Seo dán beag ón séú haois déag a chuireanns fáilte roimh an scadán, aimsir an charghais. Is as an leabhar breá Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil II (le Breandán Ó Doiblin) an sliocht:
“Mochean do theacht, a scadáin! (mochean = is é do bheatha)
Druid liom, a dhaltáin uasail;
Do chéad beatha a’s do shláinte!
Do thuillis fáilte uaimse.
Dar anam d’athar, a scadáin,
Cé maith bradáin na Bóinne,
Is duit labhras an duan seo,
Ós tú is uaisle a’s is óige.
A fhir is comhghlan colainn,
Nach ndéanann cumann bréige,
Cara mar tú ní bhfuaireas;
Ná biam suarach le chéile. (biam = bímis)
Dá bhféachfadh uaisle Banbha
Cé is mó tairbhe den triúr seo,
Iasc is uaisle ná an scadán,
Idir bradán a’s liúsa. (liúsa = iasc fada fíochmhar a d’ití go coitianta fadó)
A’s é ar fhéachaint gach cósta
Go críoch…
Amharc ar an alt bunaidh 173 d’fhocla eile