaíocht.

Tá ábhar dóchais againn féin i mBéal Feirste cinnte. Nuair a bhunaigh muid féin Gaeltacht Bhóthair Seoighe i 1969 ba é an chéad rud a rinne muid ná bunscoil a bhunú do pháistí óga a bhí á dtógáil le Gaeilge ,an chéad scoil dá macasamhail sna sé Chontae.

An lá atá inniu ann tá 20 naíscoil,10 mbunscoil lán Gaelach i mBéal Feirste chomh maith le Coláiste dara leibhéal a bhfuil 600 páistí ann.

Nuair a bhunaigh muid féin an scoil i 1971 ní thiocfadh linn múinteoir a fháil i mBéal Feiste a bhí in inmhe rang scoile a theagasc fríd mheán na Gaeilge ach féach anois i 2013 go bhfuil na céadta múinteoir ag teagasc i nGaelscoileanna fríd na sé chontae agus go bhfuil 70 múinteoir ag teagasc suas le fiche ábhar éagsúla i gColáiste Feirste féin.

Is ábhar suntais é gur chuir 14 múinteoir isteach ar aon phost amháin i nGaelscoil i mBéal Feirste ar na mallaibh. rud a bheadh dó chreidte againn i 1971.

Tá an fás sin ann de bharr na gcúrsaí atá á gcur ar fáil ag Coláiste Oideachais Naomh Muire atá in aice láimhe anseo agus a bhfuil roinn ar leith acu do mhúinteoirí ar mhaith leo teagasc i nGaelscoil. Chomh maith le sin tá thart 50 grúpa éagsúla ag obair sa chathair ag forbairt na teanga ar dhóigheanna éagsúla agus tá plean anois ag lucht stiúrtha na Ceathrún Gaeltachta abhus scéim tithe do Ghaeil a fhorbairt ar phíosa talaimh de dheas don Chultúrlann.

Mar sin ainneoin drochchúinsí eacnamaíochta an lae inniu tá rudaí ag bogadh ar aghaidh ó thaobh na Gaeilge de agus beidh bhur gcuairt anseo ina spreagadh acu cinnte le dlús a chur leis an obair. Guím gach rath ar bhur gcuairt inár measc.

Duine de bhunaitheoirí Pobal Feirste, nó Gaeltacht Bhóthar Seoighe é Séamus Mac Seáin.

Ar Lean Póilíní Giotaí Aráin?

Ciarán Dúnbarrach ar an Iúr

 Tá go leor cleasanna eolaíocha ag póilíní na linne seo chun coirpigh a ghabháil ach ní gá leo igcónaí, in amanna is féidir na giotaí aráin a leanúint.images

 Fuair an PSNI ar an tSruthán i ndeisceart Ard Mhaca scairt maidin Déardaoin na seachtaine seo caite ag 4:31 r.n. ag cur in iúl dóibh gur tharla eachtra ghadaíochta, gur goideadh dhá thrádaire till as siopaí ar phríomhshráid an tsráidbhaile agus gur éalaigh déantóirí na coire i gcarr dearg.

Chuir siad an focal amach, agus 26 bhomaite ina dhiaidh sin, tháinig póilíní ar phatról in First Avenue ar an Iúr, dhá mhíle ar shiúil ó láthair na coire, ar Volkswagen Golf lena bhúit fágtha ar oscailt.

Chonaic siad go raibh uirlisí éagsúla istigh sa bhúit agus chun tosaigh sa charr i dtobar coise an phaisinéara.

Mhothaigh siad ansin go raibh doras tosaigh theach i bhfogas don charr ar oscailt, istigh leis na hoifigigh agus fuair siad ansin fear agus bean ag déanamh cuntas ar airgead ag tábla na cistine agus dhá thrádaire till ó shiopa in aice leo.

Rinne an PSNI cuardach ar an teach agus fuair siad airgead tirim, uirlisí cumhachta, milseáin, brioscáin, todóga agus plátaí clárúcháin.

Gabhadh 4 fear agus bean amháin. 

Ná Bac le “Tír Bheag S’Againne!”

Déanann Ciarán Dúnbarrach argóint i gcoinne fhoireann sacair uile-Éireann

Is cuimhin liom blianta ó shin cluiche peile idir Thuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann, le linn na seachtaine agus le linn an lae a bhí sé.

Ar scor ar bith, go neamhoifigiúil, ligeadh dúinn féachaint ar an chluiche agus sinne ar scoil.images

Mar sin d’amharc a raibh sa scoil ar an chluiche – iad uilig ar son na Poblachta – b’shin an chuma ar an scéal cibí.

Nuair a deirimse go raibh gach duine sa scoil ag coimhéad ar an chluiche, níl sé sin iomlán fíor.

Bhí dís ann a dhiúltaigh amharc ar an chluiche – ar an ábhar go raibh sé críochdheighilteach!

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil le duine acu, bhí an-fhonn air an cluiche sin a fheiceáil, ach cha raibh sé chun ligin domsa a bheith níos poblachtanaí ná é.

***

fai_2Uair eile, tháinig stócach isteach ar scoil tar éis dó imirt ar son Thuaisceart Éireann ag leibhéal na mBuachaill scoile.

Ní hé gur bhain sé sult as an eispéireas nó gur thaitin sé leis imirt ‘dá thír’.

Dúirt sé go raibh an drochíde bhéil a fuair sé dochreidte agus go raibh eagla air i rith an chluiche – agus sin drochíde óna chuid lucht tacaíochta féin.

Is é an dóigh ar pléadh Neil Lennon an sampla is fearr den chineál iompair seo, bhí air Lennon éirí as a bheith ag imirt don Tuaisceart ag an deireadh, cén fáth ar thosaigh sé riamh, sin ceist eile.

Is cinnte go raibh tionchair ag na heachtraí sin ar leithéidí Darren Gibson agus James McClean a roghnaigh imirt le Poblacht na hÉireann seachas leis an Tuaisceart.

james-mcclean-14112012-630x432
James McClean, níl poipín air ná baol air.

Ar bhealach, tá gníomh Gibson is McClean tar éis foireann uile-Éireann a chruthú ar bhealach mí-dhíreach, ní do gach duine ach do náisiúntóirí amháin.

Ní ceart smaoineamh gur céim i dtreo fhoireann aontaithe a rogha áfach – a mhalairt atá fíor.

Is ar éigean gur féidir liom a mhíniú cé chomh gonta is a bhí aontachtóirí agus lucht tacaíochta an tuaiscirt mar gheall air, tá nimh san fheoil don bheirt acu nach n-imeoidh áit ar bith go luath.

Chan ionann sin is a rá nach nglacaim féin le cinneadh s’acu, glacaim ach rinne sé dochar do chaidrimh phoiblí – mar go ndeachaigh sé chuig croí na faidhbe mar a fheiceann aontachtóirí é – easpa dlíseachta náisiúntóirí don stát is don choróin, chan ólann siad sláinte na banríona.

***

An tseachtain seo caite, ar mhaol do mhainge, luaigh an Taoiseach Enda Kenny gur shaoil sé gur smaoineamh maith a bheadh ann foireann Uile-Éireann a bhunú chun cluichí carthanachta a imirt in aghaidh Shasana gach dara bhliain agus gurb fhéidir go rachadh an t-airgead ar son ospidéil do pháistí ar an dá thaobh den teorainn.

images (1)
Pat Jennings in 1982 – bhí go leor tacaíocht do fhoireann an Tuaiscirt ón dá phobal sa Tuaisceart sa tréimhse sin

Smaoineamh deas é sin gan amhras – Fuair sé tacaíocht ó cheannaire an DUP Peter Robinson fiú.

Ach tháinig freagra gearr gonta gasta ar ar ais ón IFA, “chan fhuil an smaoineamh, agus cha bhíonn an smaoineamh ar radar an chumainn,” a dúirt sé.

Dála an scéil, tugann focal.ie Cumann Sacair na hÉireann nó Cumann Sacair Thuaisceart na hÉireann ar an IFA agus Cumann Peile na hÉireann ar an FAI, mar sin tá dhá ainm oifigiúla againn ar an chluiche cheannann chéanna – is fearr mo leagan féin air – cicpheil.

Anois, sula ndéanfaidh muid deamhain as an IFA as áiseanna a shéanadh ar pháistí breoite, ná déanaimis dearmad gurb iad an FAI a bhris leis an IFA, iad siúd a chuir an chríochdheighilt i bhfeidhm i gcicpheil na hÉireann, ní an IFA.

***

Ní nach ionadh, spreag moladh an Taoisigh trácht anseo is ansiúd ar fhoireann sacair uile-Éireann – á moladh den chuid is mó.

Caithfidh mé féin easaontú leis sin áfach – cha dóigh liom gur smaoineamh maith é.

Seo cén fáth – tá grá ag an phobal aontachtach d’fhoireann an tuaiscirt, ‘our wee country’ mar a déarfá,  an grá céanna is atá ag muintir an deiscirt d’fhoireann na Poblachta – cén fáth a mbeinn ag iarraidh cur isteach air sin?

Cén fáth nárbh fhéidir le foireann an tuaiscirt leanúint ar aghaidh sa chaoi chéanna is a bhfuil foireann ag Alba faoi láthair agus iad sa Ríocht Aontaithe – fiú in Éire Aontaithe?

Ní dóigh liom go gcabhródh foireann amháin, le cúis Éire Aontaithe, más beo an aisling sin ar chor ar bith.

Déarfainn gur cosúla Éire Aontaithe agus foireann Thuaisceart Éireann ann i gcónaí agus aontachtóirí sona sásta leis sin.

Agus ar scor ar bith, nach bhfuil an dá Éirinn anois faoi smacht ag clann Uí Néill mar is cóir – mar Ultach, sin maith go leor domsa.

download
Lucht tacaíochta an Tuaiscirt sa lá atá inniu ann.

Goitse ar ais?

Danny Brown

Ná creideadh duine ar bith go bhfuil sé furasta gabháil ar ais agus triail eile a bhaint as fiontar ar chuir tú deireadh leis

I mí Aibreáin 2010, lainseáil foireann bheag againn “Goitse” i gceantar Gaeltachta i dTír Chonaill a dtugtar “na trí paróistí” air agus, ar feadh 14 mí, choinnigh muid é ag gabháil.

Páipéar áitiúil a bhí ann le scéalta nuachta áitiúil, neart grianghraf ó imeachtaí, spórt an cheantair, filíocht, gearrscéalta, cartúin agus colúin agus gné-ailt faoi shaol an cheantair.???????????????????????????????

Ba é an dóchas a bhí againn nuair a thoisigh muid ná go mbeadh daoine eile sásta a leithéid a chur ar bun ina gceantar Gaeltachta féin agus go dtiocfadh linn gréasán de nuachtáin áitiúla a bhunú fríd na ceantracha Gaeltachta uilig.

Cé nár tharla sé mar sin, moladh muid as an pháipéar a chuir muid amach agus spreag sin muid le treabhadh linn agus nuachtán míosúil Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht.

Tháinig an t-airgead uilig a choinnigh muid beo an t-am sin ón fhógraíocht. Ní bhfuair muid pingin rua i bhfoirm maoinithe ó na heagraíochtaí stáit, cé gur thug siad fógra nó dhó dúinn. Rinneadh an obair uilig; scríobh, leagan amach, dáileachán agus margaíocht, rinneadh sin uilig ar bhonn deonach.

Cuireann sé lúcháir orm mar eagarthóir gur chuir muid daoine as an cheantar seo ag scríobh don chéad uair agus go raibh an nuachtán ábalta scríbhneoirí úra a chothú agus a spreagadh.

Chuir sé gliondar orm fosta nuair a dúirt príomhoide bunscoile sa cheantar go raibh luach ar leith don fhoireann múinteoirí leis an nuachtán mar go raibh na páistí ag léamh faoi eachtraí a bhí ag tarlú ina gceantar féin agus na scéalta scríofa ina gcanúint féin. Sin an sórt rud a choinneodh páipéar ar bith ag teacht amach.

Ach chuir muid deireadh leis an pháipéar i mí Meithimh 2011 agus ní easpa tacaíochta ón phobal a bhí taobh thiar de ar chor ar bith, ach easpa airgid.

Cnocfola
Cnoc Fola, Gaoth Dobhair

Ní féidir leat bheith ag dréim le daoine obair go deonach go fad-téarmach ar thionscnamh ar bith, is cuma caidé chomh fiúntach leis.

Nuair a bhí deireadh leis, thoisigh daoine ár moladh, ag inse dúinn gur chóir dúinn coinneáil leis agus é a thabhairt ar ais. Ach bogann daoine ar aghaidh agus ghlac an fhoireann leis go raibh deireadh leis mar nuachtán agus chuaigh muid uilig ár mbealach féin.

Anuraidh, fuair muid amach gur moladh Goitse go hard i dtuarascáil a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge faoi na meáin chlóite as Gaeilge agus bhí roinnt cruinnithe againn leis an eagraíocht sin le feiceáil arbh fhéidir an páipéar a thabhairt ar ais. Níor éirigh leis na cainteanna sin.

I mbliana, áfach, bhí léitheoirí ag caint linn faoin pháipéar go fóill, ag cur ceiste orainn cad chuige nach raibh muid ag déanamh iarrachta eile cosa a chur faoi Goitse arís. Achan uair a cuireadh an cheist orm, bhí freagra agam dó. Airgead.

Ach seo an Ghaeltacht. Tarlaíonn rudaí aisteacha anseo.

Thart fá sé seachtainí ó shin, bhí scaifte againn i dToigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Bheag i nGaoth Dobhair. Bhí cuairteoirí as na Sé Chontae ann don deireadh seachtaine agus shuigh mise tamall leo. Sula dtáinig siadsan isteach, bhí mé i gcuideachta chuid de na daoine a bhíodh ag obair ar Goitse.

I ngainfhios dom, nuair a bhí mise ag caint leis na cuairteoirí faoi Goitse, bhí an dream eile ag caint ar an pháipéar fosta.

Mar sin, nuair a chuaigh mé ar ais chuig an chomhluadar sin, bhí cinneadh déanta cheana féin go labharfadh cuid againn arís faoi.

Ag an am sin, bhí deireadh le Gaelscéal agus bhí deireadh le Foinse fógartha ag an Irish Independent. Ní raibh iomrá ar bith ar chinneadh Fhoras na Gaeilge maidir le nuachtán náisiúnta úr agus is dóiche gur chreid muid gur mhór an fheall é nach raibh nuachtán clóite Gaeilge áit ar bith sa tír.

Ceann de na rudaí a rinne muid nuair a thoisigh muid a phlé na ceiste i ndáiríre ná cruinniú poiblí a eagrú mar bhí sé soiléir nach dtiocfadh linn a dhath ar bith a dhéanamh gan tacaíocht ón phobal thart orainn. Rinneadh sin le cuidiú ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair agus reáchtáil muid cruinniú iontach dearfach ina raibh 16 duine i láthair, cuid mhaith acu as eagraíochtaí pobail sa cheantar.

Réitíodh cuid mhaith fadhbanna maidir le dáileachán, cumhdach spóirt agus go leor eile agus chinn muid ar straitéis maoinithe.

Tá a fhios againn nach bhfuil airgead ar fáil ón stát do nuachtán míosúil áitiúil Gaeilge. Mar sin de, bhí againn le hamharc in áiteacha eile. Chuala mise faoi chóras maoinithe a dtugtar “crowd funding” air i mBéarla.

Bíonn sé in úsáid go minic ag ealaíontóirí agus ag ceoltóirí le tionscnamh dá gcuid féin a chur ar bun. Cuireann tú do thionscnamh os comhair an phobail ar shuíomh idirlín agus, má tá an t-ádh ort, geallann daoine airgead duit leis an tionscnamh a chur ar bun.

Mar chúiteamh ar an infheistíocht airgid, gheibh na maoinitheoirí duais. I gcás Goitse, tá muidne ag tairiscint buíochais sa chéad eagrán, málaí cadáis Goitse agus fógraí sa pháipéir mar dhuaiseanna.

Tá rud inteacht iontach deas faoin scéim seo nár thuig mé i gceart nuair a thoisigh muid air agus tá mé iontach tógtha leis anois.

In áit dul chuig eagraíocht mhór stáit agus plean gnó a chur faoina mbráid, téann muidne chuig pobal na Gaeltachta agus, leoga, chuig pobal na Gaeilge agus iarrann muid orthu tacaíocht a thabhairt don pháipéar. Má bhaineann muid €5000 amach, beidh muid in ann trí eagrán den pháipéar a fhoilsiú. Má éiríonn linn go leor fógraí a dhíol sa trí eagrán sin, seans go mbeimis in ann an ceathrú eagrán a thabhairt amach.

Muna mbaineann muid an sprioc sin de €5000 amach, ní tharlaíonn rud ar bith. Ní bhaintear airgead ar bith amach as cuntaisí na ndaoine a gheall airgead dúinn agus tá deireadh le Goitse. Tá sé iontach simplí agus tá áilneacht sa tsimplíocht sin. Má chreideann daoine go bhfuil fiúntas leis an tionscnamh, tarlóidh sé. Muna gcreideann, ní tharlóidh rud ar bith.

Ach is cuimhin liom dhá cheist a chuir fear na mílte bliain ó shin. “Murach sinne, cé? Murach anois, cá huair?”

Ceisteanna maithe.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi scéim Goitse anseo:

http://www.fundit.ie/project/funders/goitse

Samoa scriosta, Astráil ag teacht

Dhein foireann na hÉireann Joe Schmidt slad ar Samoa, 40-9 san Aviva sa chéad cluiche sa Sraith Fómhair Guinness. Ní taispeántas foirfe a bhí ann do foireann Schmidt ach dhein siad i ndóthain chun Samoa a chloí. Anois tá an Astráil ag teacht an seachtain seo chugainn, tar éis dóibh an Iodáil a bhualadh, 20-50 sa Róimh.

Thosaigh an cluiche go maith d’Éirinn nuair a chur Paddy Jackson cic pionós thar an trasnán laistigh trí nóiméad ach nuair a bhí deis ag Samoa nóiméad dar gcionn ní raibh imreoir lár John Leota ábalta seilbh na liathróide a choimeád.

D’éirigh le Tusiata Pisi na scóir a cothromú sa seachtú nóiméad le cic pionós tar éis d’Éire bheith as an imirt. Ach faoin am gur chur Paddy Jackson trí phointe idir na foirne sa fichiú nóiméad bhí an t-ádh le Éirinn nach raibh siad chun deireadh. Faoin dhó bheartaigh Samoa an liathróid a thabhairt isteach sa greamú agus imreoir sa bhreis acu ar an cliathán.

Cé nár léirigh Éire mórán i dtaobh splanc a léiriú, de bhuíochas úd ó Peter O’Mahony bhí Éire 3-11 chun cinn. D’aimsigh Devin Toner an liathróid sa síneadh amach agus bhrú phaca na hÉireann Samoa siar thar líne an úd agus b’é O’Mahony a ghnóthaigh an úd.

An t-aon gné a bhí ait den cluiche ná gur thóg sé leath huaire sula thosaigh an lucht leanúna ‘Mexican wave’. Bhí Éire lom, ní raibh seilbh na liathróide acu sa trian deireanach agus bhí 30 soicind le dul sa leath sular bhris Rob Kearney tríd cosaint Samoa.

Roimhe sin dhún Pisi an bearna le cic pionós (6-11) ach bhuail sé an cuaille agus deis aige an bearna a dhúnadh sa 34 nóiméad. Tháinig Sean O’Brien chun páirce le gortú ag cur as do Chris Henry. Ansin bhris Kearney tríd cosaint Samoa 30 méadar ón líne. Scaoil sé leis go Sean O’Brian agus cuireadh stop le Tommy Bowe ar line an úd. Bhron réiteoir Steve Walsh cárta buí ar George Pisi de bharr greamú dainséarach ar Bowe.

Ghnóthaigh Jackson an cic pionós chun bearna 14-6 a oscailt ag leath ham. Caithfidh go raibh Joe Schmidt díomách ag leath ham leis an t-easpa fuinneamh a bhí á thaispeáint ag Éire sa chéad leath.

Le dhá nóiméad den dara leath imeartha is beag nár bhris Peter O’Mahony tríd líne cosaint Samoa. Tar éis dó ruathar a dhéanamh tríd lár páirce ní raibh sé de cumas aige imreoir Éireannach a aimsiú.

Ach ní raibh orthu fanacht ró-fhada chun an dara úd a fháil. Chur Jackson an liathróid isteach thar cosaint Samoa. D’imigh cos Brando Vaaulu faoi chun deis a thabhairt do O’Driscoll seilbh a ghlacadh. In aon gluaiseacht chur O’Driscoll pas gleoite tríd a chosa go Fergus McFadden. Nuair a tháinig an liathróid ar ais ar taobh na hÉireann, b’é Sean O’Brien a chur dhá greamú uaidh chun líne an úd a thrasnú le sé nóiméad caite sa dara leath. Chur Jackson an cic slánaithe thar an trasnán.

Deich nóiméad níos déanaí bhí deireadh leis an cluiche mar coimhlint nuair a chur greamú de chuid Jackson, Tusiata Pisi isteach i Vaaulu. Buail cinn an beirt le chéile agus bhí orthu beirt an páirc a fháil, Pisi i droch chaoi. Le 15 nóiméad le dul chur Rob Kearney pas chuig a dheartháir Dave Kearney a d’aimsigh úd sa chúinne. Bhain Jackson an pointe slánaithe chun bearna 28-9 a chruthú.

D’éirigh cúrsaí i bhfad níos fearr d’Éireann cúig nóiméad níos déanaí nuair a chur Murray pas chuig Gordon D’Arcy, a mheall dhá cosantóir sular chur sé McFadden isteach chun úd a ghnóthú sa chúinne. Ghnóthaigh Jackson an dhá phointe sa bhreis chun bearna 26 pointe a oscailt.

Leis an t-am ag dul isteach bhí am ag Éire agus Kearney chun úd sa bhreis a aimsiú le trí nóiméad le dul. D’imigh Ian Madigan ar ruathar agus d’imigh Eoin Reddan leis isteach i leath Samoa. Chur Reddan ar aghaidh chuig Rob Kearney é, a chur a dheartháir isteach arís chun a dara úd a aimsiú.

Níor éirigh le Jackson an cic slánaithe a aimsiú, ach bhí an jab déanta. Is dócha gur féidir le Schmidt sásamh ar leith a bhaint as an cluiche a bhuachan; gur bhain sé an bua ina chéad cluiche. Ní dócha go mbeidh an taispeántas seo maith go leoir sa dhá cluiche amach romhainn.

Éire Neamhspleách : An fiú an tairbhe an trioblóid?

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Airgead an cheadúnais teilifíse a íocann as Clár Chormaic agus as Raidió na Gaeltachta i ndeireadh na dála, airgead an phobail.

Mar sin de, cé nach bhfuil leisce orm labhairt faoi pholaitíocht sa cholún seo, níor mhaith liom díriú isteach ar pháirtí ar leith

Sílim nach mbeadh sé sin cothrom – agus tá a fhios againn go léir cad a tharla don gharraíodóir gnéasach a labhair amach faoi chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá leisce orm labhairt as Gaeilge faoin Ghaeilge chomh maith, buartha go mbeinn ag cur leadrán ar dhaoine.

Ní dóigh liom go bhfuil an dara rogha agam an tseachtain seo áfach.

***

ireland-financial-crisis-145-390x285Thuairiscigh Nuacht TG4 an tseachtain seo caite go bhfuil “cinneadh déanta ag an rialtas deireadh a chur le pointí bónais as Gaeilge d’arduithe céime agus earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.”

“I gcás earcaíochta agus arduithe céime, bunófar painéil agus beidh Gaeilge ag 6% de na daoine sin sna ranna cuí.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “céim amháin chun tosaigh agus dhá chéim ar chúl” a bhí i gceist.

“Ní chun sochar na teanga a rachas an leasú ar na pointí bónais don Ghaeilge sa státseirbhís” a dúirt sé.

Rinne Conradh na Gaeilge cur síos ar an ghníomh seo mar “céim ar chúl eile ón Rialtas seo don tseirbhís Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”

Tuigim nach bhfuil gach Gaeilgeoir ar aon fhocal faoi sin agus go bhfuil daoine ann a bhfuil dóchas acu go gcuirfear fios ar an Ghaeilge san áireamh agus “buanna” iarrthóirí ar phoist sa státseirbhís á meas.

Ní bheinn féin chomh dóchasach sin, agus cé go bhfuair mé seirbhís den scoith ó státseirbhíseach as Gaeilge ar na mallaibh, bheinn buartha go mbeadh fios ar an Ghaeilge ina mhíbhuntáiste ar an ábhar gur léir cé chomh frithGhaeilge is atá eilimintí áirithe ag barr na seirbhíse agus cé chomh dílis is atá siad don ghalldú.

Títear domsa go bhfuil deireadh éifeachtach curtha le cibé stádas a bhí ag an Ghaeilge sa státchóras.

Is dearfach an beart é chun a chinntiú go mbeidh 6% den státseirbhís ábalta freastail ar phobail na Gaeilge – cé gur uimhir an-íseal ar fad é sin.

Ach bheinn go mór in amhras go gcuirfear an beart sin i bhfeidhm choíche – gheofar bealach chun é a chur ó mhaith.

Títear domsa nach mbeidh aon chumas ag an státseirbhís a gcuid dualgais is leith pobail na Gaeilge a chur i gcrích.

Chan ionann sin is a rá go raibh an seanchóras ag obair, cha raibh ach is trua nár ghlacadh deis chun an córas sin a leasú seachas an gníomh fealltach a rinneadh.

Níl fágtha againn ach Acht na dTeangacha oifigiúla gach seans gurb é sin an chéad targaid eile.

***

Ach níl aon iontas orm.

Seo an rialtas is gallda agus is frith-Ghaeilge ó d’fhág na Sasanaigh agus tá siad ag tapadh lena ndeis chun baint ó stádas na Gaeilge – tá an cúlú eacnamaíochta ina leithscéal den scoith.

Níl a fhios agam an bhfuil an neart ag an Ghaeilge maireachtáil ar chor ar bith má bheas an comhrialtas seo i gcumhacht tar éis an chéid toghcháin eile.

Ach ná smaoinigh go réiteodh rialtas Fianna Fáil agus Sinn Féin a dhath – ní bheidh uatha ach caint, caint agus baothchaint.

Ar a laghad, níl aon fhimíneacht ann le Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre – ní mhaíonn ceachtar acu go bhfuil siad ar son athbheochan na Gaeilge, d’ainneoin gur Gaeilgeoirí den scoith ceannairí an dá pháirtí sin.

Agus i ndeireadh na dála, is leis na Mandairínigh an fíor-chumhacht, cibé fíor-chumhacht a bhfuil fágtha againn sa tír cibé ar bith.

michael-collins-commander_iBím féin ag smaoineamh :

Cad a shílfeadh an Piarsach dá bhfeicfeadh sé Éire inniu – an mbacfadh sé leis an Éirí Amach ar chor ar bith?

Cad faoi Mhicheál Ó Coileáin- an síneodh sé an Conradh dá dtuigfeadh sé cé chomh gallda is a bheadh an saorstát a rugadh is a tógadh mar thoradh air?

Shíl siad beirt go raibh siad ag bunú tearmann do chultúr agus do theanga na hÉireann ach níorbh athbhunú stát Gaelach a bhí ann ach an stát gallda ag leanúint ar aghaidh gan aon athrú ach péint ghlas ar na boscaí poist.

***

Ní cóir go mbeadh an uber-Ghalldachas seo ina ábhar iontais áfach.

Smaoiním féin ar dhaoine ar nós James Creed Meredith, an breitheamh a bhain úsáid as an seandlí tar éis gur bunaíodh an stát – cha raibh sé ina aonair, bhí dlíodóirí eile ann a bhí ag iarraidh go mbeadh tionchar ag córas dlí na nGael ar an tsochaí úr.

Tá mé féin i mbun staidéar ar dhlíthe na mbreithiúna faoi láthair, go leor le foghlaim uatha, go leor rudaí arbh fhéidir linn a úsáid is mór an trua nár glacadh cuid de isteach – bhí go leor de samhnasach ar ndóigh – mar shampla, ní raibh gach duine comhionann faoin dlí.

Ghlac an saorstát leis an dlí Gallda go huile is go hiomlán agus chuir dlíthe na nGael faoi chois, fianaise lom chrua faoi cén chineál stát a bheadh i gceist.

***

Caithfidh mé a admháil agus mé ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga an tí ní mhothaím go suíonn sé sin le cuspóirí agus aidhmeanna an stáit.

Gníomh fríth-stáit atá ann dar liom, gníomh frithbheartaíochta fiú. Níl mé compordach sin a rá ach sin mar atá faraor.

Ach cha rabh conradh sóisialta idir mé féin agus stát ar bith riamh, tá mé cleachtaithe leis, tá súil agam gur féidir le Gaeil an deiscirt éirí cleachtaithe leis chomh maith.

***

Tír gan teanga, tír gan anam slua-ghairm an Chonartha agus taitníonn sé go mór liom.

Gan Gaeilge cén tír a bheadh ann, an é nach bhfuil inti mar Éire ach oileán agus geilleagar.

Mura bhfuil cultúr ag tír – cad is fiú stát a bheith ag an tír sin – an féidir tír gan cultúr?

Caithfear an cheist a chur, mura bhfuil aon chearta teanga ag Gaeilgeoirí in Éirinn – agus leis an fhírinne a dhéanamh níl – cad is ciall le hÉirinn?

Cad is fiú leanúint ar aghaidh le neamhspleáchas na hÉireann gan cultúr na tíre a chothú – an fiú an tairbhe an trioblóid?

Craoladh gearr-leagan den phíosa seo mar cholún raidió ar Chlár Chormaic@cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta,

Féach chomh maith

Cén fáth go bhfoghlaimeodh aon stát seirbhíseach an Ghaeilge a thuilleadh?

5/11/13/