Cé leo oidhreacht Mandela?

Ciarán Dúnbarrach ar Nelson Rolihlahla Mandela, a oidhreacht agus a dhearcadh maidir le foréigean polaitiúil

Tá leabhar amháin Ghaeilge léite agam arís agus arís eile, sin Caisleán Óir le Séamus Mac Grianna, éiríonn sé níos fearr gach uair a léimse é.

Tá clú agus cáil ar thús an leabhair agus ar an chuntas a rinneadh ar chéad lá an phríomhcharachtair, Séimí Phádraig Duibh Ó Gallchóir ar scoil.

Muise, tá scigaithris déanta ag Myles na gCopaleen ar an eachtra.

Chun achoimre a dhéanamh air, faigheann Séimí greadadh nuair nach n-aithníonn sé féin a ‘ainm’ féin, mar dhea, James Gallagher, an t-ainm a bhí a mhúinteoir scoile tar éis a thabhairt dó.

south-africa-young-mandela-pd-001
Nelson Rolihlahla Mandela agus é óg

Tháinig an scéal sin chun cuimhne domh an tseachtain seo chuaigh thart agus mé ag déanamh staidéir ar shaol Nelson Mandela.

Cosúil le Séimí Phádraig Duibh, fuair Mandela an t-ainm ‘Nelson’ ar a chéad lá ar scoil – mar síleadh go mbeadh ainm Béarla de dhíth air.

Thug a mhúinteoir Iníon Mdingane an t-ainm sin dó, mar a ba nós in am na himpireachta, díreach mar a b’amhlaidh in Éirinn.

Chaith mé go leor ama ag iarraidh foghlaim cén dóigh fíor-ainm Mandela a rá ach theip orm, beidh orm ligin dó féin a rá leat cén chaoi a rá, gabhaim leithscéal.

Caithfidh mé a rá – tá mé in amhras dá mbeadh an clú céanna ar an Madiba dá mba rud é gur chlóigh sé leis an ainm a thug a athair dó.

Agus níl aon amhras agam nach gcluinfeadh aon éinne trácht air dá mba rud é nach raibh Béarla den scoth aige.

Ach ná ligimis don bholscaireacht dul i bhfeidhm orainn, cé nach luaitear é go minic, níorbh chainteoir dúchais Béarla é, cainteoir dúchais Xhosa a bhí ann.

Níorbh aon Dhónall Ó Conaill é ach an oiread, níor shéan sé riamh a theanga dhúchais.

Agus bhí roinnt de na searmanais an tseachtain seo caite i dteanga dhúchais Mandela, ach cha bheadh a fhios agat sin ag éisteacht leis na meáin Bhéarla.

images
Mandela ag caitheamh éadaí a thréibhe

Ach le seachtain anuas, bhí stair Mandela á athscríobh agus gach polaiteoir ar an saol, seachas Jim Allister ón TUV, ag iarraidh Mandela a lua mar laoch s’acu agus mar thionchar mór orthu.

In amanna, bhí sé sin díreach seafóideach, le David Cameron na Breataine ag maíomh a leithéid – d’ainneoin go raibh sé ina bhall d’eagraíocht a bhí ag iarraidh go gcrochfaí Mandela mar sceimhlitheoir agus d’ainneoin go ndeachaigh sé ar thuras go dtí an Afraic Theas urraithe ag eagraíocht a bhí ag feachtasaíocht i gcoinne smachtbhannaí in aghaidh Apartheid.

Anseo in Éirinn, caithfidh muid a bheith níos seafóidí ná gach duine eile ar ndóigh agus caithfidh mé a rá, d’éirigh linn baint de dhínit na seachtaine leis.

Mar shampla, chuir an Taoiseach Enda Kenny in iúl don Dáil gur síochánaí a bhí ann agus chuir sé i gcomparáid le Mahatma Ghandi é.

Dá mba rud é gur dhúirt sé go raibh sé ina chiníoch bheadh sé chomh míchruinn céanna.

Ba é Nelson Mandela an chéad cheannaire ar eilit mhíleata an ANC (Umkhonto we Sizwe,” nó “Sleá an Naisiúin,”) agus bhí traenáil míleata déanta aige.

image004
Iarmhairt an ‘Church Street Bombing’ san Afraic Theas. Umkhonto we Sizwe a bhí freagrach as. Fuair 19 bás agus gortaíodh 217 duine.

Bhí tionchar níos láidre ag Mao Tse Dong agus ag Che Guevara– agus Carl von Clausewitz fiú ar Mandela ná mar a bhí Ghandi.

Is fiú cuimhneamh gur ofráil Uachtarán na hAfraice Theas saoirse go Mandela in 1985 dá shéanfadh sé foréigean agus agóidíocht fhoréigeanach mar dhóigh chun athrú a bhaint amach san Afraic Theas.

Dhiúltaigh sé don ofráil – ag cur in iúl nach ndeachaigh an ANC i mbun fhoréigin ach nuair nach raibh aon bhealach eile ar fáil dóibh.

Níor éirigh sé as an mhíleatachas go dtí gur thosaigh cainteanna sa bhliain 1990 ach bhí sé ar liosta faireachais sceimhlitheoirí SAM go dtí 2008.

Dúirt Uachtarán na hAfraice Theas Jacob Zuma an tseachtain seo caite, dar le Mandela, “chun go mbainfeadh an Afraic Theas síocháin amach, bhí an streachailt armtha dosheachanta, ach ba dhóigh chun cuspóir a bhaint amach, níorbh é an cuspóir é.”

Tuigeann muid in Éirinn áfach go bhfuil seach-chogadh ar bun, bhí sé tábhachtach don Taoiseach a chinntiú nach mbainfeadh Sinn Féin aon sochar polaitiúil as bás Mandela – laoch a bhí ann do Phoblachtanaithe agus bhí baint idir an IRA agus Umkhonto we Sizwe – fíric na staire atá ann.

Guard-of-Honour
Gerry Adams ina sheasamh mar chuid de Ghárda Onóra ar chónra an Madiba.

Táthar ann a mhaigh go bhfuil Sinn Féin ag baint ó dhínit Mandela as trácht a dhéanamh ar a bhás agus go bhfuil sé sin chomh dona céanna leis an Toraithe ag feadaíl a bpoirt athraithe anois.

Seans go raibh ciall éigin leis an argóint sin – ach ansin chonacthas Gerry Adams ina sheasamh mar bhall den gharda onóir ar chónra Mandela – sílim gur chuir sé sin deireadh leis an argóint, agus cibé barúil atá ag daoine ar Gerry Adams, ba shoiléir tuairim an ANC agus Mandela féin.

Cad tuige mar sin a mhaíonn gach duine go bhfuil baint acu le Mandela –bhál, tá freagra simplí ar sin – bhain sé – agus is maith le daoine a bheith luaite le buaiteoirí.

Ach cinnte, tá sé níos doimhne ná sin, rinne sé go leor don athmhuintearas – níor lorg sé díoltas, níor chuir sé éinne ar thriall, níor chuir sé cosc ar an Afrikaans

Ach ba thábhachtaí arís do cheannairí an Iarthair – níor chuir sé isteach ar an chaipitleachas agus ní dhearna sé mórán iarracht ar athdháileadh saibhris – leathréabhlóid a bhí ann ach thar aon rud eile – sin an fáth a rinneadh naomh as.

Ar bhotún é sin – níl a fhios agam.

Dá mba rud é go ndearna sé iarracht talamh an chine ghil a dháileadh ar an chine ghorm, dhéanfadh meáin an Iarthair diabhal as – mar a rinne sé le seanchomrádaí s’aige, Robert Mgabe.

Ach is cinnte liom go ndearna sé botún ollmhór amháin – is é sin nár scoir sé an ANC agus an cogadh bainte acu – creidim go léiríonn caimiléireacht an pháirtí inniu go bhfuil an ceart agam ar an phointe áirithe sin.

Seans go bhfuil daoine agaibh míshásta liom ar an ábhar gur roghnaigh mé cuid den fhírinne a léiriú anseo agus b’fhurasta ligin do na bréaga.

Sharpeville Victim
Fear armtha ina sheasamh in aice le corp fhear marbh tar éis sléacht Sharpeville ina bhfuair 69 duine bás.

Ach dar le Mandela, bhí foréigean riachtanach chun deireadh a chur le Apartheid – dar liomsa, bhí an ceart aige.

 

‘Atógáil Phobal na Gaeilge’ – Seiminéar lae

Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin.
Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin.

Beidh seimineár ar bun i gCluain Dolcáin i mí Eanáir ar bhealaí praiticiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.

Is é ‘Atógáil Phobal na Gaeilge’ teideal na himeachta, a bheas ar síúl in Áras Chrónáin Dé Sathairn 25 Eanáir.

Tá an seiminéar dírithe ar cheantracha ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh faoi láthair agus na bealaí is éifeachtaí atá ann chun an athbheochan a spreagadh.

Beidh aíonna ó eagraíochtaí pobail ó cheann ceann na tíre ag labhairt faoi ábhair éagsúla i rith an lae, idir cur chun cinn na Gaeilge i measc teaghlach, imeachtaí don aos óg agus do dhaoine fásta, cur chun cinn na Gaeilge i measc an lucht gnó agus bunú Ghaeltachtaí nua.

Beidh ceardlanna ar na hábhar seo ar siúl i ndiaidh na gcainteanna chomh maith.

I measc na n-aoichainteoirí a bheas ann ar an lá tá Emma Ní Bhroin ó Ghlór Cheatharlach, Seán Ó Maoilste ó Chairde Teo, Helena Ní Dhea ó Ghael-Taca Chorcaí agus Séamas Mac Seáin ó Ghaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste.

“Tabharfaidh an seimineár deis do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge an taithí atá acu ó thaobh cur chun cinn na teanga sa phobal a roinnt,” arsa Colm Ó Broin, Cathaoirleach Choiste Ghaeilge Áras Chrónáin.

“Beidh muid ag díriú ar an taobh praiticiúil den athbheochan, na rudaí a oibríonn sa phobal. Tá fáilte roimh gach éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a atógáil mar theanga phobail, idir dhaoine atá i mbun oibre faoi láthair agus daoine atá ag machnamh ar imeachtaí nó grúpaí pobail nua a eagrú amach anseo.

“Creideann muid go mbeidh an-tairbhe ann don athbheochan,” ar seisean.

Beidh an seiminéar ag tosú ag 9.45rn Dé Sathairn 25 Eanáir agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó colmobroin@yahoo.ie nó 086 3927090.

Clár an lae

 

Atógáil Phobal na Gaeilge

 

Seiminéar Lae ar bhealaí praiticiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.

 

Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, BÁC, 25 Eanáir 2014.

 

Clár

 

9.45rn: Fáilte

 

10.00: Tógáil páistí le Gaeilge

Ionadaí ón gCarn, Carn Tóchair, Doire.

 

10.30: Imeachtaí don Aos Óg

Anita Nic Amhlaigh – Glór na Ríogh, Nás na Ríogh.

 

11.00: Imeachtaí do Dhaoine fásta.

Emma Ní Bhroin – Glór Cheatharlach

 

11.30: An Ghaeilge san Earnáil Ghnó

Helena Ní Dhea – Gael Taca Chorcaí

 

12.00: Comhoibriú le hEagraíochtaí Phobail

Seán Ó Maoilste – Cairde Teo, Ard Mhacha

 

12.30: Lonnaíochtaí Nua

Séamas Mac Seáin, Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Béal Feirste

 

1.00: Lón

 

2.00: Ceardlanna*

 

3.30: Tuairiscí ó na Ceardlanna

 

4.30: Óráid Deiridh

 

*Beidh ceardlanna ar siúl ag na haoichainteoirí ar na hábhair a bhí faoi chaibidil acu chun deis a thabhairt do dhaoine plé níos doimhne a dhéanamh ar na ceisteanna éagsúla.

Nótaí Cuimhneacháin.

Baoismhachnamh

Fionntán Mac Aodha Bhuí 1924 – 2012

Rugadh Fionntán sa Mhuileann Cearr i mí an Mheithimh 1924, an dara duine de thriúr mac. Tógadh é sa bhaile mór, agus fuair sé a chuid meánscolaíochta le Bráithre na Toirbhirte. Rinne sé an Ardteist sa bhliain 1942 faoin ainm Murchadh Fionntán Mac Aodha Bhuí. Níor thaitin an t-ainm a thug a mhuintir air leis, Morgan nó Murchadh agus d’éirigh sé as é a úsáid go hóg.

I measc na gcineálacha caitheamh aimsire a bhí aige agus é ina ghasúr bhí snámh agus tomadóireacht (dúirt sé gur caitheadh isteach sa chanáil é agus é timpeall 9 mbliana d’aois, gurb é sin an modh múinte snámha a bhí ag gasúir a linne. Luaigh sé go mbíodh gach cineál cluiche á n-imirt sa bhaile, an cruicéad féin san áireamh. Baile garastúin ba ea an Muileann Cearr agus d’fhág na reisimintí a lorg.

Luaigh sé sean-saighdiúir a…

Amharc ar an alt bunaidh 3,691 d’fhocla eile

Teip an Gharda Síochána Arís

Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge.

Tá An Garda Síochána tar éis seirbhís Ghaeilge a dhiúltú do shaoránach arís agus go leor stró agus brú breise a chur ar an bhfear agus é ar an tslí go dtí ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath, i mí Iúil 2013, de réir fianaise curtha in iúl don chúirt i mBaile Átha Cliath inné, Déardaoin, 5 Nollaig 2013.

D’iarr an fear seirbhís Ghaeilge ón nGarda Síochána nuair a stopadh é agus dúirt an Garda leis go mbeadh air Béarla a labhairt leis mar gheall nach raibh Gaeilge ag an nGarda. Is teip iomlán é seo arís ar cheart gach saoránach plé leis an nGarda Síochána as Gaeilge más mian leis an saoránach.

Is ball de Chonradh na Gaeilge é an saoránach a stopadh agus tá an eagraíocht an-bhuartha gur chaith na Gardaí chomh dona leis an bhfear nuair a lorg sé seirbhís as Gaeilge.

Bíonn an Conradh ag iarraidh lucht labhartha na Gaeilge, go háirithe daoine óga, a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go poiblí agus go rialta agus tugann cás mar seo droch-theachtaireacht ar fad dóibh, ní amháin nach mbeidh seirbhís Ghaeilge ar fáil ach go bhféadfadh impleachtaí diúltacha breise a bheith ann má bhaintear úsáid as príomhtheanga oifigiúil na tíre.

Dúirt Donnchadh ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is mór an feall a rinneadh don Chonraitheoir seo agus é ag iarraidh Gaeilge a úsáid leis an nGarda Síochána, mar gur chóir go mbeadh sé in ann a dhéanamh más é sin a rogha teanga. Níl sé maith go leor go bhfuil an stát ag déanamh neamhaird ar chearta daonna shaoránaigh na hÉireann le príomhtheanga na tíre a úsáid.
“Ba chóir leithscéal a ghlacadh leis an bhfear seo láithreach agus cinntiú nach dtarlóidh cás mar seo riamh arís. Chuige sin, molann Conradh na Gaeilge gur chóir don Gharda Síochána cód cleachtais oiriúnach agus iontaobhach a chur i bhfeidhm do shaoránaigh gur rogha leo an Ghaeilge a úsáid go práinneach.”

Tá an scéal seo níos measa fós nuair a chuirtear san áireamh sonraí den imscrúdú a d’eisigh An Coimisinéir Teanga ar 1 Lúnasa 2012 maidir le heachtra inar sháraigh an Garda Síochána an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, fad agus a bhain sé le fo-alt 1.3 de scéim teanga an Gharda Síochána, áit inar diúltaíodh seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil don ghearánach sular gabhadh é agus tugadh é faoi ghlais lámh go stáisiún Gardaí i nDún Droma, Baile Átha Cliath ar 11 Feabhra 2011. Rinneadh an moladh seo a leanas san imscrúdú i measc moltaí eile:

Go gcinnteodh lucht bainistíochta an Gharda Síochána go bhfuil comhaltaí an fhórsa i gcoitinne ar an eolas laistigh de dhá mhí ó dháta na tuarascála seo faoina ndualgais teanga faoi scéim teanga an Gharda Síochána, go háirithe faoin bhforáil go n-aithníonn an Garda Síochána ceart gach saoránaigh a c(h)uid gnó a dhéanamh i nGaeilge leo.

Is léir ón eachtra leis an gConraitheoir i mBeaumont i mí Iúil nach bhfuil an moladh tábhachtach seo ó Oifig an Choimisinéara Teanga curtha i bhfeidhm go fóill ag an Garda Síochána.

Beidh Conradh na Gaeilge ag lorg cruinnithe le Coimisinéir an Gharda Síochána go práinneach chun labhairt leis faoin eachtra i mBeaumont agus go leor leor eachtraí eile atá an eagraíocht ar an eolas faoi a bhaineann leis an Garda Síochána ag diúltú seirbhíse Ghaeilge a chur ar fáil nó / agus impleachtaí diúltacha breise a d’éirigh as na diúltaithe sin.

Is gá don Gharda Síochána cód cleachtais oiriúnach agus iontaobhach a chur i bhfeidhm do shaoránaigh gur rogha leo an Ghaeilge a úsáid go práinneach.

‘Ba chóir an tSínis a fhoghlaim ar scoil in Éirinn in áit na Gaeilge’

Tuairim le hEoin P. Ó Murchú

Tá an ráiteas thuas conspóideach go maith ach creidim gur chóir an cheist seo a chíoradh níos mó ná mar a rinneadh cheana. Tá trian de fhostóirí na tíre seo ag iarraidh go bhfoghlaimeodh mic léinn an tSínis ar scoil. Anuas air sin deirtear go bhfuil easpa i scileanna teanga ag cur as do thrádáil leis an tSín, dar le taighde a cuireadh i gcrích le déanaí.

Labhraítear an Mhandairínis ar mhórthír na Síne, sa Téaváin, i Singeapór agus is beagán de mhuintir na Síne a bhfuil Béarla maith acu. Tá Institiúidí Confúicias á mbunú i ngach cearn den chruinne. Déanann Éire thart faoi 3 bhilliún a easportáil chun na Síne chuile bhliain agus í an tSín an céile trádála is mó atá againn san Áis. D’fhéadfaí sin a mhéadú, agus ag an tráth seo in Éirinn ba mhór an gar sin.

Samhlaigh é, thosóimis ag múineadh na Sínise do pháistí ag aois óg, an script a mhúineadh i mbealach nádúrtha spraoiúil. Tá inchinní na bpáistí mar a bheadh spúinsí eolais ann is iad faoi bhun chúig bliana. Tá go leor daoine in Éirinn le Sínis mar atá. Is dóigh liom féin gur chuma faoi cháilíochtaí, ba chóir díriú ar dhaoine a bhfuil na scileanna teanga féin acu agus splanc chun múinteoireachta, gan an iomad airde a bheith againn ar cháilíochtaí.

Nach deas an smaoineamh é? Fáil réidh le cloch mhuilinn na Gaeilge agus sinn féin a theilgeadh isteach is re úr rachmais a spreagadh áit a mbeadh an tír ar ais ar a seanléim is déagóirí ó Dhomhnach Bat ag díol earraí le muintir Nanjing, is muintir as an Muileann gCearr ag reic le slua as Hangzhou.

Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bheartaíos beagán taighde a dhéanamh mar gheall ar an gceist seo ar fad, agus feiscint an raibh aon fhírinne taobh thiar de bhéal bán lucht gnó. An argóint thuas is argóint í a chloisfeá ó shlua sách líonmhar in Éirinn, ach leis an bhfírinne a dhéanamh níl ansin ach cuid bhídeach den scéal.

Tá tuairimí spéisiúla ag muintir na hÉireann ar an gceist seo. Ar phobalbhreith ar an journal.ie d’fhreagair 59% gur chóir go mbeadh an tSínis roghnach ar an meánscoil. Dúirt 6% gur chóir go mbeadh an tSínis éigeantach ar an meánleibhéal agus mheas 20% gur chóir go múinfí í ar na bunscoileanna.

Bhí suirbhé eile ar an suíomh céanna ina raibh 50% ag rá gur chóir go mbeadh sí ar fáil i ngach scoil, 29% ag rá gur chóir go mbeadh sí díreach ar fáil ach nach raibh tábhacht rómhór ag baint léi is dúirt 20% nár chóir go mbeadh sí ar fáil in aon chor. (Is gá cuimhneamh gur daoine óga, oilte ar ríomhairí is nuatheicneolaíocht is mó a bhíonn ar an suíomh, ar nós do leithéidse!)

Tá an tSínis ar fáil i 13% de scoileanna sa Bhreatain ach níl an tSínis mar ábhar ardteiste in Éirinn fós. Tá scoileanna áirithe abhus ag déanamh staidéir uirthi mar sin féin. Is ait an rud seo mar gur teanga mhór atá sa Mhandairínis. Sa Bhreatain bíonn 3,200 ag déanamh na Sínise ag leibhéal na nA-leibhéal chuile bhliain. Dá dtarlódh go ndéanfadh céatadán mar sin staidéar uirthi in Éirinn is fíorbheagán a bheadh ann. Daoine de shliocht na Síne an mhórchuid acu.

Creidim féin nach mbeadh spéis rómhór ag gnáthmhuintir na hÉireann staidéar a dhéanamh ar an ábhar, is féidir go bhfuil meath mo bharúla orm gan amhras. Ceist eile ná cá háit a bhfaighfí na múinteoirí? Ainneoin mo chuid tuairimí faoin múinteoireacht thuas ní dóigh liom go mbeadh an stát sásta ach dream cáilithe a fhostú, agus dris chosáin a bheadh ansin.

Teanga thónach atá sa tSínis, a bhfuil roinnt scripteanna éagsúla aici agus a bhfuil an iliomad canúintí agus go deimhin féin teangacha éagsúla meascaithe ann. Níor leor an caighdeán oifigiúil a fhoghlaim le feidhmiú ó thaobh an ghnó de. Do thír a bhfuil fadhb dhamanta againn teanga amháin a fhoghlaim, teanga a bhfuilimid ar maos inti ar go leor bealaí, ní chreidim go bhfeadfaí greim a fháil ar theanga níos faide uainn arís. Má tá deachrachtaí ag daoine Gaeilge a fhoghlaim níl fáth ar bith nach mbeadh na fadhbanna céanna, nó fadhbanna i bhfad níos casta fós agus iad i mbun na Sínise. Teipeann go dona ar an gcóras oideachais daoine a oiliúint i labhairt na Gaeilge, creidim gur teip i bhfad ní ba mhó a bheadh in iarracht an tSínis a shealbhú.

Béarla teanga an ghnó go hidirnáisiúnta sa lá atá inniu ann, más olc maith le daoine é. Más ag dul don ghnó atá tú, Béarla a theastaíonn. An dream úd a deir gur chóir dúinn Gearmáinis a fhoghlaim chun go n-éireodh linn sa ghnó is léir bunmhíthuiscint s’acu ar chúrsaí teanga. Feidhmíonn go leor mórchomhlachtaí as Béarla sa Ghearmáin féin, agus d’éinne a thaisteal fiú ar feadh roinnt ama thall is léir gur deacair líofacht sa Bhéarla a sheachaint. Níl an Béarla rófhorleathan sa tSín ach tá ina measc siúd atá ag dul don ghnó. Is gcás na Síne tá an chuid is mó den ghnó ag titim amach i gcathracha, leithéidí Hong Cong is Shang-hai áiteanna a bhfuil an Chantainis mar an teanga is mó a labhraítear. Arbh fhéidir í sin a fhoghlaim chomh maith?

Más ar thóir an ghnó atá daoine shamhlóinn luach i bhfad níos mó a bheith ar scileanna ríomhaireachta i ndomhan a bhfuilimid ag druidim le monaplacht teanga an Bhéarla cheana féin. Ní duine mé a bheadh i gcoinne aon teanga a fhoghlaim, ach os rud é gur chun gnó a mholtar a foghlaim, is gá dom ceistiú bhfuil fírinne leis. Rinne mé cúpla lagiarracht script is focail na Sínise a fhoghlaim agus táim cinnte go ndéanfaidh mé arís. Tá a luach féin ag gach teanga, agus luach le gníomh féin na foghlamtha, ach measaim gur ‘tuairim chliste an lae’ atá ann a bheith i bhfách le Sínis a bheith mar chroíchuid den scolaíocht in Éirinn. Baineann cuid de sin le drochmheas ar ár gcultúr dúchais.

Tá gealladh abhalmhór faoin mBéarla mar theanga shóisialta roghnaithe na n-Eorpach tríd is tríd, is ní chreidim go mbeidh cur ina aghaidh sin is ollchultúr Mheiriceá ó thaobh na teanga ar deireadh thiar. Is dócha go mbeadh buntáiste bheag ann ó thaobh an ghnó de, ach arbh fhiú an tairbhe an trioblóid? Ba chóir breathnú ar mbealach go dteipeann orainn teangacha a shealbhú roimhe sin.

Mar fhocal scoir, is dóigh liom gur chóir go mbeadh an tSínis ar fáil mar ábhar ardteiste roghnach, is ba bhreá liom féin tuilleadh a fhoghlaim ná an cúpla focal atá agam, ach ní dóigh liom go bhfuil bunús ciallmhar le hí a fhoghlaim go héigeantach mar bhuntáiste gnó. Rud eile de, ní mé an iarracht eile fós baint ó stádas phríomhtheanga oifigiúil na tíre sa chóras oideachais.

Is féidir Eoin a leanúint ar twitter @murchadhmor

Pictiúir le @momeachair