Freagraíonn Sinn Féin a gCriticeoirí


Rinneadh go leor cáineadh ar Shinn Féin ar na mallaibh maidir lena dtacaíocht don Samhail Nua Maoinithe agus iad ag cur fáilte roimhe i mBéarla amháin. Déanann an Ball Tionóil Róise McCorley an páirtí a chosaint agus í ag freagairt ceisteanna ó Chiarán Dúnbarrach.

Dúnbarrach : Nach ionann an Samhail Nua Maoinithe agus díchoimisiúnú na Gaeilge sna Sé Chontae?

Rosie-McCorley
Rosie McCorley, Ball Tionól de chuid Sinn Féin agus Gaeilgeoir.

McCorley : “Tá an tSamhail Nua Mhaoinithe do oileán iomlán na hÉireann faoi chaibidil le roinnt mhaith blianta anois.

“Le cuidiú a thabhairt ar ár n-aighneacht féin chuig Foras na Gaeilge, phléigh Sinn Féin na cúrsaí seo leis na grúpaí in earnáil na Gaeilge ar fud an oileáin, agus bhí aontú ann go raibh gá le hathrú ann.  Seo mar thoradh ar sin.

“Tá freagracht uile-Éireann don Ghaeilge i gceist anseo, agus beidh béim ar forbairt agus ar dul chun cinn na Gaeilge ach go háirithe sna ceantracha a bhfuil an riachtanas is mó acu.

“In ainneoin go bhfuil na príomh-eagraíochtaí lonnaithe i mBaile Átha Cliath tá siad eagraithe ar bhonn uile-oileáin agus tá freagrachtaí orthu as an oileán iomlán.

“Tá sé cinntithe go mbeadh ar a laghad an ceathrú cuid d’obair na ngrúpaí seo ó thuaidh, agus go mbeadh baill foirne lonnaithe ó thuaidh chun an teanga a fhorbairt agus go mbeidís páirteach sna fóraim áitiúla éagsúla.

“Déanfaidh sé an ghníomhaíocht uilig a chomhordú le cinntiú go bhfuil sé ag freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge mar is cuí.

“Cuirfidh Foras na Gaeilge fóram comhpháirtíochta uile-oileáin ar bun le cur chuige comhoibritheach na 6 príomh ghrúpaí a chinntiú.  Beidh fóram forbartha uile-oileáin ann fosta a bheas ionadaíoch de na grúpaí teanga a bhfuil maoiniú Foras acu ar leibhéal pobail.

“Do na grúpaí ó thuaidh nár aimsíodh mar príomh-eagraíochtaí iad, tá ról ann do na daoine sin go fóill sna socruithe nua agus ar ndóigh, trí dheiseanna eile sa tuaisceart.  Tá sé tábhachtach go rachadh na gníomhaithe seo i dteagmháil leis na príomh-ghrúpaí nua ar fud an oileáin.  Ba chóir dóibh plé a dhéanamh ar eolas, taithí agus saineolas s’acu agus ar an dóigh ab fhearr é a ghlacadh san áireamh sna socruithe nua.

“Beidh próiseas bainistíocht athruithe ann le cuidiú a thabhairt do ghrúpaí atá ag iarraidh  deiseanna a aimsiú atá ar fáil ó Fhoras na Gaeilge nó ó na ranna eile.

Dúnbarrach : Cén fáth a raibh ráiteas Shinn Féin ar an ábhar seo i mBéarla amháin?

McCorley : Gabhann Sinn Féin a leithscéal as an dearmad a rinneadh nuair a cuireadh amach an ráiteas ar an tSamhail Nua Mhaoinithe as Béarla amháin.

 Dúnbarrach : Cad é do bharúil ar na ráitis a rinne an gníomhaire mór le rá, Séamus Mac Seáin, ar an tuairisceoir.com?

 McCorley : Tá Séamus Mac Seáin ina bhall de phobal na Gaeilge le tamall an-fhada agus tugann sé barúlacha s’aige ar an Ghaeilge go minic sna meáin, rud a bhfuil i dteideal aige.

Tá tuairisc oibre láidir ag Sinn Féin ó thaobh cur chun cinn agus tacú leis an Ghaeilge de.

Más maith le Séamus plé a dhéanamh le Sinn Féin ar thodhchaí na teanga agus ar an dóigh is féidir linn uilig obair le chéile ar son na Gaeilge, tá muid lánsásta  bualadh leis.

Séamus Mac Seáin ar Shinn Féin agus an Fáiltiú Béarla sin

Cuireann Sinn Féin Fáilte Roimh Chinneadh an Fhorais – As Béarla

9 dtuairim ar “Freagraíonn Sinn Féin a gCriticeoirí

  1. Is dócha go gceapann siad go bhfuil siad dáiríre agus tá siad níos fearr na an chuid is mo de pháirtithe is tá cumas ard Gaeilge ag na feisirí tríd is tríd. Bíodh sin mar atá is cosúil go bhfuil polasaí Gaeilge s’acu gan athrú le tamall is níl ann ach cúpla abairt suarach.

  2. Is maith liom é -iontach cliste ” tá Séamus Mac Seáin ina bhall de phobal na Gaeilge le tamall an -fhada” bealach cliste le rá – tá sé aosta ( fíor) agus b’fhéidir go bhfuil beagán de mhearbhall inchinne air agus nár cheart aird de bharraíocht a thabhairt ar a bharúil ach is buíoch le bocht beagán . ar a laghad níor cuireadh imo leith go raibh mé in éadán “próiséas na síochana” nó go raibh mé ag iarraidh muid a tharraing aráis go dtí na droch laetha!!. I dtaca le labhairt le sinn féin de. Ba dheacair iad a sheachaint san áit a bhfuil mise imo chónaí. Nuair a tháinig sé amach i 2011 go raibh Aire de chuid Shinn Féin ag déanamh leatrom ar pháistí Gaelscoile sna sé contae agus í ag diúltú saor thaistil a chur ar fáil dóibh ainneoin gur mhol a gcuid statseirbhiseach féin di é a chur ar fáil. Labhair mise le “Gaeil mhóra ” an pháirtí ag an am gur luaigh mé an leatrom a bhí ag dul ar aghaidh. Bhí an bhean uasal McCorley ar dhuine acu agus í i gcuideachta Trevor Ó Clochartaigh agus Gearóid Ó hEara sa Chultúrlann i mBéal Feirste – gunnaí móra an pháirtí dar leat -ach níor fhág mé aige sin é ach gur impí mé ar Uachtarán an pháirtí an rud ceart a dhéanamh dona páistí ( tá na ríomhphostanna agam lena chruthú) . Tugadh cluas bhodhar do éileamh na bpáistí go mb’éigean dul chun na cúirte lena gcearta a fháil agus nuair a riailigh an breitheamh go raibh iompar an Aire éagórach agus d’iarr sé bus a chur ar fáil bhí an páirtí ar buille ( a leithéid de shotal ag na Gaeil seo a bheith ag iarraidh a gcearta!!! Tá mé ag déanamh go mbeadh amhrán ag Pete Seegar fá dtaobh de dá mairfeadh sé. ” come speak to me” b’fhéidir.

  3. As na heagraíochta a ‘thoghadh’, cé acu a dtuigeann na luathbhlianta nó oideachas? Cé acu a dtuigeann cur ar aghaidh na gaeilge? Tá an ghaeilge ag fáil bháis sa saor state, agus ag dul chun cinn sna sé chondae. Ní thuigim an modh oibre atá ag foras, ach is cinnte nach mbeidh dream ar bith ann anois chun cuir isteach orthu nuair a ní siad rudaí amaideacha nó gan ciall.

  4. Níl trácht ar bith anseo do na poist a chaillfear (go háirithe in iarthar Bhéal Feirste, croícheantar Shinn Féin) gan trácht ar an taithí agus an saineolas.

  5. “McCorley : Gabhann Sinn Féin a leithscéal as an dearmad a rinneadh nuair a cuireadh amach an ráiteas ar an tSamhail Nua Mhaoinithe as Béarla amháin.”

    An bhfuil leagan Gaeilge ann anois, an dúirt sí?

    An i nGaeilge nó i dteanga oifigiúl eile a rinne sí a chaint.

    Cinnte is polaiteoir sleamhain slítheánta í agus na freagraí neodracha aici. Díos spéise go bpléann sí leis an Ghaeilge mar rud teibí agus gan freagra aici ar chúrsaí nithiúla amhail leagan Gaeilge agus cúrsaí iompair mar a luaigh Séamas, ach an gnáthchur ó doras go béasach. Pleoid uirthi agus ar an ainm pairtí poilitiúil aici.

    1. Is i nGaeilge a rinneadh an agallamh seo.

      Ní chuirfidh mé cosc ar aon tuairim anseo agus ní dhearna mé aon chinsearacht ach an oiread agus tá saoirse ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl ach tá mé ag impí ar dhaoine gan tiontú ar ionsaithe pearsanta.

      Bheinn ag súil go mbainfeá féin an t-ionsaí pearsanta amach – go háirithe agus tú ag scríobh faoi ainm chléite.

      Ceist onóra atá ann dar liom.

      Ciarán Dunbar

      1. GRMA as teanga an agallaimh a shoiléiriú.

        Níl mé cinnte an chugamsa atá tú ag labhairt ar ionsaithe pearsanta. Ní léir dhomsa go ndearna ionsaí ar rud ná duine. Muna bhfuil mo thuairim di fóirstanach, bíodh aige.

        Ní léir domhsa tuige a bhfuil tú le ónóir mar ábhar. Nach leor duit fírinne agus a cur amach? Fágamis ónóir faoi na ridirí agus na bruinnealla sna seanscéalta.

        Maidir le ainm cleite ar an idirlíon, agus an GCHQ agus NSA ag cúlchoimhéad, sílim nach éigiallta a leithéid

  6. Tá mise ag mothú iontach uaigneach mar déanta na fírinne, agus gan aon teagmháil ná nasc oifigiúil a bheith agam le Sinn Féin le blianta fada (agus is minic mé ag easaontú leo), sa chás seo, tá mise i bhfách leis an struchtúr úr maoinithe. D’fhéadfainn uaireanta a chloig a chaitheamh ag plé na ceiste seo go mion, ach go ginearálta (agus tuigim nach leor ‘ginearálta’ lena cheart a thabhairt don díospóireacht seo) ach:

    1. Creidimse go raibh barraíocht eagraíochtaí Gaeilge ann.
    2. Creidim go raibh an maoiniú ag coinneáil cuid mhór de na heagraíochtaí sin ann (agus cruthaíodh cuid acu mar gheall ar an mhaoiniú a bheith ar fáil, fiú)
    3. Bhí rudaí fiúntacha á ndéanamh (agus tá go fóill) ag gach uile eagraíocht acu
    4. Tá daoine maithe agus oibrithe maithe in achan uile eagraíocht acu
    5. Ach ní raibh gá le leathchuid de na heagraíochtaí féin (murab ionann agus na daoine, b’fhéidir)
    6. Bhí obair dhúblála ag dul ar aghaidh ag cuid mhór acu, agus fiú ansin muid ag tabhairt cuirí chuig a chéile le freastal ar an seimineár s’againne srl srl
    7. Is maith liom go bhfuil réimsí aitheanta anois, 6 cinn acu.
    8. Is maith liom go bhfuil ceanneagraíocht ceangailte go soiléir le gach réimse
    9. Mar dhuine as na Sé Chontae, bhí baint níos mó agam le cuid mhór de na ceanneagraíochtaí ná mar a bhí riamh agam le cuid de na heagraíochtaí ‘áitiúla’.
    10. Ní mhothaím féin go bhfuil aon leithcheal á dhéanamh ormsa mar Ghael sna Sé Chontae.
    11. Ba mhaith liom go mbeidh postanna dírithe ar Chúige Uladh ar fad mar chuid den phróiseas seo, agus ba mhaith liom go dtacódh gach gael leis an struchtúr úr
    12. Tá súil agam go mbeifear in ann cuid de na daoine is oilte agus is mó taithí agus is mó éifeacht sna Sé Chontae a choinneáil ar bord taobh istigh de na ceanneagraíochtaí úra (ach aon phróiseas earcaíochta a bheith oscailte, agus cothrom).
    13. Bhí an tuairim seo agam sula raibh aon chúlú eacnamaíochta ann, mar is eol d’aon duine a mbeadh aithne aige nó aici orm. Ní thiocfadh liom a thuigbheáil cad chuige ar bunaíodh níos mó eagraíochtaí ar bhonn críochdheighilteach I NDIAIDH Chomhaontú Aoine an Chéasta, nuair ab é an prionsabal a baineadh amach sna cainteanna sin gur ar bhonn Uile-Éireann a phléifí leis an Ghaeilge. Níor ghlac mé riamh leis.
    14. Tá mise breá compordach le príomhoifig aon eagraíocht náisiúnta a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath i mo thír dhúchais féin. Níl aon difear don Srath Bánach i dTír Eoghain idir BÁC nó Béal Feirste.

    Maidir leis an fhreagra i dtaca le foclaí Shéamuis, is freagra lag a bhí ag urlabhraí Shinn Féin anseo: ba chóir na ceisteanna a thógann Seamus a fhreagairt, seachas friotal leamh gan feoil a úsáid le droim láimhe a thabhairt dó.

    Sin mo chuid…..

  7. Mar is dual duit a Sheáin a chara tá téagar leis an mhéid a deir tú agus d’aontóinn leis an chuid is mó de ach san chéanna tá cuma ar an scéal gur socraíodh roimhe reidh cé acu grúpa a bhéadh ina cheanneagras nuair a tugadh cuireadh isteach ar leith do ghrúpaí lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar maguaird amháin le labhairt air agus nár tugadh an cuireadh céanna do ghrúpa ar bith eile ,muintir na sé gContae san áireamh. Tá Sé chinn de na grúpaí sin ar hiarradh isteach orthu anois ina gCeanneagrais . Ní thuigim an cur chuige sin ach tá an cinneadh déanta agus an rud is tabhachtaí anois féachaint le hoiread dena postanna a shabháil agus is féidir dena heagrais atá le scor. Is cuma na heagrais ann nó as mar eagrais ceapaim ach tá tabhacht leis an táithí agus leis an an tsaineolas atá ag na daoine atá ag obair iontú . Ba thrua sin a chailleadh. Tá rud eile nach mbéinn ar aon intinn leat fá dtaobh de agus sin an dearcadh atá agat gur i mBaile Átha Cliath a chaithfeadh Eagras Náisiúna a bheith lonnaithe. Is den tír amháin sinn uilig agus ní raibh cúis ar bith nach dtiocfadh le grúpa lonnaithe i mBéal Feirste ná ar an Srath Ban féin a bheith ag gníomhú ar fud an oileáin agus ar an chúis sin amháin cailleadh seans an tír a aontú seachas críochdheighealt a dhaingniú gan Ceann eagras a bheith lonnaithe sna sé Chontae. An amhlaidh gur sin an fath go bhfuil Aontachtaithe ar a suaimhneas faoin chóras nua nó go gcuireann sé lena mbarúil gur rud í an Ghaeilge a bhaineann leis na 26 Co. agus gur bhreá leo ceannasaíocht na Gaeilge a bheith lonnaithe Sa ” tir choimhthíoch” thar teorainn .

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s