Fearg na nAontachtóirí faoi Airgead don Ghaeilge

Fearg na nAontachtóirí agus airgead á chaitheamh ag Comhairle ar an Ghaeilge

Tá fearg á léiriú ag aontachtóirí tar éis gur chinn Comhairle Mhachaire Fíolta £50,000 a chaitheamh ar an Ghaeilge.

Tá an chomhairle seo faoi smacht iomlán ag náisiúntóirí – agus ag Sinn Féin. Tá 9 gcomhairleoir as 16 ag an pháirtí air.

Beidh brandáil dhátheangach ag an chomhairle faoi pholasaí nua – ar chomharthaí, ar éadaí foirne agus ar fheicithlí ach tuigtear go mbeidh an-bhéim ar ranganna don fhoireann.

Seo an chomhairle ina bhfuil ceantar Charn Tóchair – ceann de na ceantair is mó Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht Oifigiúil.

Tá an DUP ag cáineadh an pholasaí úir mar gheall ar an chostas a bhaineann leis

Tá siadsan ag maíomh go bhfuil an chomhairle ag leanúint chlár oibre poblachtanach.

Ach deir Sinn Féin go bhfuil buiséad de £14 milliúin ag an chomhairle agus go gcaithfear an caiteachas a thuiscint sa chomhthéacs sin.

Trácht

Chaith mé féin deireadh seachtaine i gceantair an Chairn ar na mallaibh – chuala mé an Ghaeilge á labhairt mar theanga nádúrtha ag óg agus ag aosta – mar chéad teanga san áireamh. (CD)

FÓGRA – Tá Nós na Míosa Seo sna Siopaí anois

1622627_699204980130868_221415053_n

Foclóiris

gasuirlegaeilge

Ós rud é nár tógadh leis an nGaeilge mé, ní thagann an focal cuí chugam amantaí agus mé ag cur síos ar eachtraí an lae, go háirithe mura mbaineann na heachtraí sin le gnáth-rudaí nó leis an gcineál ábhair a phléitear ar an raidió (mar is é Raidió na Gaeltachta príomh-fhoinse mo chuid Gaeilge labhartha féin).

Dá bharr sin, téim i dtuilleamaí na bhfoclóirí nuair nach bhféadaim smaoineamh ar an dea-fhocal. Tharla seo le deireanas nuair a bhí an mac is óige ag siúl beagáinín bacach ar maidin. Is é an rud a dúirt mé ná “Sílim go bhfuil limp beag air,” ach chuardaigh mé an focal limp ina dhiaidh sin leis an nGaeilge a fháil. Agus seo í an uair a thaganns an chastacht isteach sa scéal.

In EID (de Bhaldraithe), tugtar a leanas:

limp de bhaldraithe Mar sin, is dócha go bhféadfaí a rá: “Tá sé ag siúl go bacach ar maidin.”

Amharc ar an alt bunaidh 182 d’fhocla eile

Dúlra an earraigh

gasuirlegaeilge

Céad bhláth an earraigh: plúiríní sneachta Céad bhláth an earraigh: plúiríní sneachta

Rinne mé deifir leis an leathanach eolais seo thíos a chríochnú sula mbeadh deireadh iomlán leis na plúiríní sneachta–tá siad ag feo anseo cheana. Má dhéanann tú siúlóid deireadh seachtaine leis an gclann, áfach, sílim go dtiocfaidh sibh orthu fós. Ar ndóigh, braitheann sé air cén áit a bhfuil tú.

Ós rud é gur i Sasana atá muid faoi láthair, tá claonadh ann i dtreo ainmhithe iarthuaisceart na hEorpa (dá mbeadh muid i Meiriceá, ainmhithe Mheiriceá a bheadh ann!)

Fuair mé inspioráid do chóras pointí an leathanaigh ón leabhar The Great British Wildlife Hunt, foilsithe ag RSPB. Sárleabhar atá ann do theaghlach ar bith a thaithíonns na coillte is na cladaigh. Faraor, níl leagan Gaeilge de ann! B’fhiú don Ghúm aistriúchán a dhéanamh.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a mhol plandaí agus ainmhithe dom ar an gcóras giolctha, Síle Gharraí Glas san áireamh…

Amharc ar an alt bunaidh 46 d’fhocla eile

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 5

Uileloscadh san Ucrain
An tUileloscadh san Úcráin: Naitsithe ag marú sibhialtaigh in Ivanhorod i lár na hÚcráine. (Foinse: Vicipéid na Polainnise.)

Nuair a bhí Bandera ina chime ag na Gearmánaigh, bhunaigh lucht a leanúna eagraíocht mhíleata, UPA – Arm Ceannairce na hÚcráine, nó Ukrayins’ka Povstans’ka Armiya. Bhí an t-arm treallchogaíochta seo dírithe ar stát neamhspleách a chur ar bun san Úcráin le lámh láidir, agus dealraíonn sé go raibh na treallchogaithe sin sásta sibhialtaigh ón dream eitneach “mícheart” a mharú scun scan le cúis an Úcránachais a chur chun cinn, mar a thuig siad féin an chúis sin. Is é sin, is féidir cineghlanadh a chur ina leith – cineghlanadh den chineál a chonaic muid i dtíortha na hiar-Iúgslaive i dtús na nóchaidí.

Ewa_Siemaszko
Seo Ewa Siemaszko, staraí amaitéarach Polannach. In éineacht lena hathair, Władysław, chuir sí in eagar doiciméadú stairiúil faoi choireanna cogaidh na dtreallchogaithe Úcránacha in aghaidh na bPolannach, agus í ag iarraidh cuimhne na n-imeachtaí seo a choinneáil i lár an aonaigh i ndiospóireachtaí poiblí na Polainne. Bhí cónaí ar a hathair in Oirthear na Polainne roimh agus le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus chonaic sé na huafáis lena shúile cinn féin. (Foinse: Vicipéid na Polainnise.)

Ní hionann sin agus a rá go raibh na treallchogaithe Úcránacha ar aon leibhéal leis na Naitsithe, nó gur Naitsithe amach is amach a bhí iontu. Cosúil le Bandera féin bhí siad ag cur a gcatha féin beag beann ar na Gearmánaigh, cé gurbh iad na Polannaigh agus na Sóivéadaigh an príomhnamhaid. Maidir leis na Giúdaigh, bhí na treallchogaithe barúlach gur dream eitneach a bhí iontu a bhí naimhdeach do chúis na nÚcránach cosúil leis na Polannaigh agus na Sóivéadaigh, agus is léir go raibh frith-Ghiúdachas Oirthear na hEorpa le mothú i measc na nÚcránach féin. San am chéanna bhí an eagraíocht sásta Giúdaigh a fháiltiú isteach má bhí dearcadh náisiúnaíoch acu.

eirleach Lipniki
Ár Lipniki. Mharaigh treallchogaithe de chuid an UPA timpeall ar 180 duine i sráidbhaile Lipniki faoi dheireadh Mhí na Márta 1943. Polannaigh eitneacha an chuid ba mhó acu, ach bhí ceathrar Giúdach agus bean Rúiseach amháin ina measc chomh maith. Bhí an sráidbhaile suite in aice le Kostopol (inniu, Kostopil san Úcráin). Tá an áit bánaithe inniu. (Grianghraf: Vicipéid na Polainnise)

Bhí dearcadh criticiúil ag lucht idé-eolaíochta an UPA ar fhrith-Ghiúdachas ciníoch na Naitsithe, agus iad barúlach, de réir dhealraimh, gur idé-eolaíocht choimhthíoch a bhí ann nár chóir do na hÚcránaigh glacadh léi. San am chéanna tá an chuma ar an scéal gurbh é an náisiúnachas an chúis ab airde a bhí ag na treallchogaithe seo, gurbh é an náisiúnachas príomhfhoinse a moráltachta, agus go raibh an daonnúlacht agus an dea-chroí acu in áit na leathphingine ag an náisiúnachas. Uaireanta bhí siad sásta dídean a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí ar a seachnadh ó na Gearmánaigh – le stainc ar na Gearmánaigh, seachas ar chúiseanna daonnachtúlachta.

Is é an dóigh ar chaith na treallchogaithe leis na Polannaigh an chuid is gránna de stair an OUN. Mar a dúirt mé roimhe seo is é an meas a bhí ag na náisiúnaithe Úcránacha ar na Polannaigh a chuir fúthu faoin tuath in Iarthar na hÚcráine ná gur cineál “plandóirí” a bhí iontu mar a thuigtear an téarma sin in Éirinn – is é sin go raibh rialtas na Polainne ag iarraidh malartú daonra a dhéanamh in Iarthar na hÚcráine. Is éard a bhí siad féin ag iarraidh a dhéanamh ná an malartú sin a chur ar ceal tríd an ruaig a chur ar na Polannaigh ó Iarthar na hÚcráine nó iad a mharú scun scan. Creidtear go bhfuair na scórtha míle sibhialtaigh Pholannacha – muintir tuaithe a bhformhór – bás san fheachtas cineghlanta.

Vatutin monument
Chuala staraithe cogaidh an tsaoil mhóir iomrá ar an nGinearál Vatutin, agus ba mhór an dráma é an cath a chuir sé ar a chéile comhraic, an marascal machaire Gearmánach Erich von Manstein, le seilbh a fháil ar Chív. Tá an séadchomhartha seo suite i gCív, príomhchathair na hÚcráine. “Don Ghinearál Vatutin ó mhuintir na hÚcráine”, a deir an scríbhinn Úcráinise. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Nuair a thosaigh trúpaí an Aontais Shóivéadaigh ag druidim isteach, ghlac treallchogaithe an UPA leis nach mbeadh seans ar bith acu an cath a bhriseadh ar an Arm Sóivéadach féin. Ina áit sin chinn siad ar chath a chur orthu siúd a bhí ag atógáil chóras an riaracháin Shóivéadaigh sna ceantair athghafa, go háirithe ar ghníomhairí an NKVD (is é sin, Coimeasáracht Phobail na gCúrsaí Inmheánacha, réamhtheachtaire an KGB). Bhí siad sásta oifigigh ardchéime de chuid an Airm Shóivéadaigh a fheallmharú freisin, nuair a bhí an seans acu: sin mar a fuair Nikolay Vatutin, an ginearál a bhí i gceannas ar Chéad Chathéadan na hÚcráine (an t-armghrúpa Sóivéadach a d’athghabh Cív faoi dheireadh na bliana 1943), bás i Mí Feabhra 1944.

Ag ascnamh leo san Úcráin dóibh bhí na trúpaí Sóivéadacha ag cailleadh saighdiúirí go tiubh, nó bhí an tArm Sóivéadach ar nós cuma liom i leith bheatha agus bhás an tsaighdiúra aonair. Mar sin bhí ar an Arm saighdiúirí nua a earcú as measc mhuintir na hÚcráine, rud nár thaitin leis an UPA. Dá réir sin, ba ghnách leis na treallchogaithe muintir gach nua-earcach de chuid an Airm a mharú scun scan leis an ráta earcaíochta a laghdú.

Tríd is tríd, is deacair treallchogaithe an UPA a éigiontú sa chuid is mó de na coireanna cogaidh a chuirtear ina leith. Ón taobh eile de bhí cathéadan thoir an Dara Cogadh Domhanda chomh brúidiúil is nach féidir a rá go raibh na treallchogaithe Úcránacha ní ba chruálaí ná na trúpaí Sóivéadacha nó na treallchogaithe Cumannacha. D’fhéadfá a rá go raibh cúis ag na sibhialtaigh eagla a ghlacadh roimh gach aon dream armtha dá raibh ag siúl tailte na hÚcráine san am sin, na treallchogaithe náisiúnaíocha, na treallchogaithe Sóivéad-bháúla, na saighdiúirí Gearmánacha agus na saighdiúirí Sóivéadacha araon. Fir chruaite chranraithe gan trua gan taise gan trócaire a bhí ag troid sna fórsaí armtha seo go léir.

Tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air nach raibh treallchogaithe an UPA ag cuidiú go díreach leis an Uileloscadh. Bhí comhoibritheoirí Úcránacha ag na Naitsithe a bhí sásta na mílte Giúdach a chur chun báis thar cionn na Naitsithe – bhí an-bhaint ag an dream seo leis na hollmharuithe míchlúiteacha in Babii Yar in aice le Cív – ach níorbh iad treallchogaithe an UPA na comhoibritheoirí seo. Ba iad na póilíní cúnta Úcránacha, Ukrainische Hilfspolizei, a bhí i gceist.

Ukrainische Wachmannschaft eines Torfwerks
Póilíní cúnta Úcránacha agus iad ag tabhairt aire do ghléasra próiseála móna. (Pictiúr ó Vicipéid an Bhéarla; is í Cartlann Stáit na Gearmáine, Bundesarchiv, an chéad fhoinse.)

Deir cuid de na staraithe gur baill de chuid an OUN a bhí i gcuid mhór de na póilíní cúnta seo, ach dealraíonn go bhfuil an dá bharúil agus an dá bh’fhéidir ann: is é tuairim na staraithe eile go raibh na Gearmánaigh tar éis orduithe soiléire a fháil gan náisiúnaithe aithnidiúla a fhruiliú. Déarfainn féin gurb é an dara leagan is dóchúla liom féin, nó is é an cineál daoine a bhíodh na Gearmánaigh ag earcú le haghaidh a gcuid eagar cúnta ná príosúnaigh choiriúla agus cimí cogaidh – fir ocrasacha éadóchasacha nach raibh mórán idé-eolaíochta ná saoldearctha d’aon chineál acu.

1389.9 Holocaust A
Ilya Ehrenburg, scríbhneoir Sóivéadach, file agus comhfhreagraí cogaidh. Bhí sé mór le Léinín nuair a bhí sé óg, rud a d’fhág go raibh saoirse aige i bhfad thar an ngnáthscríbhneoir i saol liteartha an Aontais Shóivéadaigh. Scríobh sé roinnt úrscéalta agus leabhair thaistil ar chuir na léitheoirí Sóivéadacha an-spéis iontu, ó nach raibh de chead acu féin taisteal ná turasóireacht a dhéanamh thar lear. I dtús an chogaidh idir an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach bhí Ehrenburg ina bholscaire chruálach ag bagairt míle murdar ar na Gearmánaigh, rud nár thaitin leis na haoirí polaitiúla Cumannacha féin. An chuid ba mhó dá ghairmréim scríbhneoireachta áfach bhí dearcadh cuibheasach liobrálach ag Ehrenburg ar chúrsaí litríochta na tíre, rud a thuill sciolladóireacht dó ó fhaicsean ceartchreidmheach an pháirtí. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla.)

Díol suime é gur chuir na staraithe Sóivéadacha an bhéim ba mhó ar choireanna an UPA, agus cinsireacht an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh an chogaidh iontach míshásta le haon leabhar nó alt a chardáil na póilíní cúnta Úcránacha. Na hintleachtóirí Giúdacha Sóivéadacha a scríobh faoi uileloscadh na nGiúdach cuireadh ina dtost iad, ós rud é gur chuir polasaí oifigiúil na bolscaireachta sa stát Sóivéadach an bhéim ar chomhfhulaingt na saoránach Sóivéadach go léir, agus ní raibh sé oiriúnach cruachás aon dream ar leith a dhealú ón gcuid eile.

seadchomhartha polannaigh wolyn
Séadchomhartha é seo atá ina sheasamh in Gdańsk, tuaisceart na Polainne, agus é ag coinneáil cuimhne ar na sibhialtaigh Pholannacha a fuair bás ó lámh an UPA i gcúige Wołyń, is é sin in Iarthuaisceart na hÚcráine. (Grianghraf: Vicipéid na Polainnise)

Bhí sé ceadaithe caitheamh anuas ar threallchogaithe an UPA, ó bhí siad ag iarraidh an Úcráin a scaradh ón Aontas Sóivéadach, ach san am chéanna bhí sé coiscthe an iomarca trácht a dhéanamh ar choireanna na bpóilíní cúnta, ós saoránaigh Shóivéadacha a bhí iontu, agus níor theastaigh ó na húdaráis a admháil go raibh saoránaigh Shóivéadacha tar éis saoránaigh Shóivéadacha eile a mharú de réir orduithe ó na Faisistigh.

Grossman-1945
Vasilii Grossman ina chomhfhreagraí cogaidh. Innealtóir a bhí ann a chuaigh le scríbhneoireacht. I mblianta an chogaidh bhí sé ag obair do Krasnaya zvezda (“An Réalta Dhearg”), nuachtán na bhfórsaí armtha Sóivéadacha. Bhí gnaoi na saighdiúirí ar a chuid scríbhneoireachta, ó bhí sé sásta agallamh a chur ar na fir fiú nuair a bhí siad faoi lámhach ag airtléire na nGearmánach, beag beann ar an dainséar. I ndiaidh an chogaidh scríobh sé mórúrscéal eipiceach faoin gcogadh, Ar Son na Cúise Cirte, ach rinne na cinsirí agus na heagarthóirí an-sceanairt ar an leabhar sular tháinig sé i gcló. Bhí an t-úrscéal seo ceaptha le bheith ar an gcéad imleabhar de shraith úrscéalta ar ar thug an scríbhneoir “sraith Stalingrad”. Scríobh sé úrscéal eile fós sa tsraith chéanna, An Saol agus an Chinniúint, ach ó bhí de cheann dána aige an dá chóras ollsmachta – an Naitsíochas agus an Stailíneachas – a chur i gcomparáid le chéile sa leabhar seo, níor tháinig sé i bprionta sa Rúis féin sular tháinig deireadh leis an gcóras Sóivéadach. Inniu, is é an meas atá ag lucht léite an leabhair ar an scríbhneoir go raibh sé iontach cneasta, iontach cróga agus gur sárleabhar é An Saol agus an Chinniúint atá inchomórtais le clasaicigh mhóra na Rúise. (An pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Nuair a chuir Vasilii Grossman agus Ilya Ehrenburg – beirt scríbhneoirí Giúdacha Sóivéadacha – in eagar “Leabhar Dubh na nGiúdach”, doiciméadú cuimsitheach an Uilelosctha i gcríocha an Aontais Shóivéadaigh, stop an chinsireacht eagrán Rúisise an leabhair, ó fuair na cinsirí nár chóir béim ar leith a chur ar na Giúdaigh mar íobartaigh. Le fírinne níor tagraíodh don Uileloscadh mar rud ar leith san Aontas Shóivéadach riamh. Mar sin, ní ábhar iontais é go bhfuair an Rúisis an focal sin holocaust ar iasacht ón mBéarla sna nóchaidí – ní raibh an coincheap ann i gceart sa teanga roimhe sin.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 4

30 fágtha sna hIRA-annaí?

An é seo deireadh an róid d’fheachtasaíocht armtha in Éirinn?

Dar le scéal sa Belfast Telegraph tá sé á mhaíomh ag foinse sna forsaí slándála go bhfuil easaontóirí poblachtanacha armtha “ar a nglúine.”

IRA_Exposure_2008481c
Fir armtha de chuid ‘Óglaigh na hÉireann’ le airm fhada de dhéantus Kalashnikov, a thóg siad leo ó armlann an IRA (Sealadach)

Dar leis an fhoinse seo níl ach 30 ball fágtha acu  -” b’féidir iad ar fad a iompair i ndá veáin transit” a deir sé.

Maítear go raibh 300 páirteach i ngrúpa éagsúla go dtí ar na mallaibh ach gur gabhadh 270 duine i dtaca le feachtasaíocht armtha le blianta anuas

Tuigtear go bhfuil 3 ghrúpa fágtha Ógláigh na hÉireann, Óglaigh na hÉireann Nua agus Óglaigh na hÉireann leanúnach.

Ach creidtear go forleathan go bhfuil na grúpaí sin  criathaiste le brathadóirí

Tá sé a mhaíomh ag foinse an Belfast Telegraph gur chlis ar na grúpaí seo airm nua a aimsiú agus nach bhfuil mórán gunnaí fágtha agus nach bhfuil aon semtex acu ach aon oiread

D’iarr easaontóirí mór le rá ar nós Doiminc McGlinchey agus Gerard Hodgins ar na grúpaí seo athmhacnamh a dhéanamh le tamall anuas

Ach cé nach dtuairiscítear é go minic is cinnte go bhfuil sciar iontach mór den phobal náisiúnach den tuaisceart ina n-easaontóirí – cé nach dtacaíonn siad le gníomhaíocht armtha – agus is léir sin d’éinne a chaitheann am ar an talamh sna pobail sin.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a 4

Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda nuair a d’ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an Pholainn. Ar an lá deireanach de Mhí Lúnasa 1939 stáitsigh an SS “ionsaí” na bPolannach ar staisiún raidió in Gleiwitz in aice leis an teorainn, agus ar an lá arna mhárach, thosaigh na trúpaí Gearmánacha ag tonnadh isteach sa Pholainn. Sin rud a gcoinnítear cuimhne air go coitianta, ach bíonn na daoine dearmadach go leor i leith an ionsaí eile – an t-arm Sóivéadach a tháinig anoir ar an 17ú lá de Mhí Mhéan Fómhair.

440px-Horst_bienek_tafel_polnisch
Plaic cuimhneacháin don scríbhneoir Ghearmánach Horst Bienek (1930-1990) in Gliwice sa Pholainn (roimh an gcogadh: Gleiwitz). Scríobh Bienek sraith eipiceach úrscéalta faoin saol in Gleiwitz roimh agus le linn an chogaidh, agus thagair sé don “ionsaí” stáitsithe ar an stáisiún raidió i gceann de na húrscéalta. Cosúil lena lán de mhuintir na háite bhí sloinne Polainnise air cé gurbh í an Ghearmáinis a theanga dhúchais. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i München, agus é ina chrann taca ag na scríbhneoirí ó na tíortha Slavacha a chuir síos san áit. Coinníonn muintir na Gearmáine agus na Polainne araon dilchuimhne air, ó bhí an-ról aige ag cothú comhthuisceana agus aontais idir an dá thir. Seo an méid a deir an phlaic: Horst Bienek. Scríbhneoir Gearmánach a raibh cónaí air sa teach seo sna blianta 1930-1945. Chuir sé i míotar an saol i nGliwice, a chathair dhúchais, sa tsraith úrscéalta “An Chéad Pholca” – “Solas Mheán Fómhair” – “An Tréimhse gan Chlog” – “An Talamh agus an Tine”. Fuair sé bás sa bhliain 1990 i München. (Pictiúr: Vicipéid na Polainnise.)

Bhí socrú neamhionsaitheachta sínithe ag an Aontas Sóivéadach leis an nGearmáin Naitsíoch go gairid roimhe sin, agus prótacal breise rúnda ag dul leis an socrú inar sainíodh “sféir shainleasa” na ndeachtóirí in Oirthear na hEorpa. De réir an phrótacail seo shealbhaigh Stailín na cúigí in Oirthear na Polainne, ós cuid de “sféar sainleasa” an Aontais Shóivéadaigh a bhí iontu. Chóirigh na Cumannaigh “toghcháin” ar mhaithe leis an mbolscaireacht, le tabhairt le fios go raibh muintir na gcúigí nuashealbhaithe sásta a gcinniúint a fhágáil ar lámh an deachtóra Shóivéadaigh.

Tsarstvo_kanchukiv
Póstaer Sóivéadach a thaispeánas saighdiúir de chuid an Airm Dheirg ag saoradh na scológ Úcránach ó ualach an tiarna talún Pholannaigh. Deir an téacs Úcráinise gur “shín muid (na Sóivéadaigh) lámh chairdiúil chuig na deartháracha le deireadh a chur le tíorántacht na fuipe i ndiaidh na gcéadta bliain”. Bhí an cineál seo bolscaireachta dírithe ar chosmhuintir Iarthar na hÚcráine, is é sin, an chuid den Úcráin a bhain leis an bPolainn sna blianta idir an dá chogadh domhanda. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

San am chéanna bhí údaráis slándála an Aontais Shóivéadaigh an-ghnóthach ag cimiú, ag marú agus ag díbirt daoine a raibh ról éigin acu i ngréasáin na sochaí Polannaí a bhí ann roimh an bhforghabháil. Chuala an saol mór iomrá ar shluamharú na n-oifigeach Polannach i gcoillte Katyn i gcúige Smolensk in Iarthar na Rúise, ach níorbh é sin an t-aon éirleach amháin den chineál chéanna. Dealraíonn sé go bhfuair an tríú cuid den mhilliún de Pholannaigh bás sna “purguithe” seo.

Katyn
Olluaigh in Katyn. Mharaigh lucht na státslándála Sóivéadaí na hoifigigh chimithe Pholannacha le piléar i gcúl an chloiginn, agus caitheadh na corpáin in uaigheanna móra den chineál seo. Sa bhliain 1943 tháinig na Naitsithe trasna ar na holluaigheanna agus bhain siad an-leas bolscaireachta astu. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

Maidir leis an Úcráin, cuireadh na cúigí timpeall ar Lwów (Úcráinis: Lviv, Rúisis: Lvov) leis an Úcráin Shóivéadach, agus tugadh an córas Sóivéadach rialtais isteach ansin, rud nár thaitin leis an gcuid ba mhó de mhuintir na gcríoch seo. Tháinig deireadh sealadach leis an Sóivéadú seo, áfach, i samhradh na bliana 1941, nuair a bhris Hitler a shocrú leis an deachtóir eile: thosaigh Oibríocht Barbarossa, mórionsaí na dtrúpaí Gearmánacha ar an Aontas Sóivéadach.

Katyn-propaganda-Slovak
Sampla é seo den úsáid a bhain na Naitsithe as ollmharú na n-oifigeach Polannach in Katyn. Tá an póstaer seo dírithe ar na Slóvacaigh: Foraois na Marbh in Katyn, a deir sé as Slóvaicis. Tabhair faoi deara go bhfuil cuma steiréitipiciúil an Ghiúdaigh ar an oifigeach Rúiseach – d’áitíodh na bolscairí Naitsíocha riamh gurbh iad na Giúdaigh a bhí ag rialú an stáit Shóivéadaigh. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

San Úcráin, bhí dóchas ag go leor daoine as na Naitsithe. D’fhear muintir na tuaithe fíorchaoin fáilte roimh na saighdiúirí Gearmánacha, rud a thugas ar a lán daoine ar an eite chlé Faisisteachas a chur i leith na nÚcránach go léir mar náisiún, inniu féin. Ní féidir a rá nach raibh cuid áirithe acu sásta comhoibriú leis na Gearmánaigh i mblianta an Dara Cogadh Domhanda, ach ar mhaithe le cothrom féinne caithfidh muid a admháil go raibh muintir na hÚcráine, thoir agus thiar, dubh dóite de rialtas Stailín.

Shiúil éag mór ocrais – Holodomor – ar na hÚcránaigh i dtús na dtríochaidí de thoradh na “comhsheilbhíochta”, agus is é an chiall a bhain a lán acu as an ngorta mór seo go raibh na Cumannaigh d’aon aidhm ag iarraidh an náisiún Úcránach go léir a mharú le hocras agus leis na galair a tháinig sna sálaí aige. Mar sin bhí fonn díoltais ar na hÚcránaigh agus cúis intuigthe acu leis.

SBandera
Stepan Bandera, a bhí i gceannas ar sciathán radacach an OUN. Rugadh sa chuid Ostarach den Úcráin sa bhliain 1909 é agus chaith sé blianta a óige sa Pholainn. Bhí sé an-ghníomhach in eagraíochtaí éagsúla Úcránacha san am, agus céimíocht thar a aois aige san OUN. Sa Pholainn féin ní raibh sé sásta cloí le srianta dlíthiúla na gníomhaíochta, agus go gairid roimh an gcogadh bhí sé ina chime i bpríosún Polannach ag fanacht le pionós an bháis a gearradh dó mar sceimhlitheoir. Tá sé ina chnámh spairne i gcónaí, cé acu laoch nó coirpeach cogaidh a bhí ann. Mharaigh gníomhairí de chuid Choiste Státslándála an Aontais Shóivéadaigh (KGB) é i München sa bhliain 1959. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

I dtús a ngabháltais ar an Úcráin dóibh rinne na Gearmánaigh iarrachtaí áirithe leis na hÚcránaigh a ghiúmaráil. Is deacair a rá cad é go cruinn an bhaint a bhí ag na náisiúnaithe Úcránacha leis na Naitsithe. Chuaigh scoilt ar Eagraíocht na Náisiúnaithe Úcránacha (OUN) sa bhliain 1941, agus ba é an radacach óg Stepan Bandera a bhí i gceannas ar a bhfaicsean siúd a bhí sásta comhoibriú leis na Naitsithe.

Sachsenhausen2
Campa géibhinn Sachsenhausen (grianghraf ón mbliain 1938). Chaith Bandera roinnt blianta anseo chomh maith le duine, ó bhí drochamhras ag na Gearmánaigh air: shíl siad go raibh seisean agus lucht a leanúna meáite ar éirí amach in aghaidh na Naitsithe le stát neamhspleách dá gcuid féin a chur ar bun san Úcráin. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Is deacair breithiúnas oibiachtúil a thabhairt ar Stepan Bandera agus a chuid gníomhartha inniu, nó tá siad ann a deir nach raibh ann ach Faisisteach gránna a bhí breá sásta Giúdaigh a mharú scun scan, chomh maith leo siúd a deir gur laoch gan smál a bhí ann a throid ar son saoirse na hÚcráine. Le fírinne bhí sé idir dhá thine Bhealtaine idir Stailín agus Hitler, agus é ag iarraidh a bhuntáiste féin a ghlacadh ar fhear acu le cath a chur ar an bhfear eile.

Ar dtús – go gairid roimh Oibríocht Barbarossa – chuir sé ar bun an “Cathlán Filiméala” nó Bataillon Nachtigall le cuidiú ón Abwehr, nó seirbhís faisnéise míleata na nGearmánach. Ba é Wilhelm Canaris a bhí i gceannas ar an Abwehr, fear a raibh clú an chontrálaí agus na “mavairice” air i saol na Gearmáine Naitsíche, agus dealraíonn sé gurbh é a smaoineamh féin bunú an chathláin sin a cheadú.

Wilhelm Canaris
Wilhelm Canaris, aimiréal sa Kriegsmarine (cabhlach cogaidh na Gearmáine) a bhí i gceannas ar sheirbhís faisnéise na bhfórsaí armtha, an Abwehr, go dtí an bhliain 1944. Thaobhaigh sé leis na Naitsithe, ó bhí eagla air roimh na Cumannaigh agus na Sóivéadaigh, ach níor chreid sé i bpleananna impiriúla Hitler ná sna scéalta paranóideacha uafáis a d’insíodh an deachtóir faoi na Giúdaigh. Ghlac sé páirt i gcomhcheilg Stauffenberg in aghaidh Hitler agus cuireadh chun báis i gcampa géibhinn Flossenbürg é. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Ba é an polasaí a bhí ag Hitler nach raibh sna Slavaigh féin (gan trácht a dhéanamh ar na Giúdaigh) ach Untermenschen, daoine leathdhéanta nó fodhaoine. Cuid dá chuid oifigeach áfach bhí siad barúlach nach raibh an ciníochas dogmatúil seo ag cuidiú leis an gcogaíocht ar aon nós, nó bhí siad suite siúráilte gurbh fhearr don Ghearmáin comhghuaillithe a dhéanamh díobh.

Bhí na Naitsithe sásta dul in araicis na nÚcránach i gcúrsaí cultúrtha, nó thug siad stádas oifigiúil iomlán don Úcráinis in éineacht leis an nGearmáinis ina gcuid fógrán poiblí. Scéal eile ar ndóigh an raibh na hÚcránaigh in ann mórán sult a bhaint as an stádas oifigiúil sin, nuair nach mbíodh sna fógráin de ghnáth ach bagairtí báis ar aon duine a bhrisfeadh an cuirfiú, nó rudaí ba mheasa ná an méid sin féin.

Maidir le cathlán Bandera, ghlac sé páirt i ngabháltas na nGearmánach ar an Úcráin, ach san am chéanna chuir Bandera míchompord ar na Naitsithe, nó d’fhógair sé go hoscailte nach mbeadh sé sásta ach le neamhspleáchas na hÚcráine, agus má bhí sé ag comhoibriú leis na Gearmánaigh, nach raibh i gceist leis sin ach comhoibriú praiticiúil oirbheartaíochta.

B’in caint nár thaitin leis na Naitsithe beag ná mór, agus chimigh siad é.  Chaith sé trí bliana i mbraighdeanas acu, an chuid ba mhó den am i gcampa géibhinn Sachsenhausen, ach ansin scaoil na Gearmánaigh saor é. Faoin am sin bhí an cogadh á bhriseadh orthu, ionas go bhfuair siad riachtanach a bpolasaí i leith mhuintir na hÚcráine a athrú. Anois bhí na Gearmánaigh sásta lón cogaidh, raidhfilí agus trealamh eile a sholáthar d'”Arm Ceannairce na hÚcráine” le go gcuirfeadh an t-arm seo – arm treallchogaíochta a bhí bunaithe ag lucht leanúna Bandera – in aghaidh na Sóivéadach.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Trí

Tá an rialtas ó dheas ag marú na Gaeilge, ach tá níos mó den locht ort!

Chuaigh tú go Lá Mór na Gaeilge, bhí tú dearg le fearg leis an rialtas, teastaíonn uait toghchaí a roghnú don Ghaeilge ach is céard is féidir leatsa déanamh anois?

Is é a chuirim romham thíos ná roinnt céimeanna chun sin a chinntiú. Céimeann beaga simplí cuid acu, céimeanna móra roinnt eile, ach tá bealach ann gur féidir le gach éinne againn feabhsú cinnte. Mura bhfuil an-chuid ama agat an t-alt iomlán a léamh níl ort ach rud beag amháin a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí! An chéad uair eile a deir duine leat go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a chur chun cinn seol anseo iad.

NÁ DÉAN OIREAD IS SÍNEADH FADA/LEATHPHOINTE DE SEO A CHEARTÚ/CHÁINEADH ACH AMHÁIN SA CHÁS GO NDÉANANN TÚ CINNTE GO GCUIREANN TÚ CUID DE NA MOLTAÍ SEO IN ÚSÁID! (má dhéanann tú sin stróic leat ag cáineadh!)

60 soicind ar son na Gaeilge?! Céimeanna beaga

1. Ainm – bain úsáid as an leagan Gaeilge de d’ainm, tosaíodh comhrá Gaeilge liom inniu a bheadh i mBéarla murach m’ainm.

2. Seoladh – úsáid do sheoladh as Gaeilge le gach éinne, bainc, comhlachtaí fóin, glacann gach éinne leis is is bealach simplí é leis an teanga a chur chun cinn.

3. Abair ‘Dia dhuit’ ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ in ionad na nathanna Béarla-fíor-éasca agus déanann seo an teanga feiceálach! An chuid is mó de Bhéarlóirí deir siad nach gcloiseann siad an teanga riamh, is is dócha go bhfuil an ceart ag roinnt acu beagnach i gcónaí, athraigh seo!

4. Cuir síniú Gaeilge agus ‘Fáilte roimh Ghaeilge’ le gach ríomhphost uait.

5. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, os rud é gur teanga mhionlaithe í tá i bhfad níos mó éiginnteachta ann faoi théarmaí, litriú, agus gramadach. Measaim féin go dtugtar i bhfad an iomad airde ar chruinneas, nuair is cóir díriú ar shaibhreas, is le saibhreas is fearr a thagann líofacht agus beocht teanga. Saibhrímis sinn féin!

6. Athraigh do samsung/facebook/hotmail/google go Gaeilge.  UMB Bhanc na hÉireann (ATM)-  Fág glórphost (voicemail) Gaeilge ar do fhón.

7. Aon saghas ceistneora líon isteach é agus luaigh an Ghaeilge pé saghas rud é, bialann, polaitíocht, seirbhís óstáin- cuir an Ghaeilge chun cinn!

8. Scríobh téacsanna (texts) i nGaeilge

9. Siopaí Gaeilge – tacaigh leo! Babóg Baby, hairybaby.ie, litriocht.ie, siopa.ie

10. Nuachtáin – ceannaigh an Irish Times agus an Indó, dá olcas é, ar an gCéadaoin! Ceannaigh nós, ceannaigh comhar, tacaigh le goitse, nuacht24!

Seo pointí beagán níos mó, bíodh misneach agat!

1. Labhair Gaeilge le do pháistí. Má ta Gaeilge agat agus mura labhraíonn tú leo í tá tú ag baint rud a bhfuil luach mór cultúrtha, sóisialta is eacnamúil leis uathu. Deirtear go minic nach féidir seo a dhéanamh mura bhfuil Gaeilge ag do pháirtnéir, ag an bpobal timpeall ort, nó go bhfuil do chuid Gaeilge ró-lag, nó nach mbeidh Béarla maith go leor ag an bpáiste. Bheadh sé dodhéanta Béarla de ardchaighdeán a sheachaint in Éirinn sa lá atá inniu ann, fiú mura labhraíonn tú féin focal Béarla leo riamh beidh Béarla foirfe acu an-luath sa saol. Mura bhfuil agat ach smeadaráil den Ghaeilge, tabhair sin dóibh, is buntáiste ollmhór ata i mbunchumas Gaeilge fiú. Is nós atá i dteangacha, mura dtosaíonn tú amach á labhairt beidh sé deacair athrú níos déanaí. Labhair Gaeilge le do pháistí agus déan ón tús é! Ná coinnigh i bhfolach í!

2. Cónaigh le Gaeilgeoirí eile. Agus tú ag fágáil an bhaile/ na hollscoile/ag bogadh isteach i dteach/ag lorg árasáin, aimsigh Gaeil le cónaí ann leat. Ní hamháin go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt agat ach beidh craic i bhfad níos mó ann. Ó mo thaithí tá na Gaeil míle uair níos spleodraí, níos ceolmhaire, is beidh gach saghas rírá is ruaille buaille atá ag dul ann. Ná caill amach ar an ruaille buaille.

3. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, sea, sin é, raite agam arís an dara babhta cad chuige sin? Mar go bhfuilimd uile ar díth Gaeilge. Tá ár reimsí focal i bhfad rótheoranta le saol iomlán a chaitheamh as Gaeilge. Bímis ag léamh, ag caint ag scríobh ag staidéar. Saibhrímis sinn féin athuair!

4. Cuir comhrá ar siúl in do ionad oibre. An bhfuil Gaeilge agat? An féidir leat caint? Molaim seo in áit ranganna leamha, leadránacha.

5. post a dhéanann tú déan cinnte gur féidir é a chur ar fáil trí Ghaeilge agus déan cinnte go bhfuil daoine ar an eolas faoi seo!

6. Scolaíocht lán-Ghaeilge – ba chóir go mbeadh scolaíocht lán-Ghaeilge mar nós ag an mbunleibhéal in Éirinn, ach amháin dóibh sin a theastaíonn éalú uaithi (is fusa go mór seo a bhrú chun tosaigh! Bíonn toghcháin ann go minic, is ag polaiteoirí atá an chumhacht ó thaobh scolaíochta, cuirtear an pointe seo ina lui orthu. Gaelscolaíocht do gach éinne ar mian leo í.

7. Seol do pháistí go Gaelscoil. Ceann breá éasca, iontach, cabhrach!

8. Labhair Gaeilge le héinne a bhfuil sí acu. Dá ndéanfaimis uile seo…

9. Iarr seirbhísí Gaeilge i gcónaí, ón stát agus ó ghnólachtaí!

10. Siúil amach le duine le Gaeilge, deacair go leor rud mar seo a roghnú ach má tá tú ag comhlíonadh gach aon rud eile titfidh seo amach gan móran stró!

Seo rudaí níos mó arís a bhfuil obair na mblianta nó obair mhór i gceist iontu.

1. Fonn ort grúpa an chuirfidh an Ghaeilge chun cinn a chur ar bun?! Bhuel ná déan! Roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann, agus a mbeadh suim ag go leor daoine ann agus cuir grúpa de sin ar siúl trí Ghaeilge. Is fearr i bhfad seo ná an seanmhúnla de ghrúpaí Gaeilge. Má tá cónaí ort amuigh faoin tuath gan aon spéiseanna agat ná ag do chomhghleacaithe, tá cead agat grúpa Gaeilge a bhunú agus díreach suí thart ag labhairt faoi rudaí gaelacha.

2. Cuir caifé/cultúrlann/amharclann ar bun; obair na gcapall de dhíth ach rí-ghá leo seo!

3. Cruthaigh timpeallachtaí lán-Ghaeilge. Beagán scanraidh ort bogadh chuig an nGaeltacht agus breis scanraidh ort cónaí i gcomún? Ar an drochuair níl mórán rudaí eile ‘dul an Ghaeilge a shábháil mar theanga bhaile. Caithfimid teacht anuas le bealach gur féidir linn gaelphobail a chur ar bun. Bhíodh communes acu is Home&Away agus bhíodh Home&Away cúl, bímis cúl!

4. Diúltaigh glan plé le haon eagraíocht stáit ach sa chéad teanga oifigiúil.

5. Bunaigh Gaelscoil, Gaelcholáiste, Gael-Ollscoil!

6. Bíodh post Gaeilge agat – déan iarracht post a bhunú ina mbeidh tú ag feidhmiú go hiomlán/mórán trí Ghaeilge

7. Ó agus feabhsaigh do chuid Gaeilge, bíodh Gaeilge níos fearr againn ná Béarla, cén fáth nach mbeadh, is cén fáth nach bhfuil?

Táim cinnte go bhfuil roinnt rudaí ansin thuas nach n-aontóidh daoine leo, bíodh acu, agus má tá locht ann, tá. Dála an scéil, beidh mé féin ag tabhairt faoi beagnach gach ceann de na rudaí seo mé féin, agus táim breá sásta glacadh le moltaí eile.

Tá go leor daoine den tuairim go bhfuil siad go mór ar son na Gaeilge ach teipeann orthu agus teipfidh orainn uile mar nach bhfuil daoine sásta na bunchéimeanna/ céimeanna meánacha a ghlacadh. Labhair Gaeilge le do pháistí! Den slua bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge cén líon acu a dhéanfaidh amhlaidh? Cén fáth go ndéarfá leis an rialtas an teanga a úsáid má tá tú chun í a cheilt ar do pháistí féin?

Tá an saol gearr agus an t-am ag imeacht, féach, más leisceoir tú nach dteastaíonn uait aon rud eile thuas a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí. Iontach, sásta go bhfuilimid beirt ar aon intinn.

Is féidir tuairimí a roinnt le húdar an ailt ar twitter @murchadhmor

Buíochas do Sheán Ó Cuirreáin

SEASANN SEÁN Ó CUIRREÁIN SIAR INNIU, AN CHÉAD OMBUDSMAN RIAMH LE SEASAMH SIAR DE BHARR EASPA GNÍOMH AN RIALTAIS

 Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge 

Ghlac Conradh na Gaeilge buíochas ó chroí le Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, atá éirithe as oifig inniu, Dé Domhnaigh, 23 Feabhra 2014, mar gheall ar easpa gníomh an Rialtais agus an imeallú den teanga agus den Ghaeltacht atá déanta de bharr an easpa gnímh sin.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is mór an chailliúint é Seán Ó Cuirreáin don tír ach tuigeann muid go maith na cúiseanna atá sé ag éirí as.

“Caithfear an gníomh atá déanta aige a thógáil i gcomhthéacs. Níor éirigh aon ombudsman eile as oifig de bharr easpa gnímh an rialtais riamh in Éirinn ach mhothaigh sé nach raibh an dara rogha aige mar gheall nach bhfuil an Rialtas sásta seirbhísí Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta gan ceist gan coinníoll.

“Go bunúsach, tá an státchóras ag brú Béarla ar phobal na Gaeltachta agus ag cur le meath na Gaeltachta.

“Chomh maith leis sin, níl an Rialtas ag cinntiú a dhóthain státseirbhísigh ó dheas gur féidir leo seirbhísí a chur ar fáil don phobal as Gaeilge nó as Béarla.”

D’fhreastail Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge inniu ar mhórshiúil eagraithe ag pobal na Gaeltachta i gConamara ó Oifig an Choimisinéara Teanga go dtí Oifigí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le buíochas a chur in iúl don Choimisinéir atá ag eirí as agus len a fearg a chur in iúl don Roinn.  D’fhág siad litir ag léiriú na feirge sin ag Oifigí na Roinne.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Léiríonn an mórshiúl eagraithe ag pobal na Gaeltachta i gConamara inniu, seachtain i ndiaidh Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar a d’fhreastail suas le deich míle duine, go mothaíonn an pobal nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoi na fadhbanna a shoiléirigh an Coimisinéir Teanga a shárú.

“Níl a thuilleadh gealltanais folamh nó ráitis ón Rialtas ag cur in iúl go bhfuil siad ag éisteacht ag teastáil uathu. Tá siad ag iarraidh gníomh láithreach”.

Bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga reatha agus ó chruinnithe poiblí timpeall na tíre, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ón dá Rialtas ná:

  • Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
  • Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
  • Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Trí

I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda bhí an saol an-éagsúil le chéile san Úcráin ar an dá thaobh den teorainn. San Aontas Sóivéadach rinneadh poblacht Shóivéadach de na tailte Úcránacha, agus i dtús na cumhachta Sóivéadaí bhí an chuma ar an scéal go raibh teanga agus cultúr dúchasach na nÚcránach ag déanamh an-dul chun cinn. Bhí polasaí na “dúchasaíochta” nó korenizatsiya i bhfeidhm i bpoblachtaí náisiúnta an Aontais Shóivéadaigh sna fichidí, níorbh eisceacht í an Úcráin. Bhláthaigh an Úcráinis sna nuachtáin agus sa Pháirtí féin, agus na mílte scológa nach raibh ceá ná ciú acu roimhe sin d’fhoghlaim siad an dóigh lena dteanga dhúchais a léamh is a scríobh.

Ucrainis
Seo sampla den Úcráinis scríofa. Fógrán earcaíochta saighdiúirí ó laethanta Chogadh Cathartha na Rúise i dtús na bhfichidí. “Synu! Vstupy do shkoly chervonykh starshyn i zakhyst Radyans’koyi Ukrayiny zabezpechen.” (“A mhic! Téigh ar scoil na sáirsintí dearga agus beidh cosaint na hÚcráine Sóivéadaí cinntithe.”) Dá mbeadh Rúisis ann, bheadh na focail “Syn! Vstupi v shkolu krasnykh starshin i zashchita Sovetskoy Ukrainy obespechena” ann. Tabhair faoi deara go bhfuil tuiseal gairmeach ar leith san Úcráinis (syn “mac”, synu “a mhic!”) agus go bhfuil focail áirithe cosúil leis an bPolainnis (chervonyi “dearg”, cf. czerwony na Polainnise agus krasnyi na Rúisise). Cuid de na focail áfach níl siad cosúil leis an bPolainnis ná leis an Rúisis (ar nós zakhyst “cosaint [náisiúnta]”, cf. zashchita na Rúisise agus obrona na Polainnise). Radyans’kyi an focal Úcráinise a chiallaíos “Sóivéadach”, cf. rada “comhairle” – Rúisis: sovet. Comhairlí lucht oibre agus saighdiúirí a bhí i gceist leis na “sóivéidí” ar dtús. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)
Scéal eile fós go ndeachaigh a lán iarbhall ó pháirtí na mborot’bisty i bPáirtí Cumannach na hÚcráine Sóivéadaí. Tá an focal sin borot’bist bunaithe ar borot’ba na hÚcráinise (bor’ba a deir an Rúisis), “cath, troid”, agus an iarmhír idirnáisiúnta -ist curtha leis. Is éard a bhí i gceist le páirtí na mborot’bisty ná páirtí Sóisialach Réabhlóideach na hÚcráine, nó, le fírinne, páirtí neamhspleách a tháinig chun saoil nuair a chuaigh scoilt ar na Sóisialaithe Réabhlóideacha san Úcráin.

Gluaiseacht ollmhór pholaitiúil ab ea na Sóisialaithe Réabhlóideacha sa tsean-Rúis agus iad ag díriú ar na scológa le tacaíocht a mhealladh. Cé go raibh suim ag smaointeoirí áirithe de chuid na gluaiseachta sa Mharxachas ní raibh clár oibre Marxach ag na Sóisialaithe Réabhlóideacha, agus ní raibh cás an lucht oibre sna monarchana ina leannán smaointe acu: ina áit sin, chuir siad an bhéim ba mhó ar cheist na talún, agus iad barúlach go mba chóir na tailte a athroinnt go díreach ar na scológa, seachas comhsheilbhíocht a dhéanamh den talamh agus calchais (feirmeacha comhsheilbhíochta) a bhunú, mar a theastaigh ó na Boilséivigh a dhéanamh.

Bhí smaointeachas na Sóisialaithe Réabhlóideacha fréamhaithe go domhain in ithir an dúchais Rúisigh, nó ba í gluaiseacht na bpobalóirí – na Narodniki – sa naoú haois déag a thug an chéad spreagadh dóibh. Bhí na pobalóirí Rúiseacha inbharúla gur chóir saoirse mhuintir na Rúise a bhunú ar thraidisiúin na tuaithe, agus nach raibh gá ceart leis an gcaipitleachas ná leis na cathracha féin: tír curadóireachta agus feirmeoireachta a bhí sa Rúis, a d’áitigh siad, agus ní raibh sí i gcall an chineál Sóisialachais a bheadh bunaithe ar lucht oibre na tionsclaíochta.

Traidisiún láidir dúchasach Sóisialachais agus réabhlóideachais ab ea sóisialachas na tuaithe sa Rúis, agus bhí a thionchar le haithint ar an gcuid ba mhó de ghrúpaí réabhlóideacha na tíre – na Boilséivigh san áireamh – cé gurbh iad na Sóisialaithe Réabhlóideacha príomhoidhrí idé-eolaíocha na pobalóireachta. Le fírinne b’éigean do na Boilséivigh dul i gcomhghuaillíocht le heite chlé na Sóisialaithe Réabhlóideacha le linn chogadh cathartha na Rúise, ach nuair nach raibh a gcabhair ag teastáil a thuilleadh, chuaigh géarleanúint orthu.

Bhí an-ról ag na hiar-bhorotbisty i bhfeidhmiú an pholasaí “dúchasaíochta” san Úcráin, ach nuair a d’éirigh le Stailín stádas an deachtóra a bhaint amach, thosaigh sé ag aithint “naimhde” agus “gníomhairí rúnda” anseo agus ansiúd sa pháirtí Chumannach féin. Ar ndóigh ó bhí na hiar-bhorotbisty ag fabhrú don Úcráinis agus cúlra acu i ngluaiseacht an tsóisialachais tuaithe, bhí siad go mór mór thíos le purguithe Stailín. Cuireadh “náisiúnachas buirgéiseach” ina leith, agus básaíodh iad. San am chéanna maraíodh a lán kobzary freisin – is é sin cineál amhránaithe tíre, seanchaithe dalla a chanadh laoithe eipiceacha béaloidis. Bhí an chuma ar an scéal go raibh Stailín ag iarraidh na traidisiúin náisiúnta go léir sna poblachtaí Sóivéadacha a chur de dhroim an tsaoil.

Thairis sin ba í an Úcráin an chuid den Aontas Shóivéadach ba mhó a bhí thíos le feachtas comhsheilbhíochta na talmhaíochta. Is éard a bhí i gceist leis an gcomhsheilbhíocht ná gur cuireadh d’fhiacha ar na scológa éirí as feirmeoireacht phríobháideach agus aistriú go calchais (Rúisis: kolkhozó na focail kollektivnoe khozyaistvo, is é sin “eacnamaíocht chomharsheilbhe”).

Cuid de pholasaí na comhsheilbhíochta ab ea an “dí-Chulacú”. Focal Rúisise é kulak a chiallaíos “dorn dúnta”; thugtaí “Culacaigh” ar na “feirmeoirí saibhre” agus greim an fhir bháite (“dorn dúnta”) acu ar an arbhar. Ba é an tuiscint theoiriciúil a bhí ag na Boilséivigh go raibh cogadh aicmeach á chur faoin tuath agus na scológa bochta á ndúshaothrú ag na Culacaigh. Le fírinne ní raibh a leithéid de dhifríocht aicme ann, agus bhí an chuid ba mhó de na scológa is dearóile amuigh ag cur in aghaidh na comhsheilbhíochta, ó d’aithin siad nach raibh ann ach an seanseirfeachas agus malairt lipéid air.

Ní féidir a rá go raibh an saol go rómhaith sa chuid den Úcráin a thit leis an bPolainn i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Ba é dearcadh na bpolaiteoirí Polannacha gur cuid den Pholainn stairiúil a bhí ann agus go gcaithfí an cúige a ath-Pholannú. Mar sin tháinig osadnicy nó plandóirí Polannacha go dtí an réigiún le tailte a thabhairt chun míntíreachais, rud nár thaitin leis na bundúchasaigh Úcránacha.

Yevgen_Konovalec
Yevhen Konovalets (Polainnis: Eugeniusz Konowalec), a bhí i gceannas ar an OUN ó lá bunaithe na heagraíochta go dtína bhás féin sa bhliain 1938. Mharaigh gníomhaire rúnda de chuid an Aontais Shóivéadaigh é, nó bhí Stailín buartha faoin bhfódú a bhí an eagraíocht a dhéanamh san Úcráin Shóivéadach. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Bhí páirtí dá gcuid féin ag na hÚcránaigh sa Pholainn, Aontas Náisiúnta Daonlathach na nÚcránach nó UNDO (Ukrains’ka Natsional’no-Demokratychne Ob’yednannya) a bhí ag iarraidh cúis na nÚcránach a chur chun cinn go síochánta daonlathach, ach ní raibh cuid de na radacaigh óga sásta leis an modh oibre seo, agus bhunaigh siad eagraíocht nua sa bhliain 1929 – OUN (Orhanizatsiya Ukrayins’kykh Natsionalistiv) nó Eagraíocht na Náisiúnaithe Úcránacha. Bhí an eagraíocht seo réidh chun treallchogaíochta, feallmharfóireachta agus sceimhlitheoireachta ar son na cúise, agus sa bhliain 1930 tháinig arm na Polainne go dtí an cúige lena “thabhairt chun síochánaíochta” (pacyfikacja).

Piłsudski_16
Józef Piłsudski, Marascal na Polainne agus laoch saoirse na tíre. (Foinse; Vicipéid an Bhéarla)

San am sin bhí an Pholainn ina leathdheachtóireacht. Sa bhliain 1926 rinne an Ginearál Józef Piłsudski, laoch saoirse na tíre, coup d’état leis an rud a chur ar ceal ar ar thug sé sejmokracja, is é sin “Sejm-lathas” – is ionann Sejm sa Pholainn, go bunúsach, agus an Dáil in Éirinn. Fear míleata ab ea Piłsudski nach raibh mórán foighne aige leis an bparlaiminteachas, agus nuair a tháinig sé chun na conclúide go raibh an pharlaimint ag baint ró-úsáide as na cumhachtaí fairsinge a gheall bunreacht na bliana 1921 do na feisirí, chuaigh sé chun gnímh gan mórán moille.

I ndiaidh an choup d’état d’fhan an Ginearál ag rialú na tíre, cé nár ghair sé deachtóir ná Uachtarán de féin – d’fhág sé gnáthoibreacha an rialtais faoi idirghabhálaithe éagsúla. Iad siúd a bhí sásta comhoibriú le régime an Ghinearáil, chuaigh siad le chéile i gcineál páirtí, Blok Bezpartyjny Współpracy z Rządem nó an Bloc Neamhpháirtíoch (!) um Chomhoibriú leis an Rialtas. Ní raibh d’idé-eolaíocht ag an régime ach “athshlánú” (sanacja) na Polainne, is é sin cineál atharmáil mhorálta, agus Sanacja a thugtar ar an régime féin go minic.

Cé go raibh Piłsudski ina shaighdiúir chruthanta nach raibh mórán measa aige ar nós imeachta an pharlaiminteachais, ní féidir Faisisteachas a chur ina leith. Le fírinne Sóisialaí a bhí ann i dtús a réime, agus ní raibh sé ina fhear mhór frith-Ghiúdachais ach an oiread. Bhí sé go tréan ina n-aghaidh siúd (ar nós Roman Dmowski, arbh é príomhnamhaid an Ghinearáil é i saol polaitiúil na tíre) a deireadh gurbh ionann Polannach agus Caitliceach, nó bhí a thuiscint ar dhúchas na Polainne bunaithe ar an tsean-Pholainn, ar dhémhonarcacht na Polainne agus Liotuáine, a bhí lán chomh hilchultúrtha leis an Ostair-Ungáir.

Mar sin bhí sé barúlach go raibh náisiúntachtaí na sean-Pholainne go léir – na Polannaigh, na Giúdaigh, na Liotuánaigh, na Bealarúisigh, na hÚcránaigh – ag teastáil uaidh leis an tír a dhéanamh láidir arís. Ba é ba impleacht dó seo, áfach, ná go raibh fuath na ndaol aige ar aon Úcránach a bhí ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach dá thír.

Marshal_Rydz-Smigly_LOC_hec_27123
Edward Rydz-Śmigły, an ginearál a tháinig i gcomharbas ar Piłsudski. Bhí Rydz-Śmigły i gceannas ar an Sanacja i ndiaidh bhás Piłsudski, ach ní raibh sé leath chomh héirimiúil leis siúd, agus thosaigh an rialtas ag dul chun donais ar go leor bealaí. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Fuair an Ginearál bás cúpla bliain roimh an Dara Cogadh Domhanda – cogadh a thosaigh sa Pholainn agus a rinne léirscrios san Úcráin thar aon tír eile, b’fhéidir.

An Úcráin idir an Rúis agus an Eoraip – Cuid a Dó