Béal Feirste le bheith Dearg le Fearg

Pobal na Gaeilge ó thuaidh le léirsiú ar son a gcuid cearta

Níl amhras ar bith ach go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge múscailte óna suan agus ag gníomhú arís ar son a gcuid cearta.10003348_10153999668135644_170845916_n

Bhí lá stairiúil ann ar an 15 Feabhra nuair a rinne 10,000 Gaeil athghabháil ar an phríomhchathair agus iad ag éileamh cearta do Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Spreag seo muintir Chonamara chun gnímh agus tháinig 1,000 Gaeil ar na sráideanna na Gaeltachta ar an 23 Feabhra le ‘Slán le Seán’ a rá, ag tagairt don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin a d’éirigh as mar gheall ar chaimiléireacht agus chur i gcéill an stát ó dheas i dtaobh na Gaeilge. Tá Gaeil ar fud an oileáin ar lorg seirbhísí cuí agus cearta do Phobal labhartha na teanga agus muintir na Gaeltachta.

Is ag leanúint ó Lá Mór na Gaeilge sa phríomhchathair, go dtáinig gníomhairí teanga ó fud fad na 6 contae agus níos faide i gcéin le chéile ag cruinniú poiblí i mBéal Feirste agus iad an aontú go raibh geárghá le feachtas logánta ó thuaidh.

Rinne na Gaeil cinneadh chun an ‘LÁ DEARG’ a eagrú ó thuaidh ar an Satharn 12 Aibreán i mBéal Feirste agus iad ag éileamh CEARTA, COTHROMAS & CÓIR do lucht na teanga.

Agus í ag labhairt thar cheann an Grúpa Oibre Feachtasaíochta, dúirt Caoimhe Ní Chatháil, a d’fhógair An Mórshiúil Feirsteach i láthair 10,000 ag an Lá Mór i mBáile Átha Cliath. ‘Chinn gníomhairí teanga sna Sé Chontae gur chóir dúinn tógáil ar an tonn fuinnimh a d’fhás ó Lá Mór Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh ‘dearg le fearg’ sna cúinsí reatha ina bhfuil achmhainní teoranta s’againn curtha i mbaol ag ciorruithe stáit agus cearta teanga a shéanadh orainn ar bhonn córasach’.

Dhearbhaigh Comhairle na hEorpa ar an 14 Eanáir, go bhfuil ag teip ar an Fheidhmeannas roinnte cumhachta sna Sé Chontae i leith na Gaeilge de agus iad ag cur cosc ar fhás agus ar chur chun na teanga ó thuaidh. Cuireadh an spot-sholas ar dhearcadh naimhdeach cuid de bhaill Stormont i leith na teanga, agus easpa tacaíochta dá húsáid sna cúirteanna, sna meáin, i gcomharthaíocht phoiblí agus i gcúrsaí Oideachais.

‘Ar an 12 Aibreán, beidh muid ag éileamh cearta, cothromas agus cóir agus tá na Gaeil iontach tógtha fána ceisteanna seo.

Tá todhchaí roinnt grúpaí Gaeilge agus na seirbhísí a sholátharaíonn siad faoi bhagairt, le seirbhísí luathbhlianta agus réamhscolaíochta ina measc; tá cearta taistil do lucht Ghaeloideachais a shéanadh in ainneoin gur baineadh cás cuairte inár dearbhaíodh na cearta seo; níor forbraíodh soláthar iar-bhunscolaíochta ó thuaidh bíodh is go bhfuil éileamh ann di; ta Gaeltachtaí s’againn faoi ionsaí; agus diúltaíonn Rialtas na Breataine agus polaiteoirí Stormont Acht na Gaeilge a reachtú ó thuaidh.’

Lean Caoimhe ar aghaidh, ‘Creideann muid go láidir go gcaithfear an deis agus an ceart a thabhairt do na daoine a roghnaíonn an Ghaeilge í a úsáid. Beidh cruinnithe poiblí ar fud an oileáin chun tacaíocht a mhealladh don mhórshiúil seo agus tá muid ag iarraidh teachtaireacht diongbháilte, láidir a thabhairt do na hÚdaráis. Iarrann muid ar Phobail na hÉireann, áitiúla agus ar fud an oileáin seasamh linn don LÁ DEARG.

Tá fáilte roimh gach saoránach a chreideann i dtodhchaí na Gaeilge agus i  gcearta daonna i gcoitinne. Is linne ar fad an teanga ársa s’againn agus ní mór di bheith lárnach i dtodhchaí roinnte s’againn. Cuirfear fáilte roimh gach duine a labhraíonn an Ghaeilge agus gach duine ar suim leo í. Bígí linn ar an Lá Dearg i mBéal Feirste!

Na Trí Éileamh;

–         Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh.

–         Go gcomhlíonann an Stát ó thuaidh a ndualgas reachtúil le go bhforbrófar Córas Gaeloideachais Cuimsitheach.

–         Go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil d’fhorbairt Phobal na Gaeilge.

Fágfaidh an mórshiúil, Cultúrlann McAdam Ó Fiach ar an Satharn 12 Aibreán ag a 2 a chlog le dul chuig Cearnóg Theach an Chustaim, i lár na Cathrach i mBéal Feirste.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le ladearg@gmail.com nó  cuir scairt ar Chaoimhe, 07500428600. Agus féach, fbl.me/ladearg & #ladearg.

Plé de dhíth ar na hIrisí : Sinn Féin

PREASRÁITEAS 

Plé de dhíth ar thodhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne – Róise Ní Thoirealaigh

Tá CTR Shinn Féin Róise Ní Thoirealaigh ag iarraidh ar Foras na Gaeilge agus ar roinnt irisí Gaeilge araon, plé a dhéanamh ar thodhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne.

Tagann na tagairtí seo ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus deireadh á chur níos moille i mbliana le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge do na hirisí An tUltach, Feasta, Gaelport.ie agus Beo.ie.

Dúirt Róise Ní Thoirealaigh: “Bhí roinnt Gaeilgeoirí i dteagmháil le Sinn Fein agus iad buartha faoi phlean Fhoras na Gaeilge maoiniú a aistarraingt ó na hirisí Gaeilge seo.

“Aithníonn muid go bhfuil gá le hathruithe agus go bhfuil inbhuanaitheacht agus cur chun cinn fadtréimhseach na Gaeilge ina gcuspóir le Foras na Gaeilge.

“San am céanna tuigeann Sinn Féin an cás atá á dhéanamh ag na hirisí seo agus na nideoga margaidh ar leith ar a d’fhreastail siad leis na blianta anuas.

“Ba cheart plé a bheith ann idir na hirisí agus an Foras le go mbeadh achan duine bainteach le todhchaí na meán Gaeilge, idir chlóite agus ar líne, in ann cur lena bhforás agus lena n-inbhuanaitheacht.”

An Nuacht is Deireanaí ó Shaol na hEolaíochta

Ní chabhraíonn na toitíní leictreonacha leat éirí as nós an nicitín. Tháinig lucht taighde in Ollscoil California ar an gconclúid nach cuidiú iad na toitíní leictreonacha leis an duine atá ag iarraidh éirí as nós caite an tobac. Tá nicitín sna toitíní leictreonacha: an té a bhíos á n-úsáid faigheann sé a dháileog nicitín ar dhóigh nach gcuireann le priacal na hailse, ach ós é an nicitín is cúis leis an andúil tobac, ní bhaineann an toitín leictreonach a dhath den andúil sin – níl ann ach modh eile leis an bhfonn tobac a shásamh. Tá an locht céanna ar an nguma coganta nicitín.

Paindéim nua fliú ag bagairt orainn? Bhris tonn nua d’fhliú na n-éan amach sa tSín sa bhliain 2013, agus tá lucht saineolais buartha gur féidir go rachaidh an fliú seo ar fud an domhain. Tréithchineál nua d’fhliú na n-éan atá ann nár haithníodh ar na daoine ach le déanaí, agus is é an giorrúchán a sheasas don chineál seo víreas ná H7N9. Fuair breis is céad duine bás leis an víreas seo sa tSín, agus buaileadh daoine breoite leis ag dhá ócáid. Faoi láthair is iad na cearca agus na héanacha eile a iompraíos an víreas, agus ní bhíonn na daoine á tholgadh óna chéile, ach is féidir go gcuirfidh an éabhlóid – is é sin, sóchán éigin – ar a chumas an léim sin a ghearradh sa deireadh. Mar sin tá eagla ar na saineolaithe roimh eipidéim dhomhanda.

An bhfuil an t-athrú aeráide ag fabhrú do ghalar Lyme? Leis na blianta beaga anuas tá an sceartán úd Ixodes scapularis ag dul i bhfairsinge in oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Is é an sceartán seo a iompraíos an baictéar is cúis le galar Lyme, Is féidir an galar seo a leigheas le hantaibheathaigh má aithnítear sách luath é, ach is é oighear an scéil go rachaidh na chéad airíonna thart, cé go mairfidh an baictéar istigh ag déanamh dochair agus damáiste don orgánach. Mar sin is féidir leis an othar a shíleadh go bhfuair sé biseach iomlán ón ngalar cé nach mbeadh ach cneas thar goimh ann. Sa deireadh is féidir leis an ngalar díobháil thromchúiseach a dhéanamh do chóras na néaróg agus don chroí. Is féidir a aithint ar na staitisticí go bhfuil an sceartán ag éirí níos coitianta de réir is atá an aeráid ag dul i dteas, a deir Nicholas Ogden ó Údarás na Sláinte Poiblí i gCeanada.

Imthoscaí don Bheatha ar Mhars á nIonsamhlú: Tá foireann taighdeoirí sa Spáinn tar éis seomra ionsamhlaithe imshaoil a chur i dtoll le chéile atá scoite scartha ar fad ón timpeallacht agus na himthoscaí taobh istigh múnlaithe ar Mhars. Úsáidtear an seomra ionsamhlaithe le triail a bhaint as gléasra nua taighde. Is éard is cuspóir do na hiarrachtaí seo ná stáisiún meitéareolaíochta taistil a fhorbairt a bheadh oiriúnach d’imthoscaí Mharsa. Bheadh “gluaisteán” cianrialaithe ag iompar an stáisiúin seo ar dhroim Mharsa, agus é ag déanamh staidéir ar atmaisféar agus ar aimsir an phláinéid ruadheirg.

(Foinsí: http://www.sciencedaily.com agus http://www.sciencenews.org)

Seoladh GaelGÁIRÍ, Club Nua Grinn (stand-up comedy) i mBÁC

Seolfar club nua grinn (stand-up comedy), GaelGÁIRÍ,  i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 29ú Márta i gClub Chonradh na Gaeilge.  Is é Colm O’Regan a bheidh mar phríomh-réalta ar an 29ú.  Seo an chéad uair gur bunaíodh club grinn Gaeilge.

Ar stáitse chomh maith ar an oíche beidh, Aideen McQueen chomh maith le bunaitheoirí GaelGÁIRÍ Andy Ó Faoláin, Eoin P. agus scata fuirseoirí eile.

Tá GaelGÁIRÍ ar an bhfód ó mhí na Nollag 2013.  Ar an 3 oíche go dtí seo, bhí taispeáintais den scoth ó fhuirseoirí úr nua, chomh maith le fuirseoirí le taithí na mblianta. Ní hamháin go mbeidh an club ag gríosadh daoine nua le trial a bhaint as fuirseoireacht ar na boinn, ach beifear ag díriú ar na réaltaí grinn is mó sa tír a mhealladh chuig Club Chonradh na Gaeilge.

Beidh GaelGÁIRÍ ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge ar an Satharn deireanach de gach mí. Beidh costas ionrála ar an 29ú Márta de €5 / €3 do mhic léinn agus daoine dí-fhostaithe.

Is fuirseoir, craoltóir agus údar ‘Isn’t it well for ye? – the book of Irish Mammies’ agus ‘That’s more of it now – the second book of Irish Mammies’ é Colm O’Regan.  Tá stand-up comedy déanta aige ag Montreal Just For Laughs, the Kilkenny Cat Laughs agus Electric Picnic. http://www.colmoregan.com/about/

Aideen McQueen – fuirseoir proifisiúnta atá lonnaithe i Londain.  Bhíodh sí mar chuid den ‘double act’ Accident & Emergency le hAndrea Farrell. Beidh sí mar iomaitheoir ar an gclár teilifíse ‘An Gaeilgeoir is Greannmhaire’ a chraolfar ar TG4 i Márta 2014.

Tuilleadh eolais ó:

gaelgairi@gmail.com

facebook.com/Gaelgairi

Andy Ó Faoláin ar 087 6152726

Is féidir @GaelGAIRI a leanúint ar twitter

Fáilte roimh an scadán

gasuirlegaeilge

Scadán leasaithe (wikipedia) Scadán leasaithe
(wikipedia)

Seo dán beag ón séú haois déag a chuireanns fáilte roimh an scadán, aimsir an charghais. Is as an leabhar breá Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil II (le Breandán Ó Doiblin) an sliocht:

“Mochean do theacht, a scadáin!   (mochean = is é do bheatha)
Druid liom, a dhaltáin uasail;
Do chéad beatha a’s do shláinte!
Do thuillis fáilte uaimse.

Dar anam d’athar, a scadáin,
Cé maith bradáin na Bóinne,
Is duit labhras an duan seo,
Ós tú is uaisle a’s is óige.

A fhir is comhghlan colainn,
Nach ndéanann cumann bréige,
Cara mar tú ní bhfuaireas;
Ná biam suarach le chéile.              (biam = bímis)

Dá bhféachfadh uaisle Banbha
Cé is mó tairbhe den triúr seo,
Iasc is uaisle ná an scadán,
Idir bradán a’s liúsa.              (liúsa = iasc fada fíochmhar a d’ití go coitianta fadó)

A’s é ar fhéachaint gach cósta
Go críoch…

Amharc ar an alt bunaidh 173 d’fhocla eile

Tha cothrom aig Albannaich

le Daibhidh Rothach

Is an reifreann air neo-eisimeileachd a-nis air fàire, tha cothrom aig Albannaich an t-Aonadh, agus nàiseantachd, a dhiùltadh.saltire

Ach ged a tha fèin-aithne nàiseanta air a bhith aig cridhe iomadh strì aig dùthaich is colonaidh a bha a’ sireadh saorsa o sheann mhaighstir impireil, ‘s ann faiceallach a tha gach taobh na beàirn air a bhith ga cleachdadh ann an Alba. No, co-dhiù, chan eil taobh seach taobh aca a’ diùltadh fèin-aithne Breatannach no Albannach uile gu lèir.

Chan eil faireachdainnean Breatannach làidir ann an Alba. Bha timcheall air dà threas den t-sluagh gan dearbhadh mar ‘Albannach a-mhàin’ a-rèir figearan a’ chunntais-shluaigh mu dheireadh, fada barrachd na bha sna seachdadan nuair a dh’ èirich am Pàrtaidh Nàiseanta mar chumhachd phoilitigeach.

Nam b’ ann a-rèir air fèin-àithne nàiseanta a bha an reifreann, bhiodh Yes a’ buannachadh gu furasda. Bho thaobh a-muigh na dùthcha, ma-tha, feumaidh gu bheil e a’ coimhead caran neònach nach eil an Iomairt Yes a’ togail a’ bhrataich agus a’ cur air adhart an reifreann mar roghainn eadar Alba is Breatainn.

Ach, cudthromach is gu bheil i do dh’ iomadh Albannach, chan eil an ceangal eadar fèin-aithne nàiseanta agus rùintean-bhòtaidh idir cho soilleir no stèidhichte is a tha iad ann an dùthchannan eile.

An dèidh barrachd na trì ceud bliadhna san Aonadh, ‘s ann iomadh-fhillte a tha an càirdeas eadar Breatann is Alba, agus tha mòran Albannaich a’ faireachdainn nach eil fèin-aithne Breatannach no Albannach co-dhealaichte.

Ged a tha e caran eu-coltach gum biodh Iain Pàislig a’ togail bratach Phoblachd na h-Èireann no a’ brosnachadh camanachd, s’ ann a tha Buill Pàrlamaid Albannach a’ leantainn an sgioba nàiseanta is a’ brosnachadh na Gàidhlig.

Air an làimh eile, tha àrd nàiseantaich follaiseach aig seirbhisean chuimhneachaidh chogaidh, agus tha cuid a’ toirt taic do chòir na Breatainne sealbh a chumail air na h-Eileanan Fàclannach agus Diobraltair.

San fhad-ùine, tha an gainnead de phòlarachadh seo air a bhith cuideachail do na nàiseantaich. Is an deasbaid air bhith saor o phuinnsean na còmhstrithe agus an fhòirneirt a bha na plàigh air Èireann, cha deach dearbh-aithne a dhaingneachadh le gràin, agus mar as fhaide a ghluaiseas Breatainn o linn na h-Ìompaire agus o chuimhne an Dàrna Cogaidh, ‘s ann as làidir a tha fèin-aithne Albannach air a bhith a’ fàs.

‘S e gu bheil fèin-aithne Albannach fosgailte do dh’ uile as adhbhar gu bheil an dùthaich a-nis fada nas fhaisge air neo-eisimeileachd na tha Ulaidh gu bhith na pàirt de dh’ Èirinn aonaichte.

scotland-independence Ach – agus tha an Iomairt Yes a’ tuigsinn seo glè mhath – leis nach eil fèin-aithne nàiseanta ceangailte gu teann ri rùintean-bhòtaidh, bidh tòrr den dà threas aig nach eil fèin-aithne Bhreatannach a’ bhòtadh No.

Chan fheum cumhachdan phoilitigeach slàn a bhith aig Alba gus am bi i na dùthaich, tha iad ag ràdh. No b’ fheàrr leotha a dh’ fhuireach am broinn structar a tha, nam barail-san, a’ tabhainn barrachd cothroman malairt, no a tha a’ toirt guth do dh’ Alba aig ìre na b’ àirde na bhiodh aice nam b’ i dùthaich neo-eisimeileach a bh’ innte – air Comhairle Thèarainteachd nan Dùthchannan Aonaichte, mar eisimpleir.

Tha cuid dhiubh a’ giùlain teagamhan mu chomas na dùthcha a sheasamh air a casan fhèin, roinn cudthromach den luchd-bhòtaidh, agus roinn air a bheil an dà iomairt air a bhith ag obair. Tha an Iomairt Yes ag innse dhaibh gur e dùthaich bheartach a th’ ann an Alba ach, is i gun chumhachdan làn, chan eil comas aig an riaghaltas na stòrasan nàdarra a làimhseachadh no an eaconamaidh a stiùireadh mar bu chòir.

‘S e an teachdaireachd aca do luchd-bhòtaidh gur e an t-Aonadh as adhbhar gu bheil Alba ann an droch staing eaconomaigeach, chan e càirdeas a tha ga cuideachadh troimhe.

Tha fios aig an Iomairt No cuideachd gu bheil gainnead earbsa na fheart nàiseanta a tha a cheart cho cumanta ris a’ ghreim-cridhe, agus tha iad a’ gabhail brath air: tha Alba ro bheag – tha an ola gu bhith a’ ruith a-mach – bhiodh companaidhean Sasannach a’ gluasad a-mach às an dùthaich – tha gaol againn air Alba, ach tha sinn Nas Fheàrr Còmhla. Chan ann gun adhbhar a tha iad gan ainmeachadh fhèin mar ‘Project Fear’.

An coimeas ris an iomairt sgiobalta aig Yes aig a bheil, mar a thuirt seann bhall-phàrlamaid Làbarach Dennis Ú Ceanndubháin, ‘feachd de luchd-iomairt’, ‘s ann mi-bhrosnachail, fiù tàmailteach, a tha cuid de na thachartasan aig No. Bha an ìomhaigh de neach-iomairt aonarach a’ seachran sràid fhuar gun fhios dè dìreach gum bu chòir dha a bhith a’ dèanamh na chomharra, ‘s dòcha, gu bheil Albannaich a’ diùltadh na Breatainne mar nàiseantachd, ach chan eil iad buileach cinnteach gu bheil iad comasach air an Rìoghachd Aonaichte fhàgail fhathast.

Ged a b’ fheàrr le cuid gum biodh Aileag Salmond a’ pìobaireachd nam fineachan tro ghleanntan na Gàidhealtachd don a’ bhocsa-baileit, tha am bhòt aig na daoine seo aig Yes co-dhiù.

Ma tha iad gu bhith soirbheachail, tha fios aig Yes gun fheum iad teagamhan traidiseanta nan Albannach a sguabadh air falbh agus, aig an aon àm, Seall dhaibhsan a tha comhfhurtail le fèin-aithne dùbailte, no fiù Breatannach, gu bheil Alba neo-eisimeileach ion-obrachail agus buannachdail do dh’ uile a tha a’ fuireach san tìr, fèin-aithne Albannach ann no às.

Deiseanna Fostaíochta i gCeanada

Tá deiseanna fostaíochta ar fáil i gCeanada do lucht na Gaeilge mar  Theagascóirí.

Is iad  Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada atá taobh thiar den fhobairt seo.

Cuireann Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada clár bliantúil dámhachtainí malartacha ar fáil idir ollscoileanna Cheanada agus ollscoileanna na hÉireann, clár atá oscailte do gach disciplín acadúil.

Bhunaigh an Dr. Craig Dobbin, Talamh an Éisc, agus an Dr. Pádraig Ó hIrghile, iar-Uachtarán na hÉireann, an Fhondúireacht sa bhliain 1994. Sa bhliain 2004 tugadh aitheantas don Fhondúireacht freisin i Meabhrán Tuisceana idir rialtas Cheanada agus rialtas na hÉireann.

Cuireann an Fhondúireacht dámhachtainí ar fáil chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada, le maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is mian leis an bhFondúireacht Teagascóirí Gaeilge a cheapadh le haghaidh na tréimhse naoi mí, Meán Fómhair 2014 – Bealtaine 2015, sna hollscoileanna seo leanas:

  • University of St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario
  • Concordia University, Montreal, Quebec
  • St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia
  • St. Thomas University, Fredericton, New Brunswick
  • Memorial University, St. John’s, Newfoundland
  • University of Ottawa, Ontario
  • University of Prince Edward Island

Tabharfar deis do mhúinteoirí reatha barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta agus cur lena n-eolas faoi shochaí agus faoi chultúr Cheanada ionas gur féidir leo tarraingt orthu tar éis dóibh filleadh ar Éirinn.

Tá tuilleadh eolais faoi na dámhachtainí, faoi na téarmaí agus faoi na coinníollacha, agus
foirmeacha iarratais ar fáil ag http://www.icuf.ie/clar-gaeilge/teagascoiri/. Is féidir fiosrúcháin a sheoladh chuig gaeilge@icuf.ie.

Is é Dé hAoine, 28 Márta 2013 ag 5 in an dátá deiridh a nglacfar le hiarratais.

Fiche blian ag fás x2 – Steòrnabhagh na Grèine agus Dia nan Trèanaichean #gàidhlig

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Tha co-latha-breith rudeigin sònraichte agam an-diugh. Ruig mi an dà fhichead air 27 Gearran agus bha mi ag iarraidh rudeigin a dhèanamh gus a chomharrachadh. Mar sin, nuair a fhuair mi a-mach gun robh agam ri dhol gu coinneamh ann an Àrd Ruigh de la Mer/Steòrnabhagh na Grèine air an 26mh, chuir mi romham a dhol ann air an trèana an àite air a’ phleana.

20140227-021126.jpg

Tha tiocaidean ann a tha a’ gabhail a-staigh trèana, bus is bàta gu Steòrnabhagh na Grèine. Cha do chosg e ach £55 à Glaschu is mar sin, tha e nas saoire na bhith a’ ceannachd tiocaidean fa leth airson gach dòigh-siubhail.

Bidh mi a’ dol gu Steòrnabhagh trì no ceithir tursan sa bhliadhna airson coinneamhan agus mar as trice, bidh mi a’ dol ann air a’ phleana bho Ghlaschu sa mhadainn agus a’ tilleadh air an aon latha. Tha e a’ faireachdainn gu math fuadan…

Amharc ar an alt bunaidh 573 d’fhocla eile

Uilebheist Loch Nis, urban myths agus an Jura Liberation Front #gàidhlig

Trèanaichean, tramaichean is tràilidhean

Sa bhloga mu dheireadh agam, bha mi a-mach air a’ chiad turas agam gu Steòrnabhagh na Grèine le tiocaid trèana/bus/bàta. An àite a bhith a’ dol air a’ phlèana, dh’ fhuirich mi air uachdar na talmhainn.

Bha an turas bàta gu math inntinneach. Cha robh an aiseag àbhaisteach Eilean Leòdhais a’ ruith agus ‘s e bàta nas lugha is nas slaodaiche, Eilean Arainn, a bh’ air an t-slighe na àite.

A rèir coltais, chaidh am bàta a chur air bhog le muinntir Take the High Road. Dè cho tacky sa tha sin!

Bha e soilleir gum bi Eilean Arainn a’ dol air diofar slighean oir bha sanasan ann mar “thig gu Taigh-òsta X ann an Ceann Loch Chille Chiarain” ri taobh “Taigh-òsta Y, Ìle”, làimh ri “self-catering Z, Arainn”.

Agus a rèir coltais, tha an Jura Liberation Front ag adhbharachadh dhuilgheadasan do ChalMac a-rithist: faic am postair seo.

Abair…

Amharc ar an alt bunaidh 551 d’fhocla eile

Lá ‘le Piúc

Tá lá náisiúnta na hÉireann linn. Deir Eoin P. Ó Murchú gur chóir dúinn an deis a ghlacadh le breathnú orainn féin agus fiafraí an bhfuil aon rud le ceiliúradh againn in aon chor. 

 

Seo Lá ‘le Pádraig againn anois, lá a cheiliúrtar ó cheann cheann na cruinne. Ó St Patty’s Day Mheiriceá leis an mórshiúl ba thúisce a tosaíodh is na haibhneacha glasa, go laethanta cráifeacha is cluichí móra CLG in Éirinn is iomaí cineál cuma a bhíonn ar an lá do dhaoine éagsúla. Agus tá áit ar leith ag an lá i gcroí an Éireannaigh, pé cineál Éireannaigh é sin.

Céard is Éireannach ann ar na saolta seo? Saoránach de thír bheag ar imeall na hEorpa, ceann ar cuireadh an cultúr dúchais faoi chois ann agus é imeallaithe ann nach mór go hiomlán, fiú iontu sin is mó a samhlaítear an dúchas sin leo? Nó an duine atá ann a bhaineann le tírín nua-aimseartha atá tar éis cúl a thabhairt le cine agus leis an seanrud ach aghaidh a thabhairt ar an domhan úr le flosc is le fonn.

Céard iad na rudaí a shainíonn Éire? An CLG, an ceol, agus an Ghaeilge a déarfar. An teacht aniar, an greann, an chraic, an pub. Ach cad faoin bhféin-náire, an ceann faoi, an cuma-liomachas, an mé-féineachas a luaifear mar mhalairt? Cé acu is tréine? Ar na saolta deireanacha seo is oth liom a rá gur ag aontú níos mo leis an dara scata tréithe atáim.

Ar bhealach déanann Lá ‘le Padraig na gnéithe is measa den Éireannachas a chur os comhair an tsaoil. Éinne a shiúlfaidh sráideanna an oileáin seo inniu feicfidh siad gach céim den mheisce ó shúgacht go sárphótaireacht is ar ais arís. Mura bhfeicfidh tú daoine ag cur amach ní bheidh atmaisféar an lae braite mar is ceart agat. 

Ach nuair a bhreathnóimid ar imeachtaí Lá ‘le Pádraig ar an teilí feicfimid dream uaibhreach, uasal, a thagann as íon-oileán iathghlas lán lucht léinn is scoláirí. An t-Éireannachas ar féidir é a dhíol le Poncáin. An t-Éireannachas a chuireann ina luí ar dhaoine gur ann do leipreacháin agus charachtair P.S. I Love You. An t-Éireannachas a deir linn de chogar ‘ciúnas, ciúnas’ is a mharaíonn le liostacht sinn. 

Galar tógálach go maith é sin, agus ceann eile a bhíonn sa treis an t-am seo bliana ná; gné na hÉireann a aimsiú i ngach rud cuma cé chomh fada uainn atá sé. Seo galar a bhíonn ar gach cuid de na meáin shamhlófá. Abair an bhean a chum rud éigin iontach nua úsáideach, cé go mb’fhéidir gur bean Spáinneach í, a bhí ag fáil tacaíochta ón Spáinn agus a bhraith ar thaighde is chomhobair Spáinneach, in Éirinn díreofar ar an tslí gur ól sí Ballygowan tráth agus tabharfar le fios gur ól seo an fhíoruisce Éireannaigh a spreag an bhunchumadóireacht. Nílimid chomh speisialta sin. Níor tháinig gach rud a chuaigh chun sochair an chine dhaonna ó lámh Éireannach.

Cad faoin náisiún Éireannach? Is eagal liom nach bhfuil aon sainniúlacht Éireannach ar fiú trácht uirthi a thuilleadh, tríd is tríd tá sé chomh caolaithe sin ag cultúir atá ar leic an dorais agus an idirlín againn. An féidir linn a rá gur ann don náisiún Éireannach a thuilleadh? An leor hataí leipreacháin, bannaí máirseála Meirceánacha agus meisceoireacht le náisiún a chruthú? Ní dóigh liom é, agus ar an drochuair nílim chomh cinnte sin gur ann d’aon rud eile ach é.

D’fhéadfaimis greim a bhreith ar an saol agus saol an oileáin seo agus craitheadh a bhaint as agus traidisiún úr a bhunú nach mbaineann leis an gcúngaigeantacht nó féinfhuath, an t-ól síoraí is an diúltachas. D’fhéadfaí braith ar na scileanna atá againn sa litríocht, sa ghreann, sa scéalaíocht, sa chomhar is sa mheitheal. D’fhéadfaí nascadh agus tacú lena chéile i bhfad níos fearr, is lenár dtimpeallacht, is a bheith glas san aon bhealach a bhfuil maitheas ag baint le glaise. D’fhéadfaí iad seo uile a dhéanamh is dócha, agus iad a cheiliúradh ar lá nua náisiúnta nach mbeadh bunaithe ar phiseoga ach cé a dhéanfaidh? Mise nó tusa? Bhuel, táim féin chun dul chuig an bpub.

Is ar bhonn pearsanta atá údar an ailt ag scríobh anseo, is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag @murchadhmor ar twitter