Cé leo oidhreacht Mandela?


Ciarán Dúnbarrach ar Nelson Rolihlahla Mandela, a oidhreacht agus a dhearcadh maidir le foréigean polaitiúil

Tá leabhar amháin Ghaeilge léite agam arís agus arís eile, sin Caisleán Óir le Séamus Mac Grianna, éiríonn sé níos fearr gach uair a léimse é.

Tá clú agus cáil ar thús an leabhair agus ar an chuntas a rinneadh ar chéad lá an phríomhcharachtair, Séimí Phádraig Duibh Ó Gallchóir ar scoil.

Muise, tá scigaithris déanta ag Myles na gCopaleen ar an eachtra.

Chun achoimre a dhéanamh air, faigheann Séimí greadadh nuair nach n-aithníonn sé féin a ‘ainm’ féin, mar dhea, James Gallagher, an t-ainm a bhí a mhúinteoir scoile tar éis a thabhairt dó.

south-africa-young-mandela-pd-001
Nelson Rolihlahla Mandela agus é óg

Tháinig an scéal sin chun cuimhne domh an tseachtain seo chuaigh thart agus mé ag déanamh staidéir ar shaol Nelson Mandela.

Cosúil le Séimí Phádraig Duibh, fuair Mandela an t-ainm ‘Nelson’ ar a chéad lá ar scoil – mar síleadh go mbeadh ainm Béarla de dhíth air.

Thug a mhúinteoir Iníon Mdingane an t-ainm sin dó, mar a ba nós in am na himpireachta, díreach mar a b’amhlaidh in Éirinn.

Chaith mé go leor ama ag iarraidh foghlaim cén dóigh fíor-ainm Mandela a rá ach theip orm, beidh orm ligin dó féin a rá leat cén chaoi a rá, gabhaim leithscéal.

Caithfidh mé a rá – tá mé in amhras dá mbeadh an clú céanna ar an Madiba dá mba rud é gur chlóigh sé leis an ainm a thug a athair dó.

Agus níl aon amhras agam nach gcluinfeadh aon éinne trácht air dá mba rud é nach raibh Béarla den scoth aige.

Ach ná ligimis don bholscaireacht dul i bhfeidhm orainn, cé nach luaitear é go minic, níorbh chainteoir dúchais Béarla é, cainteoir dúchais Xhosa a bhí ann.

Níorbh aon Dhónall Ó Conaill é ach an oiread, níor shéan sé riamh a theanga dhúchais.

Agus bhí roinnt de na searmanais an tseachtain seo caite i dteanga dhúchais Mandela, ach cha bheadh a fhios agat sin ag éisteacht leis na meáin Bhéarla.

images
Mandela ag caitheamh éadaí a thréibhe

Ach le seachtain anuas, bhí stair Mandela á athscríobh agus gach polaiteoir ar an saol, seachas Jim Allister ón TUV, ag iarraidh Mandela a lua mar laoch s’acu agus mar thionchar mór orthu.

In amanna, bhí sé sin díreach seafóideach, le David Cameron na Breataine ag maíomh a leithéid – d’ainneoin go raibh sé ina bhall d’eagraíocht a bhí ag iarraidh go gcrochfaí Mandela mar sceimhlitheoir agus d’ainneoin go ndeachaigh sé ar thuras go dtí an Afraic Theas urraithe ag eagraíocht a bhí ag feachtasaíocht i gcoinne smachtbhannaí in aghaidh Apartheid.

Anseo in Éirinn, caithfidh muid a bheith níos seafóidí ná gach duine eile ar ndóigh agus caithfidh mé a rá, d’éirigh linn baint de dhínit na seachtaine leis.

Mar shampla, chuir an Taoiseach Enda Kenny in iúl don Dáil gur síochánaí a bhí ann agus chuir sé i gcomparáid le Mahatma Ghandi é.

Dá mba rud é gur dhúirt sé go raibh sé ina chiníoch bheadh sé chomh míchruinn céanna.

Ba é Nelson Mandela an chéad cheannaire ar eilit mhíleata an ANC (Umkhonto we Sizwe,” nó “Sleá an Naisiúin,”) agus bhí traenáil míleata déanta aige.

image004
Iarmhairt an ‘Church Street Bombing’ san Afraic Theas. Umkhonto we Sizwe a bhí freagrach as. Fuair 19 bás agus gortaíodh 217 duine.

Bhí tionchar níos láidre ag Mao Tse Dong agus ag Che Guevara– agus Carl von Clausewitz fiú ar Mandela ná mar a bhí Ghandi.

Is fiú cuimhneamh gur ofráil Uachtarán na hAfraice Theas saoirse go Mandela in 1985 dá shéanfadh sé foréigean agus agóidíocht fhoréigeanach mar dhóigh chun athrú a bhaint amach san Afraic Theas.

Dhiúltaigh sé don ofráil – ag cur in iúl nach ndeachaigh an ANC i mbun fhoréigin ach nuair nach raibh aon bhealach eile ar fáil dóibh.

Níor éirigh sé as an mhíleatachas go dtí gur thosaigh cainteanna sa bhliain 1990 ach bhí sé ar liosta faireachais sceimhlitheoirí SAM go dtí 2008.

Dúirt Uachtarán na hAfraice Theas Jacob Zuma an tseachtain seo caite, dar le Mandela, “chun go mbainfeadh an Afraic Theas síocháin amach, bhí an streachailt armtha dosheachanta, ach ba dhóigh chun cuspóir a bhaint amach, níorbh é an cuspóir é.”

Tuigeann muid in Éirinn áfach go bhfuil seach-chogadh ar bun, bhí sé tábhachtach don Taoiseach a chinntiú nach mbainfeadh Sinn Féin aon sochar polaitiúil as bás Mandela – laoch a bhí ann do Phoblachtanaithe agus bhí baint idir an IRA agus Umkhonto we Sizwe – fíric na staire atá ann.

Guard-of-Honour
Gerry Adams ina sheasamh mar chuid de Ghárda Onóra ar chónra an Madiba.

Táthar ann a mhaigh go bhfuil Sinn Féin ag baint ó dhínit Mandela as trácht a dhéanamh ar a bhás agus go bhfuil sé sin chomh dona céanna leis an Toraithe ag feadaíl a bpoirt athraithe anois.

Seans go raibh ciall éigin leis an argóint sin – ach ansin chonacthas Gerry Adams ina sheasamh mar bhall den gharda onóir ar chónra Mandela – sílim gur chuir sé sin deireadh leis an argóint, agus cibé barúil atá ag daoine ar Gerry Adams, ba shoiléir tuairim an ANC agus Mandela féin.

Cad tuige mar sin a mhaíonn gach duine go bhfuil baint acu le Mandela –bhál, tá freagra simplí ar sin – bhain sé – agus is maith le daoine a bheith luaite le buaiteoirí.

Ach cinnte, tá sé níos doimhne ná sin, rinne sé go leor don athmhuintearas – níor lorg sé díoltas, níor chuir sé éinne ar thriall, níor chuir sé cosc ar an Afrikaans

Ach ba thábhachtaí arís do cheannairí an Iarthair – níor chuir sé isteach ar an chaipitleachas agus ní dhearna sé mórán iarracht ar athdháileadh saibhris – leathréabhlóid a bhí ann ach thar aon rud eile – sin an fáth a rinneadh naomh as.

Ar bhotún é sin – níl a fhios agam.

Dá mba rud é go ndearna sé iarracht talamh an chine ghil a dháileadh ar an chine ghorm, dhéanfadh meáin an Iarthair diabhal as – mar a rinne sé le seanchomrádaí s’aige, Robert Mgabe.

Ach is cinnte liom go ndearna sé botún ollmhór amháin – is é sin nár scoir sé an ANC agus an cogadh bainte acu – creidim go léiríonn caimiléireacht an pháirtí inniu go bhfuil an ceart agam ar an phointe áirithe sin.

Seans go bhfuil daoine agaibh míshásta liom ar an ábhar gur roghnaigh mé cuid den fhírinne a léiriú anseo agus b’fhurasta ligin do na bréaga.

Sharpeville Victim
Fear armtha ina sheasamh in aice le corp fhear marbh tar éis sléacht Sharpeville ina bhfuair 69 duine bás.

Ach dar le Mandela, bhí foréigean riachtanach chun deireadh a chur le Apartheid – dar liomsa, bhí an ceart aige.

 

3 thuairim ar “Cé leo oidhreacht Mandela?

  1. Scríobh tú: “Ach dar le Mandela, bhí foréigean riachtanach chun deireadh a chur le Apartheid – dar liomsa, bhí an ceart aige.”

    Ard-mheas agam ar Mandela is a lámh i saoirse a bhaint amach ACH ní féidir liom aontú leat ansin.

    Tá bealaí eile.
    Nár tháinig an focal Boycott ónár dtír féin.
    Níl gá le foréigean.

    Samplaí:
    1930 – Satyagraha Salainn (an India)
    1968 – Earrach Phrág
    1980–1989 – Dlúthpháirtíocht
    1987–1989 – Réabhlóid Casadh Amhráin (Baltach)
    1989 – An Ghearmáin (Balla briste)
    1989 – Réabhlóid veilbhite (an tSeicslóvaic)
    1989 – An Bhulgáir
    1990 – An Golaniad – An Rómáin
    1991 Sóivéid Iarracht coup d’état
    agus
    1974 – Réabhlóid Conóireach (an Phortaingéil)
    1979 – Réabhlóid Iaránaigh
    1986 – Réabhlóid Buí – Cumhacht na Daoine (na hOileáin Fhilipíneacha)

    Freagra ó John Lennon anseo https://www.youtube.com/watch?v=yN4Uu0OlmTg Is fiú go mór féachaint air.

    Bhí mé an-óg nuair a tháinig mé abhaile ón scoil agus bhí ciúnas uafásach mínádúrtha sa teach. Bhí orthu fanacht leis an nuacht agus leis an gcéad traein eile. Buámaí i Sráid Thalbóid is tharla sé ag an am ina mbíodh mo dhearthair ag dul go dtí an traein. Bhí orthu fanacht go dtí gur tháinig sé abhaile is tháinig BLD mar bhí sé déanach an lá sin. Ach chonaic sé céard a tharla is ní dhéanfaidh éinne i mo theach dearmad ar an eagla sin a bhí orainn.

    Bhí dearthair eile ag obair in Oifig an Phoist san Uaimh Nollaig amháin agus tháinig leads le gunnaí isteach agus chuir siad gunna go a chloigeann ag iarraidh air a rá leo cá raibh an t-airgead. Bhí an t-eolas mícheart acu. Tháinig sé as ach, cosúil liomsa, nuair a bhíonn tráma agat i do shaol níl tú riamh mar an gcéanna arís. Tá éifeacht ag an eachtra sin ar na daoine mór-thimpeall ort chomh maith.

    Ní raibh sé ceart an guth a bhaint ó Gerry Adams le cinsearacht Section 13.
    Níl sé ceart anois é a choinneáil ón nuacht.
    Ní chóir dul ag caint faoin IRA gan dul ag caint ar an UVF ag an am céanna.
    Ní chóir fanacht ciúin faoin stair ar fhaitíos go mbeidh duine éigin maslaithe.
    Inis an fhírinne agus iomlán na fírinne nó níl seans dá laghad againn.

    Níos mó de mo smaointe faoi http://ancroiait.wordpress.com/2013/12/15/159-section-31-agus-adams-san-aifric/
    I líne amháin de ‘níl san bhforéigean ach teip teacht ar bhealach níos fearr an bua a bhaint amach.’
    Bíodh bua againn ar son Dé.
    Creid é.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s