Dhá Thaobh de Scéal nó ag Éascú Homafóibe?


Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Bhí cara sa toigh agam lá, a bhí ag obair ag an am le heagraíocht feachtasaíochta ar son chearta daoine treasghnéasacha.

Mhol mé í go bródúil as a hiarrachtaí – go háirithe sa triú domhain.

Mhínigh mé di go raibh mise 100% taobh thiar dá cuid oibre agus dúirt mé léi, dá mba rud é gur imigh fear san obair abhaile lá amháin agus go gur tháinig sé isteach an lá dar gceann gléasta mar bhean agus ag iarraidh orm ainm mná a thabhairt air go mbeadh sé sin togha liomsa agus go bpléifinn leis mar a bheadh bean ann amach ansin.

Ansin d’amharc mo chara orm go géar – “ní leor sin,” a dúirt sí “caithfidh tú glacadh gur bean atá inti.”

“Glacfaidh mé leis mar bhean go cinnte,” a dúirt mé go soineanta.

“Ní leor sin,” a dúirt sí, “caithfidh tú creidbheáil gur bean atá inti.”

Caithfidh mé a admháil, lig mé gaire beag asam ag an phointe sin.

“Cad é tá greannmhar,” a d’fhiafraigh sí go fíochmhar.

“Tá an-chosúlacht idir an rud atá tú ag iarraidh orm a chreidbheáil agus tras-substaintiú na hEaglaise Chaitlicí,” a d’fheagair mise.

Cé nár dhúirt sí é – tá a fhios agam gur shíl mo chara gurb bhiogóid ceart a bhí ionam – ach ní raibh neart agam air – sa chaoi chéanna nach féidir liom a chreidbheáil go dtiontaíonn an t-arán isteach i gcorp Chríost cha raibh mé in inmhe a ghlacadh gur thiontaigh an fear ina bhean cé go raibh mé thar a bheith sásta glacadh leis nó léi mar bhean.

Rith sé liom gur féidir leis an liobralachas a bheith chomh bunúsaíoch le creideamh ar bith.

“Duine nach bhfuil glacadh aige le haon dearcadh ach a dhearcadh féin,” is ciall don fhocal biogóid a deir mo Fhoclóir Beag, ach an bhfuil an ciall leis an fhocal sin tar éis leathnú amach go “daoine nach n-aontaíonn leis an liobrálachas?”

Chonaic mé an focal ‘biogóid’ go minic le seachtain anuas.

David-Quinn
David Quinn, bunaitheoir ‘The Iona Institute’

Agus d’íoc RTÉ airgead leo mar chúiteamh – cé nach raibh aon chás cúirte ann – tá mé ag glacadh go ndearna RTÉ sin mar gheall ar chomhairle dlí.

An ndearna RTÉ an rud ceart?

Ní dóigh liom é.

Agus is dóigh liom go raibh an Iona Insitute mícheart chun gearán a dhéanamh faoin chás sa chéad dul síos.

Ba choir go mbeadh siad láidir go leor cáineadh dá leithéid a ghlacadh fiú muna n-aontaíonn siad leis.

Ach an bhfuil an Iona Insitute homafóbach?

Bhál, fiú dá mba rud é go raibh mé den tuairim go bhfuil ní féidir liom sin a mhaíomh ar RTÉ is léir – ach is cinnte nár shíl dlíodóirí RTÉ gurb fhéidir leo é a chruthú sa chúirt.

Ar ndóigh, ní aontaíonn siad le comhcheart pósta do dhaoine aeracha – is é ceist na seachtaine agus b’fhéidir na haoise : an ionann sin agus homafóibe?

Chuir mé an cheist ar go leor daoine le cúpla lá anuas agus bhíodar beagnach ar aon fhocal faoin cheist … tá.

[Ba cheart dom a lua chomh maith gur cuireadh homafóibe i mo leith as an cheist a chur fiú. Ach tá go leor tuairimí léite agam le seachtain anuas, fiú ó liobrálaigh aitheanta, ag léiriú tuairime gur féidir, más ar éigean é, cur i gcoinne chomhcheart pósta gan a bheith homafóbach – mar sin, an bhfuil sé homafóbach díreach as an cheist a chur? – an bhfuil ceisteanna ann nár cheart d’iriseoir a chur agus má tá – cé tá ag dul cad atá ceadaithe a leagan amach?].

Ach seo an rud – más homafóbaigh iad The Iona Institude (agus An Eaglais Chaitliceach)– ar cheart go mbeadh cead acu dul ar na haerthonnta agus a gcuid tuairimí a bheith i gcló ar chor ar bith?

Más amhlaidh an scéil, beidh sé thar a bheith deacair ag iriseoirí an cheist seo a phlé sa bhliain atá amach romhainn – má thugtar “an dá thaobh den scéal” – nach bhfuil tú ag éascú homafóibe?

Ach má dhéantar cinsireacht ar dhaoine nach n-aontaíonn le comhcheart pósta nó fiú a bhfuil ceisteanna acu – ní féidir a mhaíomh go bhfuil tú i mbun na hiriseoireachta níos mó ach ag éascú bolscaireachta taobh amháin den scéal?

An bhfuil an ‘Irish Times’ agus an ‘Irish Independent’ ag éascú homafóibe nuair a chuireann siad tuairimí coimeádacha maidir le pósadh traidisiúnta i gcló – nó an bhfuil siad ag déanamh jab s’acu ag léiriú gach tuairim ar an ábhar?

Beidh cinneadh mór le déanamh ag eagarthóirí agus léiritheoirí sa bhliain atá amach romhainn is léir – ligin do choimeádaigh daoine aeracha a mhaslú agus a ghortú fiú – nó cinsireacht a dhéanamh ar thuairimí coimeádacha agus deireadh a chur le saoirse cainte.

Buncheist atá ann.

Craoladh leagan den phíosa seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Chlár Chormaic ag a Cúig 06/02/14.

4 thuairim ar “Dhá Thaobh de Scéal nó ag Éascú Homafóibe?

  1. Ceist chasta, féach an phlé a bhí agam le Dennis thall ar Twitter. Mothaíonn daoine maslaithe faoi thuairimí daoine eile fúthu, agus sílim go bhfuil cad ceart acu an mothúcháin sin a léiriú.

    Ní dóigh liom áfach gur mórán cabhair don próiseas daonlathach sin.

    Ach cinnte ní haon chabhair é dul i muinín lámh láidir an dlí.

  2. An príomh-fhadhb atá ar phlé, dar liom, ná cé chomh láidir is a bhfuil an téarma “homafóibe”. Dar le Iona, Waters agus a leithéid, is dócha, tá an téarma ceangailte le iompar thar a bheith frith-homaighnéasach, foréigean oscailte nó mar sin, an taobh is antoiscí don speictream.

    Ar an taobh eile, tá an téarma ceangailte le iompar ionsaíoch, nó iompar a dhéanann éascú ar ionsaithe i gcoinne siúd le gnéaschlaonadh homaighnéasach.

    Níl sainmhíniú dlíthiúil ar homaifóibe agus mar sin de, tá ceist an chlúmhilleadh spleách ar léirmhíniú aonair.
    Ní raibh RTÉ sách cróga an cheist a thógáil chun cúirte agus sainmhíniú dlíthiúil a chur air.

    Tá’n nós agam féin aontú leis an comhluadar faoi ionsaí ó thaobh cén saghas iompar atá ionsaíoch.

  3. 1. “Ach seo an rud – más homafóbaigh iad The Iona Institude (agus An Eaglais Chaitliceach)– ar cheart go mbeadh cead acu dul ar na haerthonnta agus a gcuid tuairimí a bheith i gcló ar chor ar bith?”

    Ba cheart ACH ní chóir an oiread aird a thabhairt orthu agus an oiread am a thabhairt dóibh agus atá siad ag fáil. Ní thuilleann siad é agus cuireann sé casadh sa scéal agus cumhacht dóibh nár chóir a bheith acu. Tuilleann siad líne nó dhó. Tugtar an iomarca ama dóibh mar tá siad craiceáilte is tá sé sin contúirteach.

    Cosúil le ‘Shock Jocks’ i SAM meallann siad lucht éisteachta mar gheall ar a seafóid. Ach ina dhiaidh sin bíonn siad ar an aer chomh minic sin go dtugtar (trí thimpiste b’fhéidir) meas dóibh. Feiceann daoine iad agus foghlaimíonn siad go dtugtar aird ar dhaoine mar sin. Féach ar an damáiste déanta ag FOX i SAM! Cén fáth a ligfeadh éinne dóibh bheith ar an aer chomh minic sin muna riabh siad ceart, a cheapann daoine. Contúirt. Tá sé iontach don stáisiún a fhaigheann $$$$$$ ach tá an iomarca daoine ag fáil a nuacht ó FOX agus ag ceapadh go bhfuil na rudaí a deireann siad fíor, díreach mar tugtar an méid sin spás dóibh ar an aer.

    Cosúil leis na ‘Creationists’ (cruthaíochtaithe), tá sé tábhachtach a rá go bhfuil a leithéid de dhaoine ann ACH ní chóir an chaoi ina múintear eolaíocht sa scoil a athrú ar a son. Ní gá dul thar fóir. Tá áthas orm gur luaigh tú tras-substaintiú mar sin a múintear do go leor gasúir sna scoileanna in Éirinn agus nach mór an feall é sin? Tá eolas de dhíth orainn sna scoileanna agus sna meáin, ní bolscaireacht ná seafóid ná ciníochas ná cos ar bolg ná fuathchaint.

    Nuair a osclaím páipéar, nó a bhím ag breathnú ar an teilifís cuardaím dhá rud: cé mhéid fir atá sna pictiúirí & luaite ann & ansin cé mhéid fir ón Eaglais atá le feiceáil? An scéal céanna i gcónaí. Is mhúin sé dom cé a bhí i gceannas. Is níor thaitin an ceacht sin dom. Scríobh mé cheana faoi thír fhaisisteach m’óige: Éire. Múineann na meáin rud dúinn. Múineann siad cé iad na daoine a dtugtar aird orthu sa saol. Deireann sé le daoine, má tá clú agus cáil uait, bí mar na daoine seo. Sin feall.

    2. “Más amhlaidh an scéil, beidh sé thar a bheith deacair ag iriseoirí an cheist seo a phlé sa bhliain atá amach romhainn – má thugtar “an dá thaobh den scéal” – nach bhfuil tú ag éascú homafóibe?”

    Tá i bhfad níos mó ná dá thaobh ar aon scéal. Tá gach duine sa domhan claonta ar bhealach éigin mar gheall ar a chúlra. Tá sé de nós in Éirinn an iomarca aird a thabhairt don Eaglais agus tuairimí na hEaglaise sna meáin. Céard a dúirt an cairdinéal faoi? Agallamh leis an gCairdinéal? Swoon. Scúp. Ar son Dé! Agus ón meon aigne sin seo chugainn lucht Iona. Cosúil le dineasáir iad os comhair an phobail agus muid ag breathnú orthu ag iarraidh a dhéanamh amach, an bhfuil daoine a smaoiníonn mar sin fós? Agus anseo i SAM agus daoine ag breathnú ar an nuacht, tá daoine ag ceapadh go bhfuilimid fós mar sin in Éirinn agus gur chóir dóibh siúd bheith mar sin freisin más ‘Éireannaigh’ iad. Féir plé do Mhéara Bostúin nach bhfuil ag freastal ar an bparáid sin i Nua Eabhrac lena chosc ar dhaoine aerach http://www.pinknews.co.uk/2014/02/13/new-york-boston-mayors-plan-boycott-st-patricks-day-parades-ban-gay-marchers/ Féir plé, Marty! Meas!

    Níl gá le cinsireacht. ACH cén fáth an bhfaigheann grúpa beag an OIREAD sin ama sna meáin?! Claonta, cam, as ord: ní mar sin atá an tír. Níos measa fós, tugtar ardán dóibh nach bhfuil tuillte acu.

    3. Tá buncheist agat. Ná caill an tábhacht a bhaineann le cearta daonna ar an mbealach.

    Maidir le do chara thuas, is cuid den cine daonna é/í. Más fearr léi “í,” maith go leor. Ní gá duit aontú le gach rud a deireann do chairde. Tugaim mo thacaíocht iomlán do chearta daonna do gach duine. Sin an buncheist domsa.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s